Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12012E107

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
    CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
    TEIDEAL VII - COMHRIALACHA MAIDIR LE hIOMAÍOCHT, LE CÁNACHAS AGUS LE COMHFHOGASÚ REACHTAÍOCHTA
    Caibidil 1 - Rialacha iomaíochta
    Roinn 2 - Cabhracha ó Stáit
    Airteagal 107
    (sean-Airteagal 87 CCE)

    IO C 326, 26.10.2012, p. 91–92 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2012/art_107/oj

    26.10.2012   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    1


    AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

    CUID A TRÍ

    BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS

    TEIDEAL VII

    COMHRIALACHA MAIDIR LE hIOMAÍOCHT, LE CÁNACHAS AGUS LE COMHFHOGASÚ REACHTAÍOCHTA

    CAIBIDIL 1

    RIALACHA IOMAÍOCHTA

    ROINN 2

    CABHRACHA Ó STÁIT

    Airteagal 107

    (sean-Airteagal 87 CCE)

    1.   Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sna Conarthaí, aon chabhair a thabharfaidh Ballstát nó a thabharfar trí bhíthin acmhainní Stáit i bhfoirm ar bith, agus a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí thaobhú le gnóthais áirithe nó le táirgeadh earraí áirithe, ní luífidh sí leis an margadh inmheánach sa mhéid go dtéann sí i gcion ar an trádáil idir Ballstáit.

    2.   Beidh cabhair dá leithéid seo a leanas ag luí leis an margadh inmheánach:

    (a)

    cabhair de chineál comhdhaonnach do thomhaltóirí aonair, ar choinníoll go dtugtar an chabhair sin gan idirdhealú maidir le tionscnamh na dtáirgí áirithe;

    (b)

    cabhair chun damáiste a shlánú a tharla de dheasca tubaistí nádúrtha nó tarlachtaintí neamhchoitianta eile;

    (c)

    cabhair do gheilleagar limistéar áirithe de Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine ar chuir deighilt na Gearmáine as dóibh, sa mhéid gur gá an chabhair sin mar chúiteamh sna míbhuntáistí eacnamaíocha a tháinig den deighilt sin. Cúig bliana tar éis do Chonradh Liospóin teacht i bhfeidhm, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh a ghlacadh lena n-aisghairfear an pointe seo.

    3.   Is inmheasta cabhair dá leithéid seo a leanas a bheith ag luí leis an margadh inmheánach:

    (a)

    cabhair chun forbairt eacnamaíoch a thabhairt ar limistéir ina bhfuil an caighdeán maireachtála thar a bheith íseal nó ina bhfuil mórchuid tearcfhostaíochta, agus ar na réigiúin dá dtagraítear in Airteagal 349, ag féachaint dá staid struchtúrtha, eacnamaíoch agus shóisialta;

    (b)

    cabhair chun cuidiú le tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur i gcrích nó chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas;

    (c)

    cabhair chun forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, nuair nach n-athraíonn an chabhair sin dálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann;

    (d)

    cabhair chun cultúr agus caomhnú na hoidhreachta a chur ar aghaidh nuair nach gcuireann sí isteach ar dhálaí trádála agus iomaíochta san Aontas go feadh méid atá bunoscionn leis an leas comhchoiteann.

    (e)

    cabhair de cibé cineálacha eile a shonrófar le cinneadh ón gComhairle ar thogra ón gCoimisiún.


    Top