Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12012E144

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL VIII - BEARTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA
Caibidil 5 - Forálacha idirthréimhseacha
Airteagal 144
(sean-Airteagal 120 CCE)

IO C 326, 26.10.2012, p. 111–111 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2012/art_144/oj

26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

CUID A TRÍ

BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS

TEIDEAL VIII

BEARTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA

CAIBIDIL 5

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 144

(sean-Airteagal 120 CCE)

1.   Nuair a tharlaíonn géarchéim thobann i gcomhardú na n-íocaíochtaí agus nach nglactar cinneadh de réir bhrí Airteagal 143(2) láithreach, féadfaidh Ballstát a bhfuil maolú aige na bearta cosanta is gá a ghlacadh mar réamhchúram. Ní foláir do bhearta den sórt sin an suaitheadh is lú is féidir a dhéanamh in oibriú an mhargaidh inmheánaigh agus gan a raon a bheith níos leithne ná mar is fíorghá chun na deacrachtaí tobanna atá tagtha chun cinn a leigheas.

2.   Cuirfear an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh beart cosanta den sórt sin tráth a dteacht i bhfeidhm ar a dhéanaí. Féadfaidh an Coimisiún a mholadh don Chomhairle cabhair a dheonú de réir Airteagal 143.

3.   Tar éis don Choimisiún a mholadh a thabhairt, agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfaidh an Ballstát i dtrácht na bearta cosanta dá dtagraítear thuas a leasú, a fhionraí nó a dhíothú.


Top