This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12016E165
Consolidated version of the Treaty on the Functioning of the European Union#PART THREE - UNION POLICIES AND INTERNAL ACTIONS#TITLE XII - EDUCATION, VOCATIONAL TRAINING, YOUTH AND SPORT#Article 165 (ex Article 149 TEC)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL XII - OIDEACHAS, GAIRMOILIÚINT, AN ÓIGE AGUS AN SPÓRT
Airteagal 165 (sean-Airteagal 149 CCE)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL XII - OIDEACHAS, GAIRMOILIÚINT, AN ÓIGE AGUS AN SPÓRT
Airteagal 165 (sean-Airteagal 149 CCE)
IO C 202, 7.6.2016, p. 120–121
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/120 |
Airteagal 165
(sean-Airteagal 149 CCE)
1. Rannchuideoidh an tAontas le hoideachas de chaighdeán a fhorbairt tríd an gcomhar idir Ballstáit a chothú agus, más gá, trí thacú lena ngníomhaíocht agus í a fhorlíonadh, agus freagracht na mBallstát i leith inneachar an teagaisc agus eagrúchán an chórais oideachais agus a n-éagsúlacht chultúrtha agus teanga á hurramú aige.
Rannchuideoidh an tAontas leis an spórt Eorpach a chur chun cinn, ag féachaint do shain-nádúr an spóirt, dá struchtúir atá bunaithe ar an ngníomhaíocht shaorálach agus d'fheidhm shóisialta agus oideachasúil an spóirt.
2. Is é is aidhm do ghníomhaíocht an Aontais:
— |
éirim Eorpach an oideachais a fhorbairt go háirithe trí theangacha na mBallstát a theagasc agus a leathadh; |
— |
taobhú le soghluaisteacht mhac léinn agus múinteoirí, lena n-áirítear aitheantas acadúil dioplómaí agus tréimhsí staidéir; |
— |
comhar a chur ar aghaidh idir bunaíochtaí oideachais; |
— |
malartuithe faisnéise agus taithí a fhorbairt ar shaincheisteanna is coiteann do chórais oideachais na mBallstát; |
— |
taobhú le forbairt comhaiseag idir daoine óga agus idir teagascóirí sochoideachasúla, agus rannpháirtíocht na ndaoine óga i saol daonlathach na hEorpa a chothú; |
— |
forbairt an chianoideachais a chothú; |
— |
an ghné Eorpach a fhorbairt sa spórt, trí chothrom na féinne agus an oscailteacht i gcomórtais spóirt agus comhar idir chomhlachtaí atá freagrach as an spórt a chur chun cinn agus trí iomláine choirp agus mhorálta na lúthchleasaithe, go háirithe na lúthchleasaithe is óige ina measc, a chosaint. |
3. Taobhóidh an tAontas agus na Ballstáit leis an gcomhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta is inniúil maidir le hoideachas agus leis an spórt, agus go háirithe le Comhairle na hEorpa.
4. Chun rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo:
— |
glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, gníomhaíochtaí dreasachta, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus rialúcháin na mBallstát; |
— |
glacfaidh an Chomhairle moltaí, ar thogra ón gCoimisiún. |