This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12003T/TTE/00
Treaty between the Kingdom of Belgium, the Kingdom of Denmark, the Federal Republic of Germany, the Hellenic Republic, the Kingdom of Spain, the French Republic, Ireland, the Italian Republic, the Grand Duchy of Luxembourg, the Kingdom of the Netherlands, the Republic of Austria, the Portuguese Republic, the Republic of Finland, the Kingdom of Sweden, the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland (Member States of the European Union) and the Czech Republic, the Republic of Estonia, the Republic of Cyprus, the Republic of Latvia, the Republic of Lithuania, the Republic of Hungary, the Republic of Malta, the Republic of Poland, the Republic of Slovenia, the Slovak Republic, concerning the accession of the Czech Republic, the Republic of Estonia, the Republic of Cyprus, the Republic of Latvia, the Republic of Lithuania, the Republic of Hungary, the Republic of Malta, the Republic of Poland, the Republic of Slovenia and the Slovak Republic to the European Union - Preamble
Conradh idir Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Éire, Poblacht na hIodáile, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Portaingéile, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (Ballstáit an Aontais Eorpaigh) agus Poblacht na Seice, Poblacht na hEastóine, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Poblacht na Polainne, Poblacht na Slóivéine agus Poblacht na Slóvaice i dtaobh aontachas Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice leis an Aontas Eorpach - Preamble
Conradh idir Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Éire, Poblacht na hIodáile, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Portaingéile, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (Ballstáit an Aontais Eorpaigh) agus Poblacht na Seice, Poblacht na hEastóine, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Poblacht na Polainne, Poblacht na Slóivéine agus Poblacht na Slóvaice i dtaobh aontachas Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice leis an Aontas Eorpach - Preamble
IO L 236, 23.9.2003, pp. 17–22
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Official Journal L 236 , 23/09/2003 P. 0017 - 0022
TÁ A SHOILSE RÍ NA mBEILGEACH, UACHTARÁN PHOBLACHT NA SEICE A SOILSE BANRÍON NA DANMHAIRGE, UACHTARÁN PHOBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA hEASTÓINE UACHTARÁN NA POBLACHTA HEILLÉANAI, A SHOILSE RÍ NA SPÁINNE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA FRAINCE, UACHTARÁN NA hÉIREANN, UACHTARÁN PHOBLACHT NA hIODÁILE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA CIPIRE UACHTARÁN PHOBLACHT NA LAITVIA UACHTARÁN PHOBLACHT NA LIOTUÁINE A MHÓRGACHT RÍOGA ARD-DIÚC LUCSAMBURG, UACHTARÁN PHOBLACHT NA hUNGÁIRE UACHTARÁN MHÁLTA, A SOILSE BANRÍON NA hÍSILTÍRE, UACHTARÁN CÓNAIDHME PHOBLACHT NA hOSTAIRE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA POLAINNE UACHTARÁN PHOBLACHT NA PORTAINGÉILE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓIVEINE UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓVAICE UACHTARÁN PHOBLACHT NA FIONLAINNE, RIALTAS RÍOCHT NA SUALAINNE, A SOILSE BANRÍON RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, AR BHEITH DÓIBH D'AON AIGNE gnóthú chuspóirí na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe a shaothrú, AR BHEITH DE RÚN DAINGEAN ACU, de réir mheon na gConarthaí sin, leanúint den phróiseas chun aontas buandlúite idir pobail na hEorpa a chur ar bun ar na fothaí atá leagtha síos cheana, DE BHRÍ go dtugann Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach deis do Stáit Eorpacha chun bheith ina gcomhaltaí den Aontas, DE BHRÍ go bhfuil Poblacht na Seice, Poblacht na hEastóine, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Poblacht na Polainne, Poblacht na Slóivéine agus Poblacht na Slóvaice tar éis iarratas a dhéanamh chun bheith ina gcomhaltaí den Aontas. DE BHRÍ gur dhearbhaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh, tar éis di tuairim an Choimisiúin agus aontú Pharlaimint na hEorpa a fháil, go bhfuil sí i bhfabhar aontachas na Stát sin, TAR ÉIS CINNEADH ar choinníollacha an aontachais agus na hoiriúnuithe atá le déanamh ar na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe a bhunú de thoil a chéile, agus chun na críche sin tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh mar Lánchumhachtaigh:TÁ A SHOILSE RÍ NA mBEILGEACH, Guy Verhofstadt Príomh-Aire Louis Michel Leas-Phríomhaire agus Aire Gnóthaí Eachtracha UACHTARÁN PHOBLACHT NA SEICE, Václav Klaus Uachtarán Vladimír Špidla Príomh-Aire Cyril Svoboda Leas-Phríomhaire agus Aire Gnóthaí Eachtracha Pavel Telička Ceannaire Thoscaireacht Phoblacht na Seice le haghaidh na caibidlíochta ar aontachas leis an Aontas Eorpach agus Ambasadóir agus Ceannaire Mhisean Phoblacht na Seice chuig na Comhphobail Eorpacha A SOILSE BANRÍON NA DANMHAIRGE, Anders Fogh Rasmussen Príomh-Aire An Dochtúir Per Stig Møller Aire Gnóthaí Eachtracha UACHTARÁN PHOBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE, Gerhard Schröder Seansailéir Cónaidhme Joseph Fischer Aire Cónaidhme Gnóthaí Eachtracha agus Leas-Sheansailéir Cónaidhme UACHTARÁN PHOBLACHT NA hEASTÓINE, Arnold Rüütel Uachtarán Kristiina Ojuland Aire Gnóthaí Eachtracha UACHTARÁN NA POBLACHTA HEILLÉANAÍ, Konstantinos Simitis Príomh-Aire Giorgos Papandreou Aire Gnóthaí Eachtracha Tassos Giannitsis Leas-Aire Gnóthaí Eachtracha A SHOILSE RÍ NA SPÁINNE, José Maria Aznar López Uachtarán an Rialtais Ana Palacio Vallelersundi Aire Gnóthaí Eachtracha UACHTARÁN PHOBLACHT NA FRAINCE, Jean-Pierre Raffarin Príomh-Aire Dominique Galouzeau De Villepin Aire Gnóthaí Eachtracha Noëlle Lenoir Aire a ghabhann leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, le freagracht i leith Gnóthaí Eorpacha UACHTARÁN NA hÉIREANN, Bertie Ahern Taoiseach Brian Cowen Aire Gnóthaí Eachtracha UACHTARÁN PHOBLACHT NA hIODÁILE, Silvio Berlusconi Príomh-Aire Franco Frattini Aire Gnóthaí Eachtracha UACHTARÁN PHOBLACHT NA CIPIRE, Tassos Papadopoulos Uachtarán George Iacovou Aire Gnóthaí Eachtracha UACHTARÁN PHOBLACHT NA LAITVIA, Vaira Vīķe -Freiberga Uachtarán Einars Repše Príomh-Aire Sandra Kalniete Aire Gnóthaí Eachtracha Andris Ķesteris Príomh-Idirbheartaí le haghaidh aontachas Phoblacht na Laitvia leis an Aontas Eorpach, Forúnaí Stáit san Aireacht Gnóthaí Eachtracha UACHTARÁN PHOBLACHT NA LIOTUÁINE, Algirdas Mykolas Brazauskas Príomh-Aire Antanas Valionis Aire Gnóthaí Eachtracha A MHÓRGACHT RÍOGA ARD-DIÚC LUCSAMBURG, Jean-Claude Juncker Príomh-Aire, Aire Stáit Uasal Lydie Polfer Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Eachtraí UACHTARÁN PHOBLACHT NA hUNGÁIRE, An Dochtúir Péter Medgyessy Príomh-Aire László Kovács Aire Gnóthaí Eachtracha An Dochtúir Endre Juhász Ambasadóir Phoblacht na hUngáire chuig an Aontas Eorpach, Príomh-Idirbheartaí le haghaidh aontachas Phoblacht na hUngáire leis an Aontas Eorpach UACHTARÁN MHÁLTA, An tOnórach Edward Fenech Adami Príomh-Aire An tOnórach Joe Borg Aire Gnóthaí Eachtracha Richard Cachia Caruana Ceannaire na Toscaireachta a raibh cúram na caibidlíochta uirthi A SOILSE BANRÍON NA hÍSILTÍRE, Jan Pieter Balkenende Príomh-Aire Jakob Gijsbert de Hoop Scheffer Aire Gnóthaí Eachtracha UACHTARÁN CÓNAIDHME PHOBLACHT NA hOSTAIRE, An Dochtúir Wolfgang Schüssel Seansailéir Cónaidhme An Dochtúir Benita Ferrero-Waldner Aire Cónaidhme Gnóthaí Eachtracha UACHTARÁN PHOBLACHT NA POLAINNE, Leszek Miller Príomh-Aire Włodzimierz Cimoszewicz Aire Gnóthaí Eachtracha An Dochtúir Danuta Hübner Rúnaí Stáit san Aireacht Gnóthaí Eachtracha UACHTARÁN PHOBLACHT NA PORTAINGÉILE, José Manuel Durão Barroso Príomh-Aire António Martins da Cruz Aire Gnóthaí Eachtracha UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓIVÉINE, An Dochtúir Janez Drnovšek Uachtarán Anton Rop Príomh-Aire An Dochtúir Dimitrij Rupel Aire Gnóthaí Eachtracha UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓVAICE, Rudolf Schuster Uachtarán Mikuláš Dzurinda Príomh-Aire Eduard Kukan Aire Gnóthaí Eachtracha Ján Figeľ Príomh-Idirbheartaí le haghaidh aontachas Phoblacht na Slóvaice leis an Aontas Eorpach UACHTARÁN PHOBLACHT NA FIONLAINNE, Paavo Lipponen Príomh-Aire Jari Vilén Aire Trádála Eachtraí RIALTAS RÍOCHT NA SUALAINNE, Göran Persson Príomh-Aire Anna Lindh Aire Gnóthaí Eachtracha A SOILSE BANRÍON RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, An Ró-Onórach Tony Blair Príomh-Aire An Ró-Onórach Jack Straw Rúnaí Stáit Gnóthaí Eachtracha agus Gnóthaí Comhlathais NOCH A RINNE, tar éis dóibh a Lánchumhachtaí, agus iad i bhfoirm cheart chuí, a thabhairt ar aird dá chéile, TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS: --------------------------------------------------