Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12012E064

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL IV - SAORGHLUAISEACHT DAOINE, SEIRBHÍSÍ AGUS CAIPITIL
Caibidil 4 - Caipiteal agus íocaíochtaí
Airteagal 64
(sean-Airteagal 57 CCE)

IO C 326, 26.10.2012, p. 72–72 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2012/art_64/oj

26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

CUID A TRÍ

BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS

TEIDEAL IV

SAORGHLUAISEACHT DAOINE, SEIRBHÍSÍ AGUS CAIPITIL

CAIBIDIL 4

CAIPITEAL AGUS ÍOCAÍOCHTAÍ

Airteagal 64

(sean-Airteagal 57 CCE)

1.   Beidh forálacha Airteagal 63 gan dochar do chur chun feidhme i leith tríú tíortha srianta atá ann ar an 31 Nollaig 1993 faoin dlí náisiúnta nó Aontais arna ghlacadh i ndáil le gluaiseacht chaipitil chuig tríú tíortha nó uathu a bhaineann le hinfheistíocht dhíreach, lena n-áirítear infheistíocht in eastát réadach, le bunaíocht, le soláthar seirbhísí airgeadais nó le hurrúis a ligean isteach ar mhargaí caipitil. I ndáil le srianta atá ann faoin dlí náisiúnta sa Bhulgáir, san Eastóin agus san Ungáir, is é an dáta ábhartha an 31 Nollaig 1999.

2.   Agus iad ag iarraidh cuspóir na saorghluaiseachta caipitil a bhaint amach idir na Ballstáit agus tríú tíortha a mhéad is féidir agus gan dochar do Chaibidlí eile na gConarthaí, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a ghlacadh ar ghluaiseacht chaipitil chuig tríú tíortha nó uathu a bhaineann le hinfheistíocht dhíreach, lena n-áirítear infheistíocht in eastát réadach, le bunaíocht, le soláthar seirbhísí airgeadais nó le hurrúis a ligean isteach ar mhargaí caipitil.

3.   De mhaolú ar mhír 2, is í an Chomhairle, agus an Chomhairle amháin, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, a fhéadfaidh bearta a ghlacadh atá in ionannas le céim siar i ndlí an Aontais i dtaca le léirscaoileadh gluaiseachta caipitil chuig tríú tíortha nó uathu.


Top