EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E311

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A SÉ - FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS
TEIDEAL II - FORÁLACHA AIRGEADAIS
CAIBIDIL 1 - ACMHAINNÍ DÍLSE AN AONTAIS
Airteagal 311 (sean-Airteagal 269 CCE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 181–182 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_311/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/181


Airteagal 311

(sean-Airteagal 269 CCE)

Cuirfidh an tAontas ar fáil dó féin na meáin is gá chun a chuspóirí a bhaint amach agus a bheartais a chur i gcrích.

Gan dochar d'ioncam eile, maoineofar an buiséad go hiomlán as acmhainní dílse.

Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, cinneadh lena leagfar síos na forálacha a bhaineann le córas acmhainní dílse an Aontais. Sa chomhthéacs sin, féadfar catagóirí nua acmhainní dílse a bhunú nó catagóir atá ann a dhíothú. Ní thiocfaidh an cinneadh sin i bhfeidhm go dtí go mbeidh sé formheasta ag na Ballstáit, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí bhíthin rialachán i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, bearta cur chun feidhme chóras acmhainní dílse an Aontais a leagan síos a mhéid a fhoráiltear sa chinneadh arna ghlacadh ar bhonn an tríú mír. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.


Top