Este documento é um excerto do sítio EUR-Lex
Documento 22022A0607(01)
Agreement between the European Union, of the one part, and the Government of the Faroe Islands, of the other part, on the participation of the Faroe Islands in Union programmes
Comhaontú idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas Oileáin Fharó, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Oileáin Fharó i gcláir an Aontais
Comhaontú idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas Oileáin Fharó, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Oileáin Fharó i gcláir an Aontais
ST/6977/2022/INIT
IO L 154, 7.6.2022, p. 4—22
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Em vigor
ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2022/886/oj
7.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 154/4 |
COMHAONTÚ
idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas Oileáin Fharó, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Oileáin Fharó i gcláir an Aontais
An tAontas Eorpach (dá ngairtear “an tAontas” anseo feasta),
de pháirt,
agus
Rialtas Oileáin Fharó (dá ngairtear “Oileáin Fharó” anseo feasta),
den pháirt eile,
dá ngairtear “na Páirtithe” go comhpháirteach anseo feasta,
AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH gur mian le hOileáin Fharó a bheith comhlachaithe le réimse níos leithne de chláir agus de ghníomhaíochtaí an Aontais,
AG CUR SAN ÁIREAMH go dtugann Oileáin Fharó an Comhaontú seo i gcrích thar ceann Ríocht na Danmhairge de bhun an Ghnímh maidir le Comhaontuithe faoin Dlí Idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích ag Rialtas Oileáin Fharó,
AR MIAN LEO creat marthanach um chomhar idir na Páirtithe a bhunú, ar creat é lena ngabhfaidh téarmaí agus coinníollacha soiléire beachta maidir le rannpháirtíocht Oileáin Fharó i gcláir agus i ngníomhaíochtaí an Aontais, mar aon le sásra lena n-éascaítear bunú na rannpháirtíochta sin i gcláir nó i ngníomhaíochtaí aonair an Aontais,
AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH, go háirithe, gur mian le hOileáin Fharó caidreamh laistigh dá réimsí inniúlachtaí leis an Aontas a neartú a thuilleadh, lena n-áirítear an comhar sa taighde agus sa nuálaíocht, mar aon le hoideachas, oiliúint, an óige, cultúr agus spórt, ach gan a bheith teoranta dóibh,
AG CUR SAN ÁIREAMH spriocanna coiteanna, luachanna agus naisc láidre na bPáirtithe i réimse an taighde agus na nuálaíochta, arna mbunú san am a chuaigh thart trí na comhaontuithe lena ndéantar Oileáin Fharó a chomhlachú leis na Cláir Réime comhleanúnacha um Thaighde agus um Nuálaíocht (1), agus ag aithint dóibh gurb é mian chomhchoiteann na bPáirtithe a gcaidreamh agus an comhar eatarthu a fhorbairt, a neartú, a spreagadh agus a shíneadh a thuilleadh ann,
DE BHRÍ gur bunaíodh clár an Aontais, Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (“an Clár Fís Eorpach”) le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),
AG CUR SAN ÁIREAMH iarrachtaí an Aontais an fhreagairt a stiúradh trí dhul i gcomhar lena chomhpháirtithe idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda i gcomhréir leis an bplean gníomhaíochta ar mhaithe le daoine, an pláinéad agus an rathúnas i gClár Oibre na Náisiún Aontaithe dar teideal “I mbun athraithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe”, agus á admháil dóibh gur uirlisí fíor-riachtanacha iad an taighde agus an nuálaíocht agus gurb iad is mó a spreagann an fás inbhuanaithe a bheidh á threorú ag an nuálaíocht, agus an t-iomaíochas agus an tarraingteacht eacnamaíoch,
AG AITHINT DÓIBH na prionsabail ghinearálta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/695,
AG ADMHÁIL DÓIBH cuspóirí an limistéir Eorpaigh taighde athnuaite chun limistéar coiteann eolaíoch agus teicneolaíoch a fhorbairt, margadh aonair don taighde agus don nuálaíocht a chruthú, an comhar idir eagraíochtaí i réimse an taighde agus na nuálaíochta, lena n-áirítear ollscoileanna, agus malartú dea-chleachtas agus gairmeacha taighde tarraingteacha a chothú agus a éascú, soghluaisteacht trasteorann agus idirearnálach taighdeoirí a éascú, saorghluaiseacht eolais eolaíoch agus nuálaíochta eolaíche a chothú, an urraim don tsaoirse acadúil agus do shaoirse an taighde eolaíoch a chur chun cinn, tacú le hoideachas eolaíochta agus gníomhaíochtaí cumarsáide, agus iomaíochas agus tarraingteacht na ngeilleagar rannpháirteach a spreagadh, agus ag admháil dóibh gur príomh-chomhpháirtithe ionchasacha iad na tíortha comhlachaithe leis an gClár Fís Eorpach san iarracht sin,
AG CUR I dTÁBHACHT ról na gComhpháirtíochtaí Eorpacha a thugann aghaidh ar roinnt de na dúshláin is práinní atá os comhair na hEorpa trí thionscnaimh chomhbheartaithe thaighde agus nuálaíochta lena rannchuidítear go mór le tosaíochtaí an Aontais i réimse an taighde agus na nuálaíochta ina bhfuil gá le mais chriticiúil agus fís fhadtéarmach agus tábhacht rannpháirtíocht na dtíortha comhlachaithe sna Comhpháirtíochtaí Eorpacha sin,
AG FÉACHAINT le coinníollacha comhthairbheacha a bhunú chun poist chuibhiúla a chruthú, éiceachórais nuálaíochta na bPáirtithe a neartú agus tacú leo trí chabhrú le cuideachtaí nuálaíocht agus méadú a dhéanamh i margaí na bPáirtithe agus trí ghlacadh na nuálaíochta, mar aon le cur in úsáid agus inrochtaineacht na nuálaíochta, a éascú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta,
AG AITHINT DÓIBH gur cheart go dtiocfadh sochair fhrithpháirteacha as rannpháirtíocht chómhalartach i gcláir thaighde agus nuálaíochta a chéile; agus á admháil dóibh go bhforchoimeádann na Páirtithe a gceart chun teorainn nó coinníoll a chur le rannpháirtíocht ina gcláir thaighde agus nuálaíochta, lena n-áirítear, go háirithe, i gcás gníomhaíochtaí a bhaineann lena sócmhainní straitéiseacha, leasanna, neamhspleáchas nó slándáil,
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
Airteagal 1
Ábhar
Leis an gComhaontú seo, bunaítear na rialacha is infheidhme maidir le rannpháirtíocht Oileáin Fharó in aon chlár nó in aon ghníomhaíocht de chuid an Aontais (“an Comhaontú”).
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn “bunghníomh”:
|
(b) |
ciallaíonn “comhaontuithe cistiúcháin” comhaontuithe a bhaineann le cláir agus gníomhaíochtaí faoi na Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo a nglacann Oileáin Fharó páirt iontu, agus lena gcuirtear chun feidhme cistí ón Aontas, amhail comhaontuithe deontais, comhaontuithe ranníocaíochta, comhaontuithe comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais, comhaontuithe maoiniúcháin agus comhaontuithe ráthaíochta; |
(c) |
ciallaíonn “rialacha eile a bhaineann le cur chun feidhme chláir agus ghníomhaíochtaí an Aontais” rialacha arna leagan síos i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (“an Rialachán Airgeadais”) a bhfuil feidhm acu maidir le buiséad ginearálta an Aontais, agus sa chlár oibre nó sna glaonna nó i nósanna imeachta dámhachtana eile de chuid an Aontais; |
(d) |
ciallaíonn “nós imeachta dámhachtana de chuid an Aontais” nós imeachta maidir le cistiú ón Aontas Eorpach a dhámhachtain, ar nós imeachta é a sheolfaidh an tAontas Eorpach nó daoine nó eintitis a bhfuil sé de chúram orthu cistí ón Aontas a chur chun feidhme; |
(e) |
ciallaíonn “eintiteas de chuid Oileáin Fharó” aon chineál eintitis, bíodh sé ina dhuine nádúrtha, ina dhuine dlítheanach nó ina eintiteas de chineál eile, a fhéadfaidh páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí chlár nó ghníomhaíocht an Aontais i gcomhréir leis an mbunghníomh ábhartha agus a bhfuil cónaí air nó uirthi in Oileáin Fharó nó atá bunaithe in Oileáin Fharó. |
Airteagal 3
An rannpháirtíocht a bhunú
1. Ceadófar d’Oileáin Fharó páirt a ghlacadh i gcláir nó i ngníomhaíochtaí an Aontais agus rannchuidiú leo, nó, i gcásanna eisceachtúla, i gcodanna díobh, atá oscailte le haghaidh rannpháirtíocht Oileáin Fharó, i gcomhréir leis na bunghníomhartha agus mar a chumhdaítear leis na Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo.
2. Leagtar síos na téarmaí agus na coinníollacha sonracha maidir le rannpháirtíocht Oileáin Fharó sa Chlár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027) sa Phrótacal maidir le comhlachas Oileáin Fharó le Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027). D’ainneoin Airteagal 15(7) den Chomhaontú seo, féadfaidh an Comhchoiste arna bhunú faoin gComhaontú seo an Prótacal sina leasú.
3. D’ainneoin Airteagal 15(7) den Chomhaontú seo, leagfar síos na téarmaí agus na coinníollacha sonracha maidir le rannpháirtíocht Oileáin Fharó in aon chlár nó in aon ghníomhaíocht áirithe eile de chuid an Aontais sna Prótacail bhreise a ghabhann leis an gComhaontú seo atá le glacadh agus le leasú ag an gComhchoiste arna bhunú faoin gComhaontú seo.
4. Leis na Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo:
(a) |
sainaithneofar cláir nó gníomhaíochtaí an Aontais, nó, i gcásanna eisceachtúla, codanna díobh, a nglacfaidh Oileáin Fharó páirt iontu; |
(b) |
leagfar síos fad na rannpháirtíochta, lena dtagrófar don tréimhse ar lena linn a fhéadfaidh Oileáin Fharó agus eintitis Oileáin Fharó iarratas a dhéanamh ar chistiú ón Aontas nó a fhéadfar cur chun feidhme cistí ón Aontas a chur de chúram orthu; |
(c) |
leagfar síos coinníollacha sonracha maidir le rannpháirtíocht Oileáin Fharó agus eintitis Oileáin Fharó, lena n-áirítear socruithe mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na gcoinníollacha airgeadais mar a shainaithnítear faoi Airteagail 6 agus 7 den Chomhaontú seo, socruithe mionsonraithe an tsásra ceartúcháin mar a shainaithnítear faoi Airteagal 8 den Chomhaontú seo, agus coinníollacha maidir le rannpháirtíocht i struchtúir arna gcruthú chun críocha na gclár agus na ngníomhaíochtaí sin de chuid an Aontais a chur chun feidhme. Comhlíonfaidh na coinníollacha sin an Comhaontú seo agus na bunghníomhartha agus na gníomhartha ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí an Aontais lena mbunaítear na struchtúir sin; |
(d) |
i gcás inarb infheidhme, leagfar síos méid ranníocaíocht Oileáin Fharó le clár an Aontais a chuirtear chun feidhme trí ionstraim airgeadais nó trí ráthaíocht bhuiséadach. |
Airteagal 4
Comhlíontacht leis an gclár nó leis na rialacha gníomhaíochta
1. Glacfaidh Oileáin Fharó páirt i gcláir nó i ngníomhaíochtaí an Aontais, nó i gcodanna díobh, a chumhdaítear leis na Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo faoi na téarmaí agus na coinníollacha a bhunaítear sa Chomhaontú seo, agus na Prótacail a ghabhann leis seo, agus sna bunghníomhartha agus i rialacha eile a bhaineann le cur chun feidhme chláir agus ghníomhaíochtaí an Aontais.
2. Áireofar an méid seo a leanas sna téarmaí agus sna coinníollacha dá dtagraítear i mír 1:
(a) |
incháilitheacht eintitis Oileáin Fharó agus aon choinníoll incháilitheachta eile a bhaineann le hOileáin Fharó, go háirithe leis an tionscnamh, leis an áit ghníomhaíochta nó leis an náisiúntacht; |
(b) |
na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme maidir le hiarratais a chur isteach, a mheasúnú agus a roghnú agus maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí ag eintitis incháilithe Oileáin Fharó. |
3. Beidh na téarmaí agus na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 coibhéiseach leis na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme maidir le heintitis na mBallstát incháilithe, lena n-áirítear comhlíonadh bhearta sriantacha an Aontais (4), mura bhforáiltear a mhalairt sna téarmaí agus sna coinníollacha dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 5
Rannpháirtíocht Oileáin Fharó i rialachas clár nó gníomhaíochtaí an Aontais
1. Ceadófar d’ionadaithe Oileáin Fharó nó do shaineolaithe ó Oileáin Fharó, nó do shaineolaithe arna n-ainmniú ag Oileáin Fharó, páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí i gcoistí, i gcruinnithe de ghrúpa saineolaithe nó i gcruinnithe comhcosúla eile, ach amháin má bhaineann siad le pointí a fhorchoimeádtar do Bhallstáit, agus dóibh sin amháin, nó má bhaineann siad le clár nó gníomhaíocht an Aontais nach bhfuil Oileáin Fharó rannpháirteach ann nó inti, ar choinníoll gur coistí, cruinnithe de ghrúpaí saineolaithe nó cruinnithe comhchosúla eile iad sin ina mbeidh ionadaithe nó saineolaithe ó na Ballstáit páirteach, nó saineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit, agus a thugann cúnamh don Choimisiún Eorpach maidir le cur chun feidhme agus bainistiú chláir nó gníomhaíochtaí an Aontais, nó codanna díobh, a nglacann Oileáin Fharó páirt iontu i gcomhréir le hAirteagal 3 nó atá bunaithe ag an gCoimisiún Eorpach i leith chur chun feidhme dhlí an Aontais i ndáil leis na cláir nó na gníomhaíochtaí sin, nó codanna díobh. Ionadaithe nó saineolaithe Oileáin Fharó, nó na saineolaithe arna n-ainmniú ag Oileáin Fharó, ní bheidh siad i láthair tráth na vótála. Cuirfear toradh na vótála in iúl d’Oileáin Fharó.
2. I gcás nach gceapfar saineolaithe ná meastóirí ar bhonn náisiúntachta, ní bheidh náisiúntacht ina cúis le saineolaithe agus meastóirí Oileáin Fharó a eisiamh.
3. Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 1, rialófar rannpháirtíocht ionadaithe Oileáin Fharó sna cruinnithe dá dtagraítear i mír 1 agus rialófar í leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta céanna is infheidhme maidir le hionadaithe na mBallstát, go háirithe a mhéid a bhaineann le cearta labhartha, faisnéis agus doiciméadacht a fháil mura rud é go mbaineann sé le pointí a fhorchoimeádtar do Bhallstáit, agus dóibh sin amháin, nó i ndáil le clár nó gníomhaíocht nach nglacann Oileáin Fharó páirt ann nó inti, agus aisíocaíocht na gcostas taistil agus cothaithe.
4. Sna Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo, féadfar socruithe mionsonraithe breise le haghaidh rannpháirtíocht na saineolaithe a shainmhíniú, mar aon le rannpháirtíocht Oileáin Fharó i mboird rialúcháin agus i struchtúir arna gcruthú chun críocha chláir nó ghníomhaíochtaí an Aontais a shainmhínítear sa Phrótacal ábhartha a chur chun feidhme.
Airteagal 6
Coinníollacha airgeadais
1. Rannpháirtíocht Oileáin Fharó nó rannpháirtíocht eintitis Oileáin Fharó i gcláir nó i ngníomhaíochtaí an Aontais, nó i gcodanna díobh, beidh sí faoi réir ranníocaíocht airgeadais ó Oileáin Fharó leis an gcistiú comhfhreagrach faoi bhuiséad an Aontais.
2. Is éard a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais suim na méideanna seo a leanas:
(a) |
táille rannpháirtíochta; agus |
(b) |
ranníocaíocht oibríochtúil. |
3. Beidh an ranníocaíocht airgeadais i bhfoirm íocaíochta bliantúla a dhéanfar i dtráthchuid amháin nó níos mó.
4. Gan dochar do mhír 8 den Airteagal seo agus d’Airteagal 7, is 4 % den ranníocaíocht oibríochtúil bhliantúil a bheidh sa táille rannpháirtíochta agus ní bheidh sí faoi réir coigeartuithe cúlghabhálacha. Ó 2028 ar aghaidh, féadfaidh an Comhchoiste leibhéal na táille rannpháirtíochta a choigeartú.
5. Leis an ranníocaíocht oibríochtúil, cumhdófar caiteachas oibríochtúil agus caiteachas tacaíochta, agus beidh sí sa bhreis, i gcás leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí araon, ar na méideanna arna n-iontráil i mbuiséad an Aontais a ghlacfar go cinntitheach le haghaidh clár nó gníomhaíochtaí, nó, i gcásanna eisceachtúla, codanna díobh, arna méadú, i gcás inarb iomchuí, le hioncam sannta seachtrach nach n-eascraíonn as ranníocaíochtaí airgeadais le cláir agus gníomhaíochtaí an Aontais ó dheontóirí eile, méideanna a chumhdaítear le gach Prótacal faoi seach a ghabhann leis an gComhaontú seo.
6. Beidh an ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh bunaithe ar threoir ranníoca arna sainiú mar an cóimheas idir Olltáirgeacht Intíre (OTI) Oileáin Fharó ag praghsanna an mhargaidh agus OTI an Aontais ag praghsanna an mhargaidh. Is iad seirbhísí tiomnaithe an Choimisiúin Eorpaigh a chinnfidh na OTInna ag praghsanna an mhargaidh a bheidh le cur i bhfeidhm bunaithe ar na sonraí staidrimh is déanaí atá ar fáil do ríomhanna buiséid sa bhliain roimh an mbliain ina mbeidh an íocaíocht bhliantúil le híoc. De mhaolú ar an riail seo, le haghaidh 2021, is ar OTI 2019 ag praghsanna an mhargaidh a bheidh an ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh bunaithe. Féadfar coigeartuithe ar an treoir ranníoca sin a leagan síos sna Prótacail ábhartha a ghabhann leis an gComhaontú seo.
7. Beidh an ranníocaíocht oibríochtúil bunaithe ar chur i bhfeidhm na treorach ranníoca ar na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas tosaigh, a mhéadófar mar a shainmhínítear i mír 5, arna n-iontráil i mbuiséad an Aontais a ghlacfar go cinntitheach i leith na bliana is infheidhme chun cláir nó gníomhaíochtaí an Aontais, nó, i gcásanna eisceachtúla, codanna díobh, a mhaoiniú, a nglacann Oileáin Fharó páirt iontu.
8. Is é an luach seo a leanas an luach a bheidh ar an táille rannpháirtíochta dá tagraítear i mír 2 sna blianta 2021 go 2027:
— |
2021: 0,5 %; |
— |
2022: 1 %; |
— |
2023: 1,5 %; |
— |
2024: 2 %; |
— |
2025: 2,5 %; |
— |
2026: 3 %; |
— |
2027: 4 %. |
9. Arna iarraidh sin, soláthróidh an tAontas d’Oileáin Fharó faisnéis i ndáil lena rannpháirtíocht airgeadais mar a áirítear san fhaisnéis bhuiséadach, chuntasaíochta, feidhmíochta agus mheastóireachta arna soláthar d’údaráis bhuiséadacha agus d’údaráis um urscaoileadh an Aontais maidir le cláir agus gníomhaíochtaí an Aontais a nglacann Oileáin Fharó páirt iontu. Soláthrófar an fhaisnéis sin agus aird chuí á tabhairt do rialacha rúndachta agus cosanta sonraí an Aontais agus Oileáin Fharó agus tá sí gan dochar don fhaisnéis atá Oileáin Fharó i dteideal a fháil faoi Airteagal 10.
10. Is in euro a dhéanfar ranníocaíochtaí uile ó Oileáin Fharó nó na híocaíochtaí uile ón Aontas agus is in euro a ríomhfar na méideanna a bheidh dlite nó le fáil.
11. Leagtar amach forálacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo sna Prótacail ábhartha.
Airteagal 7
Cláir agus gníomhaíochtaí a bhfuil feidhm ag sásra coigeartaithe maidir leo
1. I gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa Phrótacal ábhartha a ghabhann leis an gComhaontú seo, féadfar ranníocaíocht oibríochtúil chláir nó ghníomhaíochta, nó codanna díobh, le haghaidh bhliain N a choigeartú suas nó síos go cúlghabhálach i mbliain amháin nó níos mó blianta ina dhiaidh sin ar bhonn na ngealltanas buiséadach a dhéanfar maidir leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh na bliana sin, agus ar bhonn chur chun feidhme a ngealltanas dlíthiúil agus a ngealltanas saortha.
2. Sa bhliain N+1 a dhéanfar an chéad choigeartú nuair a choigeartófar an ranníocaíocht tosaigh suas nó síos de réir na difríochta idir an ranníocaíocht tosaigh agus ranníocaíocht choigeartaithe arna ríomh trí threoir ranníoca bhliain N, arna coigeartú trí chur i bhfeidhm comhéifeachta i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa Phrótacal ábhartha a ghabhann leis an gComhaontú seo, a chur i bhfeidhm maidir le suim:
(a) |
mhéid na ngealltanas buiséadach a rinneadh maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a údaraíodh i mbliain N faoi bhuiséad an Aontais a glacadh agus maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chomhfhreagraíonn do ghealltanais saortha a chuirtear ar fáil arís; agus |
(b) |
aon leithreasú ó ioncam sannta seachtrach nach dtagann as ranníocaíochtaí airgeadais le cláir agus gníomhaíochtaí an Aontais ó dheontóirí eile a chumhdaítear le gach Prótacal ábhartha a ghabhann leis an gComhaontú seo agus a bhí ar fáil ag deireadh bhliain N. |
3. Gach bliain ina dhiaidh sin, go dtí go mbeidh na gealltanais bhuiséadacha uile a mhaoinítear faoi leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a thionscnaítear ó bhliain N íoctha nó saortha, agus 3 bliana ar a dhéanaí tar éis dheireadh an chláir nó tar éis dheireadh an chreata airgeadais ilbhliantúil a chomhfhreagraíonn do bhliain N, cibé acu is túisce, ríomhfaidh an tAontas coigeartú ar ranníocaíocht bhliain N trí ranníocaíocht Oileáin Fharó a laghdú faoin méid a fuarthas trí threoir ranníoca bhliain N, arna coigeartú i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa Phrótacal ábhartha a ghabhann leis an gComhaontú seo, a chur i bhfeidhm maidir leis na gealltanais saortha a rinneadh gach bliain maidir le gealltanais bhliain N a mhaoinítear faoi bhuiséad an Aontais nó ó ghealltanais saortha a chuirtear ar fáil arís.
4. I gcás ina gcuirfear ar ceal na leithreasuithe ó ioncam sannta seachtrach nach dtagann as ranníocaíochtaí airgeadais le cláir agus gníomhaíochtaí an Aontais ó dheontóirí eile a chumhdaítear le gach Prótacal ábhartha a ghabhann leis an gComhaontú seo, déanfar ranníocaíocht Oileáin Fharó le clár ábhartha nó le gníomhaíocht ábhartha an Aontais, nó codanna díobh, a laghdú faoin méid a fuarthas trí threoir ranníoca bhliain N, arna coigeartú i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa Phrótacal ábhartha, a chur i bhfeidhm maidir leis an méid a cuireadh ar ceal.
Airteagal 8
Cláir agus gníomhaíochtaí an Aontais a bhfuil feidhm ag sásra ceartúcháin uathoibríoch maidir leo
1. Beidh feidhm ag sásra ceartúcháin uathoibríoch i ndáil leis na cláir sin nó na gníomhaíochtaí sin de chuid an Aontais, nó codanna díobh, i gcás ina bhforáiltear dá chur i bhfeidhm sa Phrótacal ábhartha a ghabhann leis an gComhaontú seo. Féadfar cur i bhfeidhm an tsásra uathoibríoch ceartúcháin sin a theorannú do chodanna de chlár nó de ghníomhaíocht an Aontais a shonraítear sa Phrótacal ábhartha, codanna a chuirtear chun feidhme trí dheontais ar ina leith a eagraítear glaonna iomaíocha. Rialacha mionsonraithe maidir le sainaithint na gcodanna sin de chlár nó de ghníomhaíocht de chuid an Aontais a mbeidh nó nach mbeidh feidhm ag an sásra ceartúcháin uathoibríoch maidir leo, feadfar iad a bhunú sa Phrótacal ábhartha.
2. Is éard a bheidh i méid an cheartúcháin uathoibríoch le haghaidh cláir nó gníomhaíochta de chuid an Aontais, nó codanna díobh, an difríocht idir méideanna tosaigh na ngealltanas dlíthiúil a dhéanfar iarbhír le hOileáin Fharó nó le heintitis Oileáin Fharó a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana i gceist agus an ranníocaíocht oibríochtúil chomhfhreagrach a íocfaidh Oileáin Fharó de réir a choigeartófar de bhun Airteagal 7, cé is moite de chaiteachas tacaíochta, lena gcumhdaítear an tréimhse chéanna.
3. Rialacha mionsonraithe maidir le bunú mhéideanna ábhartha na ngealltanas dlíthiúil dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear i gcás cuibhreannas, agus rialacha mionsonraithe maidir le ríomh an cheartúcháin uathoibríoch, féadfar iad a leagan síos sa Phrótacal ábhartha a ghabhann leis an gComhaontú seo.
Airteagal 9
Athbhreithnithe agus iniúchtaí
1. Beidh sé de cheart ag an Aontas, i gcomhréir leis na gníomhartha is infheidhme ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí nó comhlachtaí an Aontais agus mar a fhoráiltear i gcomhaontuithe agus/nó i gconarthaí ábhartha, athbhreithnithe agus iniúchtaí teicniúla, eolaíocha, airgeadais, nó cineálacha eile athbhreithnithe agus iniúchtaí, a dhéanamh ar áitreabh aon duine nádúrtha a bhfuil cónaí air in Oileáin Fharó nó ar áitreabh aon eintitis dhlítheanaigh atá bunaithe in Oileáin Fharó agus a fhaigheann cistiú ón Aontas, chomh maith le haon tríú páirtí atá rannpháirteach i gcur chun feidhme chistí an Aontais atá ina chónaí nó bunaithe in Oileáin Fharó. Féadfaidh gníomhairí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais, go háirithe gníomhairí an Choimisiúin Eorpaigh agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, na hathbhreithnithe agus na hiniúchtaí sin a dhéanamh, nó féadfaidh daoine eile, ar thug an Coimisiún Eorpach sainordú dóibh i gcomhréir le dlí an Aontais, iad a dhéanamh.
2. Beidh rochtain iomchuí ag gníomhairí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais, go háirithe gníomhairí an Choimisiúin Eorpaigh agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus na daoine eile ar thug an Coimisiún Eorpach sainordú dóibh, ar láithreáin, oibreacha agus doiciméid (i leaganacha leictreonacha agus i leaganacha páipéir) agus ar an bhfaisnéis uile is gá chun na hiniúchtaí sin a dhéanamh, lena n-áirítear an ceart chun cóip fhisiceach/leictreonach d’aon doiciméad nó d’ábhar aon mheáin sonraí, agus sleachta ó na doiciméid sin, atá ag an duine nádúrtha nó dlítheanach atá faoi iniúchadh nó ag an tríú páirtí atá faoi iniúchadh.
3. Ní chuirfidh Oileáin Fharó cosc ná aon bhac ar leith ar an gceart iontrála in Oileáin Fharó ná ar rochtain ar áitreabh gníomhairí an Aontais agus na ndaoine eile dá dtagraítear i mír 2 ar fhorais fheidhmiú a ndualgas dá dtagraítear san Airteagal seo.
4. Féadfar na hathbhreithnithe agus na hiniúchtaí a dhéanamh, lena n-áirítear tar éis chur i bhfeidhm an Phrótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo a chur ar fionraí, de bhun Airteagal 15(4) de, tar éis scor an chur i bhfeidhm shealadaigh nó tar éis fhoirceannadh an Chomhaontaithe seo, ar bhonn na dtéarmaí a leagtar síos sna gníomhartha is infheidhme ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí nó comhlachtaí an Aontais agus dá bhforáiltear i gcomhaontuithe agus/nó i gconarthaí ábhartha i ndáil le haon ghealltanas dlíthiúil lena gcuirtear chun feidhme buiséad an Aontais ar gealltanas é a bheidh déanta ag an Aontas roimh an dáta óna ngabhfaidh éifeacht le fionraí chur i bhfeidhm an Phrótacail ábhartha, le scor an chur i bhfeidhm shealadaigh nó le foirceannadh an Chomhaontaithe seo.
Airteagal 10
Neamhrialtachtaí, calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac
1. Údarófar don Choimisiún Eorpach agus don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh i gcríoch Oileáin Fharó, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair. Déanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha arna mbunú leis na gníomhartha is infheidhme ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí an Aontais.
2. Cuirfidh údaráis inniúla Oileáin Fharó an Coimisiún Eorpach nó OLAF ar an eolas laistigh de thréimhse réasúnach faoi aon fhíoras nó amhras atá tugtha faoi deara acu i ndáil le neamhrialtacht, calaois nó gníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais.
3. Féadfar seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar áitreabh aon duine nádúrtha a bhfuil cónaí air in Oileáin Fharó nó ar áitreabh aon eintitis dhlítheanaigh atá bunaithe in Oileáin Fharó agus a fhaigheann cistí ón Aontas, chomh maith le haon tríú páirtí atá rannpháirteach i gcur chun feidhme chistí an Aontais atá ina chónaí nó bunaithe in Oileáin Fharó.
4. Is é an Coimisiún Eorpach nó OLAF, i ndlúthchomhar le húdarás inniúil Oileáin Fharó arna ainmniú ag na hOileáin Fharó, a ullmhóidh agus a thabharfaidh i gcrích na seiceálacha agus na cigireachtaí ar an láthair. Tabharfar fógra, laistigh de thréimhse ama réasúnach roimh ré, don údarás ainmnithe faoi aidhm, cuspóir agus bunús dlí na seiceálacha agus na gcigireachtaí, ionas go mbeidh sé in ann cúnamh a thabhairt. Chuige sin, féadfaidh oifigigh údaráis inniúla Oileáin Fharó páirt a ghlacadh sna seiceálacha agus sna cigireachtaí ar an láthair.
5. Arna iarraidh sin d’údaráis inniúla Oileáin Fharó, féadfar na seiceálacha agus na cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh go comhpháirteach leis an gCoimisiún Eorpach nó le OLAF.
6. Beidh rochtain ag gníomhairí an Choimisiúin Eorpaigh agus ag baill foirne OLAF ar an bhfaisnéis agus ar an doiciméadacht uile, lena n-áirítear sonraí ríomhaireachta, maidir leis na hoibríochtaí lena mbaineann atá riachtanach chun na seiceálacha agus na cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh mar is cuí. Féadfaidh siad, go háirithe, doiciméid ábhartha a chóipeáil.
7. I gcás ina gcuireann duine, eintiteas nó tríú páirtí eile i gcoinne seiceáil nó cigireacht ar an láthair, tabharfaidh údaráis inniúla Oileáin Fharó cúnamh, ag gníomhú dóibh i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin náisiúnta, don Choimisiún Eorpach nó do OLAF ionas gur féidir leo a ndualgas a chomhlíonadh maidir le seiceáil nó cigireacht ar an láthair a dhéanamh. Áireofar leis an gcúnamh sin na bearta réamhchúraim iomchuí a dhéanamh faoin dlí náisiúnta, go háirithe chun fianaise a chosaint.
8. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach nó OLAF údaráis inniúla Oileáin Fharó ar an eolas faoi thoradh na seiceálacha agus na gcigireachtaí sin. Tuairisceoidh an Coimisiún Eorpach nó OLAF, go háirithe, a luaithe is féidir d’údarás inniúil Oileáin Fharó maidir le haon fhíoras nó aon amhras a bhaineann le neamhrialtacht atá tugtha faoi deara acu le linn na seiceála nó na cigireachta ar an láthair.
9. Gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí coiriúil Oileáin Fharó, féadfaidh an Coimisiún Eorpach bearta agus pionóis riaracháin a fhorchur ar ar aon duine nádúrtha a bhfuil cónaí air in Oileáin Fharó nó ar aon eintiteas dlíthiúil atá bunaithe ar Oileáin Fharó agus atá rannpháirteach i gcur chun feidhme cláir nó gníomhaíochta de chuid an Aontais i gcomhréir le dlí an Aontais.
10. Chun críocha chur chun feidhme cuí an Airteagail seo, déanfaidh an Coimisiún Eorpach nó OLAF agus údaráis inniúla Oileáin Fharó faisnéis a mhalartú go rialta agus, arna iarraidh sin do cheann de na Páirtithe, rachaidh siad i gcomhairle le chéile.
11. Chun comhar agus malartú faisnéise éifeachtach le OLAF a éascú, ainmneoidh Oileáin Fharó pointe teagmhála.
12. An malartú faisnéise a dhéanfar idir an Coimisiún Eorpach nó OLAF agus údaráis inniúla Oileáin Fharó, déanfar é agus aird chuí á tabhairt ar cheanglais rúndachta. Na sonraí pearsanta a áireofar sa mhalartú faisnéise, cosnófar iad i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.
13. Oibreoidh údaráis Oileáin Fharó i gcomhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ionas go mbeidh sí in ann a ndualgas a chomhlíonadh maidir le déantóirí cionta coiriúla, agus a gcomhchoirithe, i gcionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun breithiúnais i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.
Airteagal 11
Leasuithe ar Airteagail 9 agus 10
Féadfaidh an Comhchoiste, faoin gComhaontú seo, Airteagail 9 agus 10 den Chomhaontú seo a leasú, go háirithe chun athruithe ar ghníomhartha ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí an Aontais a chur san áireamh.
Airteagal 12
Aisghabháil agus forfheidhmiú
1. Cinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach lena bhforchuirtear oibleagáid airgid ar dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha seachas Stáit i ndáil le haon éileamh a eascraíonn as cláir, gníomhaíochtaí, gníomhartha nó tionscadail an Aontais, beidh siad in-fhorfheidhmithe in Oileáin Fharó. Beidh an t-ordú maidir lena fhorfheidhmiú i gceangal leis an gcinneadh ábhartha, gan aon fhoirmiúlacht eile seachas fíorú ar bharántúlacht an chinnidh ag an údarás náisiúnta arna ainmniú chun na críche sin ag rialtas Oileáin Fharó. Cuirfidh rialtas Oileáin Fharó a údarás náisiúnta ainmnithe in iúl don Choimisiún Eorpach agus do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le hAirteagal 13, beidh an Coimisiún Eorpach i dteideal fógra maidir le cinntí in-fhorfheidhmithe den sórt sin a thabhairt go díreach do dhaoine a bhfuil cónaí orthu in Oileáin Fharó agus d’eintitis dhlítheanacha atá bunaithe in Oileáin Fharó. Déanfar an forfheidhmiú i gcomhréir le dlí agus rialacha nós imeachta Oileáin Fharó.
2. I gcás breithiúnais agus orduithe ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a thugtar i gcur i bhfeidhm clásail eadrána atá i gconradh nó i gcomhaontú i ndáil le cláir, gníomhaíochtaí, gníomhartha nó tionscadail an Aontais, beidh siad in-fhorfheidhmithe in Oileáin Fharó ar an gcaoi chéanna le cinntí ón gCoimisiún Eorpach dá dtagraítear i mír 1.
3. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an chinnidh ón gCoimisiún Eorpach dá dtagraítear i mír 1 agus forfheidhmiú an chinnidh sin a chur ar fionraí. Beidh dlínse ag Cúirteanna Oileáin Fharó, áfach, ar ghearáin á rá go bhfuil an forfheidhmiú á dhéanamh ar bhealach neamhrialta.
Airteagal 13
Cumarsáid agus malartú faisnéise
Institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais atá rannpháirteach i gcur chun feidhme chláir nó ghníomhaíochtaí an Aontais, nó i rialú na gclár nó na ngníomhaíochtaí sin, beidh siad i dteideal cumarsáid a dhéanamh go díreach, lena n-áirítear trí chórais malartaithe leictreonaigh, le haon duine nádúrtha a bhfuil cónaí air in Oileáin Fharó nó le haon eintiteas dlítheanach atá bunaithe in Oileáin Fharó agus a fhaigheann cistiú ón Aontas, chomh maith le haon tríú páirtí atá rannpháirteach i gcur chun feidhme chistiú an Aontais agus a bhfuil cónaí air in Oileáin Fharó nó atá bunaithe in Oileáin Fharó. Féadfaidh na daoine, na heintitis agus na tríú páirtithe sin an fhaisnéis agus an doiciméadacht ábhartha uile a chur go díreach faoi bhráid institiúidí, chomhlachtaí oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, ar faisnéis agus doiciméadacht iad a cheanglaítear orthu a chur isteach ar bhonn dhlí an Aontais is infheidhme maidir le clár nó gníomhaíocht an Aontais agus ar bhonn na gconarthaí nó na gcomhaontuithe cistiúcháin arna dtabhairt i gcrích chun an clár nó an ghníomhaíocht sin a chur chun feidhme.
Airteagal 14
An Comhchoiste
1. Bunaítear an Comhchoiste leis seo. Áireofar an méid seo a leanas i gcúraimí an Chomhchoiste:
(a) |
measúnú, meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus a Phrótacal, go háirithe:
|
(b) |
plé a dhéanamh, arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí, ar shrianta arna gcur i bhfeidhm nó atá beartaithe ag na Páirtithe ar an rochtain ar a gcláir thaighde agus nuálaíochta féin, lena n-áirítear go háirithe i gcás gníomhaíochtaí a bhaineann lena sócmhainní straitéiseacha, leasanna, neamhspleáchas nó slándáil; |
(c) |
scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir comhar a fheabhsú agus a fhorbairt; |
(d) |
plé comhpháirteach a dhéanamh ar threoshuíomhanna agus ar thosaíochtaí na mbeartas a bheidh ann amach anseo a bhaineann le cláir nó gníomhaíochtaí an Aontais a chumhdaítear leis na Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo; |
(e) |
malartú faisnéise, inter alia, maidir le reachtaíocht nua, cinntí nua nó cláir náisiúnta nua atá ábhartha maidir leis an gComhaontú seo agus na Prótacail a ghabhann leis a chur chun feidhme; |
(f) |
Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo maidir le téarmaí agus coinníollacha sonracha i dtaca le rannpháirtíocht Oileáin Fharó i gcláir agus i ngníomhaíochtaí an Aontais, nó codanna díobh, a ghlacadh, nó Prótacail den sórt sin a leasú de réir mar is gá; |
(g) |
Airteagail 9 agus 10 a leasú, go háirithe chun athruithe ar ghníomhartha arna nglacadh ag institiúid amháin nó níos mó de chuid an Aontais a chur san áireamh. |
2. Is de chomhthoil a ghlacfar cinntí an Chomhchoiste.
3. Beidh an Comhchoiste comhdhéanta d’ionadaithe ón Aontas agus ó Oileáin Fharó.Glacfaidh sé a Rialacha Nós Imeachta.
4. Féadfaidh an Comhchoiste a chinneadh aon mheitheal nó aon chomhlacht comhairleach a bhunú ar bhonn ad hoc ar leibhéal na saineolaithe a bheidh in ann cúnamh a thabhairt an Comhaontú seo a chur chun feidhme.
5. Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad, agus, i gcás ina n-éileofar sin le himthosca speisialta, ar iarraidh ó cheachtar de na. Déanfaidh an tAontas agus Oileáin Fharó na cruinnithe a eagrú agus a óstáil ar bhonn idirmhalartach.
6. Oibreoidh an Comhchoiste ar bhonn leanúnach trí fhaisnéis ábhartha a mhalartú trí bhíthin aon mhodh cumarsáide; go háirithe a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht/feidhmíocht eintitis Oileáin Fharó. Féadfaidh an Comhchoiste, go háirithe, a chuid cúraimí a dhéanamh i scríbhinn aon uair is gá.
Airteagal 15
Forálacha críochnaitheacha
1. Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm ar an dáta a thabharfaidh an dá Pháirtí fógra dá chéile gur cuireadh i gcrích a nósanna imeachta inmheánacha is gá chun na críche sin. Beidh feidhm chúlghabhálach aige ón 1 Eanáir 2021.
2. Féadfaidh na Páirtithe an Comhaontú seo a chur i bhfeidhm go sealadach i gcomhréir lena gcuid nósanna imeachta inmheánacha agus reachtaíochta féin. Tosóidh an cur i bhfeidhm sealadach ar an dáta a thabharfaidh an dá Pháirtí fógra dá chéile gur cuireadh i gcrích a nósanna imeachta inmheánacha is gá chun na críche sin.
3. Sa chás go dtabharfaidh Oileáin Fharó fógra don Aontas nach gcuirfidh siad i gcrích a nósanna imeachta inmheánacha is gá le haghaidh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, scoirfidh an Comhaontú seo d’fheidhm shealadach a bheith aige ar an dáta a gheobhaidh an tAontas an fógra sin, arb ionann é agus dáta scoir chun críocha an Chomhaontaithe seo.
Scoirfidh cinntí an Chomhchoiste d’fheidhm a bheith acu ar an dáta céanna.
4. Féadfaidh an tAontas cur i bhfeidhm an Phrótacail ábhartha a ghabhann leis an gComhaontú seo a chur ar fionraí i gcás neamhíocaíocht pháirteach nó neamhíocaíocht iomlán na ranníocaíochta airgeadais atá dlite ag Oileáin Fharó faoi chlár ábhartha nó faoi ghníomhaíocht ábhartha an Aontais.
I gcás neamhíocaíocht a d’fhéadfadh cur chun feidhme agus bainistiú chlár nó ghníomhaíocht ábhartha an Aontais a chur i mbaol go mór, seolfaidh an Coimisiún Eorpach litir mheabhrúcháin fhoirmiúil. I gcás nach ndéanfar aon íocaíocht laistigh de 20 lá oibre ón litir mheabhrúcháin fhoirmiúil a fháil, tabharfaidh an tAontas fógra d’Oileáin Fharó maidir le cur ar fionraí chur i bhfeidhm an Phrótacail ábhartha trí litir fógra fhoirmiúil, fionraí a thiocfaidh i bhfeidhm 15 lá tar éis d’Oileáin Fharó an fógra sin a fháil.
I gcás ina gcuirfear cur i bhfeidhm an Phrótacail ar fionraí, ní bheidh eintitis Oileáin Fharó incháilithe páirt a ghlacadh i nósanna imeachta dámhachtana an Aontais nach bhfuil tugtha i gcrích go fóill nuair a chuirfear an fhionraí i bhfeidhm. Measfar nós imeachta dámhachtana an Aontais a bheith tugtha i gcrích nuair a ghlacfar gealltanais dhlíthiúla de láimh mar thoradh ar an nós imeachta sin.
Leis an bhfionraí, ní dhéanfar difear do na gealltanais dhlíthiúla arna ndéanamh de láimh le heintitis Oileáin Fharó faoi chlár nó faoi ghníomhaíocht ábhartha an Aontais sular tháinig an fhionraí i bhfeidhm. Leanfaidh an Prótacal ábhartha d’fheidhm a bheith aige maidir le gealltanais dhlíthiúla den sórt sin.
Tabharfaidh an tAontas fógra láithreach d’Oileáin Fharó a luaithe a gheobhaidh an tAontas méid iomlán na ranníocaíochta airgeadais atá dlite. Cuirfear deireadh leis an bhfionraí le héifeacht láithreach ar an bhfógra sin a thabhairt.
Ón dáta a chuirfear deireadh leis an bhfionraí, beidh eintitis Oileáin Fharó incháilithe arís le haghaidh nósanna imeachta dámhachtana de chuid an Aontais a sheolfar faoi chlár ábhartha nó faoi ghníomhaíocht ábhartha an Aontais tar éis an dáta sin agus le haghaidh nósanna imeachta dámhachtana de chuid an Aontais a seoladh roimh an dáta sin, ar nósanna imeachta dámhachtana iad nach bhfuil na sprioc-amanna chun iarratais a chur isteach dulta in éag.
5. Féadfaidh ceachtar Páirtí an Comhaontú seo a fhoirceannadh tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Pháirtí eile ina gcuirfear in iúl go bhfuil sé beartaithe aige é a fhoirceannadh. Ní fhéadfar an Comhaontú seo a fhoirceannadh, ach amháin ina iomláine.
Tiocfaidh an foirceannadh i bhfeidhm 3 mhí tar éis an dáta a gheobhaidh an seolaí an fógra i scríbhinn. Is éard a bheidh sa dáta foirceanta chun críocha an Chomhaontaithe seo, an dáta a thiocfaidh an foirceannadh i bhfeidhm.
6. I gcás ina scoirfidh an Comhaontú seo d’fheidhm shealadach a bheith aige i gcomhréir le mír 3 nó i gcás ina ndéanfar é a fhoirceannadh i gcomhréir le mír 5, comhaontaíonn na Páirtithe an méid seo a leanas:
(a) |
leanfar le tionscadail, gníomhartha agus gníomhaíochtaí, nó codanna díobh, a ndearnadh gealltanais dhlíthiúla a ghlacadh de láimh ina leith le linn chur i bhfeidhm sealadach agus/nó tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus sula scoirfidh an Comhaontú seo d’fheidhm a bheith aige nó sula ndéanfar é a fhoirceannadh, leanfar leo go dtí go dtabharfar i gcrích iad faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú seo; |
(b) |
ranníocaíocht airgeadais bhliain N, le clár nó le gníomhaíocht ábhartha de chuid an Aontais, ar lena linn a scoirfidh an Comhaontú seo d’fheidhm shealadach a bheith aige nó a dhéanfar é a fhoirceannadh, íocfar í ina hiomláine i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le haon riail ábhartha eile sna Prótacail ábhartha. I gcás ina mbeidh feidhm ag an sásra coigeartaithe, déanfar ranníocaíocht oibríochtúil bhliain N le gclár nó legníomhaíocht ábhartha de chuid an Aontais a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 7. I gcás cláir nó gníomhaíochtaí ina mbeidh feidhm ag an sásra coigeartaithe agus ag an sásra ceartúcháin uathoibríoch araon, déanfar ranníocaíocht oibríochtúil ábhartha bhliain N a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 7 agus a cheartú i gcomhréir le hAirteagal 8. An táille rannpháirtíochta a íocfar le haghaidh bhliain N mar chuid den ranníocaíocht airgeadais le clár ábhartha nó le gníomhaíocht ábhartha de chuid an Aontais, ní dhéanfar í a choigeartú nó a cheartú; |
(c) |
i gcás ina mbeidh feidhm ag an sásra coigeartaithe, tar éis na bliana ar lena linn a scoirfidh an Comhaontú seo d’fheidhm shealadach a bheith aige nó a dhéanfar é a fhoirceannadh, déanfar na ranníocaíochtaí oibríochtúla tosaigh le clár ábhartha nó le gníomhaíocht ábhartha de chuid an Aontais, a íocadh le haghaidh na mblianta ar lena linn a bhí feidhm ag an gComhaontú seo, a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 7. I gcás cláir nó gníomhaíochtaí an Aontais ina mbeidh feidhm ag an sásra coigeartaithe agus ag an sásra ceartúcháin uathoibríoch araon, déanfar na ranníocaíochtaí oibríochtúla sin a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 7 agus a cheartú go huathoibríoch i gcomhréir le hAirteagal 8. |
7. Socróidh na Páirtithe de chomhthoil aon iarmhairt eile a ghabhann le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe seo a fhoirceannadh nó a scor.
8. Ní fhéadfar an Comhaontú seo a leasú ach amháin i scríbhinn de chomhthoil na bPáirtithe. Leanfaidh teacht i bhfeidhm na leasuithe an nós imeachta céanna is infheidhme maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo mar a fhoráiltear le mír 1.
9. Cuid dhílis den Chomhaontú seo a bheidh sna Prótacail.
10. Dréachtófar an Comhaontú seo i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, san Ungáiris agus san Fharóis.
(1) Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Fharó maidir le comhar eolaíoch agus teicneolaíoch (IO AE L 245, 17.9.2010, lch. 2); Comhaontú le haghaidh comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an tAontas Eorpach agus Oileáin Fharó lena ndéantar Oileáin Fharó a chomhlachú le Fís 2020 — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) (IO AE L 35, 11.2.2015, lch. 3).
(2) Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO AE L 170, 12.5.2021, lch. 1).
(3) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO AE L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(4) Is bearta sriantacha iad bearta sriantacha an Aontais a ghlactar de bhun an Chonartha ar an Aontas Eorpach nó an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
PRÓTACAL
maidir le comhlachas Oileáin Fharó le Fís Eorpach — an clár réime um thaighde agus um nuálaíocht (2021-2027)
Airteagal 1
Raon feidhme an chomhlachais
1. Glacfaidh Oileáin Fharó páirt mar thír chomhlachaithe i ngach cuid den Chlár Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (“an Clár Fís Eorpach”), agus rannchuideoidh siad le gach cuid de, tagraítear don Chlár Fís Eorpach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), sna leaganacha is cothroime le dáta díobh, agus cuirtear chun feidhme é trí bhíthin an chláir shonraigh arna bhunú le Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle (2), agus trí bhíthin ranníocaíocht airgeadais leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht.
Airteagal 2
Coinníollacha breise na rannpháirtíochta sa Chlár Fís Eorpach
1. Sula ndéanfar cinneadh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil eintitis Oileáin Fharó incháilithe chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht a bhaineann le sócmhainní straitéiseacha, leasanna, neamhspleáchas nó slándáil an Aontais faoi Airteagal 22(5) de Rialachán (AE) 2021/695, féadfaidh an Coimisiún Eorpach faisnéis nó dearbhuithe sonracha a iarraidh, amhail:
(a) |
faisnéis maidir le cé acu a deonaíodh nó a dheonófar rochtain chómhalartach d’eintitis an Aontais ar chláir, ar thionscadail, ar ghníomhartha agus ar ghníomhaíochtaí Oileáin Fharó, nó ar chodanna díobh, atá ann cheana agus atá beartaithe, ar cláir, tionscadail, gníomhartha agus gníomhaíochtaí iad atá coibhéiseach leis an gClár Fís Eorpach lena mbaineann; |
(b) |
faisnéis maidir le cé acu atá nó nach bhfuil sásra náisiúnta um scagadh ar infheistíocht ag Oileáin Fharó, agus dearbhuithe go ndéanfaidh údaráis inniúla Oileáin Fharó tuairisciú chuig an gCoimisiún Eorpach agus go rachaidh siad i gcomhairle leis maidir le haon chás féideartha i gcás, agus sásra den chineál sin á chur i bhfeidhm, ina bhfaighidh siad eolas faoi infheistíocht eachtrach/táthcheangal atá beartaithe ag eintiteas atá bunaithe lasmuigh d’Oileáin Fharó, nó atá á rialú ó lasmuigh d’Oileáin Fharó ar eintiteas de chuid Oileáin Fharó, a fuair cistiú ó Fís Eorpach i ngníomhaíochtaí a bhaineann le sócmhainní straitéiseacha, leasanna, neamhspleáchas nó slándáil an Aontais, ar choinníoll go soláthróidh an Coimisiún Eorpach d’Oileáin Fharó an liosta d’eintitis ábhartha Oileáin Fharó tar éis shíniú na gcomhaontuithe deontais leis na heintitis sin; agus |
(c) |
dearbhuithe nach mbeidh aon cheann de na torthaí, na teicneolaíochtaí, na seirbhísí nó na táirgí arna bhforbairt faoi na gníomhaíochtaí ábhartha ag eintitis Oileáin Fharó faoi réir srianta ar a n-onnmhairiú chuig Ballstáit an Aontais le linn na gníomhaíochta agus ar feadh 4 bliana tar éis dheireadh na gníomhaíochta. Roinnfidh Oileáin Fharó liosta cothrom le dáta de na hábhair maidir le srianta náisiúnta ar onnmhairiú ar bhonn bliantúil, le linn na gníomhaíochta agus ar feadh 4 bliana tar éis dheireadh na gníomhaíochta. |
2. Féadfaidh eintitis Oileáin Fharó páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC) faoi théarmaí agus coinníollacha atá coibhéiseach leis na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme maidir le heintitis an Aontais ach amháin má tá gá le teorainneacha chun comhsheasmhacht a áirithiú le raon feidhme na rannpháirtíochta a eascraíonn as cur chun feidhme mhír 1.
3. I gcás ina gcuirfidh an tAontas an Clár Fís Eorpach chun feidhme trí Airteagail 185 agus 187 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm, féadfaidh Oileáin Fharó agus eintitis Oileáin Fharó páirt a ghlacadh sna struchtúir dhlíthiúla a chruthaítear faoi na forálacha sin, i gcomhréir le gníomhartha dlí de chuid an Aontais a glacadh nó a ghlacfar chun na struchtúir dhlíthiúla sin a bhunú.
4. Na cearta is infheidhme maidir leis an gcatagóir ábhartha tíortha comhlachaithe i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme, sin iad na cearta ionadaíochta agus rannpháirtíochta a bheidh ag Oileáin Fharó sa Choiste um an Limistéar Eorpach Taighde agus ina fhoghrúpaí.
5. Beidh sé de cheart ag ionadaithe Oileáin Fharó páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí ar Bhord Gobharnóirí JRC, gan cearta vótála a bheith acu. Faoi réir an choinníll sin, rialófar an rannpháirtíocht sin leis na rialacha agus na nósanna imeachta céanna is infheidhme maidir le hionadaithe Bhallstáit an Aontais, lena n-áirítear cearta labhartha agus nósanna imeachta maidir le faisnéis agus doiciméadacht a fháil i ndáil le pointe a bhaineann le hOileáin Fharó.
6. Féadfaidh Oileáin Fharó páirt a ghlacadh i gCuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 ón gComhairle (5), sa leagan is cothroime le dáta de, agus leis an ngníomh dlí lena mbunaítear ERIC.
7. Déanfaidh na Páirtithe gach iarracht, laistigh de chreat na bhforálacha atá ann cheana, chun saorghluaiseacht agus áit chónaithe na ndaoine a ghlacann páirt sna gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an bPrótacal seo a éascú agus chun gluaiseacht trasteorann earraí agus seirbhísí atá ceaptha lena n-úsáid i ngníomhaíochtaí den sórt sin a éascú.
8. Déanfaidh Oileáin Fharó na bearta uile is gá, mar is iomchuí, chun a áirithiú go mbeidh earraí agus seirbhísí a cheannófar in Oileáin Fharó nó a allmhaireofar isteach in Oileáin Fharó arb earraí agus seirbhísí iad a mhaoinítear i bpáirt nó go hiomlán de bhun na gcomhaontuithe deontais agus/nó na gconarthaí a tugadh i gcrích chun na gníomhaíochtaí a bhaint amach i gcomhréir leis an bPrótacal seo go mbeidh siad díolmhaithe ó dhleachtanna custaim, ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus ó mhuirir fhioscacha eile, lena n-áirítear CBL, is infheidhme in Oileáin Fharó.
Airteagal 3
Cómhalartacht
Féadfaidh eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas páirt a ghlacadh i gcláir, i dtionscadail, i ngníomhartha agus i ngníomhaíochtaí Oileáin Fharó, nó i gcodanna díobh, atá coibhéiseach leis an gClár Fís Eorpach, i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin is infheidhme Oileáin Fharó.
Soláthraítear liosta neamh-uileghabhálach de chláir, de thionscadail, de ghníomhartha agus de ghníomhaíochtaí coibhéiseacha Oileáin Fharó, nó codanna díobh, in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an bPrótacal seo.
Beidh an cistiú ó eintitis dhlítheanacha Oileáin Fharó atá bunaithe san Aontas faoi réir dhlíthe agus rialacháin is infheidhme Oileáin Fharó lena rialaítear oibriú na gclár, na dtionscadal, na ngníomhartha agus na ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, nó codanna díobh. I gcás nach soláthrófar cistiú, féadfaidh eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas páirt a ghlacadh trí bhíthin a gcuid acmhainní féin.
Airteagal 4
Eolaíocht oscailte
Déanfaidh na Páirtithe cleachtais eolaíochta oscailte a chur chun cinn agus a spreagadh go frithpháirteach ina gcuid clár, tionscadal, gníomhartha nó gníomhaíochtaí, nó codanna díobh, i gcomhréir le rialacha an Chláir Fís Eorpach agus le dlíthe agus rialacháin is infheidhme Oileáin Fharó.
Airteagal 5
Rialacha mionsonraithe maidir le ranníocaíocht airgeadais, sásra coigeartaithe agus sásra ceartúcháin uathoibríoch
1. Beidh feidhm ag sásra coigeartaithe agus ag sásra ceartúcháin uathoibríoch i ndáil le ranníocaíocht oibríochtúil Oileáin Fharó leis an gClár Fís Eorpach.
2. Beidh an sásra ceartúcháin uathoibríoch bunaithe ar fheidhmíocht Oileáin Fharó agus ar fheidhmíocht eintitis Oileáin Fharó sna codanna sin den Chlár Fís Eorpach a chuirtear chun feidhme trí dheontais iomaíocha.
3. Leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an tsásra ceartúcháin uathoibríoch in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bPrótacal seo.
Airteagal 6
Forálacha críochnaitheacha
1. Fanfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm chomh fada agus is gá chun go dtabharfar i gcrích na tionscadail, na gníomhartha agus na gníomhaíochtaí uile, nó codanna díobh, a mhaoineofar ón gClár Eorpach Fís, na gníomhartha uile is gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus na hoibleagáidí airgeadais uile a eascraíonn as cur chun feidhme an Phrótacail seo idir na Páirtithe.
2. Is cuid dhílis den Phrótacal seo iad na hIarscríbhinní a ghabhann leis.
Iarscríbhinn I: |
Rialacha lena rialaítear ranníocaíocht airgeadais Oileáin Fharó leis an gClár Fís Eorpach (2021-2027) |
Iarscríbhinn II: |
Liosta de chláir, de thionscadail, de ghníomhartha agus de ghníomhaíochtaí coibhéiseacha Oileáin Fharó, nó codanna díobh |
(1) Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO AE L 170, 12.5.2021, lch. 1.).
(2) Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Clár Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/743/AE (IO AE L 167 I, 12.5.2021, lch. 1.).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 2021/819 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 maidir leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (athmhúnlú), (IO AE L 189, 28.5.2021, lch. 61).
(4) Cinneadh (AE) 2021/820 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 maidir le Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) 2021-2027: Borradh a chur faoi Thallann Nuálaíochta agus faoi Chumas Nuálaíochta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1312/2013/AE (IO AE L 189, 28.5.2021, lch. 91).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 maidir le Creat dlíthiúil an Chomhphobail maidir le Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) (IO AE L 206, 8.8.2009, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Rialacha lena rialaítear ranníocaíocht airgeadais Oileáin Fharó leis an gClár Fís Eorpach (2021-2027)
I. Ranníocaíocht airgeadais Oileáin Fharó a ríomh
1. |
Déanfar ranníocaíocht airgeadais Oileáin Fharó leis an gClár Fís Eorpach a bhunú ar bhonn bliantúil i gcomhréir leis an méid a bheidh ar fáil gach bliain i mbuiséad an Aontais le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas is gá chun an Clár Fís Eorpach a bhainistiú, a chur i bhfeidhm agus a oibriú, agus beidh an ranníocaíocht sin sa bhreis ar an méid sin, méid a mhéadófar i gcomhréir le hAirteagal 6(5) den Chomhaontú seo. |
2. |
Bunófar táille rannpháirtíochta Oileáin Fharó agus déanfar í a chéimniú isteach i gcomhréir le hAirteagal 6(4) agus (8) den Chomhaontú seo. |
3. |
I gcomhréir le hAirteagal 6(6) den Chomhaontú seo, déanfar an ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh atá le híoc ag Oileáin Fharó maidir lena rannpháirtíocht sa Chlár Fís Eorpach a ríomh le haghaidh na mblianta airgeadais faoi seach trí choigeartú a chur i bhfeidhm ar an treoir ranníoca.
Is éard a bheidh sa choigeartú ar an treoir ranníoca: An Treoir Ranníocha arna Coigeartú = An Treoir Ranníoca × Comhéifeacht Is 0,4 a bheidh sa chomhéifeacht a úsáidfear sa ríomh thuasluaite chun an treoir ranníoca a choigeartú. |
4. |
Déanfar ranníocaíocht oibríochtúil Oileáin Fharó le Fís Eorpach a choigeartú i gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 7 den Chomhaontú seo. |
II. Ranníocaíocht oibríochtúil Oileáin Fharó a cheartú go huathoibríoch
1. |
Chun an ceartúchán uathoibríoch dá dtagraítear in Airteagal 8 den Chomhaontú seo agus in Airteagal 5 den Phrótacal seo a ríomh, beidh feidhm ag na socruithe mionsonraithe seo a leanas:
|
2. |
Cuirfear an sásra i bhfeidhm mar a leanas:
|
III. Íocaíocht ranníocaíocht airgeadais Oileáin Fharó, íocaíocht na gcoigeartuithe a rinneadh ar ranníocaíocht oibríochtúil Oileáin Fharó, agus íocaíocht an cheartúcháin uathoibríoch is infheidhme maidir le ranníocaíocht oibríochtúil Oileáin Fharó
1. |
Cuirfidh an Coimisiún Eorpach an fhaisnéis seo a leanas in iúl d’Oileáin Fharó a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná tráth eisiúna an chéad ghlao ar chistí na bliana airgeadais:
Ar bhonn a Dhréachtbhuiséid, soláthróidh an Coimisiún Eorpach meastachán ar fhaisnéis le haghaidh na bliana dár gcionn faoi phointí (a) agus (b) a luaithe is féidir, agus, faoin 1 Meán Fómhair den bhliain airgeadais ar a dhéanaí. |
2. |
I mí Aibreáin agus i mí an Mheithimh gach bliain airgeadais ar a dhéanaí, eiseoidh an Coimisiún Eorpach glao ar chistí chuig Oileáin Fharó a chomhfhreagraíonn dá ranníocaíocht faoin bPrótacal seo.
Le gach glao ar chistí, déanfar foráil maidir le híocaíocht sé dhódhéagú de ranníocaíocht Oileáin Fharó tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis eisiúint an ghlao ar chistí. I gcás na chéad bhliana de chur chun feidhme an Phrótacail seo, eiseoidh an Coimisiún Eorpach aon ghlao amháin ar chistí laistigh de 60 lá ó shíniú an Chomhaontaithe seo. |
3. |
Gach bliain ó 2023 ar aghaidh, léireofar sna glaonna ar chistí méid an cheartúcháin uathoibríoch is infheidhme maidir leis an ranníocaíocht oibríochtúil a íocfar le haghaidh bhliain N-2.
Féadfar a áireamh freisin sa ghlao ar chistí a eiseofar i mí Aibreáin ar a dhéanaí, coigeartuithe ar an ranníocaíocht airgeadais a íocfaidh Oileáin Fharó as cur chun feidhme, bainistiú agus oibriú an Chláir nó na gClár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht a bhí ann roimhe ar ghlac Oileáin Fharó páirt ann nó iontu. I gcás gach ceann de na blianta airgeadais 2028, 2029 agus 2030, an méid a eascraíonn as an gceartúchán uathoibríoch a chur i bhfeidhm maidir leis na ranníocaíochtaí oibríochtúla a íocfaidh Oileáin Fharó sa bhliain 2026 agus sa bhliain 2027, nó an méid a eascraíonn as na coigeartuithe a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 7(8) den Chomhaontú seo, beidh sé dlite d’Oileáin Fharó nó dlite uathu. |
4. |
Íocfaidh Oileáin Fharó a ranníocaíocht airgeadais faoin bPrótacal seo i gcomhréir le roinn III den Iarscríbhinn seo. In éagmais íocaíocht Oileáin Fharó faoin dáta dlite, seolfaidh an Coimisiún Eorpach litir mheabhrúcháin fhoirmiúil.
Is é an toradh a bheidh ar aon mhoill ar íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais go n-íocfaidh Oileáin Fharó ús mainneachtana ar an méid atá gan íoc ón dáta dlite. Is é an ráta úis ar mhéideanna is infhaighte nach n-íoctar ar an dáta dlite an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá féilire den mhí ina mbeidh an dáta dlite, agus é sin méadaithe faoi aon phointe céatadáin go leith. |
(1) I measc na ngníomhaíochtaí eile, áirítear go háirithe soláthar, duaiseanna, ionstraimí airgeadais, gníomhaíochtaí díreacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, síntiúis (an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD), an Ghníomhaireacht Eorpach um Chomhordú Taighde (Eureka), an Chomhpháirtíocht Idirnáisiúnta um Chomhar maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh (IPEEC), an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA), ...), saineolaithe (meastóirí, faireachán ar thionscadail), etc.
(2) Ní mheasfaí suimeanna a leithdháiltear ar eagraíochtaí idirnáisiúnta mar chostais neamh-idirghabhálacha ach amháin más tairbhithe deiridh iad na heagraíochtaí sin. Ní bheidh feidhm aige sin sa chás gur comhordaitheoir ar thionscadal í eagraíocht idirnáisiúnta (agus cistí á ndáileadh ar chomhordaitheoirí eile).
IARSCRÍBHINN II
Liosta de chláir, de thionscadail, de ghníomhartha agus de ghníomhaíochtaí coibhéiseacha Oileáin Fharó, nó codanna díobh
Is mar chláir, tionscadail, gníomhartha, gníomhaíochtaí Oileáin Fharó, nó codanna díobh, atá coibhéiseach leis an gClár Fís Eorpach a mheasfar an liosta neamh-uileghabhálach seo a leanas:
— |
Fondúireacht Taighde Oileáin Fharó; |
— |
Fondúireacht Taighde Iascaigh Oileáin Fharó. |