EUR-Lex Prieiga prie Europos Sąjungos teisės

Grįžti į „EUR-Lex“ pradžios puslapį

Šis dokumentas gautas iš interneto svetainės „EUR-Lex“

Dokumentas 22021D0010

Cinneadh Uimh. 1/2019 ó Chomhchoiste an Aontais Eorpaigh agus Mheicsiceo an 16 Deireadh Fómhair 2019 a bhaineann le leasuithe ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Uimh. 2/2000 ó Chomhairle Chomhpháirteach CE-Mheicsiceo i dtaca le sainmhíniú an choincheapa táirgí tionscnaimh agus le modhanna comhair riaracháin (Andóra agus San Mairíne, agus rialacha tionscnaimh táirgeshonracha áirithe le haghaidh ceimiceán) [2021/10]

PUB/2020/953

IO L 3, 7.1.2021, p. 37—40 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Dokumento teisinis statusas Galioja

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/10/oj

7.1.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 3/37


CINNEADH Uimh. 1/2019 Ó CHOMHCHOISTE AN AONTAIS EORPAIGH AGUS MHEICSICEO

an 16 Deireadh Fómhair 2019

a bhaineann le leasuithe ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Uimh. 2/2000 ó Chomhairle Chomhpháirteach CE-Mheicsiceo i dtaca le sainmhíniú an choincheapa táirgí tionscnaimh agus le modhanna comhair riaracháin (Andóra agus San Mairíne, agus rialacha tionscnaimh táirgeshonracha áirithe le haghaidh ceimiceán) [2021/10]

TÁ AN COMHCHOISTE AE-MHEICSICEO,

Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 2/2000 ó Chomhairle Chomhpháirteach CE-Mheicsiceo an 23 Márta 2000 (1) agus d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis, agus go háirithe Airteagal 38 d’Iarscríbhinn III,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Uimh. 2/2000 (“Iarscríbhinn III”) na rialacha tionscnaimh le haghaidh táirgí de thionscnamh chríoch na bPáirtithe sa Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht Eacnamaíoch, Comhordú Polaitiúil agus Comhar idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Stáit Aontaithe Mheicsiceo, den pháirt eile (2), a síníodh sa Bhruiséil an 8 Nollaig 1997 (“an Comhaontú”).

(2)

Tá aontais chustaim i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach le Prionsacht Andóra agus le Poblacht San Mairíne, faoi seach, agus, dá thoradh sin, tugtar cóir fhabhrach d’earraí de thionscnamh Mheicsiceo nuair a onnmhairítear chuig an dá thír sin iad.

(3)

Tá comhaontú déanta gur mar tháirgí de thionscnamh an Aontais Eorpaigh de réir bhrí Iarscríbhinn III a ghlacfaidh Meicsiceo le táirgí faoi Chaibidlí 25 go 97 den Chóras Comhchuibhithe ar de thionscnamh Phrionsacht Andóra iad agus le táirgí faoi Chaibidlí 1 go 97 den Chóras Comhchuibhithe ar de thionscnamh Phoblacht San Mairíne iad.

(4)

Ba chóir, dá bhrí sin, foscríbhinn – Foscríbhinn VI – a chur le hIarscríbhinn III chun go bhféadfar, i gcás ina n-allmhairítear na táirgí sin isteach i Meicsiceo, cóir chustaim a thabhairt dóibh ar comhchosúil í leis an gcóir chustaim a thugtar do tháirgí de thionscnamh an Aontais Eorpaigh, agus chun forálacha a leagan síos maidir le hIarscríbhinn III a chur i bhfeidhm maidir leis na táirgí sin.

(5)

An 7 Aibreán 2017, ghlac an Comhchoiste Cinneadh Uimh. 1/2017 (3), lena gcuirtear síneadh ama le cur i bhfeidhm na rialacha tionscnaimh a leagtar síos i Nótaí 2 agus 3 d’Fhoscríbhinn II(a) a ghabhann le hIarscríbhinn III (“Nótaí 2 agus 3”) den cheathrú huair. Beidh feidhm ag an síneadh ama dá bhforáiltear i gCinneadh Uimh. 1/2017 go dtí an 31 Nollaig 2019.

(6)

Is iomchuí síneadh buan a chur le cur i bhfeidhm na rialacha tionscnaimh a leagtar síos i Nótaí 2 agus 3, toisc go bhfuil siad ag teacht le prionsabail nuachóiriú an Chomhaontaithe.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn III a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leasaítear Foscríbhinn II a ghabhann le hIarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Uimh. 2/2000 de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

2.   Cuirtear foscríbhinn – Foscríbhinn VI – le hIarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Uimh. 2/2000 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an dáta ar a dtabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile gur cuireadh i gcrích na nósanna imeachta is gá chun na críche sin.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Deireadh Fómhair 2019.

Thar ceann an Chomhchoiste

Edita HRDA

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, Stiúrthóir Bainistíochta, Críocha Mheiriceá


(1)  IO L 157, 30.6.2000, lch. 10.

(2)  IO L 276, 28.10.2000, lch. 45.

(3)  Cinneadh Uimh. 1/2017 ó Chomhchoiste an Aontais Eorpaigh agus Mheicsiceo an 7 Aibreán 2017 a bhaineann le leasuithe ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Uimh. 2/2000 ó Chomhairle Chomhpháirteach CE-Mheicsiceo an 23 Márta 2000 i dtaca le sainmhíniú an choincheapa táirgí tionscnaimh agus le modhanna comhair riaracháin (rialacha tionscnaimh táirgeshonracha áirithe le haghaidh ceimiceán).


IARSCRÍBHINN I

I bhFoscríbhinn II a ghabhann le hIarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Uimh. 2/2000, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha faoi cheannteidil 2914 agus 2915 den Chóras Comhchuibhithe:

Ceannteideal CC

Tuairisc ar an táirge

Saothrú nó próiseáil, a rinneadh ar ábhair neamhthionscnaimh, lena mbronntar stádas tionscnaimh

(1)

(2)

(3) nó (4)

“ex 2914

Alcól dé-aicéatóin

Céatón iseabúitile meitile

Ocsaíd mheisitile

Monarú as aicéatón

Monarú ina ndéantar imoibriú ceimiceach (*1)

2915

Aigéid mhonacarbocsaileacha neamhchioglacha sháithithe agus a n-ainhidrídí, a hailídí, a sárocsaídí agus a sárocsa-aigéid; a gcuid díorthach halaiginithe, sulfónaithe, níotráitithe nó níotrósaithe, cé is moite de:

Monarú as ábhair atá faoi cheannteideal ar bith. Mar sin féin, maidir le hábhair atá faoi cheannteidil 2915 agus 2916 a úsáidtear, ní fhéadfaidh luach na n-ábhar uile sin a bheith níos mó ná 20 % de phraghas ‘díreach ón monarcha’ an táirge

Monarú nach bhfuil luach na n-ábhar uile a úsáideadh ann níos mó ná 40 % de phraghas ‘díreach ón monarcha’ an táirge

 

Ainhidríd aicéiteach, aicéatáit eitile agus n-búitile, aicéatáit vinile, aicéatáit iseapróipile agus mheitiolaimile, aigéid mhonaiclóraicéiteacha, dhéchlóraicéiteacha nó thríchlóraicéiteacha, a gcuid salann agus eistear

Monarú as ábhair atá faoi cheannteideal ar bith. Mar sin féin, maidir le hábhair atá faoi cheannteideal 2916 a úsáidtear, ní fhéadfaidh luach na n-ábhar uile sin a bheith níos mó ná 20 % de phraghas ‘díreach ón monarcha’ an táirge

Monarú ina ndéantar imoibriú ceimiceach (*1)


(*1)  Is éard is ‘imoibriú ceimiceach’ ann próiseas (lena n-áirítear próiseas bithcheimiceach) as a dtagann móilín ag a bhfuil struchtúr nua de thoradh naisc ionmhóilíneacha a bhriseadh agus naisc ionmhóilíneacha nua a dhéanamh, nó de thoradh eagar spásúil na n-adamh i móilín a athrú. Níor cheart na próisis seo a leanas a áireamh chun críoch a bhaineann le tionscnamh:

(a)

tuaslagadh in uisce nó i dtuaslagóirí eile;

(b)

tuaslagóirí a dhíothú, lena n-áirítear uisce tuaslagach; ná

(c)

breisiú nó díothú uisce criostalúcháin.”.


IARSCRÍBHINN II

Cuirtear an Fhoscríbhinn seo a leanas le hIarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Uimh. 2/2000:

“Foscríbhinn VI

PRIONSACHT ANDÓRA AGUS POBLACHT SAN MAIRÍNE

1.   

Maidir le táirgí de thionscnamh Phrionsacht Andóra atá faoi Chaibidlí 25 go 97 den Chóras Comhchuibhithe, glacfaidh Meicsiceo leis na táirgí sin faoin gcóras custaim céanna sin atá i bhfeidhm maidir le táirgí a allmhairítear ón Aontas Eorpach agus ar de thionscnamh an Aontais Eorpaigh iad, fad a fhanfaidh an t-aontas custaim arna bhunú le Cinneadh 90/680/CEE ón gComhairle (1) i bhfeidhm.

2.   

Táirgí de thionscnamh Mheicsiceo atá faoi Chaibidlí 25 go 97 den Chóras Comhchuibhithe a allmhairítear isteach in Andóra, faigheann siad an chóir tharaife fhabhrach chéanna a fhaigheann na táirgí sin nuair a allmhairítear isteach san Aontas Eorpach iad, agus beidh sin amhlaidh fad a fhanfaidh an t-aontas custaim arna bhunú le Cinneadh 90/680/CEE an 26 Samhain 19901 i bhfeidhm.

3.   

Maidir le táirgí de thionscnamh Phoblacht San Mairíne atá faoi Chaibidlí 1 go 97 den Chóras Comhchuibhithe, glacfaidh Meicsiceo leis na táirgí sin faoin gcóras custaim céanna sin atá i bhfeidhm maidir le táirgí a allmhairítear ón Aontas Eorpach agus ar de thionscnamh an Aontais Eorpaigh iad, fad a fhanfaidh an Comhaontú maidir le Comhar agus Aontas Custaim idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht San Mairíne (2) arna dhéanamh sa Bhruiséil an 16 Nollaig 1991 i bhfeidhm.

4.   

Táirgí de thionscnamh Mheicsiceo atá faoi Chaibidlí 1 go 97 den Chóras Comhchuibhithe a allmhairítear isteach i San Mairíne, faigheann siad an chóir tharaife fhabhrach chéanna a fhaigheann na táirgí sin nuair a allmhairítear isteach san Aontas Eorpach iad, agus beidh sin amhlaidh fad a fhanfaidh an Comhaontú maidir le Comhar agus Aontas Custaim idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht San Mairíne arna dhéanamh sa Bhruiséil an 16 Nollaig 1991 i bhfeidhm.

5.   

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Iarscríbhinn III maidir le trádáil na dtáirgí dá dtagraítear i bpointí 1 go 4.

6.   

Cuirfidh an t-onnmhaireoir nó a ionadaí údaraithe ‘Meicsiceo’ mar aon le ‘Prionsacht Andóra’ nó ‘Poblacht San Mairíne’ isteach i mBosca 2 den deimhniú gluaiseachta EUR.1 nó ar an dearbhú sonraisc. Ina theannta sin, cuirfear an fhaisnéis sin isteach i mBosca 4 den deimhniú gluaiseachta EUR.1, nó ar an dearbhú sonraisc i gcás táirgí de thionscnamh Phrionsacht Andóra nó Phoblacht San Mairíne.

7.   

Seolfaidh an tAontas Eorpach samplaí de dheimhnithe gluaiseachta EUR.1 chuig Meicsiceo, mar raon leis na stampaí atá le húsáid ag Prionsacht Andóra agus ag Poblacht San Mairíne, agus seoltaí na n-údarás atá freagrach as an bpróiseas fíorúcháin i Prionsacht Andóra agus i bPoblacht San Mairíne.

8.   

Mura gcomhlíonfaidh an t-údarás rialtais inniúil de chuid Phrionsacht Andóra nó Phoblacht San Mairíne forálacha Iarscríbhinn III, féadfaidh Meicsiceo an cás a chur faoi bhráid an Choiste Speisialta um Chomhar Custaim agus um Rialacha Tionscnaimh arna bhunú le hAirteagal 17 de Chinneadh Uimh. 2/2000, chun go gcinnfear bearta iomchuí chun an tsaincheist a réiteach”.


(1)  Cinneadh 90/680/CEE ón gComhairle an 26 Samhain 1990 maidir le comhaontú a thabhairt i gcrích i bhfoirm malartaithe litreacha idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Prionsacht Andóra (IO AE L 374, 31.12.1990, lch. 13).

(2)  OJ L 84, 28.3.2002, lch. 43.


Į viršų