Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12012M030

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach
TEIDEAL V - FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA
CAIBIDIL 2 - Forálacha sonracha maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála
Roinn 1 - Forálacha coiteanna
Airteagal 30
(sean-Airteagal 22 CAE)

IO C 326, 26.10.2012, p. 33–33 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/teu_2012/art_30/oj

26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR AN AONTAS EORPACH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

TEIDEAL V

FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA

CAIBIDIL 2

FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA

ROINN 1

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 30

(sean-Airteagal 22 CAE)

1.   Féadfaidh aon Bhallstát, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, nó an tArdionadaí le tacaíocht ón gCoimisiún, aon cheist a thig faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála a chur os comhair na Comhairle agus féadfaidh aon Bhallstát nó an tArdionadaí tionscnaimh nó tograí, faoi seach, a thíolacadh di.

2.   I gcásanna ina mbeidh gá le cinneadh sciobtha, comórfaidh an tArdionadaí, uaidh féin, nó arna iarraidh sin do Bhallstát, cruinniú urghnách den Chomhairle laistigh d'ocht n-uaire an chloig is daichead nó, má tá éigeandáil ann, laistigh de thréimhse níos giorra.


Top