EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22022D0412

Moladh Uimh. 1/2022 ó Chomhairle Comhlachais AE-Iosrael an 8 Márta 2022 lena bhformheastar an síneadh arna chur le Plean Gníomhaíochta AE-Iosrael [2022/412]

ST/2903/2022/INIT

IO L 84, 11.3.2022, p. 43–43 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2022/412/oj

11.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 84/43


MOLADH Uimh. 1/2022 Ó CHOMHAIRLE COMHLACHAIS AE-IOSRAEL

an 8 Márta 2022

lena bhformheastar an síneadh arna chur le Plean Gníomhaíochta AE-Iosrael [2022/412]

TÁ COMHAIRLE COMHLACHAIS AE-IOSRAEL,

Ag féachaint don Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Stát Iosrael, den pháirt eile (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Síníodh an Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Stát Iosrael, den pháirt eile (“an Comhaontú Eora-Mheánmhara”) sa Bhruiséil an 20 Samhain 1995 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2000.

(2)

Le hAirteagal 69 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara, tugtar an chumhacht don Chomhairle Comhlachais cinntí a ghlacadh agus moltaí iomchuí a dhéanamh.

(3)

Déantar foráil le hAirteagal 10 de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle Comhlachais maidir leis an bhféidearthacht cinntí nó moltaí a ghlacadh trí bhíthin nós imeachta i scríbhinn idir na seisiúin, má chomhaontaíonn na Páirtithe go ndéanfar amhlaidh;

(4)

Leis an síneadh 3 bliana a chuirtear ar Phlean Gníomhaíochta AE-Iosrael, beidh an deis ag na Páirtithe an comhar eatarthu a fhorbairt sna blianta amach rompu, lena n-áirítear trí chaibidlíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh ar thosaíochtaí comhpháirtíochta,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A LEANAS A GHLACADH:

Airteagal 1

Molann an Chomhairle Comhlachais, ag gníomhú di trí bhíthin nós imeachta i scríbhinn, síneadh 3 bliana a chur le Plean Gníomhaíochta AE-Iosrael amhail ó lá glactha an Mholta seo.

Airteagal 2

Gabhfaidh an Moladh seo éifeacht ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Márta 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 147, 21.6.2000, lch. 3.


Top