Ez a dokumentum az EUR-Lex webhelyről származik.
Dokumentum 02024R1689-20240712
Egységes szerkezetbe foglalt szöveg: Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
02024R1689 — GA — 12.07.2024 — 000.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) 2024/1689 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 1689 12.7.2024, lch. 1) |
Arna cheartú le:
RIALACHÁN (AE) 2024/1689 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Meitheamh 2024
lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Sa Rialachán seo leagtar síos na nithe seo a leanas:
rialacha comhchuibhithe maidir le córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse agus a úsáid san Aontas;
toirmisc ar chleachtais intleachta saorga áirithe;
ceanglais shonracha maidir le córais intleachta saorga ardriosca agus oibleagáidí oibreoirí na gcóras sin;
rialacha trédhearcachta comhchuibhithe maidir le córais intleachta saorga áirithe;
rialacha comhchuibhithe maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a chur ar an margadh;
rialacha maidir le faireachán margaidh, faireachas margaidh, rialachas agus forfheidhmiú;
bearta chun tacú leis an nuálaíocht agus béim ar leith á leagan ar FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta.
Airteagal 2
Raon feidhme
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
soláthraithe a chuireann córais intleachta saorga ar an margadh nó i mbun seirbhíse nó a chuireann samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha ar an margadh san Aontas, gan beann ar cé acu san Aontas nó i dtríú tír atá na soláthraithe sin bunaithe nó lonnaithe;
úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga a bhfuil a n-áit bhunaíochta acu san Aontas nó atá lonnaithe laistigh den Aontas;
soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga a bhfuil a n-áit bhunaíochta acu san Aontas nó atá lonnaithe i dtríú tír, i gcás gur san Aontas a úsáidtear an t-aschur a tháirgtear leis an gcóras intleachta saorga;
allmhaireoirí agus dáileoirí na gcóras intleachta saorga;
monaróirí táirgí a chuireann córas intleachta saorga ar an margadh nó i mbun seirbhíse mar aon lena dtáirge agus faoina n-ainm nó faoina dtrádmharc féin;
ionadaithe údaraithe na soláthraithe, nach bhfuil bunaithe san Aontas;
daoine dá ndéantar difear atá lonnaithe san Aontas.
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le córais intleachta saorga más rud é go ndéanfar, agus a mhéid a dhéanfar, na córais sin a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse, nó a úsáid le modhnú nó gan mhodhnú go heisiach chun críoch míleata, cosanta nó chun críocha na slándála náisiúnta, gan beann ar an gcineál eintitis a dhéanann na gníomhaíochtaí sin.
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le córais intleachta saorga nach gcuirtear ar an margadh nó nach gcuirtear i mbun seirbhíse san Aontas, i gcás ina n-úsáidtear an t-aschur go heisiach chun críoch míleata, cosanta nó chun críocha na slándála náisiúnta, gan beann ar an gcineál eintitis a dhéanann na gníomhaíochtaí sin.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn ‘córas intleachta saorga’ córas meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúla;
ciallaíonn ‘riosca’ an meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sin;
ciallaíonn ‘soláthraí’ duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a fhorbraíonn córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach nó a bhfuil córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach forbartha aige agus a chuireann an córas nó an tsamhail ar an margadh nó a chuireann an córas intleachta saorga i mbun seirbhíse faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;
ciallaíonn ‘úsáideoir gairmiúil’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a bhfuil córas intleachta saorga á úsáid aige nó aici faoina údarás nó faoina húdarás féin, ach amháin i gcás ina n-úsáidtear an córas intleachta saorga le linn gníomhaíocht phearsanta neamhghairmiúil;
ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá lonnaithe nó bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte agus glactha aige ó sholáthraí córais intleachta saorga nó samhla intleachta saorga ilchuspóirí chun oibleagáidí agus nósanna imeachta an tsoláthraí sin a bhunaítear leis an Rialachán seo a dhéanamh agus a chur i gcrích;
ciallaíonn ‘allmhaireoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá lonnaithe nó bunaithe san Aontas a chuireann córas intleachta saorga ar an margadh nó i mbun seirbhíse a bhfuil ainm nó trádmharc duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá bunaithe i dtríú tír air;
ciallaíonn ‘dáileoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an soláthraí nó an t-allmhaireoir, ar duine é a chuireann córas intleachta saorga ar fáil ar mhargadh an Aontais;
ciallaíonn ‘oibreoir’ soláthraí, monaróir táirgí, úsáideoir gairmiúil, ionadaí údaraithe, allmhaireoir nó dáileoir;
ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach a chur ar mhargadh an Aontais den chéad uair;
ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ soláthar córais intleachta saorga nó samhla intleachta saorga ilchuspóirí lena dháileadh nó lena dáileadh nó lena úsáid nó lena húsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, ar íocaíocht nó saor in aisce;
ciallaíonn ‘cur i mbun seirbhíse’ córas intleachta saorga a sholáthar go díreach don úsáideoir gairmiúil lena úsáid den chéad uair nó dá úsáid féin san Aontas chun na críche atá beartaithe dó;
ciallaíonn ‘an chríoch atá beartaithe dó’ an úsáid a bheartaigh an soláthraí do chóras intleachta saorga, lena n-áirítear an comhthéacs sonrach agus na coinníollacha sonracha úsáide, a shonraítear san fhaisnéis arna soláthar ag an soláthraí sna treoracha úsáide, sna hábhair agus ráitis fógraíochta nó sna hábhair agus ráitis díolacháin, mar aon leis an doiciméadacht theicniúil;
ciallaíonn ‘mí-úsáid atá measartha intuartha’ úsáid córais intleachta saorga ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó ach a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar iompraíocht an duine atá measartha intuartha nó mar thoradh ar idirghníomhaíocht le córais eile, lena n-áirítear le córais intleachta saorga eile;
ciallaíonn ‘comhpháirt sábháilteachta’ comhpháirt de tháirge nó de chóras intleachta saorga a chomhlíonann feidhm sábháilteachta don táirge sin nó don chóras intleachta saorga nó a gcuireann a teip nó a mífheidhmiú sláinte agus sábháilteacht daoine nó maoine i mbaol;
ciallaíonn ‘treoracha úsáide’ an fhaisnéis arna soláthar aga an soláthraí chun an t-úsáideoir gairmiúil a chur ar an eolas, go háirithe, faoin gcríoch atá beartaithe do chóras intleachta saorga agus an úsáid cheart atá beartaithe dó;
ciallaíonn ‘córas intleachta saorga a aisghairm’ aon bheart arb é is aidhm dó córas intleachta saorga a cuireadh ar fáil d’úsáideoirí gairmiúla a thabhairt ar ais don soláthraí nó é a thógáil as seirbhís nó a úsáid a dhíchumasú;
ciallaíonn ‘córas intleachta saorga a tharraingt siar’ aon bheart arb é is aidhm dó cosc a chur ar chóras intleachta saorga sa slabhra soláthair a chur ar fáil ar an margadh;
ciallaíonn ‘feidhmíocht córais intleachta saorga’ an inniúlacht atá ag córas intleachta saorga an chríoch atá beartaithe dó a bhaint amach;
ciallaíonn ‘an t-údarás a thugann fógra’ an t-údarás atá freagrach as na nósanna imeachta is gá a chur ar bun agus a dhéanamh maidir leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mheasúnú, a ainmniú agus maidir le fógra a thabhairt dóibh mar aon le maidir le faireachán a dhéanamh orthu;
ciallaíonn ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas chun a léiriú ar comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III a bhaineann le córas intleachta saorga ardriosca;
ciallaíonn ‘comhlacht um measúnú comhréireachta’ comhlacht a dhéanann gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta tríú páirtí, lena n-áirítear tástáil, deimhniúchán agus iniúchadh;
ciallaíonn ‘comhlacht faoina dtugtar fógra’ comhlacht um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha eile de chuid an Aontais;
ciallaíonn ‘modhnú substaintiúil’ athrú ar chóras intleachta saorga tar éis é a chur ar an margadh nó é a chur i mbun seirbhíse nach bhfuil tuartha ná beartaithe sa mheasúnú comhréireachta tosaigh arna dhéanamh ag an soláthraí agus dá thoradh sin a dhéantar difear do chomhlíontacht an chórais intleachta saorga i dtaca leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 nó athrú a fhágann go modhnaítear an chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga agus a ndearnadh measúnú air ina leith;
ciallaíonn ‘marcáil CE’ marcáil lena léiríonn an soláthraí go bhfuil córas intleachta saorga i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 agus le haon reachtaíocht chomhchuibhithe infheidhme de chuid an Aontais, lena bhforáiltear dá ghreamú;
ciallaíonn ‘córas faireacháin iarmhargaidh’ na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soláthraithe na gcóras intleachta saorga taithí a bhailiú agus athbhreithniú, ar taithí í a fhaightear ó úsáid na gcóras intleachta saorga a chuireann siad ar an margadh nó a chuireann siad i mbun seirbhíse d’fhonn a shainaithint an gá aon ghníomhaíocht riachtanach cheartaitheach nó choisctheach a chur i bhfeidhm láithreach;
ciallaíonn ‘údarás faireachais margaidh’ an t-údarás náisiúnta a dhéanann na gníomhaíochtaí agus a dhéanann na bearta de bhun Rialachán (AE) 2019/1020;
ciallaíonn ‘caighdeán comhchuibhithe’ caighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;
ciallaíonn ‘sonraíocht choiteann’ tacar sonraíochtaí teicniúla mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 lena gcuirtear modhanna ar fáil chun ceanglais áirithe a bhunaítear faoin Rialachán seo a chomhlíonadh;
ciallaíonn ‘sonraí oiliúna’ na sonraí a úsáidtear chun córas intleachta saorga a oiliúint trína pharaiméadair infhoghlamtha a oiriúnú;
ciallaíonn ‘sonraí bailíochtaithe’ sonraí a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar an gcóras intleachta saorga oilte agus chun a pharaiméadair neamh-infhoghlamtha agus a phróiseas foghlama a choigeartú, chun, inter alia, tearc-oiriúnú nó ró-oiriúnú a chosc;
ciallaíonn ‘tacar sonraí bailíochtaithe’ tacar sonraí ar leithligh nó cuid den tacar sonraí oiliúna, mar scoilt sheasta nó athraitheach;
ciallaíonn ‘sonraí tástála’ sonraí a úsáidtear chun meastóireacht neamhspleách a dhéanamh ar an gcóras intleachta saorga chun feidhmíocht ionchasach an chórais sin a dheimhniú sula gcuirtear ar an margadh é nó sula gcuirtear i mbun seirbhíse é;
ciallaíonn ‘sonraí ionchuir’ sonraí arna soláthar do chóras intleachta saorga, nó sonraí arna bhfáil go díreach ag an gcóras sin, ar ar a mbonn a tháirgeann an córas aschur;
ciallaíonn ‘sonraí bithmhéadracha’ sonraí pearsanta a eascraíonn as próiseáil theicniúil ar leith agus a bhaineann le saintréithe fisiciúla, fiseolaíocha nó iompraíochta duine nádúrtha, amhail íomhánna den aghaidh nó sonraí dachtalascópacha;
ciallaíonn ‘sainaithint bhithmhéadrach’ aithint uathoibrithe gnéithe fisiciúla, fiseolaíocha, iompraíochta nó síceolaíocha daonna chun críche céannacht duine nádúrtha a bhunú trí shonraí bithmhéadracha an duine sin a chur i gcomparáid le sonraí bithmhéadracha stóráilte daoine aonair i mbunachar sonraí;
ciallaíonn ‘fíorú bithmhéadrach’ fíorú uathoibrithe, bunaithe ar chomparáid idir dhá shraith sonraí, lena n-áirítear fíordheimhniú, ar chéannacht daoine nádúrtha trína sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid leis na sonraí bithmhéadracha a cuireadh ar fáil roimhe sin;
ciallaíonn ‘catagóirí speisialta sonraí pearsanta’ na catagóirí sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680 agus Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2018/1725;
ciallaíonn ‘sonraí oibríochtúla íogaire’ sonraí oibríochtúla a bhaineann le gníomhaíochtaí maidir le cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, a bhféadfaí sláine imeachtaí coiriúla a chur i mbaol dá nochtfaí iad;
ciallaíonn ‘córas aitheanta mothúcháin’ córas intleachta saorga atá ceaptha chun mothúcháin nó rúin daoine nádúrtha a shainaithint ar bhonn a sonraí bithmhéadracha nó chun mothúcháin nó rúin a bhaint as a gcuid sonraí bithmhéadracha;
ciallaíonn ‘córas catagóirithe bhithmhéadraigh’ córas intleachta saorga chun daoine nádúrtha a shannadh do chatagóirí sonracha ar bhonn a sonraí bithmhéadracha mura bhfuil sé coimhdeach le seirbhís tráchtála eile agus go bhfuil géarghá leis ar chúiseanna teicniúla oibiachtúla;
ciallaíonn ‘córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama’ córas intleachta saorga chun daoine nádúrtha a shainaithint, de ghnáth go cianda, gan iad a bheith rannpháirteach go gníomhach, trí shonraí bithmhéadracha an duine a chur i gcomparáid leis na sonraí bithmhéadracha atá i mbunachar sonraí tagartha;
ciallaíonn ‘córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí “fíor-ama”’córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí lena ndéantar an ghabháil sonraí bithmhéadracha, an chomparáid agus an tsainaithint gan moill shuntasach, a bhfuil i gceist leis sin, ní hamháin sainaithint ar an toirt, ach moilleanna gearra teoranta chun nach dtiocfar timpeall ar an gcóras;
ciallaíonn ‘córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí “iar-aimseartha”’ córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí seachas córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama;
ciallaíonn ‘spás atá inrochtana don phobal’ aon áit fhisiciúil faoi úinéireacht phoiblí nó phríobháideach a bhfuil rochtain ag líon neamhchinntithe daoine nádúrtha uirthi gan beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag coinníollacha áirithe maidir le rochtain, gan beann ar na srianta acmhainneachta a d’fhéadfadh a bheith ann;
ciallaíonn ‘údarás forfheidhmithe dlí’:
aon údarás poiblí atá inniúil maidir le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear an coimirciú i gcoinne bagairtí ar an tsláinte phoiblí agus bagairtí ar an tsláinte phoiblí a chosc; nó
aon chomhlacht nó eintiteas eile a bhfuil an cúram curtha orthu ag dlí Ballstáit údarás poiblí agus cumhachtaí poiblí a fheidhmiú chun críoch cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear an coimirciú i gcoinne bagairtí ar an tsláinte phoiblí agus bagairtí ar an tsláinte phoiblí a chosc;
ciallaíonn ‘forfheidhmiú an dlí’ gníomhaíochtaí a dhéanann údaráis forfheidhmithe dlí nó a dhéantar thar a gceann chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú i gcoinne bagairtí ar an tsláinte phoiblí agus bagairtí ar an tsláinte phoiblí a chosc;
ciallaíonn ‘an Oifig um Intleacht Shaorga’ feidhm an Choimisiúin maidir le rannchuidiú le cur chun feidhme na gcóras intleachta saorga agus na samhlacha ilchuspóireacha intleachta saorga, agus le faireachán agus maoirseacht ar na córais agus na samhlacha sin, dá bhforáiltear i gCinneadh ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2024; tuigfear gur tagairtí don Choimisiún iad na tagairtí sa Rialachán seo don Oifig um Intleacht Shaorga;
ciallaíonn ‘údarás inniúil náisiúnta’ údarás a thugann fógra nó údarás faireachais margaidh; a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga a chuireann institiúidí, gníomhaireachtaí, oifigí agus comhlachtaí an Aontais i mbun seirbhíse nó a úsáideann siad, déanfar tagairtí d’údaráis inniúla náisiúnta nó d’údaráis faireachais margaidh sa Rialachán seo a fhorléiriú mar thagairtí don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí;
ciallaíonn ‘teagmhas tromchúiseach’ teagmhas nó mífheidhmiú a bhaineann le córas intleachta saorga arb é an toradh díreach nó indíreach atá air aon cheann díobh seo a leanas:
bás duine nó díobháil thromchúiseach do shláinte duine;
cur isteach tromchúiseach agus do-athraithe ar bhainistíocht nó oibriú bonneagair chriticiúil.
sárú ar oibleagáidí faoi dhlí an Aontais atá ceaptha cearta bunúsacha a chosaint;
díobháil thromchúiseach do mhaoin nó don chomhshaol;
ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;
ciallaíonn ‘sonraí neamhphearsanta’ sonraí seachas sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;
ciallaíonn ‘próifíliú’ próifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679;
ciallaíonn ‘plean tástála i bhfíordhálaí’ doiciméad lena ndéantar cur síos ar chuspóirí, modheolaíocht, tíreolaíocht, daonra agus raon feidhme ama, faireachán, eagrú agus déanamh tástála i bhfíordhálaí;
ciallaíonn ‘plean bosca gainimh’ doiciméad arna chomhaontú idir an soláthraí rannpháirteach agus an t-údarás inniúil ina ndéantar cur síos ar na cuspóirí, na coinníollacha, an tráthchlár, an mhodheolaíocht agus na ceanglais le haghaidh na ngníomhaíochtaí a dhéantar laistigh den bhosca gainimh;
ciallaíonn ‘bosca gainimh rialála intleachta saorga’ creat rialaithe arna chur ar bun ag údarás inniúil lena dtugtar an deis do sholáthraithe nó do sholáthraithe ionchasacha córais intleachta saorga córas intleachta saorga nuálach a fhorbairt, a oiliúint, a bhailíochtú agus a thástáil, i gcás inarb iomchuí i bhfíordhálaí, de bhun plean bosca gainimh ar feadh tréimhse theoranta faoi mhaoirseacht rialála;
ciallaíonn ‘litearthacht intleachta saorga’ na scileanna, an t-eolas agus an tuiscint a chuireann ar chumas soláthraithe, úsáideoirí gairmiúla agus daoine dá ndéantar difear, agus a gcearta agus a n-oibleagáidí faoi seach á gcur san áireamh i gcomhthéacs an Rialacháin seo, córais intleachta saorga a imscaradh ar bhealach eolach, chomh maith le feasacht a fháil ar na deiseanna agus ar na rioscaí a bhaineann leis an intleacht shaorga agus an dochar a d’fhéadfadh sí a dhéanamh;
ciallaíonn ‘tástáil i bhfíordhálaí’ tástáil shealadach a dhéanamh ar chóras intleachta saorga chun na críche atá beartaithe dó i bhfíordhálaí lasmuigh de shaotharlann nó de thimpeallacht ionsamhlaithe ar bhealach eile d’fhonn sonraí iontaofa stóinsithe a bhailiú agus d’fhonn measúnú agus fíorú a dhéanamh ar chomhréireacht an chórais intleachta saorga le ceanglais an Rialacháin seo agus ní ionann tástáil i bhfíordhálaí agus an córas intleachta saorga a chur ar an margadh nó é a chur i mbun seirbhíse de réir bhrí an Rialacháin seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar síos in Airteagal 57 nó Airteagal 60;
ciallaíonn ‘duine is ábhar’ chun críoch na tástála i bhfíordhálaí duine nádúrtha a ghlacann páirt i dtástáil i bhfíordhálaí;
ciallaíonn ‘toiliú feasach’ nochtadh saor, sonrach, soiléir agus deonach an duine is ábhar don tástáil go bhfuil sé nó sí toilteanach páirt a ghlacadh i dtástáil ar leith i bhfíordhálaí, tar éis dó nó di a bheith curtha ar an eolas faoi gach gné den tástáil atá ábhartha maidir le cinneadh an duine is ábhar don tástáil a bheith rannpháirteach;
ciallaíonn ‘domhainbhrionnú’ íomhá atá ginte nó ionramháilte ag an intleacht shaorga, ar inneachar fuaime nó físe é atá an-chosúil le daoine, réada, áiteanna nó eintitis nó imeachtaí eile atá ann cheana agus a dhealródh go bréagach do dhuine a bheith barántúil nó fírinneach;
ciallaíonn ‘sárú forleathan’ aon ghníomh nó neamhghníomh atá contrártha do dhlí an Aontais lena gcosnaítear leasanna daoine aonair agus:
lena ndearnadh díobháil, nó ar dóigh go ndéanfaidh díobháil leis, do chomhleasanna daoine aonair a bhfuil cónaí orthu in dhá Bhallstát, ar a laghad, seachas an Ballstát:
inar tionscnaíodh an gníomh nó inar tharla an neamhghníomh;
ina bhfuil an soláthraí lena mbaineann, nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí údaraithe lonnaithe nó bunaithe; nó
ina bhfuil an t-úsáideoir gairmiúil bunaithe, nuair is é an t- úsáideoir gairmiúil a dhéanann an sárú;
lena ndearnadh díobháil, lena ndéantar díobháil nó ar dóigh go ndéanfaidh díobháil leis, do chomhleasanna daoine aonair agus a bhfuil tréithe coiteanna ag baint leis, lena n-áirítear an cleachtas mídhleathach céanna, an leas céanna a bheith á shárú agus a tharlaíonn i gcomhthráth, arna ndéanamh ag an oibreoir céanna, i dtrí Bhallstát, ar a laghad;
ciallaíonn ‘bonneagar criticiúil’ bonneagar criticiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2022/2557;
ciallaíonn ‘samhail intleachta saorga ilchuspóireach’ samhail intleachta saorga, lena n-áirítear i gcás ina gcuirtear oiliúint ar an tsamhail intleachta saorga le méid mór sonraí ina n-úsáidtear féinmhaoirseacht ar scála a léiríonn ginearáltacht shuntasach agus atá in ann raon leathan cúraimí ar leith a dhéanamh go hinniúil gan beann ar an gcaoi a gcuirtear an tsamhail ar an margadh agus ar féidir í a chomhtháthú i gcórais nó i bhfeidhmeanna iartheachtacha éagsúla, seachas samhlacha intleachta saorga a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí taighde, forbartha nó fréamhshamhaltaithe sula gcuirtear ar an margadh iad;
ciallaíonn ‘cumais ardtionchair’ cumais a mheaitseálann nó a sháraíonn na cumais a thaifeadtar sna samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha is forbartha;
ciallaíonn ‘riosca sistéamach’ riosca a bhaineann go sonrach le cumais ardtionchair i samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, a bhfuil tionchar suntasach aige ar mhargadh an Aontais mar gheall ar a rochtain, nó mar gheall ar éifeachtaí diúltacha iarbhír nó éifeachtaí diúltacha atá measartha intuartha aige ar an tsláinte phoiblí, ar an tsábháilteacht, ar an tslándáil phoiblí, ar chearta bunúsacha, nó ar an tsochaí ina hiomláine, ar éifeachtaí iad a d’fhéadfadh scaipeadh go forleathan ar fud an tslabhra luacha;
ciallaíonn ‘córas intleachta saorga ilchuspóireach’ córas intleachta saorga atá bunaithe ar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach agus a bhfuil sé de chumas ann freastal ar chuspóirí éagsúla, bíodh sin mar úsáid dhíreach nó mar chomhtháthú i gcórais intleachta saorga eile araon;
ciallaíonn ‘oibríocht snámhphointe’ aon oibríocht nó sannadh matamaiticiúil lena mbaineann uimhreacha snámhphointe, ar fothacar iad de na fíoruimhreacha a léirítear de ghnáth ar ríomhairí ag slánuimhir bheacht sheasta atá scálaithe ag slánuimhir de bhonn seasta;
ciallaíonn ‘soláthraí iartheachtach’ soláthraí córais intleachta saorga, lena n-áirítear córas intleachta saorga ilchuspóireach, lena gcomhtháthaítear samhail intleachta saorga, gan beann ar cibé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn siad féin an tsamhail intleachta saorga agus cibé acu atá nó nach bhfuil sí comhtháite go hingearach nó á soláthar ag eintiteas eile bunaithe ar ghaol conarthach.
Airteagal 4
Litearthacht intleachta saorga
Déanfaidh soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla na gcóras intleachta saorga, a mhéid is féidir, bearta chun leibhéal leordhóthanach litearthachta intleachta saorga a áirithiú i measc a bhfoirne agus daoine eile a bhíonn ag déileáil le hoibriú agus úsáid córas intleachta saorga thar a gceann, agus a gcuid eolais theicniúil, a gcuid taithí, a gcuid oideachais agus a gcuid oiliúna agus an comhthéacs ina mbeidh na córais intleachta saorga le húsáid á gcur san áireamh, agus aird á tabhairt ar na daoine nó na grúpaí díobh a n-úsáidfear na córais intleachta saorga orthu.
CAIBIDIL II
CLEACHTAIS INTLEACHTA SAORGA AR A GCUIRTEAR TOIRMEASC
Airteagal 5
Cleachtais intleachta saorga a gcuirtear toirmeasc orthu
Cuirfear toirmeasc ar na cleachtais intleachta saorga seo a leanas:
córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córas é lena n-imscartar teicnící fo-thairseachúla nach bhfuil fios ag an duine orthu nó teicnící ionramhála nó meabhlacha d’aon ghnó, agus é mar chuspóir leis sin nó mar thoradh air sin iompraíocht duine nó grúpa daoine a shaobhadh go hábhartha trí chumas an duine a lagú go suntasach i dtaobh cinneadh feasach a dhéanamh, rud a chuirfeadh faoi deara dóibh cinneadh a dhéanamh nach ndéanfadh siad murach sin ar mhodh is cúis le díobháil shuntasach don duine sin, do dhuine eile nó do ghrúpa daoine, nó ar dócha le réasún gurb é is cúis léi sin;
córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córas é a théann i dtír ar dhuine nádúrtha nó ar aon cheann de leochaileachtaí atá ag grúpa sonrach daoine i ngeall ar a n-aois, ar a míchumas nó staid shonrach shóisialta nó eacnamaíoch, agus é de chuspóir nó d’éifeacht iompar an duine sin nó duine a bhaineann leis an ngrúpa sin a shaobhadh go hábhartha ar mhodh is cúis le díobháil shuntasach don duine sin nó do dhuine eile, nó ar dócha gurb é is cúis leis sin;
córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid chun meastóireacht nó aicmiú a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha nó ar ghrúpaí díobh i gcaitheamh tréimhse áirithe ama bunaithe ar a n-iompraíocht shóisialta nó a saintréithe pearsanta nó pearsantachta atá ar eolas, intuigthe nó tuartha, agus an scór sóisialta as a dtiocfaidh ceachtar díobh seo a leanas nó an dá cheann díobh seo a leanas:
caitheamh díobhálach nó neamhfhabhrach le daoine nádúrtha áirithe nó le grúpaí daoine i gcomhthéacsanna sóisialta nach mbaineann leis na comhthéacsanna inar gineadh nó inar bailíodh na sonraí i dtosach;
caitheamh díobhálach nó neamhfhabhrach le daoine nádúrtha áirithe nó le grúpaí daoine nach bhfuil údar léi nó atá díréireach lena n-iompraíocht shóisialta nó le tromchúis na hiompraíochta sin;
córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse chun na críche sonraí sin, nó a úsáid chun measúnuithe riosca a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha chun a mheas nó a thuar an riosca go ndéanfaidh duine nádúrtha cion coiriúil bunaithe ar phróifíliú duine nádúrtha, agus air sin amháin, nó ar mheasúnú a dhéanamh ar a thréithe agus a shaintréithe pearsantachta; ní bheidh feidhm ag an toirmeasc seo maidir le córais intleachta saorga a úsáidtear chun tacú leis an measúnú daonna ar rannpháirtíocht duine i ngníomhaíocht choiriúil atá bunaithe cheana féin ar fhíorais oibiachtúla infhíoraithe a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíocht choiriúil;
córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse chun na críche sonraí sin, nó a úsáid, ar córais iad lena gcruthaítear nó lena leathnaítear bunachair sonraí aghaidh-aitheanta trí íomhánna den aghaidh a chnuaschóipeáil gan spriocdhíriú ón idirlíon nó ó thaifid TCI;
córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse chun na críche sonraí sin, nó a úsáid chun mothúcháin duine nádúrtha a thuiscint i réimsí an ionaid oibre agus na n-institiúidí oideachais, ach amháin i gcás ina bhfuil sé beartaithe úsáid an chórais intleachta saorga a chur ar bun nó a chur isteach sa mhargadh ar chúiseanna leighis nó sábháilteachta;
córais catagóirithe bhithmhéadraigh a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse chun na críche sonraí sin, nó a úsáid ar córais iad lena ndéantar daoine nádúrtha aonair a aicmiú bunaithe ar a sonraí bithmhéadracha chun cine, tuairimí polaitiúla, ballraíocht i gceardchumann, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, saol gnéis nó gnéaschlaonadh a dhéanamh amach nó a thuiscint; ní chumhdaítear faoin toirmeasc sin aon lipéadú ná scagadh ar thacair sonraí bithmhéadracha a fuarthas go dleathach, amhail íomhánna, bunaithe ar shonraí bithmhéadracha nó catagóiriú sonraí bithmhéadracha i réimse fhorfheidhmiú an dlí;
córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama a bheith á n-úsáid i spásanna atá inrochtana don phobal chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí, ach amháin a mhéid agus atá géarghá le húsáid den sórt sin le haghaidh ceann de na cuspóirí seo a leanas:
cuardach spriocdhírithe a dhéanamh ar íospartaigh shonracha a bhaineann le fuadach, gáinneáil ar dhaoine nó teacht i dtír gnéasach ar dhaoine, chomh maith le daoine atá ar iarraidh a chuardach;
garbhagairt shonrach shubstaintiúil ar bheatha nó ar shábháilteacht fhisiciúil daoine nádúrtha ó ionsaí sceimhlitheoireachta a chosc nó fíorbhagairt láithreach nó fíorbhagairt intuartha ó ionsaí sceimhlitheoireachta a chosc;
logánú nó sainaithint duine a bhfuil amhras faoi go ndearna sé cion coiriúil, chun críoch imscrúdú coiriúil nó ionchúiseamh coiriúil a dhéanamh nó pionós coiriúil a fhorghníomhú i leith na gcionta dá dtagraítear in Iarscríbhinn II agus atá inphionóis sa Bhallstát lena mbaineann le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála go ceann uastréimhse 4 bliana, ar a laghad.
Tá pointe (h) den chéad fhomhír gan dochar d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679 i ndáil le sonraí bithmhéadracha a phróiseáil chun críocha seachas forfheidhmiú an dlí.
Ní úsáidfear córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna atá inrochtana don phobal chun críocha forfheidhmiú an dlí le haghaidh aon cheann de na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (h), chun na gcríoch a leagtar amach sa phointe sin ach amháin chun céannacht an duine a bhfuiltear ag díriú air go sonrach a dheimhniú, agus cuirfear na heilimintí seo a leanas san áireamh ann:
staid an cháis a d’fhágfadh go bhféadfaí é a úsáid, go háirithe i gcás nach n-úsáidtear an córas, a thromchúisí a bheadh an díobháil agus dóchúlacht agus scála na díobhála sin;
iarmhairtí úsáid an chórais do chearta agus saoirsí gach duine lena mbaineann, go háirithe a thromchúisí a bheadh na hiarmhairtí sin agus dóchúlacht agus scála na n-iarmhairtí sin.
Ina theannta sin, maidir le húsáid córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna atá inrochtana don phobal chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí le haghaidh aon cheann de na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (h), den Airteagal seo, comhlíonfar na coimircí agus na coinníollacha is gá agus is comhréireach i ndáil lena n-úsáid, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena n-údaraítear a n-úsáid, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na teorainneacha ama, geografacha agus pearsanta. Ní údarófar úsáid an chórais cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna atá inrochtana don phobal ach amháin má tá measúnú tionchair ar chearta bunúsacha dá bhforáiltear in Airteagal 27 curtha i gcrích ag an údarás forfheidhmithe dlí agus má chláraigh sé an córas i mbunachar sonraí an Aontais de réir Airteagal 49. I gcásanna práinne a bhfuil údar cuí leo, áfach, féadfar tús a chur le húsáid na gcóras sin agus gan iad a bheith cláraithe i mbunachar sonraí an Aontais, ar choinníoll go gcuirfear an clárú sin i gcrích gan moill mhíchuí.
Ní thabharfaidh an t-údarás inniúil breithiúnach ná an t-údarás riaracháin neamhspleách a bhfuil a chinneadh ceangailteach an t-údarú ach amháin i gcás inar deimhin leis, bunaithe ar fhianaise oibiachtúil nó ar thásca soiléire arna gcur faoina bhráid, gur gá an córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ atá i gceist a úsáid agus gur comhréireach é a úsáid chun ceann de na cuspóirí a shonraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (h), a bhaint amach, faoi mar a shainaithnítear san iarraidh agus, go háirithe, go bhfuil sé fós teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach maidir leis an tréimhse ama chomh maith leis an raon feidhme geografach agus pearsanta. Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an iarraidh sin, cuirfidh an t-údarás sin na gnéithe dá dtagraítear i mír 2 san áireamh. Ní fhéadfar aon chinneadh a mbeidh éifeacht dhíobhálach dhlíthiúil aige ar dhuine a dhéanamh bunaithe ar aschur an chórais cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ amháin.
CAIBIDIL III
CÓRAIS INTLEACHTA SAORGA ARDRIOSCA
ROINN 1
Córas intleachta saorga a aicmiú mar chórais ardriosca
Airteagal 6
Rialacha aicmithe maidir le córais intleachta saorga ardriosca
Gan beann ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear córas intleachta saorga ar an margadh nó i mbun seirbhíse go neamhspleách ar na táirgí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), measfar an córas intleachta saorga sin a bheith ina chóras ardriosca i gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
tá an córas intleachta saorga ceaptha lena úsáid mar chomhpháirt sábháilteachta de tháirge, nó is táirge é an córas intleachta saorga é féin, a chumhdaítear faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I;
maidir leis an táirge sin ar comhpháirt sábháilteachta de, de bhun phointe (a), an córas intleachta saorga, nó an córas intleachta saorga ar táirge sábháilteachta é, ceanglaítear measúnú comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh ar an táirge sin d’fhonn é a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse de bhun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I.
Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
go mbeartaítear leis an gcóras intleachta saorga cúram cúng nós imeachta a dhéanamh;
go mbeartaítear leis an gcóras intleachta saorga feabhas a chur ar thoradh gníomhaíochta arna cur i gcrích roimhe sin ag an duine;
go mbeartaítear leis an gcóras intleachta saorga patrúin chinnteoireachta nó diallais ó phatrúin chinnteoireachta a bhí ann roimhe seo a bhrath agus nach bhfuil sé i gceist leis an gcóras sin teacht in ionad an mheasúnaithe dhaonna a cuireadh i gcrích roimhe sin ná tionchar a imirt air, gan athbhreithniú cuí daonna; nó
go mbeartaítear leis an gcóras intleachta saorga cúram ullmhúcháin a dhéanamh maidir le measúnú atá ábhartha chun críocha na gcásanna úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn III.
D’ainneoin na chéad fhomhíre, measfar i gcónaí gur córas ardriosca é an córas intleachta saorga dá dtagraítear in Iarscríbhinn III i gcás ina ndéanann an córas intleachta saorga próifíliú ar dhaoine nádúrtha.
Airteagal 7
Leasuithe ar Iarscríbhinn III
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 97 lena leasaítear Iarscríbhinn III trí chásanna úsáide de chórais intleachta saorga ardriosca a chur leis nó a mhodhnú i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
go bhfuil na córais intleachta saorga ceaptha lena n-úsáid in aon cheann de na réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn III;
go bhfuil an baol ann mar gheall ar na córais intleachta saorga go ndéanfar díobháil don tsláinte agus don tsábháilteacht, nó go n-imreofar drochthionchar ar chearta bunúsacha, agus gurb ionann an riosca sin agus an baol atá ann mar gheall ar na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, nó níos mó ná sin, i ndáil lena thromchúisí agus a dhóchúla atá an díobháil sin nó an drochthionchar sin.
Agus measúnú á dhéanamh ar an gcoinníoll faoi mhír 1, pointe (b), cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:
an chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga;
a mhéid a úsáideadh córas intleachta saorga nó a mhéid is dócha go n-úsáidfear é;
cineál agus méid na sonraí arna bpróiseáil agus arna n-úsáid ag an gcóras intleachta saorga, go háirithe an ndéantar catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil nó nach ndéantar;
a mhéid a ghníomhaíonn an córas intleachta saorga go neamhspleách agus an fhéidearthacht go sáródh an duine cinneadh nó moltaí, ar cinneadh nó moltaí iad a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh;
a mhéid atá díobháil déanta cheana leis an gcóras intleachta saorga, díobháil don tsláinte agus don tsábháilteacht, a imríodh drochthionchar cheana ar chearta bunúsacha mar gheall ar úsáid córais intleachta saorga nó a mhéid atá an úsáid sin ina cúis le húdair imní thromchúiseacha maidir leis an dóchúlacht go ndéanfaí an díobháil nó an drochthionchar sin, faoi mar a léirítear, mar shampla, i dtuairiscí nó i líomhaintí doiciméadaithe arna gcur faoi bhráid na n-údarás inniúil náisiúnta, nó i dtuairiscí eile, de réir mar is iomchuí;
méid na díobhála nó an drochthionchair sin a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe ó thaobh dhéine na díobhála sin agus ó thaobh chumas na díobhála sin difear a dhéanamh do níos mó ná duine amháin nó difear díréireach a dhéanamh do ghrúpa áirithe daoine;
maidir le daoine a bhféadfadh díobháil a bheith déanta dóibh nó drochthionchar a bheith imeartha orthu, a mhéid atá na daoine sin ag brath ar an toradh a tháirgtear le córas intleachta saorga, go háirithe toisc nach féidir le réasún gan a bheith páirteach sa toradh sin ar chúiseanna praiticiúla nó dlíthiúla;
a mhéid atá éagothroime cumhachta ann nó atá na daoine a bhféadfadh díobháil a bheith déanta dóibh nó drochthionchar a bheith imeartha orthu i staid leochaileach i ndáil le húsáideoir gairmiúil córais intleachta saorga, go háirithe mar gheall ar stádas, údarás, eolas, imthosca eacnamaíocha nó sóisialta, nó aois;
a mhéid is féidir an toradh a tháirgtear lena mbaineann córas intleacht shaorga a cheartú nó a mhalartú go héasca, agus na réitigh theicniúla atá ar fáil chun é a cheartú nó a aisiompú á gcur san áireamh, sa chaoi nach measfar torthaí a bhfuil drochthionchar acu ar an tsláinte, ar an tsábháilteacht nó ar chearta bunúsacha a bheith incheartaithe nó inmhalartaithe go héasca;
a mhéid a rachadh imscaradh an chórais intleachta saorga chun tairbhe do dhaoine aonair, do ghrúpaí nó don tsochaí i gcoitinne, lena n-áirítear feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar shábháilteacht táirgí, agus an dóchúlacht go mbeadh an tairbhe sin ann;
i ndáil le dlí an Aontais atá ann faoi láthair, a mhéid a dhéantar foráil maidir leis an méid a leanas:
bearta éifeachtacha sásaimh i ndáil leis na rioscaí a bhaineann le córas intleachta saorga agus éilimh ar dhamáistí a eisiamh uathu;
bearta éifeachtacha chun na rioscaí sin a chosc nó a mhaolú go suntasach.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 97 chun an liosta in Iarscríbhinn III a leasú trí chórais intleachta saorga ardriosca a bhaint i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
níl aon rioscaí suntasacha do chearta bunúsacha, do shláinte ná do shábháilteacht ag baint leis an gcóras intleachta saorga ardriosca a thuilleadh, agus na critéir a liostaítear i mír 2 á gcur san áireamh;
ní laghdaíonn an scriosadh an leibhéal foriomlán cosanta don tsláinte, don tsábháilteacht ná do chearta bunúsacha faoi dhlí an Aontais.
ROINN 2
Ceanglais maidir le córais intleachta saorga ardriosca
Airteagal 8
Ceanglais a chomhlíonadh
Airteagal 9
Córas bainistíochta riosca
Is é a thuigfear le córas bainistíochta riosca próiseas atriallach leanúnach a phleanáiltear agus a reáchtáiltear ar feadh shaolré an chórais intleachta saorga ardriosca, próiseas inar gá athbhreithniú agus nuashonrú tráthrialta córasach. Is éard a chuimseofar ann an méid seo a leanas:
sainaithint agus anailís na rioscaí aitheanta agus na rioscaí atá measartha intuartha a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an gcóras intleachta saorga ardriosca don tsláinte, don tsábháilteacht nó do chearta bunúsacha nuair a úsáidtear an córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó;
meastachán agus meastóireacht ar na rioscaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn nuair a úsáidfear an córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó agus faoi dhálaí mí-úsáide atá measartha intuartha;
meastóireacht ar rioscaí eile a d’fhéadfadh a bheith ann bunaithe ar anailís ar shonraí arna mbailiú ón gcóras faireacháin iarmhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 72;
bearta bainistíochta riosca atá iomchuí agus spriocdhírithe a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí arna sainaithint de bhun phointe (a).
Agus na bearta bainistíochta riosca is iomchuí á sainaithint, áiritheofar an méid seo a leanas:
díothú nó laghdú rioscaí arna sainaithint agus arna measúnú de bhun mhír 2 a mhéid is indéanta go teicniúil trí dhearadh agus forbairt leormhaith an chórais intleachta saorga ardriosca;
i gcás inarb iomchuí, cur chun feidhme beart maolaithe agus rialaithe leormhaith lena dtabharfar aghaidh ar rioscaí nach féidir a dhíothú;
soláthar na faisnéise is gá de bhun Airteagal 13, agus, i gcás inarb iomchuí, oiliúint a chur ar úsáideoirí gairmiúla.
D’fhonn na rioscaí a bhaineann le húsáid an chórais intleachta saorga ardriosca á dhíothú nó á laghdú, tabharfar aird chuí ar an eolas teicniúil, ar an taithí, ar an oideachas agus ar an oiliúint ar cheart don úsáideoir gairmiúil a bheith ag súil leo agus ar chomhthéacs úsáide intuartha an chórais.
Airteagal 10
Sonraí agus rialachas sonraí
Beidh tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála faoi réir cleachtais rialachais sonraí agus bainistíochta atá iomchuí chun na críche atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca. Bainfidh na cleachtais sin go háirithe leis an méid seo a leanas:
na roghanna ábhartha maidir le dearadh;
próisis bailithe sonraí agus tionscnamh na sonraí, agus i gcás sonraí pearsanta, cuspóir bunaidh an bhailithe sonraí;
oibríochtaí próiseála ullmhúcháin i gcomhair sonraí ábhartha, amhail anótáil, lipéadú, glanadh, nuashonrú, saibhriú agus comhiomlánú;
toimhdí a fhoirmliú, go háirithe maidir leis an bhfaisnéis a bhfuil na sonraí ceaptha le tomhas agus le hionadaíocht a dhéanamh uirthi;
measúnú ar infhaighteacht, cainníocht agus oiriúnacht na dtacar sonraí a bhfuil gá leo;
iniúchadh i bhfianaise claontachtaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shláinte agus sábháilteacht daoine, tionchar diúltach a bheith acu ar chearta bunúsacha nó idirdhealú a thoirmisctear faoi dhlí an Aontais a bheith mar thoradh air, go háirithe i gcás ina mbíonn tionchar ag aschuir sonraí ar ionchuir le haghaidh oibríochtaí a bheidh ann amach anseo;
bearta iomchuí chun claontachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath, a chosc agus a mhaolú, arna sainaithint i gcomhréir le pointe (f);
bearnaí nó easnaimh ábhartha sonraí a shainaithint lena gcoisctear comhlíonadh an Rialacháin seo, agus conas is féidir aghaidh a thabhairt ar na bearnaí agus na heasnaimh sin.
A mhéid a bhfuil géarghá leis chun brath agus ceartú claontachta a áirithiú i ndáil leis na córais intleachta saorga ardriosca, i gcomhréir le mír (2), pointí (f) agus (g) den Airteagal seo, féadfaidh soláthraithe na gcóras sin catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil go heisceachtúil, faoi réir coimircí iomchuí do chearta agus do shaoirsí bunúsacha daoine nádúrtha. De bhreis ar na forálacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus i dTreoir (AE) 2016/680, ní mór na coinníollacha uile seo a leanas a chomhlíonadh chun go dtarlóidh próiseáil den sórt sin:
ní féidir brath agus ceartú claontachta a chomhlíonadh go héifeachtach trí shonraí eile a phróiseáil, lena n-áirítear sonraí sintéiseacha nó anaithnidithe;
tá na catagóirí speisialta sonraí pearsanta faoi réir teorainneacha teicniúla maidir le hathúsáid na sonraí pearsanta, agus maidir le hathúsáid beart úrscothach slándála agus beart caomhnaithe príobháideachais, lena n-áirítear an bréagainmniú;
tá na catagóirí speisialta sonraí pearsanta faoi réir bearta chun a áirithiú go bhfuil na sonraí pearsanta a phróiseáiltear slán, faoi chosaint, faoi réir coimircí oiriúnacha, lena n-áirítear rialuithe dochta agus doiciméadacht na rochtana, chun mí-úsáid a sheachaint agus chun a áirithiú nach mbeidh rochtain ach ag daoine údaraithe a bhfuil oibleagáidí rúndachta iomchuí acu ar na sonraí pearsanta sin;
ní bheidh na catagóirí speisialta sonraí pearsanta le tarchur ná le haistriú ná ní bheidh rochtain ar bhealach eile ag páirtithe eile orthu;
scriostar na catagóirí speisialta sonraí pearsanta a luaithe a bheidh an chlaontacht ceartaithe nó nuair a bheidh deireadh le tréimhse choinneála na sonraí pearsanta, cibé acu is túisce;
áirítear sna taifid ar ghníomhaíochtaí próiseála de bhun Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus Threoir (AE) 2016/680 na cúiseanna a raibh géarghá le catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil chun claontachtaí a bhrath agus a cheartú, agus an fáth nárbh fhéidir an cuspóir sin a bhaint amach trí shonraí eile a phróiseáil.
Airteagal 11
Doiciméadacht theicniúil
Déanfar an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas ar bhealach ina léireofar go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach sa Roinn seo agus go gcuirfear an fhaisnéis go léir is gá, i bhfoirm shoiléir chuimsitheach, ar fáil d’údaráis inniúla náisiúnta agus do chomhlachtaí náisiúnta faoina dtugtar fógra chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht na gcóras intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais sin. Beidh, ar a laghad, na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV inti. Féadfaidh FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, na heilimintí a bhaineann leis an doiciméadacht theicniúil a shonraítear in Iarscríbhinn IV a sholáthar ar bhealach simplithe. Chuige sin, bunóidh an Coimisiún foirm shimplithe den doiciméadacht theicniúil a bheidh dírithe ar riachtanais na bhfiontar beag agus na micrifhiontar. I gcás ina roghnaíonn FBM, lena n-áirítear gnólacht nuathionscanta, an fhaisnéis a cheanglaítear in Iarscríbhinn IV a sholáthar ar bhealach simplithe, bainfidh sé úsáid as an bhfoirm dá dtagraítear sa mhír seo. Glacfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra leis an bhfoirm sin chun críoch measúnaithe comhréireachta.
Airteagal 12
Coimeád taifead
Chun leibhéal inrianaitheachta a áirithiú maidir le feidhmiú an chórais intleachta saorga atá iomchuí don chríoch atá beartaithe don chóras, leis na cumais logála, beifear in ann taifeadadh a dhéanamh ar imeachtaí atá ábhartha maidir leis an méid seo a leanas:
cásanna a shainaithint ina bhféadfadh riosca a theacht ón gcóras intleachta saorga ardriosca de réir bhrí Airteagal 79(1) nó ina bhféadfadh modhnú substaintiúil a bheith mar thoradh orthu;
an faireachán iarmhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 72 a éascú; agus
faireachán ar oibriú na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 26(5).
Maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 1(a) d’Iarscríbhinn III, soláthrófar an méid seo a leanas, ar a laghad, leis na cumais logála:
taifead ar thréimhse gach úsáide a bhaintear as an gcóras (dáta agus am tosaithe agus dáta agus am críochnaithe gach úsáide);
an bunachar sonraí tagartha ar seiceáladh na sonraí ionchuir ina leith leis an gcóras;
na sonraí ionchuir ar tháinig meaitseáil ina leith as an gcuardach;
sainaithint na ndaoine nádúrtha a bhfuil baint acu le fíorú na dtorthaí, dá dtagraítear in Airteagal 14(5).
Airteagal 13
Trédhearcacht agus soláthar na faisnéise d’úsáideoirí gairmiúla
Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, sna treoracha úsáide:
céannacht agus sonraí teagmhála an oibreora agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht agus sonraí teagmhála ionadaí údaraithe an oibreora;
saintréithe, inniúlachtaí agus teorainneacha feidhmíochta an chórais intleachta saorga ardriosca, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
an chríoch atá beartaithe dó;
an leibhéal cruinnis, lena n-áirítear a méadrachtaí, agus an leibhéal stóinseachta agus cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 15, a ndearnadh an córas intleachta saorga ardriosca a thástáil agus a bhailíochtú ina leith agus ar féidir a bheith ag súil leis, agus aon imthosca atá ar eolas agus intuartha a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an leibhéal cruinnis, stóinseachta agus cibearshlándála a mheastar a bheith ann;
aon imthosca atá ar eolas nó intuartha, a bhaineann le húsáid an chórais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó nó faoi dhálaí mí-úsáide atá measartha intuartha, a bhféadfadh rioscaí a bheith ann mar thoradh orthu don tsláinte agus don tsábháilteacht, nó do chearta bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 9(2);
i gcás inarb infheidhme, soláthrófar le cumais agus saintréithe teicniúla an chórais intleachta saorga ardriosca faisnéis atá ábhartha ar aschur na gcóras intleachta saorga ardriosca a mhíniú;
i gcás inarb iomchuí, feidhmíocht an chórais maidir le daoine sonracha nó grúpaí sonracha daoine a mbeartaítear an córas a úsáid ina leith;
nuair is iomchuí, sonraíochtaí le haghaidh na sonraí ionchuir, nó le haghaidh aon fhaisnéise ábhartha eile i dtéarmaí na dtacar sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála arna n-úsáid, agus an chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca á cur san áireamh;
i gcás inarb infheidhme, faisnéis chun úsáideoirí gairmiúla a chumasú ar aschur an chórais intleachta saorga ardriosca a léirmhíniú agus é a úsáid go hiomchuí;
na hathruithe ar an gcóras intleachta saorga ardriosca agus ar a fheidhmíocht arna réamhchinntiú ag an soláthraí tráth an mheasúnaithe comhréireachta tosaigh, más ann dó;
na bearta formhaoirseachta daonna dá dtagraítear in Airteagal 14, lena n-áirítear na bearta teicniúla arna gcur i bhfeidhm chun léirmhíniú na n-úsáideoirí gairmiúla ar aschur na gcóras intleachta saorga ardriosca a éascú;
na hacmhainní ríomhaireachtúla agus na hacmhainní crua-earraí is gá, agus saolré ionchasach an chórais intleachta saorga ardriosca agus aon bhearta cothabhála agus cúraim is gá, lena n-airítear a minicíocht, chun feidhmiú cuí an chórais intleachta saorga sin a áirithiú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le nuashonruithe bogearraí;
i gcás inarb ábhartha, tuairisc ar na sásraí a áirítear sa chóras intleachta saorga ardriosca lenar féidir le húsáideoirí gairmiúla na logaí a bhailiú, a stóráil agus a léirmhíniú go cuí i gcomhréir le hAirteagal 12.
Airteagal 14
Formhaoirseacht dhaonna
Beidh na bearta formhaoirseachta i gcomhréir le rioscaí, leibhéal neamhspleáchais agus comhthéacs úsáide an chórais intleachta saorga ardriosca, agus áiritheofar iad trí cheann amháin nó tríd an dá cheann de na cineálacha beart seo a leanas:
bearta arna sainaithint agus arna dtógáil sa chóras intleachta saorga ardriosca ag an soláthraí nuair is indéanta go teicniúil, sula gcuirfear ar an margadh nó i mbun seirbhíse é;
bearta arna sainaithint ag an soláthraí sula gcuirfear an córas intleachta saorga ardriosca ar an margadh nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse é, ar bearta iad atá iomchuí don úsáideoir gairmiúil a chur chun feidhme.
Chun míreanna 1, 2 agus 3 a chur chun feidhme, déanfar an córas intleachta saorga ardriosca a sholáthar don úsáideoir gairmiúil sa chaoi go ndéanfar daoine nádúrtha a mbeidh formhaoirseacht dhaonna sannta dóibh, de réir mar is iomchuí agus comhréireach, a chumasú an méid seo a leanas a dhéanamh:
tuiscint cheart a fháil ar acmhainneachtaí agus teorainneacha ábhartha an chórais intleachta saorga ardriosca agus a bheith in ann faireachán cuí a dhéanamh ar oibriú an chórais sin, lena n-áirítear i bhfianaise aimhrialtachtaí, mífheidhmithe agus feidhmíocht gan choinne a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu;
a bheith ar an eolas i gcónaí faoin gclaonadh a d’fhéadfadh a bheith ann brath go huathoibríoch ar an aschur arna tháirgeadh ag córas intleachta saorga lena mbaineann riosca ard (claontacht uathoibrithe), go háirithe i gcás córas intleachta saorga ardriosca a úsáidtear chun faisnéis nó moltaí a chur ar fáil le haghaidh cinntí a bheidh le déanamh ag daoine nádúrtha;
aschur an chórais intleachta saorga ardriosca a léirmhíniú i gceart, agus na huirlisí agus na modhanna léirmhínithe atá ar fáil, mar shampla, á gcur san áireamh;
a chinneadh, in aon chás ar leith, gan úsáid a bhaint as an gcóras intleachta saorga ardriosca ná gan neamhaird a thabhairt ar aschur an chórais intleachta saorga ardriosca ná é a shárú nó a aisiompú ar shlí eile;
idirghabháil a dhéanamh maidir le hoibriú an chórais intleachta saorga ardriosca nó cur isteach ar an gcóras le cnaipe ‘stad’ nó trí nós imeachta eile den chineál sin lenar féidir leis an gcóras teacht chun stad ar bhealach sábháilte.
Ní bheidh feidhm ag an gceanglas maidir le fíorú ar leithligh a dhéanfaidh beirt daoine nádúrtha ar a laghad maidir le córais intleachta saorga ardriosca a úsáidtear chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, imirce, rialaithe teorann nó tearmainn, i gcásanna ina bhfuil cur i bhfeidhm an cheanglais sin díréireach de réir dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta.
Airteagal 15
Cruinneas, stóinseacht agus cibearshlándáil
Féadfar stóinseacht na gcóras intleachta saorga ardriosca a bhaint amach trí réitigh iomarcaíochta theicniúla, lena bhféadfaí pleananna cúltaca nó pleananna atá slán i gcás teipe a áireamh.
Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a leanann de bheith ag foghlaim tar éis iad a bheith curtha ar an margadh nó curtha i mbun seirbhíse, déanfar iad a fhorbairt ar bhealach ina ndíothaítear nó ina laghdaítear a oiread is féidir an riosca go n-imreodh aschuir a d’fhéadfadh a bheith claonta tionchar ar ionchur le haghaidh oibríochtaí sa todhchaí (‘lúba aischothaithe’), agus chun a áirithiú go dtugtar aghaidh ar aon lúba aischothaithe mar iad le bearta maolaithe iomchuí.
Maidir leis na réitigh theicniúla arb é is aidhm dóibh cibearshlándáil na gcóras intleachta saorga ardriosca a áirithiú, beidh siad iomchuí do na himthosca ábhartha agus do na rioscaí.
Maidir leis na réitigh theicniúla chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a bhaineann go sonrach leis an intleacht shaorga, áireofar iontu sin, i gcás inarb iomchuí, bearta chun ionsaithe atá ag iarraidh ionramháil a dhéanamh ar an tacar sonraí oiliúna (nimhiú sonraí) a chosc, a bhrath, freagairt orthu, a réiteach agus rialú lena n-aghaidh, nó comhpháirteanna réamhoilte a úsáidtear san oiliúint (nimhiú samhla), ionchuir atá ceaptha ionas go ndéanfadh an tsamhail intleachta saorga botún mar gheall orthu (samplaí sáraíochta nó imghabháil samhla), ionsaithe rúndachta nó lochtanna samhla.
ROINN 3
Oibleagáidí sholáthraithe agus úsáideoirí gairmiúla na gcóras intleachta saorga ardriosca mar aon le páirtithe eile
Airteagal 16
Oibleagáidí sholáthraithe na gcóras intleachta saorga ardriosca
Déanfaidh soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca an méid seo a leanas:
a áirithiú go bhfuil a gcórais intleachta saorga i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2;
a chur in iúl ar an gcóras intleachta saorga ardriosca nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar a phacáistíocht nó ar an doiciméadacht a ghabhann leis, de réir mar is infheidhme, a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, an seoladh ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leo;
córas bainistíochta cáilíochta a chur i bhfeidhm lena gcomhlíontar Airteagal 17;
an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 18 a choimeád;
agus iad faoina rialú, na logaí arna nginiúint go huathoibríoch ag a gcórais intleachta saorga ardriosca, dá dtagraítear in Airteagal 19, a choimeád;
a áirithiú go gcuirtear an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta, dá dtagraítear in Airteagal 43, i bhfeidhm ar an gcóras intleachta saorga ardriosca sula gcuirfear ar an margadh é nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse é;
dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 47;
an mharcáil CE a ghreamú den chóras intleachta saorga ardriosca nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar a phacáistíocht nó ar an doiciméadacht a ghabhann leis, chun comhréireacht leis an Rialachán seo a léiriú i gcomhréir le hAirteagal 48;
na hoibleagáidí maidir le clárú dá dtagraítear in Airteagal 49(1) a chomhlíonadh;
na gníomhaíochtaí ceartaitheacha is gá a dhéanamh agus an fhaisnéis de réir mar a cheanglaítear in Airteagal 20 a sholáthar;
ar iarraidh réasúnaithe ón údarás inniúil náisiúnta, comhréireacht an chórais intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2 a léiriú;
a áirithiú go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais inrochtaineachta i gcomhréir le Treoracha (AE) 2016/2102 agus (AE) 2019/882.
Airteagal 17
Córas bainistíochta cáilíochta
Cuirfidh soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca córas bainistíochta cáilíochta i bhfeidhm lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar an Rialachán seo. Déanfar an córas sin a dhoiciméadú ar bhealach córasach agus in ord, i bhfoirm beartais, nósanna imeachta agus treoracha i scríbhinn, agus beidh, ar laghad, na gnéithe seo a leanas san áireamh leis sin:
straitéis maidir le comhlíonadh rialála, lena n-áirítear comhlíonadh na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta agus na nósanna imeachta chun modhnuithe ar an gcóras intleachta saorga a bhainistiú;
teicnící, nósanna imeachta agus gníomhaíochtaí córasacha atá le húsáid maidir le dearadh, rialú deartha agus fíorú deartha an chórais intleachta saorga ardriosca;
teicnící, nósanna imeachta agus gníomhaíochtaí córasacha atá le húsáid maidir le forbairt, rialú cáilíochta agus dearbhú cáilíochta an chórais intleachta saorga ardriosca;
nósanna imeachta scrúdaithe, tástála agus bailíochtaithe atá le déanamh roimh an gcóras intleachta saorga ardriosca a fhorbairt, lena linn agus ina dhiaidh, agus a mhinice is gá iad a dhéanamh;
sonraíochtaí teicniúla, lena n-áirítear caighdeáin, atá le cur i bhfeidhm agus, i gcás nach gcuirfear na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha i bhfeidhm ina n-iomláine nó nach gcumhdófar na ceanglais ábhartha uile a leagtar amach i Roinn 2 leo, na modhanna atá le húsáid chun a áirithiú go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais sin;
córais agus nósanna imeachta um bainistíocht sonraí, lena n-áirítear fáil sonraí, bailiú sonraí, anailísíocht sonraí, lipéadú sonraí, stóráil sonraí, scagadh sonraí, mianadóireacht sonraí, comhiomlánú sonraí, coinneáil sonraí agus aon oibríocht eile maidir leis na sonraí a fheidhmítear roimh chórais ardriosca intleachta saorga a chur ar an margadh agus a chur i mbun seirbhíse agus chun na críche sin;
an córas bainistíochta riosca dá dtagraítear in Airteagal 9;
córas faireacháin iarmhargaidh a chur ar bun, a chur chun feidhme agus a chothabháil i gcomhréir le hAirteagal 72;
nósanna imeachta a bhaineann le teagmhas tromchúiseach a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 73;
láimhseáil na cumarsáide le húdaráis inniúla náisiúnta, le húdaráis ábhartha eile, lena n-áirítear iad siúd a thugann rochtain ar shonraí nó a thacaíonn leis an rochtain sin, le comhlachtaí faoina dtugtar fógra, le hoibreoirí eile, le custaiméirí nó le páirtithe leasmhara eile;
córais agus nósanna imeachta maidir le taifid a choimeád ar gach doiciméad agus faisnéis ábhartha;
bainistiú acmhainní, lena n-áirítear bearta a bhaineann le slándáil an tsoláthair;
creat cuntasachta lena leagtar amach freagrachtaí an lucht bainistíochta agus na foirne eile maidir le gach gné a liostaítear sa mhír seo.
Airteagal 18
Doiciméadacht a choimeád
Déanfaidh an soláthraí, ar feadh tréimhse dar críoch 10 mbliana tar éis an córas intleachta saorga ardriosca a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse, an méid seo a leanas a choimeád ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta:
an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 11;
an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras bainistíochta cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 17;
an doiciméadacht a bhaineann leis na hathruithe arna bhformheas ag na comhlachtaí faoina dtugtar fógra, i gcás inarb infheidhme;
na cinntí agus na doiciméid eile a d’eisigh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra, i gcás inarb infheidhme;
dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47.
Airteagal 19
Logaí a ghintear go huathoibríoch
Airteagal 20
Gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus an dualgas maidir le faisnéis
Airteagal 21
Comhar leis na húdaráis inniúla
Airteagal 22
Ionadaithe údaraithe sholáthraithe na gcóras intleachta saorga ardriosca
Feidhmeoidh an t-ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheofar ón soláthraí. Cuirfidh sé cóip den sainordú ar fáil do na húdaráis faireachais margaidh arna iarraidh sin, i gceann amháin de theangacha oifigiúla de chuid institiúidí an Aontais a chinnfidh an t-údarás inniúil. Chun críocha an Rialacháin seo, tabharfar de chumhacht, leis an sainordú, don ionadaí údaraithe na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích:
a fhíorú gur dréachtaíodh an dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47 agus an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 11 agus go ndearna an soláthraí an nós imeachta um measúnú comhréireachta iomchuí;
sonraí teagmhála an tsoláthraí a cheap an t-ionadaí údaraithe, cóip den dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47, an doiciméadacht theicniúil agus, más infheidhme, an deimhniú arna eisiúint ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra, a choimeád ar fáil do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis náisiúnta nó do chomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 74(10), ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis an córas intleachta saorga ardriosca a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse;
ar iarraidh réasúnaithe, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá, lena n-áirítear an fhaisnéis agus an doiciméadacht dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír seo, a chur ar fáil d’údarás inniúil chun a léiriú go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2, lena n-áirítear rochtain ar na logaí, dá dtagraítear in Airteagal 12(1), a ghineann an córas intleachta saorga ardriosca go huathoibríoch sa mhéid atá na logaí sin faoi rialú an tsoláthraí;
comhoibriú le húdaráis inniúla, ar iarraidh réasúnaithe, in aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis sin maidir leis an gcóras intleachta saorga ardriosca, go háirithe chun na rioscaí a bhaineann leis an gcóras intleachta saorga ardriosca a laghdú agus a mhaolú;
i gcás inarb infheidhme, na hoibleagáidí clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(1) a chomhlíonadh nó, más é an soláthraí féin a dhéanann an clárú, a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 3 de Roinn A d’Iarscríbhinn VIII ceart.
Leis an sainordú, tabharfar de chumhacht don ionadaí údaraithe déileáil leis na húdaráis inniúla, sa bhreis ar an soláthraí nó ina ionad, maidir le gach saincheist a bhaineann le comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.
Airteagal 23
Oibleagáidí allmhaireoirí
Sula gcuirfear córas intleachta saorga ardriosca ar an margadh, áiritheoidh allmhaireoirí go bhfuil an córas i gcomhréir leis an Rialachán seo trína fhíorú:
gur chuir soláthraí an chórais intleachta saorga ardriosca an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 43 i bhfeidhm;
gur tharraing an soláthraí suas an doiciméadacht theicniúil i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Iarscríbhinn IV;
go bhfuil an mharcáil CE is gá ar an gcóras agus go bhfuil an dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47 agus na treoracha úsáide is gá ag gabháil leis;
go bhfuil ionadaí údaraithe ceaptha ag an soláthraí i gcomhréir le hAirteagal 22(1).
Airteagal 24
Oibleagáidí na ndáileoirí
Airteagal 25
Freagrachtaí feadh shlabhra luacha na hintleachta saorga
Measfar gur soláthraí córas intleachta saorga ardriosca é aon dáileoir, allmhaireoir, úsáideoir gairmiúil nó aon tríú páirtí eile chun críocha an Rialacháin seo agus beidh sé faoi réir oibleagáidí an tsoláthraí faoi Airteagal 16, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
cuireann siad a n-ainm nó a dtrádmharc ar chóras intleachta saorga ardriosca atá curtha ar an margadh nó i mbun seirbhíse cheana, gan dochar do shocruithe conarthacha lena sonraítear go leithdháilfear na hoibleagáidí ar shlí eile;
déanann siad modhnú substaintiúil ar chóras intleachta saorga ardriosca a cuireadh ar an margadh nó i mbun seirbhíse cheana agus ar bhealach go leanfaidh sé de bheith ina chóras intleachta saorga ardriosca de bhun Airteagal 6;
modhnaíonn siad an chríoch atá beartaithe do chóras intleachta saorga, lena n-áirítear córas intleachta saorga ilchuspóireach, nach bhfuil aicmithe mar chóras ardriosca agus a cuireadh ar an margadh nó i mbun seirbhíse cheana ar bhealach a fhágann go mbeidh an córas intleachta saorga lena mbaineann ina chóras intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 6.
I gcás córas intleachta saorga ardriosca ar comhpháirteanna sábháilteachta táirgí iad atá cumhdaithe faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, measfar gurb é monaróir na dtáirgí soláthraí an chórais intleachta saorga ardriosca, agus beidh sé faoi réir na n-oibleagáidí faoi Airteagal 16 i gceachtar de na cásanna seo a leanas:
i gcás ina gcuirtear an córas intleachta saorga ardriosca ar an margadh in éineacht leis an táirge faoi ainm nó trádmharc mhonaróir an táirge;
i gcás ina gcuirtear an córas intleachta saorga ardriosca i mbun seirbhíse faoi ainm nó trádmharc mhonaróir an táirge tar éis don táirge a bheith curtha ar an margadh.
Féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga téarmaí eiseamláireacha deonacha do chonarthaí a fhorbairt agus a mholadh idir soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca agus tríú páirtithe a sholáthraíonn uirlisí, seirbhísí, comhpháirteanna nó próisis a úsáidtear le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca nó a chomhtháthaítear i gcórais intleachta saorga ardriosca. Nuair a bheidh na téarmaí eiseamláireacha deonacha á bhforbairt aige, ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga ceanglais chonarthacha a chur san áireamh a d’fhéadfadh a bheith infheidhme in earnálacha sonracha nó i gcásanna gnó sonracha. Foilseofar na téarmaí eiseamláireacha deonacha agus beidh siad ar fáil saor in aisce i bhformáid leictreonach sho-úsáidte.
Airteagal 26
Oibleagáidí úsáideoirí gairmiúla na gcóras intleachta saorga ardriosca
I gcás úsáideoirí gairmiúla ar institiúidí airgeadais iad atá faoi réir ceanglais maidir lena rialachas, socruithe nó próisis inmheánacha faoi dhlí sheirbhísí airgeadais an Aontais, measfar go gcomhlíontar an oibleagáid faireacháin a leagtar amach sa chéad fhomhír trí na rialacha maidir le socruithe, próisis agus sásraí an rialachais inmheánaigh de bhun an dlí seirbhísí airgeadais ábhartha a chomhlíonadh.
Maidir le húsáideoirí gairmiúla ar institiúidí airgeadais iad atá faoi réir ceanglais maidir lena rialachas, socruithe nó próisis inmheánacha faoi dhlí sheirbhísí airgeadais an Aontais, coinneoidh siad na logaí mar chuid den doiciméadacht a choimeádtar de bhun dhlí sheirbhísí airgeadais ábhartha an Aontais.
Má dhiúltaítear don údarú a iarrtar de bhun na chéad fomhíre, cuirfear deireadh, le héifeacht láithreach, le húsáid an chórais cian-sainaitheanta bithmhéadraí iar-aimseartha atá nasctha leis an údarú iarrtha sin agus scriosfar na sonraí pearsanta atá nasctha le húsáid an chórais intleachta saorga ardriosca ar iarradh an t-údarú ina leith.
I gcás ar bith, ní úsáidfear córas intleachta saorga ardriosca mar sin le haghaidh córas cian-sainaitheanta iar-aimseartha chun críocha fhorfheidhmiú an dlí ar bhealach nach bhfuil spriocdhírithe, gan aon nasc le cion coiriúil, le himeacht coiriúil, le fíorbhagairt atá ann nó fíorbhagairt intuartha maidir le cion coiriúil, ná le duine sonrach atá ar iarraidh a chuardach. Áiritheofar nach bhféadfaidh na húdaráis forfheidhmithe dlí aon chinneadh a dhéanamh a mbeidh éifeacht dhíobhálach dhlíthiúil aige ar dhuine bunaithe ar aschur na gcóras cian-sainaitheanta bithmhéadraí iar-aimseartha sin.
Tá an mhír seo gan dochar d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679 agus d’Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680 i ndáil le sonraí bithmhéadracha a phróiseáil.
Gan beann ar chuspóir na húsáide ná cuspóir an úsáideora ghairmiúil, déanfar gach úsáid a bhaintear as na córais intleachta saorga ardriosca sin a dhoiciméadú sa chomhad póilíneachta ábhartha agus cuirfear ar fáil í don údarás ábhartha faireachais margaidh agus don údarás náisiúnta um chosaint sonraí arna iarraidh sin, cé is moite de nochtadh sonraí oibríochtúla íogaire a bhaineann le forfheidhmiú an dlí. Beidh an fhomhír seo gan dochar do na cumhachtaí a thugtar d’údaráis mhaoirseachta le Treoir (AE) 2016/680.
Cuirfidh úsáideoirí gairmiúla tuarascálacha bliantúla faoi bhráid na n-údarás ábhartha faireachais margaidh agus na n-údarás náisiúnta um chosaint sonraí maidir leis an úsáid a bhaineann siad as córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí iar-aimseartha, cé is moite de nochtadh sonraí oibríochtúla íogaire a bhaineann le forfheidhmiú an dlí a nochtadh. Féadfar na tuarascálacha a chomhiomlánú chun níos mó ná imscaradh amháin a chumhdach.
Féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le dlí an Aontais, dlíthe níos sriantaí a thabhairt isteach maidir le húsáid córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí iar-aimseartha.
Airteagal 27
Measúnú tionchair ar chearta bunúsacha le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca
Sula n-úsáidfear córas intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 6(2), cé is moite de chórais intleachta saorga ardriosca atá beartaithe lena n-úsáid sa réimse a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III, déanfaidh úsáideoirí gairmiúla ar comhlachtaí iad a rialaítear leis an dlí poiblí, nó ar eintitis phríobháideacha iad a sholáthraíonn seirbhísí poiblí, agus úsáideoirí gairmiúla na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointí 5 (b) agus (c) d’Iarscríbhinn III, measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag úsáid an chórais sin ar chearta bunúsacha. Chun na críche sin, áireofar an méid seo a leanas sa mheasúnú a dhéanfaidh úsáideoirí gairmiúla:
tuairisc ar na próisis a bheidh ag an úsáideoir gairmiúil agus an córas intleachta saorga ardriosca á úsáid i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó;
tuairisc ar an tréimhse ama ina bhfuil sé beartaithe gach córas intleachta saorga ardriosca a úsáid, agus a mhinice a úsáidfear é;
catagóirí daoine nádúrtha agus grúpaí ar dócha go ndéanfaidh a úsáid sa chomhthéacs sonrach difear dóibh;
na rioscaí sonracha díobhála ar dócha go mbeidh tionchar acu ar na catagóirí daoine nádúrtha nó ar na grúpaí daoine a shainaithnítear de bhun phointe (c) den mhír seo, agus an fhaisnéis a thabharfaidh an soláthraí de bhun Airteagal 13 á cur san áireamh;
tuairisc ar chur chun feidhme na mbeart formhaoirseachta daonna, de réir na dtreoracha úsáide;
na bearta atá le déanamh i gcás ina dtarlaíonn na rioscaí sin, lena n-áirítear na socruithe maidir le rialachas inmheánach agus sásraí gearáin.
ROINN 4
Na húdaráis a thugann fógra agus na comhlachtaí faoina dtugtar fógra
Airteagal 28
Na húdaráis a thugann fógra
Airteagal 29
Iarratas ar fhógra ó chomhlacht um measúnú comhréireachta
Cuirfear isteach aon doiciméad bailí a bhaineann le hainmniúcháin an chomhlachta is iarratasóir faoina dtugtar fógra faoi aon reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais.
Airteagal 30
Nós imeachta um fhógra a thabhairt
Airteagal 31
Na ceanglais a bhaineann leis na comhlachtaí faoina dtugtar fógra
Airteagal 32
Toimhde maidir le comhréireacht le ceanglais a bhaineann le comhlachtaí faoina dtugtar fógra
I gcás ina léireoidh comhlacht um measúnú comhréireachta a chomhréireacht leis na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó i gcodanna díobh, agus na tagairtí ina leith sin foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go gcomhlíonann an comhlacht na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 31 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.
Airteagal 33
Fochuideachtaí comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus fochonraitheoirí
Airteagal 34
Oibleagáidí oibríochtúla na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
Airteagal 35
Uimhreacha aitheantais agus liostaí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
Airteagal 36
Athruithe ar na fógraí
I gcás athruithe ar an bhfógra cé is moite de leathnú ar a raon feidhme, beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar síos i míreanna (3) go (9).
I gcás ina ndéanfar ainmniú a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, déanfaidh an t-údarás a thugann fógra an méid seo a leanas:
measúnú ar an tionchar atá ar na deimhnithe a eisíonn an comhlacht faoina dtugtar fógra;
tuarascáil lena gcuid fionnachtana a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát eile, laistigh de 3 mhí tar éis fógra faoi na hathruithe ar an ainmniú a thabhairt;
ceangal a chur ar an gcomhlacht faoina dtugtar fógra aon deimhniú a eisíodh go míchuí a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, laistigh de thréimhse réasúnta ama a chinnfidh an t-údarás chun comhréireacht leanúnach na gcóras intleachta saorga ardriosca atá ar an margadh a áirithiú;
an Coimisiún agus na Ballstáit a chur ar an eolas faoi dheimhnithe a d’éiligh sé a chur ar fionraí nó a tharraingt siar;
gach faisnéis ábhartha a chur ar fáil d’údaráis inniúla náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag an soláthraí maidir leis na deimhnithe atá sé ag éileamh a chur ar fionraí nó a tharraingt siar; déanfaidh an t-údarás sin na bearta iomchuí is gá chun baol ionchasach do shláinte, do shábháilteacht nó do chearta bunúsacha a sheachaint.
Cé is moite de na deimhnithe a eisíodh go míchuí agus i gcás ina ndéanfar an t-ainmniú a chur ar fionraí nó a shrianadh, leanfaidh na deimhnithe de bheith bailí i gceann de na cúinsí seo a leanas:
dhearbhaigh an t-údarás a thugann fógra, laistigh d’aon mhí amháin tar éis an chur ar fionraí nó an tsrianta, nach ann do bhaol don tsláinte, don tsábháilteacht nó do chearta bunúsacha maidir le deimhnithe a ndearnadh difear dóibh de bharr na fionraí nó an tsrianta agus tá amlíne gníomhaíochtaí curtha i láthair ag an údarás a thugann fógra chun an fhionraí nó an srianadh a réiteach; nó
tá sé dearbhaithe ag an údarás a thugann fógra nach ndéanfar aon deimhnithe a bhaineann leis an bhfionraí a eisiúint, a leasú, nó a atheisiúint, le linn na fionraí nó an tsrianta, agus go luafaidh an t-údarás an bhfuil an cumas ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra leanúint d’fhaireachán a dhéanamh agus de bheith freagrach as deimhnithe atá ann cheana a eisíodh do thréimhse na fionraí nó an tsrianta; i gcás ina gcinnfidh an t-údarás a thugann fógra nach bhfuil sé de chumas ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra tacú le deimhnithe a eisíodh cheana féin, dearbhóidh soláthraí an chórais a chumhdaítear leis an deimhniú i scríbhinn d’údaráis inniúla náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe, laistigh de 3 mhí ón bhfionraí nó ón srianadh, go bhfuil feidhmeanna an chomhlachta faoina dtugtar fógra i ndáil le faireachán a dhéanamh ar na deimhnithe agus bheith freagrach astu á nglacadh ag comhlacht cáilithe eile faoina dtugtar fógra, ar bhonn sealadach, le linn na tréimhse fionraí nó srianta.
Cé is moite de na deimhnithe a eisíodh go míchuí, agus i gcás ina ndéanfar an t-ainmniú a tharraingt siar, leanfaidh na deimhnithe de bheith bailí go ceann tréimhse 9 mí sna cúinsí seo a leanas:
tá sé dearbhaithe ag údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag soláthraí an chórais intleachta saorga ardriosca a chumhdaítear leis an deimhniú nach ngabhann aon bhaol don tsláinte, don tsábháilteacht ná do chearta bunúsacha leis na córais intleachta saorga ardriosca atá i gceist; agus
tá sé dearbhaithe ag comhlacht eile faoina dtugtar fógra i scríbhinn go nglacfaidh sé chuige láithreach an fhreagracht maidir leis na córais intleachta saorga sin agus go mbeidh measúnú orthu curtha i gcrích aige laistigh de 12 mhí ón uair a rinneadh an t-ainmniú a tharraingt siar.
Sna cúinsí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag an soláthraí córais a chumhdaítear leis an deimhniú síneadh ama a chur le bailíocht shealadach na ndeimhnithe go ceann tréimhsí breise 3 mhí, gan a bheith níos faide ná 12 mhí san iomlán.
Cuirfidh an t-údarás inniúil náisiúnta nó an comhlacht faoina dtugtar fógra a ghlacann feidhmeanna an chomhlachta faoina dtugtar fógra a mbeidh tionchar ag an athrú ar an ainmniú air an Coimisiún, na Ballstáit eile agus na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra ar an eolas faoin méid sin láithreach.
Airteagal 37
Agóid in aghaidh inniúlacht na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
Airteagal 38
Comhordú na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
Airteagal 39
Comhlachtaí um measúnú comhréireachta i dtríú tíortha
Maidir le comhlachtaí um measúnú comhréireachta arna mbunú faoi dhlí tríú tír a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas léi, féadfar na comhlachtaí sin a údarú chun gníomhaíochtaí comhlachtaí faoina dtugtar fógra a dhéanamh faoin Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 31, nó go n-áirithíonn siad leibhéal coibhéiseach comhlíontachta.
ROINN 5
Caighdeáin, measúnú comhréireachta, deimhnithe, clárú
Airteagal 40
Caighdeáin chomhchuibhithe agus spriocanna insoláthartha um chaighdeánú
Agus iarraidh ar chaighdeánú á heisiúint aige chuig eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, sonróidh an Coimisiún nach mór na caighdeáin a bheith soiléir, comhsheasmhach, lena n-áirítear leis na caighdeáin a forbraíodh sna hearnálacha éagsúla le haghaidh táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe reatha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus é mar aidhm leo a áirithiú go gcomhlíonann córais intleachta saorga ardriosca nó samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i mbun seirbhíse san Aontas na ceanglais ábhartha nó oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo.
Iarrfaidh an Coimisiún ar na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú fianaise a sholáthar maidir lena ndícheall na cuspóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.
Airteagal 41
Sonraíochtaí coiteanna
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna le haghaidh na gceanglas a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo nó, de réir mar is infheidhme, le haghaidh na n-oibleagáidí a leagtar amach i Ranna 2 agus 3 de Chaibidil V i gcás inar comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas:
gur iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú le haghaidh na gceanglas a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo, nó, de réir mar is infheidhme, le haghaidh na n-oibleagáidí a leagtar amach i Ranna 2 agus 3 de Chaibidil V, agus:
nár ghlac aon cheann de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú leis an iarraidh; nó
nach ndéantar na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar aghaidh ar an iarraidh sin a sholáthar laistigh den sprioc-am a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; nó
nach dtugtar aghaidh go leordhóthanach leis na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha ar ábhair imní maidir le cearta bunúsacha; nó
nach gcomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe an iarraidh; agus
nár foilsíodh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais dá dtagraítear i Roinn 2 den Chaibidil seo, nó, de réir mar is infheidhme, na hoibleagáidí dá dtagraítear i Ranna 2 agus 3 de Chaibidil V in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus nach meastar go bhfoilseofar aon tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta.
Agus na sonraíochtaí coiteanna á ndréachtú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an bhfóram comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 67.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).
Airteagal 42
Toimhde comhréireachta le ceanglais áirithe
Airteagal 43
Measúnú comhréireachta
Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III, más rud é, agus é á léiriú go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2, gur chuir an soláthraí i bhfeidhm na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 40, nó, i gcás inarb infheidhme, na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 41, roghnóidh an soláthraí ceann de na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta seo a leanas bunaithe ar:
an rialú inmheánach dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI; nó
an measúnú ar an gcóras bainistíochta cáilíochta agus ar an measúnú ar an doiciméadacht theicniúil, i gcomhar le comhlacht faoina dtugtar fógra, dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII.
Agus é á léiriú go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2, leanfaidh an soláthraí an nós imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VII sa chás:
nach ann do chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 40, agus nach bhfuil na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 41 ar fáil;
nár chuir an soláthraí an caighdeán comhchuibhithe i bhfeidhm nó nár chuir sé ach cuid den chaighdeán comhchuibhithe i bhfeidhm;
gur ann do na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i bpointe (a), ach nár chuir an soláthraí i bhfeidhm iad;
gur foilsíodh ceann amháin nó níos mó de na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear i bpointe (a) maille le srian agus ar an gcuid sin amháin den chaighdeán ar cuireadh srian uirthi.
Chun críocha an nós imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, féadfaidh an soláthraí aon cheann de na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a roghnú. Ach nuair a bheidh sé beartaithe an córas intleachta saorga ardriosca a bheith á chur i mbun seirbhíse ag údaráis forfheidhmithe dlí, údaráis inimirce nó údaráis tearmainn chomh maith le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais, gníomhóidh an t-údarás faireachais margaidh dá dtagraítear in Airteagal 74(8) nó (9), de réir mar is infheidhme, mar chomhlacht faoina dtugtar fógra.
Chun críocha an mheasúnaithe sin, na comhlachtaí faoina dtugtar fógra ar tugadh fógra fúthu faoi na gníomhartha dlí sin, beidh siad i dteideal rialú a dhéanamh ar chomhréireacht na gcóras intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2, ar choinníoll go ndearnadh measúnú ar chomhlíontacht na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 31(4), (5), (10) agus (11) i gcomhthéacs an nós imeachta um fhógra a thabhairt faoi na gníomhartha dlí sin.
I gcás ina gcuireann gníomh dlí a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I ar chumas mhonaróir an táirge a roghnú gan a bheith páirteach i measúnú comhréireachta tríú páirtí, ar choinníoll gur chuir an monaróir sin na caighdeáin chomhchuibhithe uile i bhfeidhm lena gcumhdaítear na ceanglais ábhartha uile, ní fhéadfaidh an monaróir sin úsáid a bhaint as an rogha sin ach amháin má tá caighdeáin chomhchuibhithe nó, i gcás inarb infheidhme, na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 41 curtha i bhfeidhm aige freisin, lena gcumhdaítear na ceanglais uile a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo.
Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a leanann de bheith ag foghlaim tar éis iad a bheith curtha ar an margadh nó curtha i mbun seirbhíse, ní modhnú substaintiúil a bheidh in athruithe ar an gcóras intleachta saorga ardriosca agus ar a fheidhmíocht, athruithe arna réamhchinntiú ag an soláthraí tráth an mheasúnaithe comhréireachta tosaigh agus ar cuid iad den fhaisnéis atá sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 2(f) d’Iarscríbhinn IV.
Airteagal 44
Deimhnithe
Beidh nós imeachta achomhairc ar fáil i gcoinne chinntí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra, lena n-áirítear achomhairc maidir le deimhnithe comhréireachta a eisítear.
Airteagal 45
Oibleagáidí faisnéise na n-údarás faoina dtugtar fógra
Cuirfidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra an méid seo a leanas in iúl don údarás a thugann fógra:
aon deimhniú maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil de chuid an Aontais, aon fhorlíonadh a ghabhann leis na deimhnithe sin, agus aon fhormheasanna ar chóras bainistíochta cáilíochta a eisítear i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn VII;
aon diúltú, srianadh, fionraí nó tarraingt siar a rinneadh ar dheimhniú maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil de chuid an Aontais nó ar fhormheas ar chóras bainistíochta cáilíochta arna eisiúint i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn VII;
aon imthosca a dhéanann difear do raon feidhme an fhógra nó do choinníollacha an fhógra;
aon iarraidh ar fhaisnéis a gheobhaidh siad ó údaráis faireachais margaidh maidir lena ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta;
má iarrtar air é, gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéantar laistigh de raon feidhme a bhfógra agus aon ghníomhaíocht eile a dhéantar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht.
Cuirfidh gach comhlacht faoina dtugtar fógra na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra ar an eolas faoi na nithe seo a leanas:
formheasanna ar chóras bainistíochta cáilíochta a dhiúltaigh sé, a chuir sé ar fionraí nó a d’aistarraing sé, agus, arna iarraidh sin dó, formheasanna córais cáilíochta a d’eisigh sé;
Deimhnithe de chuid an Aontais maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil nó aon fhorlíonadh orthu a dhiúltaigh sé, a d’aistarraing sé, a chuir sé ar fionraí nó ar chuir sé srian orthu ar shlí eile, agus, arna iarraidh sin dó, na deimhnithe agus/nó na forlíontaí orthu a d’eisigh sé.
Airteagal 46
Maolú ar nós imeachta um measúnú comhréireachta
Airteagal 47
Dearbhú comhréireachta AE
Airteagal 48
Marcáil CE
Airteagal 49
Clárú
Maidir le córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointí 1, 6 agus 7 d’Iarscríbhinn III, i réimsí fhorfheidhmiú an dlí, na himirce, an tearmainn agus an bhainistithe rialaithe teorann, beidh an clárú dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo i gcuid neamhphoiblí shlán de bhunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 71, agus ní áireofar ann ach an fhaisnéis seo a leanas, de réir mar is infheidhme, dá dtagraítear:
i Roinn A, pointí 1 go 10 d’Iarscríbhinn VIII, cé is moite de phointí 6, 8 agus 9;
i Roinn B, pointí 1 go 5, agus pointí 8 agus 9 d’Iarscríbhinn VIII;
i Roinn C, pointí 1 go 3, d’Iarscríbhinn VIII;
i bpointí 1, 2, 3, agus 5, d’Iarscríbhinn IX.
Ní bheidh rochtain ach ag an gCoimisiún agus ag na húdaráis náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 74(8) ar na ranna srianta sin faoi seach de bhunachar sonraí an Aontais atá liostaithe sa chéad fhomhír den mhír seo.
CAIBIDIL IV
OIBLEAGÁIDÍ TRÉDHEARCACHTA DO SHOLÁTHRAITHE AGUS D’ÚSÁIDEOIRÍ GAIRMIÚLA CÓRAS INTLEACHTA SAORGA ÁIRITHE
Airteagal 50
Oibleagáidí trédhearcachta do sholáthraithe agus d’úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga áirithe
I gcás úsáideoirí gairmiúla córais intleachta saorga a ghineann nó a ionramhálann téacs a fhoilsítear chun an pobal a chur ar an eolas faoi ábhair a bhaineann le leas an phobail, nochtfaidh siad go ndearnadh an téacs a ghiniúint nó a ionramháil go saorga. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin i gcás ina n-údaraítear le dlí an úsáid chun cionta coiriúla a bhrath, a chosc, a imscrúdú nó a ionchúiseamh nó i gcás ina ndearnadh próiseas athbhreithnithe dhaonna nó rialaithe eagarthóireachta ar an inneachar a ghintear le IS agus i gcás ina bhfuil freagracht eagarthóireachta ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach as an ábhar a fhoilsiú.
CAIBIDIL V
SAMHLACHA INTLEACHTA SAORGA ILCHUSPÓIREACHA
ROINN 1
Rialacha maidir le haicmiú
Airteagal 51
Samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a aicmiú mar shamhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha lena mbaineann riosca sistéamach
Aicmeofar samhail intleachta saorga ilchuspóireach mar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach lena ngabhann riosca sistéamach má chomhlíonann sí aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
tá cumais ardtionchair aige a ndéantar meastóireacht orthu ar bhonn uirlisí agus modheolaíochtaí teicniúla iomchuí, lena n-áirítear táscairí agus tagarmharcanna;
bunaithe ar chinneadh ón gCoimisiún, ex officio nó tar éis foláireamh cáilithe ón bpainéal eolaíoch, tá cumais nó tionchar aige atá coibhéiseach leis na cinn a leagtar amach i bpointe (a) ag féachaint do na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII.
Airteagal 52
Nós imeachta
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 97 chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn XIII trí na critéir a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a shonrú agus a thabhairt cothrom le dáta.
ROINN 2
Oibleagáidí sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ardriosca
Airteagal 53
Oibleagáidí sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ardriosca
Déanfaidh soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha an méid seo a leanas:
doiciméadacht theicniúil na samhla a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta, lena n-áirítear a próiseas oiliúna agus tástála agus torthaí a meastóireachta, ina mbeidh, ar a laghad, an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn XI chun í a sholáthar, arna iarraidh sin, don Oifig um Intleacht Shaorga agus do na húdaráis inniúla náisiúnta;
faisnéis agus doiciméadacht a tharraingt suas, a choinneáil cothrom le dáta agus a chur ar fáil do sholáthraithe córas intleachta saorga a bhfuil sé ar intinn acu an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach a chomhtháthú lena gcórais intleachta saorga. Gan dochar don ghá cearta maoine intleachtúla agus faisnéis rúnda ghnó nó rúin trádála a urramú agus a chosaint i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, déanfar an méid seo a leanas leis an bhfaisnéis agus leis an doiciméadacht:
a chur ar a gcumas do sholáthraithe córas intleachta saorga tuiscint mhaith a bheith acu ar chumais agus teorainneacha na samhla intleachta saorga ilchuspóirí agus a n-oibleagáidí a chomhlíonadh de bhun an Rialacháin seo; agus
ar a laghad, na gnéithe a leagtar amach in Iarscríbhinn XII a bheith inti;
beartas a chur i bhfeidhm chun dlí an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara a chomhlíonadh, agus go háirithe chun forchoimeád ceart arna chur in iúl de bhun Airteagal 4(3) de Threoir (AE) 2019/790 a shainaithint agus a chomhlíonadh, lena n-áirítear trí theicneolaíochtaí úrscothacha;
achoimre atá mionsonraithe go leor a tharraingt suas agus a chur ar fáil go poiblí maidir leis an ábhar a úsáidtear chun oiliúint a chur ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach, de réir teimpléad arna sholáthar ag an Oifig um Intleacht Shaorga.
Airteagal 54
Ionadaithe údaraithe sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha
Feidhmeoidh an t-ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheofar ón soláthraí. Cuirfidh sé cóip den sainordú ar fáil don Oifig um Intleacht Shaorga arna iarraidh sin, i gceann amháin de theangacha oifigiúla de chuid institiúidí an Aontais. Chun críocha an Rialacháin seo, tabharfar de chumhacht, leis an sainordú, don ionadaí údaraithe na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích:
a fhíorú gur tarraingíodh suas an doiciméadacht theicniúil a shonraítear in Iarscríbhinn XI agus go bhfuil na hoibleagáidí uile dá dtagraítear in Airteagal 53 agus, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 55 comhlíonta ag an soláthraí;
cóip den doiciméadacht theicniúil a shonraítear in Iarscríbhinn XI a choinneáil ar fáil don Oifig um Intleacht Shaorga agus do na húdaráis inniúla náisiúnta, go ceann 10 mbliana tar éis an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach a chur ar an margadh, agus sonraí teagmhála an tsoláthraí a cheap an t-ionadaí údaraithe a choinneáil;
an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá a sholáthar don Oifig um Intleacht Shaorga, ar iarraidh réasúnaithe ina leith, lena n-áirítear an fhaisnéis agus an doiciméadacht dá dtagraítear i bpointe (b), chun a léiriú go gcomhlíonann sí na hoibleagáidí sa Chaibidil seo;
comhoibriú leis an Oifig um Intleacht Shaorga agus leis na húdaráis inniúla, ar iarraidh réasúnaithe, in aon ghníomhaíocht a dhéanann siad i ndáil leis an samhail intleachta saorga ilchuspóireach, lena n-áirítear nuair a dhéantar an tsamhail a chomhtháthú i gcórais intleachta saorga a chuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse san Aontas.
ROINN 3
Oibleagáidí soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil riosca sistéamach acu
Airteagal 55
Oibleagáidí soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil riosca sistéamach acu
Sa bhreis ar na hoibleagáidí a liostaítear in Airteagail 53 agus 54, déanfaidh soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil riosca sistéamach acu an méid seo a leanas:
meastóireacht samhla a dhéanamh i gcomhréir le prótacail agus uirlisí caighdeánaithe a léiríonn an úrscothacht, lena n-áirítear tástáil sáraíochta ar an tsamhail a dhéanamh agus a dhoiciméadú d’fhonn na rioscaí sistéamacha a shainaithint agus a mhaolú;
rioscaí sistéamacha a d’fhéadfadh a bheith ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear a bhfoinsí, a mheasúnú agus a mhaolú, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh eascairt as samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil riosca sistéamach acu a fhorbairt, a chur ar an margadh, nó a úsáid;
súil a choinneáil ar fhaisnéis ábhartha faoi theagmhais thromchúiseacha agus bearta ceartaitheacha a d’fhéadfadh a bheith ann chun aghaidh a thabhairt orthu, agus an fhaisnéis sin a dhoiciméadú agus a thuairisciú gan moill mhíchuí don Oifig um Intleacht Shaorga agus, de réir mar is iomchuí, do na húdaráis inniúla náisiúnta;
leibhéal leordhóthanach cosanta cibearshlándála a áirithiú i gcomhair na samhla intleachta saorga ilchuspóirí a bhfuil riosca sistéamach aici agus bhonneagar fisiciúil na samhla.
ROINN 4
Cóid chleachtais
Airteagal 56
Cóid iompair
Beidh sé d’aidhm ag an Oifig um Intleacht Shaorga agus ag an mBord a áirithiú go gcumhdófar leis na cóid chleachtais ar a laghad na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 53 agus 55, lena n-áirítear na saincheisteanna seo a leanas:
modhanna lena áirithiú go gcoimeádfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointí (a) agus (b), cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus forbairtí teicneolaíocha;
leibhéal leordhóthanach mionsonraí le haghaidh na hachoimre ar an ábhar a úsáidtear le haghaidh oiliúna;
sainaithint chineál agus nádúr na rioscaí sistéamacha ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear a bhfoinsí, i gcás inarb iomchuí;
na bearta, na nósanna imeachta agus na módúlachtaí chun measúnú agus bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí sistéamacha ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an doiciméadacht faoin méid sin, a bheidh comhréireach leis na rioscaí, déanfaidh siad déine agus dóchúlacht na rioscaí sin a mheas agus na dúshláin shonracha a bhaineann le dul i ngleic leis na rioscaí sin a chur san áireamh i bhfianaise na mbealaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus teacht ann na rioscaí sin feadh shlabhra luacha na hintleachta saorga.
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, cód cleachtais a fhormheas agus bailíocht ghinearálta a thabhairt dó laistigh den Aontas. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).
Más rud é, faoin 2 Lúnasa 2025, nach féidir cód cleachtais a thabhairt chun críche, nó má mheasann an Oifig um Intleacht Shaorga nach bhfuil sé leordhóthanach tar éis a mheasúnaithe faoi mhír 6 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha comhchoiteanna a sholáthar maidir le cur chun feidhme na n-oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 53 agus 55, lena n-áirítear na saincheisteanna a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).
CAIBIDIL VI
BEARTA CHUN TACÚ LEIS AN NUÁLAÍOCHT
Airteagal 57
Boscaí gainimh rialála intleachta saorga
Féadfar an oibleagáid faoin gcéad fhomhír a chomhlíonadh freisin trí pháirt a ghlacadh i mbosca gainimh atá ann cheana, a mhéid a chuirfidh an rannpháirtíocht sin leibhéal coibhéiseach cumhdaigh náisiúnta ar fáil i gcomhair na mBallstát rannpháirteach.
Arna iarraidh sin do sholáthraí an chórais intleachta saorga nó do sholáthraí ionchasach an chórais intleachta saorga, soláthróidh an t-údarás inniúil cruthúnas i scríbhinn ar na gníomhaíochtaí a rinneadh sa bhosca gainimh agus ar éirigh leo. Cuirfidh an t-údarás inniúil tuarascáil imeachta ar fáil freisin ina sonrófar na gníomhaíochtaí a rinneadh sa bhosca gainimh agus na torthaí gaolmhara agus na torthaí foghlama. Féadfaidh soláthraithe an doiciméadacht sin a úsáid chun a léiriú go gcomhlíonann siad an Rialachán seo tríd an bpróiseas um measúnú comhréireachta nó trí ghníomhaíochtaí faireachais margaidh ábhartha. I ndáil leis sin, déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh agus na comhlachtaí faoina dtugtar fógra na tuarascálacha imeachta agus an cruthúnas i scríbhinn arna soláthar ag an údarás inniúil náisiúnta a chur san áireamh go dearfach d’fhonn dlús réasúnach a chur leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta.
Beidh sé d’aidhm ag bunú boscaí gainimh rialála intleachta saorga rannchuidiú a dhéanamh leis na cuspóirí seo a leanas:
feabhas a chur ar dheimhneacht dhlíthiúil chun comhlíonadh rialála an Rialacháin seo a bhaint amach nó, i gcás inarb ábhartha, comhlíonadh dlí eile de chuid an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme;
tacú le comhroinnt dea-chleachtas trí chomhar leis na húdaráis a bhfuil baint acu leis an mbosca gainimh rialála intleachta saorga;
nuálaíocht agus iomaíochas a chothú agus forbairt éiceachórais intleachta saorga a éascú;
cur le foghlaim rialála bunaithe ar fhianaise;
rochtain ar mhargadh an Aontais a éascú i gcomhair córais intleachta saorga agus dlús a chur léi, go háirithe nuair a sholáthraíonn FBManna, gnólachtaí nuathionscanta san áireamh, iad.
Airteagal 58
Socruithe mionsonraithe le haghaidh boscaí gainimh rialála intleachta saorga agus feidhmiú boscaí gainimh rialála intleachta saorga
Chun ilroinnt ar fud an Aontais a sheachaint, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na socruithe mionsonraithe chun na boscaí gainimh rialála intleachta saorga a bhunú, a fhorbairt, a chur chun feidhme, a oibriú agus a mhaoirsiú. Sna gníomhartha cur chun feidhme, áireofar na prionsabail choiteanna maidir leis na saincheisteanna seo a leanas:
na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin don rannpháirtíocht sa bhosca gainimh rialála intleachta saorga;
na nósanna imeachta maidir leis an mbosca gainimh rialála intleachta saorga a chur i bhfeidhm, rannpháirtíocht inti, faireachán uirthi, imeacht uaithi agus í a fhoirceannadh, lena n-áirítear plean bosca gainimh agus an tuarascáil imeachta;
na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme maidir leis na rannpháirtithe.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).
Leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, áiritheofar an méid seo a leanas:
tá boscaí gainimh rialála intleachta saorga oscailte d’aon soláthraí nó soláthraí ionchasach córais intleachta saorga a chomhlíonann na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin a bheidh cothrom trédhearcach, agus cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta iarratasóirí ar an eolas faoina gcinneadh laistigh de thrí mhí ón iarratas;
le boscaí gainimh rialála intleachta saorga, ceadófar rochtain leathan chomhionann agus coinneofar suas leis an éileamh ar rannpháirtíocht; féadfaidh soláthraithe agus soláthraithe ionchasacha iarratais a chur isteach freisin i gcomhpháirtíocht le húsáideoirí gairmiúla agus le haon tríú páirtithe ábhartha eile;
na socruithe mionsonraithe le haghaidh boscaí gainimh rialála intleachta saorga agus na coinníollacha a bhaineann leo, a mhéid is féidir, tacaíonn siad le solúbthacht d’údaráis inniúla náisiúnta chun a mboscaí gainimh rialála intleachta saorga a bhunú agus a oibriú;
beidh an rochtain ar na boscaí gainimh rialála intleachta saorga saor in aisce do FBManna, gnólachtaí nuathionscanta san áireamh, gan dochar do na costais eisceachtúla a d’fhéadfadh na húdaráis inniúla náisiúnta a ghnóthú ar bhealach cothrom comhréireach;
éascaíonn siad soláthraithe agus soláthraithe ionchasacha, trí bhíthin thorthaí foghlama na mboscaí gainimh rialála intleachta saorga, agus na hoibleagáidí um measúnú comhréireachta faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh acu agus cur i bhfeidhm deonach na gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 95;
déanfaidh boscaí gainimh rialála intleachta saorga rannpháirtíocht gníomhaithe ábhartha eile san éiceachóras intleachta saorga a éascú, amhail comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus eagraíochtaí um chaighdeánú, FBManna lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, fiontair, nuálaithe, saoráidí tástála agus turgnamhaíochta, saotharlanna taighde agus turgnamhaíochta agus moil Eorpacha maidir leis an nuálaíocht dhigiteach, ionaid barr feabhais, taighdeoirí aonair, chun comhar leis an earnáil phoiblí agus phríobháideach a cheadú agus a éascú;
beidh nósanna imeachta, próisis agus ceanglais riaracháin maidir le cur i bhfeidhm, roghnú, rannpháirtíocht agus imeacht as an mbosca gainimh rialála intleachta saorga simplí, sothuigthe agus curtha in iúl go soiléir chun rannpháirtíocht FBManna, gnólachtaí nuathionscanta san áireamh, a bhfuil acmhainneachtaí teoranta dlíthiúla agus riaracháin acu a éascú agus déanfar iad a chuíchóiriú ar fud an Aontais, chun ilroinnt a sheachaint agus beidh rannpháirtíocht i mbosca gainimh rialála intleachta saorga a bhunaíonn Ballstát nó an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí aitheanta go frithpháirteach agus go haonfhoirmeach agus beidh na héifeachtaí dlíthiúla céanna aici ar fud an Aontais;
beidh rannpháirtíocht sa bhosca gainimh rialála intleachta saorga teoranta do thréimhse atá iomchuí do chastacht agus méid an tionscadail, a d’fhéadfadh an t-údarás inniúil náisiúnta síneadh a chur leis;
éascóidh na boscaí gainimh rialála intleachta saorga an fhorbairt ar uirlisí agus bonneagair lena ndéantar tástáil, tagarmharcáil agus measúnú ar ghnéithe de chórais intleachta saorga atá ábhartha d’fhoghlaim rialála, amhail cruinneas, stóinseacht agus cibearshlándáil chomh maith le bearta chun rioscaí do chearta bunúsacha agus don tsochaí i gcoitinne a mhaolú, agus lena dtugtar míniú ina leith.
Airteagal 59
Próiseáil bhreise ar shonraí pearsanta chun córais intleachta saorga áirithe a fhorbairt chun leas an phobail sa bhosca gainimh rialála intleachta saorga
I mbosca gainimh rialála intleachta saorga, sonraí pearsanta a bhailítear go dleathach chun críoch eile, ní fhéadfar iad a phróiseáil i mbosca gainimh rialála intleachta saorga ach amháin chun córais intleachta saorga áirithe a fhorbairt, a oiliúint agus a thástáil sa bhosca gainimh i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
déanfaidh údarás poiblí nó duine nádúrtha nó dlítheanach eile na córais intleachta saorga a fhorbairt chun leas poiblí substaintiúil a chosaint i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:
an tsábháilteacht phoiblí agus an tsláinte phoiblí, lena n-áirítear galar a bhrath, a dhiagnóisiú, a chosc, a rialú agus a chóireáil agus córais cúraim sláinte a fheabhsú;
ardleibhéal cosanta agus feabhsaithe ar cháilíocht an chomhshaoil, cosaint na bithéagsúlachta, cosaint ar thruailliú, bearta maidir leis an aistriú glas, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin;
inbhuanaitheacht fuinnimh;
sábháilteacht agus athléimneacht na gcóras iompair agus na soghluaisteachta, an bhonneagair chriticiúil agus na ngréasán;
éifeachtúlacht agus cáilíocht an riaracháin phoiblí agus na seirbhísí poiblí;
tá na sonraí a phróiseáiltear riachtanach chun ceann amháin nó níos mó de na ceanglais dá dtagraítear i Roinn 2 de Chaibidil III a chomhlíonadh i gcás nach féidir na ceanglais sin a chomhlíonadh go héifeachtach trí shonraí anaithnide, sintéiseacha nó neamhphearsanta eile a phróiseáil;
tá sásraí faireacháin éifeachtacha ann chun a aithint an bhféadfadh aon ardriosca do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2018/1725, teacht chun cinn le linn thástáil an bhosca gainimh, agus tá sásraí freagartha ann chun na rioscaí sin a mhaolú go pras agus, i gcás inar gá, deireadh a chur leis an bpróiseáil;
aon sonraí pearsanta atá le próiseáil i gcomhthéacs an bhosca gainimh, tá siad i dtimpeallacht próiseála sonraí atá scartha ó thaobh feidhme, leithlisithe agus cosanta, ar timpeallacht í atá faoi rialú an tsoláthraí ionchasaigh agus níl rochtain ach ag daoine údaraithe ar na sonraí sin;
ní féidir le soláthraithe na sonraí a bailíodh ar dtús a chomhroinnt a thuilleadh ach amháin i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí; ní féidir aon sonraí pearsanta a chruthaítear sa bhosca gainimh a chomhroinnt lasmuigh den bhosca gainimh;
níl bearta ná cinntí a dhéanann difear do na hábhair sonraí mar thoradh ar aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta i gcomhthéacs an bhosca gainimhná ní dhéanann an phróiseáil sin difear do chur i bhfeidhm a gceart a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta;
aon sonraí pearsanta a phróiseáiltear i gcomhthéacs an bhosca gainimh, beidh siad cosanta trí bhíthin bearta teicniúla agus eagrúcháin iomchuí agus scriosfar iad nuair a bheidh deireadh leis an rannpháirtíocht sa bhosca gainimh nó nuair a bheidh deireadh le tréimhse choinneála na sonraí pearsanta;
coinnítear logaí phróiseáil na sonraí pearsanta i gcomhthéacs an bhosca gainimh ar feadh thréimhse na rannpháirtíochta sa bhosca gainimh, mura bhforáiltear a mhalairt le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta;
coinneofar i dteannta a chéile tuairisc iomlán mhionsonraithe ar an bpróiseas agus an bunús le hoiliúint, tástáil agus bailíochtú an chórais intleachta saorga agus torthaí na tástála mar chuid den doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV;
foilseofar ar shuíomh gréasáin na n-údarás inniúil achoimre ghearr ar an tionscadal intleachta saorga a forbraíodh sa bhosca gainimh, a chuspóirí agus na torthaí a bhfuiltear ag súil leo; ní chumhdófar, leis an oibleagáid seo sonraí oibríochtúla íogaire maidir le gníomhaíochtaí na n-údarás forfheidhmithe dlí, rialaithe teorann, inimirce nó tearmainn.
Airteagal 60
Córais intleachta saorga ardriosca a thástáil i bhfíordhálaí lasmuigh de bhoscaí gainimh rialála intleachta saorga
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, gnéithe mionsonraithe an phlean chun tástáil a dhéanamh i bhfíordhálaí a shonrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).
Beidh an mhír seo gan dochar do dhlí an Aontais nó don dlí náisiúnta maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bhaineann le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a thástáil i bhfíordhálaí.
Ní fhéadfaidh soláthraithe nó soláthraithe ionchasacha an tástáil a dhéanamh i bhfíordhálaí ach amháin i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
tá plean tástála i bhfíordhálaí tarraingthe suas ag an soláthraí nó ag an soláthraí ionchasach agus é curtha faoi bhráid an údaráis faireachais margaidh sa Bhallstát ina bhfuil an tástáil i bhfíordhálaí le déanamh;
tá an tástáil i bhfíordhálaí agus plean na tástála i bhfíordhálaí formheasta ag an údarás faireachais margaidh sa Bhallstát ina bhfuil an tástáil le déanamh i bhfíordhálaí; i gcás nár thug an t-údarás faireachais margaidh freagra laistigh de 30 lá, tuigfear go bhfuil an tástáil i bhfíordhálaí agus plean na tástála i bhfíordhálaí formheasta; i gcás nach ndéantar foráil sa dlí náisiúnta maidir le formheas intuigthe, leanfaidh an tástáil i bhfíordhálaí de bheith faoi réir údaraithe;
chláraigh an soláthraí nó an soláthraí ionchasach, cé is moite de sholáthraithe nó soláthraithe ionchasacha córas intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointí 1, 6 agus 7 d’Iarscríbhinn III i réimsí fhorfheidhmiú an dlí, na himirce, an bhainistithe tearmainn agus an bhainistithe rialaithe teorann, agus na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III an tástáil i bhfíordhálaí i gcomhréir le hAirteagal 71(4) le huimhir aitheantais uathúil aonair uile-Aontais agus leis an bhfaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IX; chláraigh soláthraí nó soláthraí ionchasach na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointí 1, 6 agus 7 d’Iarscríbhinn III i réimsí fhorfheidhmiú an dlí, na himirce, an tearmainn agus an bhainistithe rialaithe teorann, an tástáil i bhfíordhálaí sa roinn shlán neamhphoiblí de bhunachar sonraí an Aontais de réir Airteagal 49(4), pointe (d), le huimhir aitheantais uathúil aonair uile-Aontais agus leis an bhfaisnéis a shonraítear ann; gur chláraigh soláthraí nó soláthraí ionchasach na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III an tástáil i bhfíordhálaí i gcomhréir le hAirteagal 49(5);
tá an soláthraí nó an soláthraí ionchasach atá ag déanamh na tástála i bhfíordhálaí bunaithe san Aontas nó tá ionadaí dlíthiúil ceaptha aige atá bunaithe san Aontas;
ní dhéanfar sonraí a bhailítear agus a phróiseáiltear chun críche tástála i bhfíordhálaí a aistriú chuig tríú tíortha ach amháin ar choinníoll go gcuirfear coimircí iomchuí is infheidhme faoi dhlí an Aontais chun feidhme;
ní mhaireann an tástáil i bhfíordhálaí níos faide ná mar is gá chun a cuspóirí a bhaint amach, agus in aon chás ní mhairfidh sí níos faide ná 6 mhí, a fhéadfar a fhadú ar feadh tréimhse bhreise 6 mhí, faoi réir fógra a fháil roimh ré ón soláthraí nó soláthraí ionchasach don údarás faireachais margaidh, mar aon le míniú ar an ngá atá leis an bhfadú sin;
tabharfar cosaint iomchuí do dhaoine is ábhar don tástáil i bhfíordhálaí ar daoine ar de ghrúpaí leochaileacha iad mar gheall ar a n-aois nó a míchumas;
i gcás ina n-eagraíonn soláthraí nó soláthraí ionchasach an tástáil i bhfíordhálaí i gcomhar le húsáideoir gairmiúil ionchasach amháin nó níos mó úsáideoirí gairmiúla ionchasacha, cuireadh an t-úsáideoir gairmiúil ionchasach sin nó na húsáideoirí ionchasacha sin ar an eolas faoi gach gné den tástáil atá ábhartha dá gcinneadh a bheith rannpháirteach, agus tugadh na treoracha úsáide ábhartha dóibh chun an córas intleachta saorga a úsáid dá dtagraítear in Airteagal 13; tabharfaidh an soláthraí nó an soláthraí ionchasach agus an t-úsáideoir gairmiúil nó úsáideoir gairmiúil ionchasach comhaontú i gcrích ina sonrófar a róil agus a bhfreagrachtaí d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar na forálacha maidir le tástáil i bhfíordhálaí faoin Rialachán seo agus faoi dhlí infheidhme eile de chuid an Aontais agus de chuid na mBallstát;
tá toiliú feasach tugtha ag na daoine is ábhar don tástáil i bhfíordhálaí i gcomhréir le hAirteagal 61, nó i gcás fhorfheidhmiú an dlí, i gcás ina gcuirfeadh lorg toiliú feasach cosc ar thástáil an chórais intleachta saorga, ní bheidh aon éifeacht dhiúltach ag an tástáil féin ná ag toradh na tástála sna fíordhálaí ar na daoine is ábhar, agus scriosfar a sonraí pearsanta tar éis don tástáil a bheith déanta;
déanann an soláthraí nó an soláthraí ionchasach, mar aon le húsáideoirí gairmiúla nó úsáideoirí gairmiúla ionchasacha, maoirseacht éifeachtach ar an tástáil i bhfíordhálaí trí dhaoine atá cáilithe go cuí sa réimse ábhartha agus a bhfuil an acmhainneacht, an oiliúint agus an t-údarás is gá acu chun a gcúraimí a dhéanamh;
an méid a dhéanann an córas intleachta saorga a thuar, a mholadh nó a chinneadh, is féir é sin a aisiompú go héifeachtach agus neamhaird a thabhairt air.
Airteagal 61
Toiliú feasach lena bheith rannpháirteach i dtástáil i bhfíordhálaí lasmuigh de bhoscaí gainimh rialála intleachta saorga
Chun críche tástála i bhfíordhálaí faoi Airteagal 60, gheofar toiliú feasach arna thabhairt faoi shaoirse ó na daoine is ábhar don tástáil sula nglacfaidh siad páirt sa tástáil sin agus tar éis dóibh a bheith curtha ar an eolas go cuí le faisnéis bheacht, shoiléir, ábhartha agus intuigthe maidir leis an méid seo a leanas:
cineál agus cuspóirí na tástála i bhfíordhálaí agus an mhíchaoithiúlacht a d’fhéadfadh a bheith bainteach lena rannpháirtíocht;
na dálaí ina ndéanfar an tástáil i bhfíordhálaí, lena n-áirítear cé chomh fada a mheastar go mbeidh an duine nó na daoine is ábhar rannpháirteach inti;
a gcearta, agus na ráthaíochtaí maidir lena rannpháirtíocht, go háirithe maidir lena gceart diúltú lena bheith rannpháirteach agus an ceart tarraingt siar ón tástáil i bhfíordhálaí ag tráth ar bith gan dochar agus gan gá le húdar a thabhairt;
na socruithe chun a iarraidh go n-aisiompófaí an méid a dhéanann an córas intleachta saorga a thuar, a mholadh nó a chinneadh nó go ndéanfaí neamhaird de;
uimhir aitheantais aonair uathúil uile-Aontais na tástála i bhfíordhálaí i gcomhréir le hAirteagal 60(4) pointe (c) agus sonraí teagmhála an tsoláthraí nó a ionadaí dlíthiúil ónar féidir tuilleadh faisnéise a fháil.
Airteagal 62
Bearta do sholáthraithe agus d’úsáideoirí gairmiúla, go háirithe FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta
Déanfaidh na Ballstáit na bearta seo a leanas:
rochtain tosaíochta ar bhoscaí gainimh rialála intleachta saorga a sholáthar do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, a bhfuil oifig chláraithe nó brainse acu san Aontas, a mhéid a chomhlíonann siad na coinníollacha incháilitheachta agus na critéir roghnúcháin; ní chuirfidh an rochtain tosaíochta bac ar FBManna eile, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta seachas iad siúd dá dtagraítear sa mhír seo, rochtain a fháil ar bhosca gainimh rialála intleachta saorga, ar choinníoll go gcomhlíonann siad freisin na coinníollacha incháilitheachta agus na critéir roghnúcháin;
gníomhaíochtaí sonracha ardaithe feasachta agus oiliúna a eagrú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus iad curtha in oiriúint do riachtanais na FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, úsáideoirí gairmiúla, agus, de réir mar is iomchuí, údaráis phoiblí áitiúla;
bealaí tiomnaithe atá ann cheana a úsáid agus, i gcás inarb iomchuí, cinn nua a bhunú le haghaidh cumarsáid le FBManna lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, úsáideoirí gairmiúla, nuálaithe eile agus, de réir mar is iomchuí, údaráis phoiblí áitiúla chun comhairle a chur ar fáil agus freagra a thabhairt ar fhiosrúcháin maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht i mboscaí gainimh rialála intleachta saorga;
rannpháirtíocht FBManna agus geallsealbhóirí ábhartha eile sa phróiseas forbartha um chaighdeánú a éascú.
Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga na gníomhaíochtaí seo a leanas:
teimpléid chaighdeánaithe a sholáthar le haghaidh réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, mar a shonróidh an Bord ina iarraidh;
ardán faisnéise aonair a fhorbairt agus a chothabháil lena soláthrófar faisnéis atá éasca le húsáid i ndáil leis an Rialachán seo do gach oibreoir ar fud an Aontais;
feachtais chumarsáide iomchuí a eagrú chun feasacht a mhúscailt maidir leis na hoibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo;
cóineasú na ndea-chleachtas i nósanna imeachta soláthair phoiblí i ndáil le córais intleachta saorga a mheas agus a chur chun cinn.
Airteagal 63
Maoluithe d’oibreoirí sonracha
CAIBIDIL VII
RIALACHAS
ROINN 1
Rialachas ar leibhéal an Aontais
Airteagal 64
Oifig um Intleacht Shaorga
Airteagal 65
An Bord Eorpach um an Intleacht Shaorga a bhunú agus struchtúr an Bhoird sin
Áiritheoidh na Ballstáit i ndáil lena n-ionadaí ar an mBord an méid seo a leanas:
go mbeidh na hinniúlachtaí agus na cumhachtaí ábhartha acu ina mBallstát chun rannchuidiú ar bhealach gníomhach le baint amach chúraimí an bhoird dá dtagraítear in Airteagal 66;
go ndéanfar iad a ainmniú mar phointe teagmhála aonair vis-à-vis an Bord agus, i gcás inarb iomchuí, agus riachtanais na mBallstát á gcur san áireamh, mar phointe teagmhála aonair do gheallsealbhóirí;
go mbeidh sé de chumhacht acu an chomhsheasmhacht agus an comhordú a éascú idir na húdaráis inniúla náisiúnta ina mBallstát maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear trí shonraí agus faisnéis ábhartha a bhailiú chun a gcúraimí ar an mBord a chomhlíonadh.
Ba cheart don bhuan-fhoghrúpa um fhaireachas margaidh gníomhú mar an ngrúpa comhair riaracháin (ADCO) don Rialachán seo de réir bhrí Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2019/1020.
Féadfaidh an Bord buan-fhoghrúpaí nó foghrúpaí sealadacha eile a bhunú de réir mar is iomchuí chun scrúdú a dhéanamh ar cheisteanna sonracha. I gcás inarb iomchuí, féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe an fhóraim chomhairligh dá dtagraítear in Airteagal 67 chuig na foghrúpaí sin nó chuig cruinnithe sonracha de na foghrúpaí sin mar bhreathnóirí.
Airteagal 66
Cúraimí an Bhoird
Tabharfaidh an Bord comhairle agus cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus éifeachtach an Rialacháin seo a éascú. Chuige sin, féadfaidh an Bord go háirithe:
rannchuidiú leis an gcomhordú i measc na n-údarás inniúil náisiúnta atá freagrach as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus, i gcomhar leis na húdaráis faireachais margaidh lena mbaineann agus faoina réir, tacú le gníomhaíochtaí comhpháirteacha na n-údarás faireachais margaidh dá dtagraítear in Airteagal 74(11);
saineolas agus dea-chleachtais theicniúla agus rialála a bhailiú agus a chomhroinnt leis na Ballstáit;
comhairle a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, go háirithe a mhéid a bhaineann le rialacha a fhorfheidhmiú maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha;
rannchuidiú le comhchuibhiú cleachtas riaracháin sna Ballstáit, lena n-áirítear maidir leis an maolú ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 46, feidhmiú na mboscaí gainimh rialála intleachta saorga agus na tástála i bhfíordhálaí dá dtagraítear in Airteagail 57, 59 agus 60;
arna iarraidh sin don Choimisiún nó ar a thionscnamh féin, moltaí agus tuairimí i scríbhinn a eisiúint maidir le haon ábhair ábhartha a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus lena chur i bhfeidhm comhsheasmhach, éifeachtach, lena n-áirítear:
maidir le cóid iompair agus cóid chleachtais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm de bhun an Rialacháin seo, chomh maith le treoirlínte an Choimisiúin;
meastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo de bhun Airteagal 112, lena n-áirítear maidir leis na tuarascálacha ar theagmhais thromchúiseacha dá dtagraítear in Airteagal 73, agus feidhmiú bhunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 71, na gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a ullmhú, agus a mhéid a bhaineann le hailíniú féideartha an Rialacháin seo le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I;
maidir le sonraíochtaí teicniúla nó caighdeáin atá ann faoi láthair i ndáil leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2;
maidir le caighdeáin chomhchuibhithe nó sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagail 40 agus 41 a úsáid;
treochtaí, amhail iomaíochas domhanda na hEorpa san intleacht shaorga, glacadh na hintleachta saorga san Aontas, agus forbairt scileanna digiteacha;
treochtaí maidir le tíopeolaíocht athraitheach shlabhraí luacha na hintleachta saorga, go háirithe maidir leis na himpleachtaí a eascraíonn as sin i dtéarmaí cuntasachta;
maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann Iarscríbhinn III a leasú i gcomhréir le hAirteagal 7, agus maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann athbhreithniú a dhéanamh ar Airteagal 5 de bhun Airteagal 112, agus an fhianaise ábhartha atá ar fáil agus na forbairtí is déanaí sa teicneolaíocht á gcur san áireamh;
tacú leis an gCoimisiún litearthacht intleachta saorga, feasacht phoiblí agus tuiscint ar na tairbhí, na rioscaí, na coimircí agus na cearta agus na hoibleagáidí i ndáil le húsáid córas intleachta saorga a chur chun cinn;
an fhorbairt ar chritéir chomhchoiteanna agus comhthuiscint idir oibreoirí margaidh agus údaráis inniúla ar na coincheapa ábhartha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a éascú, lena n-áirítear trí rannchuidiú le forbairt tagarmharcanna;
comhoibriú, de réir mar is iomchuí, le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, chomh maith le grúpaí saineolaithe agus líonraí ábhartha de chuid an Aontais, go háirithe i réimsí na sábháilteachta táirgí, na cibearshlándála, na hiomaíochta, na seirbhísí digiteacha agus na meán, na seirbhísí airgeadais, na cosanta tomhaltóirí, na cosanta sonraí agus na gceart bunúsach;
rannchuidiú leis an gcomhar éifeachtach le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta;
cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla náisiúnta agus don Choimisiún an saineolas eagraíochtúil agus teicniúil is gá a fhorbairt chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí rannchuidiú le measúnú a dhéanamh ar riachtanais oiliúna do bhaill foirne na mBallstát atá bainteach le cur chun feidhme an Rialacháin seo;
cúnamh a thabhairt don Oifig um Intleacht Shaorga tacú le húdaráis inniúla náisiúnta chun boscaí gainimh rialála intleachta saorga a bhunú agus a fhorbairt, agus comhar agus comhroinnt faisnéise a éascú i measc boscaí gainimh rialála intleachta saorga;
rannchuidiú le treoirdhoiciméid a fhorbairt agus comhairle ábhartha a chur ar fáil ina leith;
comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le hábhair idirnáisiúnta a bhaineann leis an intleacht shaorga;
tuairimí a chur ar fáil don Choimisiún maidir leis na foláirimh cháilithe i ndáil le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha;
tuairimí a fháil ó na Ballstáit maidir le foláirimh cháilithe maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, agus maidir le taithí agus cleachtais náisiúnta i ndáil le faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar chórais intleachta saorga, go háirithe córais lena gcomhtháthaítear samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha.
Airteagal 67
Fóram comhairleach
Airteagal 68
Painéal eolaíoch saineolaithe neamhspleácha
Ar an bpainéal eolaíoch, beidh saineolaithe arna roghnú ag an gCoimisiún ar bhonn saineolas eolaíoch nó teicniúil atá cothrom le dáta i réimse na hintleachta saorga atá riachtanach le haghaidh na gcúraimí a leagtar amach i mír 3, agus beidh sé in ann a léiriú go gcomhlíonann sé na coinníollacha uile seo a leanas:
saineolas agus inniúlacht ar leith agus saineolas eolaíoch nó teicniúil a bheith acu i réimse na hintleachta saorga;
neamhspleáchas ar aon soláthraí córas intleachta saorga nó samhlacha intleachta saorga ilchuspóireach;
an cumas gníomhaíochtaí a dhéanamh go dícheallach, go cruinn agus go hoibiachtúil.
Cinnfidh an Coimisiún, i gcomhairle leis an mBord, líon na saineolaithe ar an bpainéal i gcomhréir leis na riachtanais is gá agus áiritheoidh sé ionadaíocht chothrom inscne agus gheografach.
Tabharfaidh an painéal eolaíoch comhairle agus tacaíocht don Oifig um Intleacht Shaorga, go háirithe maidir leis na cúraimí seo a leanas:
tacú le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le samhlacha agus córais intleachta saorga ilchuspóireacha, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
foláireamh a thabhairt don Oifig um Intleacht Shaorga faoi rioscaí sistéamacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar leibhéal an Aontais maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, i gcomhréir le hAirteagal 90;
rannchuidiú le huirlisí agus modheolaíochtaí a fhorbairt chun meastóireacht a dhéanamh ar chumais samhlacha agus córas intleachta saorga ilchuspóireach, lena n-áirítear trí thagarmharcanna;
comhairle a sholáthar maidir le haicmiú samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil riosca sistéamach ag baint leo;
comhairle a thabhairt maidir le haicmiú samhlacha agus córas intleachta saorga ilchuspóireach;
rannchuidiú le huirlisí agus teimpléid a fhorbairt;
tacú le hobair na n-údarás faireachais margaidh, arna iarraidh sin dóibh;
tacú le gníomhaíochtaí faireachais margaidh trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 74(11), gan dochar do chumhachtaí na n-údarás faireachais margaidh;
tacú leis an Oifig um Intleacht Shaorga agus a dualgais á gcomhlíonadh aici i gcomhthéacs nós imeachta cosanta an Aontais de bhun Airteagal 81.
Airteagal 69
Rochtain ar an díorma saineolaithe do na Ballstáit
ROINN 2
Údaráis inniúla náisiúnta
Airteagal 70
Ainmniú na n-údarás inniúil náisiúnta agus pointí teagmhála aonair
CAIBIDIL VIII
BUNACHAR SONRAÍ AN AONTAIS LE HAGHAIDH CÓRAIS INTLEACHTA SAORGA ARDRIOSCA
Airteagal 71
Bunachar sonraí an Aontais le haghaidh na gcóras intleachta saorga ardriosca a liostaítear in Iarscríbhinn III
CAIBIDIL IX
FAIREACHÁN IARMHARGAIDH, COMHROINNT FAISNÉISE AGUS FAIREACHAS MARGAIDH
ROINN 1
Faireachán iarmhargaidh
Airteagal 72
Faireachán iarmhargaidh arna dhéanamh ag soláthraithe agus plean faireacháin iarmhargaidh le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca
Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo freisin maidir le córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 5 d’Iarscríbhinn III a chuireann institiúidí airgeadais ar an margadh nó i mbun seirbhíse agus atá faoi réir ceanglais faoi dhlí seirbhísí airgeadais an Aontais maidir lena rialachas, a socruithe nó a bpróisis inmheánacha.
ROINN 2
Faisnéis a chomhroinnt faoi theagmhais thromchúiseacha
Airteagal 73
Teagmhais thromchúiseacha a thuairisciú
Cuirfear tromchúis an teagmhais thromchúisigh san áireamh sa tréimhse chun an tuairisciú dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh.
Comhoibreoidh an soláthraí leis na húdaráis inniúla agus i gcás inarb ábhartha leis an gcomhlacht faoina dtugtar fógra lena mbaineann, le linn na n-imscrúduithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus ní dhéanfaidh sé aon imscrúdú ina n-athrófar an córas intleachta saorga lena mbaineann ar bhealach a mbeadh tionchar aige ar mheastóireacht ar bith a dhéanfaí ina dhiaidh sin maidir le cúiseanna an teagmhais, sula gcuirfidh sé na húdaráis inniúla ar an eolas faoin mbeart.
ROINN 3
Forfheidhmiú
Airteagal 74
Faireachas margaidh agus rialú córas intleachta saorga i margadh an Aontais
Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le córais intleachta saorga a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go héifeachtach:
aon tagairt d’oibreoir eacnamaíoch faoi Rialachán (AE) 2019/1020, tuigfear go gcuimsíonn sí na hoibreoirí uile a shainaithnítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo;
aon tagairt do tháirge faoi Rialachán (AE) 2019/1020, tuigfear go gcuimsíonn sí gach córas intleachta saorga a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, agus in imthosca iomchuí, féadfaidh na Ballstáit údarás ábhartha eile a ainmniú chun gníomhú mar údarás faireachais margaidh, ar choinníoll go n-áiritheoidh siad comhordú leis na húdaráis faireachais margaidh earnálacha ábhartha atá freagrach as forfheidhmiú na ngníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn I.
Údaráis náisiúnta faireachais margaidh a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa rialáilte arna rialáil faoi Threoir 2013/36/AE, atá rannpháirteach sa Sásra Maoirseachta Aonair (SMA) arna bhunú le Rialachán Uimh. 1024/2013, ba cheart dóibh tuairisciú, gan mhoill, don Bhanc Ceannais Eorpach aon fhaisnéis a shainaithnítear le linn a ngníomhaíochtaí faireachais margaidh a d’fhéadfadh a bheith ina díol spéise do chúraimí maoirseachta stuamachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh mar a shonraítear sa Rialachán sin.
Tabharfar rochtain d’údaráis faireachais margaidh ar chód foinseach an chórais intleachta saorga ardriosca ar iarraidh réasúnaithe agus ní thabharfar an rochtain sin dóibh ach amháin nuair a chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
tá gá le rochtain ar chód foinseach chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an chórais intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2; agus,
ídíodh na nósanna imeachta tástála nó iniúchóireachta agus na fíoruithe ar fad bunaithe ar na sonraí agus an doiciméadacht arna soláthar ag an soláthraí nó léiríodh nár leor iad.
Airteagal 75
Cúnamh frithpháirteach, faireachas margaidh agus córais intleachta saorga ilchuspóireacha a rialú
Airteagal 76
Maoirseacht arna déanamh ag na húdaráis faireachais margaidh ar thástáil i bhfíordhálaí
I gcás inar chuir an soláthraí ionchasach, an soláthraí nó aon tríú páirtí an t-údarás faireachais margaidh ar an eolas faoi theagmhas tromchúiseach nó i gcás ina mbeidh forais eile aige lena mheas nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 60 agus 61, féadfaidh sé ceachtar den dá chinneadh seo a leanas a dhéanamh ar a chríoch, de réir mar is iomchuí:
an tástáil i bhfíordhálaí a chur ar fionraí nó deireadh a chur léi;
a cheangal ar an soláthraí nó ar an soláthraí ionchasach agus ar an úsáideoir gairmiúil nó úsáideoir gairmiúil ionchasach aon ghné den tástáil a mhodhnú i bhfíordhálaí.
Airteagal 77
Cumhachtaí na n-údarás a chosnaíonn cearta bunúsacha
Airteagal 78
Rúndacht
Urramóidh an Coimisiún, údaráis faireachais margaidh agus comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a bhfuil baint aige le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, rúndacht na faisnéise agus na sonraí arna bhfáil i mbun cúraimí agus gníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach ina ndéanfar an méid seo a leanas a chosaint go háirithe:
cearta maoine intleachtúla, agus faisnéis rúnda ghnó nó rúin trádála duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh, lena n-áirítear cód foinseach, seachas sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );
cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo, go háirithe chun críoch cigireachtaí, imscrúduithe nó iniúchtaí;
leas an phobail agus leasanna slándála náisiúnta;
seoladh imeachtaí coiriúla nó riaracháin;
faisnéis a aicmítear de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta.
Maidir le húdaráis forfheidhmithe dlí, inimirce agus tearmainn, i gcás inar soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca iad dá dtagraítear i bpointí 1, 6 nó 7 d’Iarscríbhinn III, fanfaidh an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV laistigh d’áitreabh na n-údarás sin. Áiritheoidh na húdaráis sin gur féidir leis na húdaráis faireachais margaidh dá dtagraítear in Airteagal 74(8) agus (9), de réir mar is infheidhme, rochtain a fháil ar an doiciméadacht láithreach, arna iarraidh sin dóibh, nó cóip di a fháil. Ní cheadófar ach d’fhoireann an údaráis faireachais margaidh a bhfuil an leibhéal iomchuí imréitigh slándála acu rochtain a fháil ar an doiciméadacht sin nó ar aon chóip di.
Airteagal 79
Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil le córais intleachta saorga lena mbaineann riosca
Más rud é, agus an measúnú sin á dhéanamh, go gcinnfidh an t-údarás faireachais margaidh, nó, i gcás inarb infheidhme, an t-údarás faireachais margaidh i gcomhar leis an údarás poiblí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 77(1), nach gcomhlíonann an córas intleachta saorga na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, ceanglóidh sé, gan moill mhíchuí, ar an oibreoir ábhartha gach beart ceartaitheach iomchuí a dhéanamh chun an córas intleachta saorga a thabhairt chun comhréireachta, an córas intleachta saorga a aistarraingt ón margadh, nó é a aisghairm laistigh de thréimhse a fhéadfaidh an t-údarás faireachais magaidh a fhorordú, agus in aon chás laistigh de 15 lá oibre, nó de réir mar a fhoráiltear i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais.
Cuirfidh an t-údarás faireachais margaidh an comhlacht ábhartha faoina dtugtar fógra ar an eolas dá réir sin. Beidh feidhm ag Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1020 maidir leis na bearta dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo.
San fhógra dá dtagraítear i mír 5 beidh na mionsonraí uile atá ar fáil, go háirithe an fhaisnéis is gá chun an córas intleachta saorga neamhchomhlíontach a shainaithint, áit tionscnaimh an chórais intleachta saorga, an cineál neamhchomhlíontachta agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a rinne an t-oibreoir ábhartha. Tabharfaidh na húdaráis faireachais margaidh le fios go háirithe ar tharla an neamhchomhlíonadh i ngeall ar aon cheann nó níos mó de na nithe seo a leanas:
neamhchomhlíonadh an toirmisc ar na cleachtais intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 5;
nár chomhlíon córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2;
go raibh easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe nó sna sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagail 40 agus 41 lena mbronntar toimhde comhréireachta;
neamhchomhlíonadh Airteagal 50.
Airteagal 80
Nós imeachta chun déileáil le córais intleachta saorga atá aicmithe ag an soláthraí mar chóras nach mbaineann ardriosca leis agus Iarscríbhinn III á cur i bhfeidhm
Airteagal 81
Nós imeachta coimirce an Aontais
Airteagal 82
Córais intleachta saorga chomhlíontacha lena mbaineann riosca
Airteagal 83
Neamhchomhlíonadh foirmiúil
I gcás ina ndéanann údarás faireachais margaidh de chuid Ballstáit aon cheann de na cinntí seo a leanas, cuirfidh sé de cheangal ar an soláthraí ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann, laistigh de thréimhse a fhéadfaidh sé a fhorordú:
gur sárú é ar Airteagal 48 an mharcáil CE a ghreamú;
nár greamaíodh an mharcáil CE;
nár tarraingíodh suas an dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47;
nár tarraingíodh suas i gceart an dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47;
nach ndearnadh an clárú i mbunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 71;
i gcás inarb infheidhme, nár ceapadh aon ionadaí údaraithe;
nach bhfuil an doiciméadacht theicniúil ar fáil.
Airteagal 84
Struchtúir tacaíochta tástála intleachta saorga de chuid an Aontais
ROINN 4
Leigheasanna
Airteagal 85
Ceart chun gearán a thaisceadh le húdarás faireachais margaidh
Gan dochar do leigheasanna riaracháin nó breithiúnacha eile, aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil forais aige lena mheas gur sáraíodh forálacha an Rialacháin seo, féadfaidh sé gearáin a chur faoi bhráid an údaráis faireachais margaidh ábhartha.
I gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020, cuirfear na gearáin sin san áireamh chun críche gníomhaíochtaí faireachais margaidh a dhéanamh agus láimhseálfar iad i gcomhréir leis na nósanna imeachta tiomnaithe arna mbunú chuige sin ag na húdaráis faireachais margaidh.
Airteagal 86
Ceart chun míniú a fháil ar chinnteoireacht aonair
Airteagal 87
Sáruithe a thuairisciú agus daoine a dhéanann tuairisciú a chosaint
Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2019/1937 maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a thuairisciú agus maidir leis na daoine a thuairiscíonn sáruithe mar sin a chosaint.
ROINN 5
Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán maidir le soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha
Airteagal 88
Forfheidhmiú oibleagáidí sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha
Airteagal 89
Gníomhaíochtaí faireacháin
Beidh sé de cheart ag soláthraithe iartheachtacha gearán a thaisceadh ina líomhnaítear sárú ar an Rialachán seo. Beidh réasúnú cuí leis an ngearán agus léireofar an méid seo a leanas ar a laghad ann:
pointe teagmhála sholáthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí lena mbaineann;
tuairisc ar na fíorais ábhartha, forálacha ábhartha an Rialacháin seo, agus an chúis a measann an soláthraí iartheachtach gur sháraigh soláthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí lena mbaineann an Rialachán seo;
aon fhaisnéis eile a mheasann an soláthraí iartheachtach a sheol an iarraidh a bheith ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faisnéis arna bailiú ar a thionscnamh féin.
Airteagal 90
Foláirimh ón bpainéal eolaíoch maidir le rioscaí sistéamacha
Féadfaidh an painéal eolaíoch foláireamh cáilithe a thabhairt don Oifig um Intleacht Shaorga i gcás ina bhfuil cúis amhrais aige:
go mbaineann riosca nithiúil in-sainaitheanta ar leibhéal an Aontais le samhail intleachta saorga ilchuspóireach; nó,
go gcomhlíonann samhail intleachta saorga ilchuspóireach na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 51.
Beidh réasúnú cuí leis an bhfoláireamh cáilithe agus léireofar an méid seo a leanas ar a laghad ann:
pointe teagmhála sholáthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí lena mbaineann a bhfuil riosca sistéamach ag baint leis;
tuairisc ar na fíorais ábhartha agus ar na cúiseanna atá leis an bhfoláireamh ón bpainéal eolaíoch;
aon fhaisnéis eile a mheasann an painéal eolaíoch a bheith ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faisnéis arna bailiú ar a thionscnamh féin.
Airteagal 91
An chumhacht chun doiciméadacht agus faisnéis a iarraidh
Airteagal 92
An chumhacht chun meastóireachtaí a dhéanamh
Féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga, tar éis di dul i gcomhairle leis an mBord, meastóireachtaí a dhéanamh ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach lena mbaineann:
measúnú a dhéanamh ar na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh ag an soláthraí, i gcás nach leor an fhaisnéis a bhailítear de bhun Airteagal 91; nó,
imscrúdú a dhéanamh ar rioscaí sistéamacha ar leibhéal an Aontais a bheith ag baint le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha lena mbaineann riosca sistéamach, go háirithe tar éis foláireamh cáilithe a fháil ón bpainéal eolaíoch i gcomhréir le hAirteagal 90, pointe (a).
Airteagal 93
An chumhacht bearta a iarraidh
I gcás inar gá agus inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar sholáthraithe an méid seo a leanas a dhéanamh:
bearta iomchuí a dhéanamh chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 53 agus 54 a chomhlíonadh;
bearta maolaithe a chur chun feidhme, i gcás inar ann d’ábhar imní tromchúiseach agus réasúnaithe maidir le riosca sistéamach ar leibhéal an Aontais mar thoradh ar an meastóireacht a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 92;
an tsamhail a shrianadh óna cur ar fáil ar an margadh, í a tharraingt siar nó a aisghairm.
Airteagal 94
Cearta nós imeachta oibreoirí eacnamaíocha na samhla intleachta saorga ilchuspóirí
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le soláthraithe na samhla intleachta saorga ilchuspóirí, gan dochar do chearta nós imeachta níos sonraí dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
CAIBIDIL X
CÓID IOMPAIR AGUS TREOIRLÍNTE
Airteagal 95
Cóid iompair le haghaidh cur chun feidhme deonach ceanglas sonrach
Éascóidh an Oifig um Intleacht Shaorga agus na Ballstáit tarraingt suas cód iompair maidir le cur i bhfeidhm deonach, lena n-áirítear tarraingt suas cód iompair a bheith á cur i bhfeidhm ag úsáideoirí gairmiúla, ceanglas sonrach maidir le gach córas intleachta saorga, ar bhonn cuspóirí soiléire agus príomhtháscairí feidhmíochta chun baint amach na gcuspóirí sin a thomhas, lena n-áirítear na gnéithe seo a leanas, mar shampla, ach gan a bheith teoranta dóibh:
gnéithe is infheidhme dá bhforáiltear i dTreoirlínte Eitice an Aontais le haghaidh Intleacht Shaorga Iontaofa;
measúnú a dhéanamh ar thionchar córas intleachta saorga ar inbhuanaitheacht chomhshaoil agus é a íoslaghdú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le clársceidealú atá tíosach ar fhuinneamh agus teicnící maidir le ceapadh, oiliúint agus úsáid na hIntleachta Saorga ar bhealach éifeachtach;
litearthacht intleachta saorga a chur chun cinn, go háirithe litearthacht na ndaoine a bhíonn ag déileáil le forbairt, oibriú agus úsáid intleachta saorga;
éascú a dhéanamh ar cheapadh córas intleachta saorga le go mbeidís cuimsitheach, éagsúil, lena n-áirítear trí fhoirne forbartha cuimsitheacha, éagsúla a bhunú agus trí rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí sa phróiseas sin a chur chun cinn;
measúnú a dhéanamh ar thionchar diúltach na gcóras intleachta saorga ar dhaoine leochaileacha nó ar ghrúpaí de dhaoine leochaileacha, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hinrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, agus ar chomhionannas inscne, agus an tionchar diúltach sin a chosc.
Airteagal 96
Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo
Forbróidh an Coimisiún treoirlínte maidir le cur chun feidhme praiticiúil an Rialacháin seo, agus go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
cur i bhfeidhm na gceanglas agus na n-oibleagáidí dá dtagraítear in Airteagail 8 go 15 agus in Airteagal 25;
na cleachtais a bhfuil toirmeasc orthu dá dtagraítear in Airteagal 5;
cur chun feidhme praiticiúil na bhforálacha a bhaineann le modhnú substaintiúil;
cur chun feidhme praiticiúil na n-oibleagáidí trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 50;
faisnéis mhionsonraithe faoin nasc idir an Rialachán seo agus reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus le dlí ábhartha eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear maidir le comhsheasmhacht a bhforfheidhmithe;
cur i bhfeidhm an tsainmhínithe ar chóras intleachta saorga mar a leagtar amach in Airteagal 3, pointe (1).
Agus treoirlínte mar sin á n-eisiúint aige, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar riachtanais FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, riachtanais na n-údarás poiblí áitiúil agus na n-earnálacha is dóchúla a ndéanfaidh an Rialachán seo difear dóibh.
Sna treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, tabharfar aird chuí ar an úrscothacht a nglactar léi i gcoitinne maidir leis an intleacht shaorga, ar chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagail 40 agus 41, nó ar na caighdeáin chomhchuibhithe nó na sonraíochtaí teicniúla sin a leagtar amach de bhun dhlí comhchuibhithe an Aontais.
CAIBIDIL XI
TARMLIGEAN CUMHACHTA AGUS AN NÓS IMEACHTA COISTE
Airteagal 97
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 98
An nós imeachta coiste
CAIBIDIL XII
PIONÓIS
Airteagal 99
Pionóis
Maidir le neamhchomhlíontacht le haon cheann de na forálacha seo a leanas a bhaineann le hoibreoirí nó le comhlachtaí faoina dtugtar fógra, seachas na ceanglais nó na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5, beidh an neamhchomhlíontacht sin faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 15 000 000 nó, más gnóthas é an ciontóir, faoi réir fíneálacha suas le 3 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:
oibleagáidí na soláthraithe de bhun Airteagal 16;
oibleagáidí na n-ionadaithe údaraithe de bhun Airteagal 22;
oibleagáidí na n-allmhaireoirí de bhun Airteagal 23;
oibleagáidí na ndáileoirí de bhun Airteagal 24;
oibleagáidí na n-úsáideoirí gairmiúla de bhun Airteagal 26;
ceanglais agus oibleagáidí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra de bhun Airteagal 31, Airteagal 33(1), (3)agus (4) nó Airteagal 34;
oibleagáidí trédhearcachta i gcás soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla de bhun Airteagal 50.
Agus cinneadh á dhéanamh maidir le fíneáil riaracháin a ghearradh agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, cuirfear na himthosca ábhartha uile a bhaineann leis an gcás sonrach san áireamh agus, de réir mar is iomchuí, tabharfar aird ar an méid seo a leanas:
cineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe agus a iarmhairtí, agus cuspóir an chórais intleachta saorga á chur san áireamh, chomh maith le, i gcás inarb iomchuí, líon na ndaoine dá ndéantar difear agus leibhéal an damáiste a bhain dóibh;
ar chuir údaráis eile faireachais margaidh fíneálacha riaracháin i bhfeidhm cheana féin ar an oibreoir céanna as an sárú céanna;
ar chuir údaráis eile fíneálacha riaracháin i bhfeidhm cheana féin ar an oibreoir céanna i leith sáruithe ar dhlí eile de chuid an Aontais nó ar dhlí náisiúnta eile, nuair a bhíonn na sáruithe sin mar thoradh ar an ngníomhaíocht chéanna nó ar an neamhghníomh céanna ar sárú ábhartha ar an Rialachán seo é;
méid, láimhdeachas bliantúil agus sciar margaidh an oibreora a bhfuil an sárú á dhéanamh aige;
aon imthoisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme maidir le dálaí an cháis, amhail sochair airgeadais a gnóthaíodh, nó caillteanais a seachnaíodh, go díreach nó go hindíreach, as an sárú;
méid an chomhair a bhí ann leis na húdaráis inniúla náisiúnta, chun an sárú a leigheas agus chun éifeachtaí díobhálacha féideartha an tsáraithe a mhaolú;
méid na freagrachta atá ar an oibreoir agus na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chuir sé chun feidhme á gcur san áireamh;
an bealach ina bhfuair na húdaráis inniúla náisiúnta eolas faoin sárú, go háirithe cibé ar chuir an t-oibreoir an sárú in iúl, agus má chuir, a mhéid a cuireadh in iúl é;
cineál an tsáraithe a bheith déanta d'aon ghnó nó le faillí;
aon ghníomhaíocht a rinne an t-oibreoir chun dochar a d’fhulaing na daoine dá ndéantar difear a mhaolú.
Airteagal 100
Fíneálacha riaracháin ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais
Féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí fíneálacha riaracháin a ghearradh ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le fíneáil riaracháin a ghearradh agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, cuirfear na himthosca ábhartha uile a bhaineann leis an gcás sonrach san áireamh agus tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:
cineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe agus a iarmhairtí, ag cur san áireamh cuspóir an chórais intleachta saorga lena mbaineann, chomh maith le, i gcás inarb iomchuí, líon na ndaoine dá ndéantar difear agus leibhéal an damáiste a bhain dóibh;
leibhéal freagrachta na hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta de chuid an Aontais, agus bearta teicniúla agus eagraíochtúla arna gcur chun feidhme acu á gcur san áireamh;
aon ghníomhaíocht a rinne institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht an Aontais chun an damáiste a bhain do dhaoine ndéantar difear a mhaolú;
méid an chomhair leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí chun an sárú a leigheas agus chun éifeachtaí díobhálacha féideartha an tsáraithe a mhaolú, lena n-áirítear aon cheann de na bearta a d’ordaigh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí roimhe sin i gcoinne institiúid, chomhlacht, oifig nó ghníomhaireacht an Aontais lena mbaineann a chomhlíonadh, maidir leis an ábhar céanna;
aon sárú den chineál céanna a rinne institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht an Aontais roimhe;
an bealach ina bhfuair an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí eolas faoin sárú, go háirithe cibé acu a chuir an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht de chuid an Aontais an sárú in iúl nó nár chuir, agus má chuir, a mhéid a cuireadh in iúl é;
buiséad bliantúil na hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta de chuid an Aontais.
Airteagal 101
Fíneálacha le haghaidh sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha
Féadfaidh an Coimisiún fíneálacha nach mó ná 3 % dá láimhdeachas bliantúil domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin nó EUR 15 000 000 , cibé acu is airde, a fhorchur ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go ndearna an soláthraí an méid seo a leanas d’aon ghnó nó le faillí:
sháraigh sé forálacha ábhartha an Rialacháin seo;
níor chomhlíon sé iarraidh ar dhoiciméad nó ar fhaisnéis de bhun Airteagal 91, nó sholáthair sé faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach;
níor chomhlíon sé beart a iarradh faoi Airteagal 93;
níor chuir sé rochtain ar fáil don Choimisiún ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach nó ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach a mbaineann riosca sistéamach léi d’fhonn meastóireacht a dhéanamh de bhun Airteagal 92.
Agus méid na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla á shocrú, tabharfar aird ar chineál, tromchúis agus fad an tsáraithe, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabail na comhréireachta agus na hoiriúnachta. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin gealltanais a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 93(3) nó gealltanais a rinneadh i gcóid chleachtais ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 56.
CAIBIDIL XIII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 102
Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 300/2008
In Airteagal 4(3) de Rialachán (CE) 300/2008, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:
‘Agus bearta mionsonraithe á nglacadh a bhaineann le sonraíochtaí teicniúla agus nósanna imeachta chun trealamh slándála i ndáil le córais intleachta saorga a cheadú agus a úsáid, de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ), cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 den Rialachán sin san áireamh.
Airteagal 103
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 167/2013
In Airteagal 17 (5) de Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:
‘Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun na chéad fhomhíre maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *2 ), cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.
Airteagal 104
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 168/2013
In Airteagal 22 (5) de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:
‘Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun na chéad fhomhíre maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *3 ), cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.
Airteagal 105
Leasú ar Threoir 2014/90/AE
In Airteagal 8 de Threoir 2014/90/AE, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
Airteagal 106
Leasú ar Threoir (AE) 2016/797
In Airteagal 5 de Threoir (AE) 2016/797, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
Airteagal 107
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 2018/858
In Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2018/858, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
Airteagal 108
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2018/1139
Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1139 mar a leanas:
in Airteagal 17, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
in Airteagal 19, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
;
in Airteagal 43, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
;
in Airteagal 47, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
;
in Airteagal 57, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:
‘Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfear san áireamh na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin.’
;in Airteagal 58, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
Airteagal 109
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 2019/2144
In Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2144, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
Airteagal 110
Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828
Cuirtear an pointe seo a leanas le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) Uimh. 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ):
Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh, 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj)’.
Airteagal 111
Córais intleachta saorga ardriosca a cuireadh ar an margadh nó i mbun seirbhíse cheana féin agus samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a cuireadh ar an margadh cheana féin
Cuirfear na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo san áireamh, i gcás inarb infheidhme, sa mheastóireacht ar gach córas mórscála TF a bhunaítear leis na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn X agus atá le cur i gcrích de réir mar a fhoráiltear sna gníomhartha dlí sin agus i gcás ina ndéanfar na gníomhartha dlí sin a ionadú nó a leasú.
Airteagal 112
Meastóireacht agus athbhreithniú
Faoin 2 Lúnasa 2028, agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an méid seo leanas:
an gá atá le leasuithe lena leathnaítear ceannteidil limistéir atá ann cheana nó lena gcuirtear ceannteidil limistéir nua le hIarscríbhinn III;
leasuithe ar liosta na gcóras intleachta saorga a éilíonn bearta breise trédhearcachta in Airteagal 50;
leasuithe lena bhfeabhsaítear éifeachtacht an chórais maoirseachta agus rialachais.
Leis na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 2, tabharfar aird shonrach ar an méid seo a leanas:
stádas acmhainní airgeadais, teicniúla agus daonna na n-údarás inniúil náisiúnta chun na cúraimí a shanntar dóibh faoin Rialachán seo a dhéanamh go héifeachtach;
staid na bpionós, go háirithe, staid na bhfíneálacha riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 99(1), arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit maidir le sáruithe ar an Rialachán seo;
caighdeáin chomhchuibhithe agus sonraíochtaí coiteanna arna bhforbairt chun tacú leis an Rialachán seo a glacadh;
líon na ngnóthas a chuirtear ar an margadh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus líon na ngnóthas ar FBManna iad.
Chun na meastóireachtaí agus na hathbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna 1 go 7 den Airteagal seo a threorú, gabhfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga uirthi féin modheolaíocht oibiachtúil agus rannpháirteach a fhorbairt chun meastóireacht a dhéanamh ar na leibhéil riosca bhunaithe ar na critéir a leagtar amach sna hAirteagail ábhartha agus córais nua a áireamh sna nithe seo a leanas:
an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn III, lena n-áirítear na ceannteidil limistéir atá ann cheana a leathnú nó ceannteidil nua limistéir a chur leis san Iarscríbhinn sin;
liosta na gcleachtas toirmiscthe a leagtar amach in Airteagal 5; agus
liosta na gcóras intleachta saorga a éilíonn bearta breise trédhearcachta de bhun Airteagal 50.
Airteagal 113
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 2 Lúnasa 2026.
Mar sin féin:
Beidh feidhm ag Caibidlí I agus II ón 2 Feabhra 2025;
Beidh feidhm ag Caibidil III Roinn 4, Caibidil V, Caibidil VII agus Caibidil XII agus Airteagal 78 ón 2 Lúnasa 2025;
Beidh cheart feidhm ag Airteagal 6(1) agus oibleagáidí comhfhreagracha an Rialacháin seo ón 2 Lúnasa 2027.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
Liosta de reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais
Roinn A. Liosta de reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais bunaithe ar an gCreat Reachtach Nua
1. Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (IO L 157, 9.6.2006, lch. 24);
2. Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (IO L 170, 30.6.2009, lch. 1);
3. Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí áineasa agus árthaí pearsanta uisce agus lena n-aisghairtear Treoir 94/25/CE (IO L 354, 28.12.2013, lch. 90);
4. Treoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát i dtaca le hardaitheoirí agus le comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí. (IO L 96, 29.3.2014, lch. 251);
5. Treoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha chun úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh bheith pléascach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 309);
6. Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62);
7. Treoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le brú-threalamh a chur ar fáil ar an margadh (IO L 189, 27.6.2014, lch. 164);
8. Rialachán (AE) 2016/424 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/9/CE (IO L 81, 31.3.2016, lch. 1);
9. Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (IO L 81, 31.3.2016, lch. 51);
10. Rialachán (AE) 2016/426 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/142/CE (IO L 81, 31.3.2016, lch. 99);
11. Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1);
12. Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176).
Roinn B. Liosta de reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais
13. Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 72);
14. Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52);
15. Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1);
16. Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, 28.8.2014, lch. 146);
17. Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44);
18. Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1);
19. Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún (IO L 325, 16.12.2019, lch 1.);
20. Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1), a mhéid a bhaineann le dearadh, táirgeadh agus cur ar an margadh aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (a) agus (b) de, i gcás ina mbaineann sé le haerárthaí gan foireann agus a n-innill, a liáin, a bpáirteanna agus a dtrealamh lena ndéantar cianrialú orthu.
IARSCRÍBHINN II
Liosta na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 5(1), an chéad fhomhír, pointe (h)(iii)
Cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 5(1), an chéad fhomhír, pointe (h)(iii):
IARSCRÍBHINN III
Córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 6(2)
Is iad na córais intleachta saorga ardriosca de bhun Airteagal 6(2) na córais intleachta saorga a liostaítear in aon cheann de na réimsí seo a leanas:
Bithmhéadracht a mhéid a cheadaítear í a úsáid faoi dhlí ábhartha an Aontais nó faoin dlí ábhartha náisiúnta:
córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí.
Ní áireofar ann córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh fíorú bithmhéadrach arb é an t-aon chuspóir amháin atá leo a dheimhniú gur duine nádúrtha ar leith an duine a mhaíonn sé nó sí a bheith ann;
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh catagóiriú bithmhéadrach, de réir tréithe nó saintréithe íogaire nó cosanta atá bunaithe ar thátal na dtréithe nó na saintréithe sin;
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun mothúcháin a aithint.
Bonneagar criticiúil: Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid mar chomhpháirteanna sábháilteachta i mbainistíocht agus oibriú an bhonneagair dhigitigh chriticiúil, tráchta bóthair nó i soláthar uisce, gáis, téimh nó leictreachais.
Oideachas agus gairmoiliúint:
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun rochtain ar institiúidí oideachais agus gairmoiliúna ar gach leibhéal a chinneadh nó chun daoine nádúrtha a ligean isteach nó a shannadh chucu;
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí foghlama, lena n-áirítear nuair a úsáidtear na torthaí sin chun próiseas foghlama daoine nádúrtha a stiúradh in institiúidí oideachais agus gairmoiliúna ar gach leibhéal;
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun measúnú a dhéanamh ar an leibhéal iomchuí oideachais a gheobhaidh duine aonair nó a mbeidh duine in ann rochtain a fháil air, i gcomhthéacs institiúidí oideachais agus gairmoiliúna ar gach leibhéal nó laistigh díobh;
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun faireachán a dhéanamh ar iompraíocht thoirmiscthe na mac léinn le linn tástálacha i gcomhthéacs institiúidí oideachais agus gairmoiliúna ar gach leibhéal, nó laistigh díobh, agus an iompraíocht sin a bhrath.
Fostaíocht, bainistiú fostaithe agus rochtain ar an bhféinfhostaíocht:
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun daoine nádúrtha a earcú nó a roghnú, go háirithe chun fógraí poist spriocdhírithe a fhógairt, chun anailís nó scagadh a dhéanamh ar iarratais ar phoist agus chun meastóireacht a dhéanamh ar iarrthóirí;
Na córais intleachta saorga atá beartaithe lena húsáid chun cinntí a dhéanamh a dhéanann dochar don chaidreamh a bhaineann leis an obair, caidrimh chonarthacha a bhaineann leis an obair a chur chun cinn nó a fhoirceannadh, chun tascanna a leithdháileadh ar bhonn iompraíocht aonair nó tréithe nó saintréithe pearsanta nó chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus iompraíocht daoine i gcaidrimh mar sin.
Rochtain ar sheirbhísí bunriachtanacha príobháideacha agus ar sheirbhísí bunriachtanacha poiblí agus sochair phoiblí agus tairbhiú díobh:
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí nó thar ceann údaráis phoiblí chun meastóireacht a dhéanamh ar incháilitheacht daoine nádúrtha le haghaidh sochair agus seirbhísí bunriachtanacha cúnaimh phoiblí, lena n-áirítear seirbhísí cúraim sláinte, agus chun na sochair agus seirbhísí sin a dheonú, a laghdú, a chúlghairm, nó a aiséileamh;
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar acmhainneacht chreidmheasa daoine nádúrtha nó chun a scór creidmheasa a bhunú, cé is moite de chórais intleachta saorga a úsáidtear chun calaois airgeadais a bhrath;
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh measúnú riosca agus praghsáil i ndáil le daoine nádúrtha i gcás árachas saoil agus árachas sláinte;
Córais intleachta saorga atá beartaithe chun meastóireacht agus aicmiú a dhéanamh ar ghlaonna éigeandála ó dhaoine nádúrtha nó atá le húsáid chun seirbhísí céadfhreagartha éigeandála a sheoladh, nó mar thosaíocht i seoladh na seirbhísí sin, lena n-áirítear seirbhísí arna seoladh ag póilíní, comhraiceoirí dóiteáin agus cabhair leighis, chomh maith le córais triáise othar i réimse an chúraim sláinte éigeandála.
Forfheidhmiú an dlí, sa mhéid go gceadaítear iad a úsáid faoi dhlí ábhartha an Aontais nó faoin dlí ábhartha náisiúnta:
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann, nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann chun measúnú a dhéanamh ar an riosca go mbeadh duine nádúrtha ina íospartach cionta coiriúla;
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí mar bhrathadóirí éithigh nó uirlisí comhchosúla;
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann, nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí chun meastóireacht a dhéanamh ar an iontaofacht fianaise le linn cionta coiriúla a imscrúdú nó a ionchúiseamh;
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí chun meastóireacht a dhéanamh ar an riosca go ndéanfadh duine nádúrtha cion nó athchiontú ní ar bhonn próifíliú daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2016/680 amháin, nó chun measúnú a dhéanamh ar thréithe agus saintréithe pearsantachta nó iompraíocht choiriúil daoine nádúrtha nó grúpaí san am atá thart;
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann, nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí le haghaidh próifíliú daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2016/680 le linn cionta coiriúla a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.
Bainistiú imirce, tearmainn agus rialaithe teorann, sa mhéid a cheadaítear iad a chur i bhfeidhm faoi dhlí ábhartha an Aontais nó faoin dlí ábhartha náisiúnta:
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó thar a gceann nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais mar bhrathadóirí éithigh nó uirlisí comhchosúla;
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó thar a gceann nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun measúnú a dhéanamh ar riosca, lena n-áirítear riosca slándála, riosca imirce neamhrialta, nó riosca sláinte, i gcás riosca a bhaineann le duine nádúrtha a bhfuil sé beartaithe aige teacht isteach nó atá tar éis teacht isteach i gcríoch Bhallstáit;
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó thar a gceann nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun cúnamh a thabhairt d’údaráis phoiblí inniúla chun scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar thearmann, víosaí nó ceadanna cónaithe agus le haghaidh gearáin ghaolmhara maidir le hincháilitheacht na ndaoine nádúrtha atá ag cur isteach ar stádas, lena n-áirítear measúnuithe gaolmhara ar iontaofacht fianaise;
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó thar a gceann, nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, i gcomhthéacs bhainistiú na himirce, an tearmainn nó an rialaithe teorann, chun daoine nádúrtha a bhrath, a aithint nó a shainaithint, cé is moite d’fhíorú doiciméad taistil.
Próisis ceartais agus dhaonlathacha a riar:
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údarás breithiúnach nó thar a gceann chun cabhrú le húdarás breithiúnach taighde agus léirmhíniú a dhéanamh ar fhíorais agus ar an dlí agus an dlí a chur i bhfeidhm maidir le tacar nithiúil fíoras nó a úsáidfear ar bhealach comhchosúil i réiteach malartach díospóide;
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn nó ar iompraíocht vótála daoine nádúrtha i bhfeidhmiú a vóta i dtoghcháin nó reifrinn. Ní áirítear leis sin córais intleachta saorga nach bhfuil a n-aschur neamhchosanta go díreach ar dhaoine nádúrtha, mar shampla uirlisí a úsáidtear chun feachtais pholaitiúla a eagrú, a bharrfheabhsú nó a struchtúrú ó thaobh riaracháin agus lóistíochta de.
IARSCRÍBHINN IV
Doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 11(1)
Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 11(1), de réir mar is infheidhme maidir leis an gcóras intleachta saorga ábhartha:
tuairisc ghinearálta ar an gcóras intleachta saorga, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
an chríoch atá beartaithe dó, ainm an tsoláthraí agus leagan an chórais lena léirítear an gaol atá aige le leaganacha a bhí ann roimhe sin;
conas a idirghníomhaíonn an córas intleachta saorga, nó conas is féidir é a úsáid chun idirghníomhú, le crua-earraí nó bogearraí, lena n-áirítear le córais eile intleachta saorga, nach cuid den chóras intleachta saorga é féin, i gcás inarb infheidhme;
na leaganacha de bhogearraí nó dochtearraí ábhartha agus aon cheanglais a bhaineann le nuashonruithe ar an leagan;
an tuairisc ar na foirmeacha uile ina gcuirtear an córas intleachta saorga ar an margadh nó ina gcuirtear i mbun seirbhíse é, mar shampla pacáistí bogearraí atá leabaithe i gcrua-earraí, íoslódálacha nó APInna;
an tuairisc ar na crua-earraí ar a bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga a rith;
i gcás ina bhfuil an córas intleachta saorga ina chomhpháirt de tháirgí, grianghraif nó léaráidí ina léirítear gnéithe seachtracha, an mharcáil agus leagan amach inmheánach na dtáirgí sin;
tuairisc bhunúsach ar an gcomhéadan úsáideora arna sholáthar don úsáideoir gairmiúil;
treoracha úsáide don úsáideoir gairmiúil, agus tuairisc bhunúsach ar an gcomhéadan úsáideora arna sholáthar don úsáideoir gairmiúil, i gcás inarb infheidhme;
Tuairisc mhionsonraithe ar eilimintí an chórais intleachta saorga agus ar an bpróiseas chun é a fhorbairt, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
na modhanna agus na céimeanna a rinneadh chun an córas intleachta saorga a fhorbairt, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, dul ar iontaoibh córas agus uirlisí réamhoilte arna gcur ar fáil ag tríú páirtithe agus an chaoi a ndearna an soláthraí iad a úsáid, a chomhtháthú nó a mhodhnú;
sonraíochtaí deartha an chórais, eadhon loighic ghinearálta an chórais intleachta saorga agus na n-algartam; na roghanna deartha tábhachtacha lena n-áirítear an réasúnaíocht agus na toimhdí a rinneadh, lena n-áirítear maidir le daoine nó grúpaí daoine ar i ndáil leo atá an córas le húsáid; na príomhroghanna aicmithe; an rud a bhfuil sé beartaithe an córas a dhearadh lena optamú, agus ábharthacht na bparaiméadar éagsúil; an tuairisc ar aschur ionchasach agus cáilíocht aschur an chórais; na cinntí faoi aon chomhbhabhtáil a d’fhéadfadh a bheith déanta maidir leis na réitigh theicniúla arna nglacadh chun na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 a chomhlíonadh;
an tuairisc ar ailtireacht an chórais ina mínítear conas a thógann comhpháirteanna bogearraí ar a chéile nó conas a chuireann siad lena chéile agus conas a chomhtháthaítear iad sa phróiseáil fhoriomlán; na hacmhainní ríomhaireachtúla a úsáidtear chun an córas intleachta saorga a fhorbairt, chun oiliúint a chur air, é a thástáil agus a bhailíochtú;
i gcás inarb ábhartha, na ceanglais sonraí i dtéarmaí bileoga sonraí ina gcuirtear síos ar na modheolaíochtaí agus teicnící oiliúna agus ar na tacair sonraí oiliúna a úsáidtear, lena n-áirítear tuairisc ghinearálta ar na tacair sonraí sin, faisnéis maidir lena bhfoinse, a raon feidhme agus a bpríomh-shaintréithe; an chaoi a bhfuarthas agus ar roghnaíodh na sonraí; nósanna imeachta lipéadaithe (e.g. i gcás foghlaim faoi mhaoirseacht), modheolaíochtaí glanta sonraí (e.g. asluitigh a bhrath);
measúnú ar na bearta formhaoirseachta daonna atá riachtanach i gcomhréir le hAirteagal 14, lena n-áirítear measúnú ar na bearta teicniúla atá riachtanach chun léirmhíniú na n-úsáideoirí gairmiúla ar aschur na gcóras intleachta saorga a éascú, i gcomhréir le hAirteagal 13(3), pointe (d);
i gcás inarb infheidhme, tuairisc mhionsonraithe ar athruithe réamhshocraithe ar an gcóras intleachta saorga agus ar a fheidhmíocht, in éineacht leis an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis na réitigh theicniúla a glacadh chun a áirithiú go gcomhlíonann an córas intleachta saorga go leanúnach na ceanglais ábhartha a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2;
na nósanna imeachta bailíochtaithe agus tástála a úsáideadh, lena n-áirítear faisnéis faoi na sonraí bailíochtaithe agus tástála a úsáideadh agus a bpríomh-shaintréithe; an mhéadracht a úsáidtear chun cruinneas, stóinseacht agus comhlíonadh ceanglas ábhartha eile a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 a thomhas, chomh maith le tionchair a d’fhéadfadh a bheith idirdhealaitheach; logaí tástála agus na tuarascálacha tástála uile arna ndátú agus arna síniú ag na daoine freagracha, lena n-áirítear maidir le hathruithe réamhshocraithe dá dtagraítear faoi phointe (f);
bearta cibearshlándála curtha i bhfeidhm;
Faisnéis mhionsonraithe i ndáil le faireachán, feidhmiú agus rialú an chórais intleachta saorga, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas: a inniúlachtaí agus a theorainneacha maidir le feidhmíocht, lena n-áirítear na céimeanna cruinnis le haghaidh daoine sonracha nó grúpaí daoine a bhfuil sé beartaithe an córas a úsáid ina leith agus an leibhéal foriomlán cruinnis i ndáil leis an gcríoch atá beartaithe dó; na torthaí neamhbheartaithe intuartha agus na foinsí riosca don tsláinte agus sábháilteacht, do chearta bunúsacha agus d’idirdhealú i bhfianaise na críche atá beartaithe don chóras intleachta saorga; na bearta formhaoirseachta daonna atá riachtanach i gcomhréir le hAirteagal 14, lena n-áirítear na bearta teicniúla a cuireadh i bhfeidhm chun léirmhíniú na n-úsáideoirí gairmiúla ar aschur na gcóras intleachta saorga a éascú; sonraíochtaí maidir le sonraí ionchuir, de réir mar is iomchuí;
Tuairisc ar oiriúnacht na méadrachta feidhmíochta don chóras intleachta saorga sonrach;
Tuairisc mhionsonraithe ar an gcóras bainistíochta riosca i gcomhréir le hAirteagal 9;
Tuairisc ar na hathruithe ábhartha arna ndéanamh ag an soláthar ar an gcóras le linn a shaolré;
Liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe a chuirtear i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach, a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh; i gcás nár cuireadh na caighdeáin chomhchuibhithe sin i bhfeidhm, tuairisc mhionsonraithe ar na réitigh a glacadh chun na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 a chomhlíonadh, lena n-áirítear liosta de na caighdeáin agus na sonraíochtaí teicniúla ábhartha eile a cuireadh i bhfeidhm;
Cóip den dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47;
Tuairisc mhionsonraithe ar an gcóras atá i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an chórais intleachta saorga sa chéim iarmhargaidh i gcomhréir le hAirteagal 72, lena n-áirítear an plean faireacháin iarmhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 72(3).
IARSCRÍBHINN V
Dearbhú comhréireachta AE
Beidh sa dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47, an fhaisnéis seo uile a leanas:
Ainm agus cineál an chórais intleachta saorga agus aon tagairt bhreise gan athbhrí lenar féidir an córas intleachta saorga a shainaithint agus a rianú;
Ainm agus seoladh an tsoláthraí nó, i gcás inarb infheidhme, ainm agus seoladh a ionadaí údaraithe;
Ráiteas gur faoi fhreagracht aonair an tsoláthraí a eisítear an dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47;
Ráiteas go bhfuil an córas intleachta saorga i gcomhréir leis an Rialachán seo agus, más infheidhme, le haon dlí ábhartha eile de chuid an Aontais faoina bhforáiltear d’eisiúint an dearbhaithe comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47;
I gcás ina mbaineann próiseáil sonraí pearsanta le córas intleachta saorga, ráiteas go bhfuil an córas intleachta saorga i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus Treoir (AE) 2016/680;
Tagairtí d’aon chaighdeán comhchuibhithe ábhartha a úsáideadh nó d’aon sonraíocht choiteann eile lena ndearbhaítear go bhfuil sé i gcomhréir leis nó léi;
I gcás inarb infheidhme, ainm agus uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra, tuairisc ar an nós imeachta um measúnú comhréireachta agus sainaithint an deimhnithe a eisíodh;
Ionad agus dáta eisiúna an dearbhaithe, ainm agus feidhm an duine a shínigh é, chomh maith le tásc don duine, nó thar a cheann, a shínigh an duine sin, síniú.
IARSCRÍBHINN VI
Nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar rialú inmheánach
1. An nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar rialú inmheánach, is é sin an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar phointí 2, 3 agus 4.
2. Fíoraíonn an soláthraí go bhfuil an córas bainistíochta cáilíochta i gcomhréir le ceanglais Airteagal 17.
3. Déanann an soláthraí scrúdú ar an bhfaisnéis atá sa doiciméadacht theicniúil chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht an chórais intleachta saorga leis na ceanglais bhunriachtanacha ábhartha a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2.
4. Fíoraíonn an soláthraí freisin go bhfuil próiseas deartha agus forbartha an chórais intleachta saorga agus a fhaireachán iarmhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 72 comhsheasmhach leis an doiciméadacht theicniúil.
IARSCRÍBHINN VII
Comhréireacht bunaithe ar mheasúnú ar an gcóras bainistíochta cáilíochta agus ar mheasúnú ar an doiciméadacht theicniúil
1. Réamhrá
Is í an chomhréireacht bunaithe ar mheasúnú ar an gcóras bainistíochta cáilíochta agus ar mheasúnú ar an doiciméadacht theicniúil an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar phointí 2 go 5.
2. Forbhreathnú
An córas bainistíochta cáilíochta formheasta chun córais intleachta saorga a dhearadh, a fhorbairt agus a thástáil de bhun Airteagal 17, déanfar scrúdú air i gcomhréir le pointe 3 agus beidh sé faoi réir faireachais mar a shonraítear i bpointe 5. Déanfar scrúdú ar dhoiciméadacht theicniúil an chórais intleachta saorga i gcomhréir le pointe 4.
3. Córas bainistíochta cáilíochta
3.1. Cuimseofar an méid seo a leanas in iarratas an tsoláthraí:
ainm agus seoladh an tsoláthraí agus, más ionadaí údaraithe a thaisceann an t-iarratas, a ainm agus a sheoladh siúd freisin;
liosta na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear faoin gcóras bainistíochta cáilíochta céanna;
an doiciméadacht theicniúil le haghaidh gach córais intleachta saorga a chumhdaítear faoin gcóras bainistíochta cáilíochta céanna;
an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras bainistíochta cáilíochta lena gcumhdófar na gnéithe uile a liostaítear faoi Airteagal 17;
tuairisc ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm lena áirithiú go mbeidh an córas bainistithe cáilíochta leormhaith agus éifeachtúil i gcónaí;
dearbhú i scríbhinn nach bhfuil an t-iarratas céanna taiscthe le haon chomhlacht eile faoina dtugtar fógra.
3.2. Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an córas bainistíochta cáilíochta a mheasúnú, agus cinnfidh sé an gcomhlíonann sé na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 17.
Tabharfar fógra faoin gcinneadh don soláthraí nó dá ionadaí údaraithe.
Beidh san fhógra sin conclúidí an mheasúnaithe ar an gcóras bainistíochta cáilíochta agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe.
3.3. Leanfaidh an soláthraí den chóras bainistíochta cáilíochta mar atá formheasta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun ionas go mbeidh sé leordhóthanach agus éifeachtúil i gcónaí.
3.4. Tarraingeoidh an soláthraí aird an chomhlachta faoina dtugtar fógra ar aon athrú atá beartaithe ar an gcóras bainistíochta cáilíochta formheasta nó ar liosta na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear leis.
Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra scrúdú ar na hathruithe atá beartaithe agus cinnfidh sé an mbeidh an córas bainistíochta cáilíochta modhnaithe in ann leanúint de na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 3.2 a chomhlíonadh nó an mbeidh gá le hathmheasúnú.
Tabharfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra fógra don soláthraí maidir lena chinneadh. Beidh san fhógra sin conclúidí an scrúdaithe ar na hathruithe, agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe.
4. Rialú ar an doiciméadacht theicniúil.
4.1. I dteannta an iarratais dá dtagraítear i bpointe 3, déanfaidh soláthraí iarratas a thaisceadh lena rogha comhlachta faoina dtugtar fógra maidir le measúnú a dhéanamh ar an doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an gcóras intleachta saorga a bhfuil sé i gceist aige é a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse agus a chumhdaítear leis an gcóras bainistíochta cáilíochta dá dtagraítear faoi phointe 3.
4.2. Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:
ainm agus seoladh an tsoláthraí;
dearbhú scríofa nár taisceadh an t-iarratas céanna le haon chomhlacht eile faoina dtugtar fógra;
an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV.
4.3. Is é an comhlacht faoina dtugtar fógra a dhéanfaidh scrúdú ar an doiciméadacht theicniúil. I gcás inarb ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh, tabharfar rochtain iomlán don chomhlacht faoina dtugtar fógra ar na tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála a úsáideadh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí agus faoi réir coimircí slándála, trí API nó trí mhodhanna agus uirlisí teicniúla iomchuí eile lenar féidir rochtain chianda a thabhairt.
4.4. Agus an doiciméadacht theicniúil á scrúdú, féadfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra a cheangal ar an soláthraí tuilleadh fianaise a sholáthar nó tuilleadh tástálacha a dhéanamh chun measúnú ceart a dhéanamh ar chomhréireacht an chórais intleachta saorga leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2. I gcás nach mbeidh an comhlacht faoina dtugtar fógra sásta leis na tástálacha a dhéanann an soláthraí, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra é féin tástálacha leordhóthanacha go díreach, de réir mar is iomchuí.
4.5. I gcás inar gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an chórais intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, tar éis gach bealach réasúnta eile chun comhréireacht a fhíorú a bheith ídithe agus tar éis a chruthú nach bhfuil sé leordhóthanach, agus ar iarraidh réasúnaithe, tabharfar rochtain don chomhlacht faoina dtugtar fógra ar shamhlacha oiliúna agus oilte an chórais intleachta saorga, lena n-áirítear a pharaiméadair ábhartha. Beidh an rochtain sin faoi réir dhlí an Aontais atá ann cheana maidir le maoin intleachtúil agus rúin trádála a chosaint.
4.6. Tabharfar fógra faoi chinneadh an chomhlachta faoina dtugtar fógra don soláthraí nó dá ionadaí údaraithe. Beidh san fhógra sin conclúidí an mheasúnaithe ar an doiciméadacht theicniúil, agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe.
I gcás ina bhfuil an córas intleachta saorga i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, eiseoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra deimhniú maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil de chuid an Aontais. Ar an deimhniú sin beidh ainm agus seoladh an tsoláthraí, conclúidí an scrúdaithe, na coinníollacha bailíochta (más ann dóibh) agus na sonraí is gá chun an córas intleachta saorga a shainaithint.
Beidh sa deimhniú agus sna hiarscríbhinní a ghabhann leis gach faisnéis ábhartha chun gur féidir comhréireacht an chórais intleachta saorga a mheas, agus chun gur féidir an córas intleachta saorga a rialú agus é in úsáid, i gcás inarb infheidhme.
I gcás nach bhfuil an córas intleachta saorga i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, diúltóidh an comhlacht faoina dtugtar fógra deimhniú maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil de chuid an Aontais a eisiúint, cuirfidh sé é sin in iúl don iarratasóir agus tabharfaidh sé cúiseanna mionsonraithe lena dhiúltú.
I gcás nach gcomhlíonann an córas intleachta saorga an ceanglas a bhaineann leis na sonraí a úsáidtear chun oiliúint a chur air, beidh gá le hathoiliúint an chórais intleachta saorga sula ndéanfar iarratas ar mheasúnú comhréireachta nua. Sa chás sin, beidh breithnithe sonracha maidir leis na sonraí cáilíochta a úsáidtear chun oiliúint a chur ar an gcóras intleachta saorga, go háirithe maidir leis na cúiseanna le neamhchomhlíonadh, i gcinneadh measúnaithe réasúnaithe an chomhlachta faoina dtugtar fógra a dhiúltaíonn deimhniú an Aontais maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil a eisiúint.
4.7. Aon athrú ar an gcóras intleachta saorga a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíontacht an chórais intleachta saorga leis na ceanglais nó don chríoch atá beartaithe dó, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra a d’eisigh an deimhniú de chuid an Aontais maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil an t-athrú sin a mheas. Cuirfidh an soláthraí an comhlacht sin faoina dtugtar fógra ar an eolas go bhfuil sé beartaithe aige aon cheann de na hathruithe thuasluaite a thabhairt isteach, nó cuirfidh sé ar an eolas é má fhaigheann sé amach ar bhealach eile faoi na hathruithe sin a tharla. Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra na hathruithe atá beartaithe a mheasúnú agus cinnfidh sé an éilítear measúnú nua comhréireachta leis na hathruithe atá beartaithe i gcomhréir le hAirteagal 43(4) nó an bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu trí bhíthin forlíonadh leis an deimhniú de chuid an Aontais maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil. Sa chás deiridh, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra measúnú ar na hathruithe, tabharfaidh sé fógra don soláthraí faoina chinneadh, agus i gcás ina bhformheasfar na hathruithe, tabharfaidh sé forlíonadh don soláthraí leis an deimhniú de chuid an Aontais maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil.
5. Faireachas ar an gcóras bainistíochta cáilíochta formheasta.
5.1. Is é is cuspóir don fhaireachas a dhéanann an comhlacht faoina dtugtar fógra dá dtagraítear i bPointe 3 a áirithiú go gcomhlíonann an soláthraí go cuí téarmaí agus coinníollacha an chórais bainistíochta cáilíochta fhormheasta.
5.2. Chun críoch measúnaithe, tabharfaidh an soláthraí cead don chomhlacht faoina dtugtar fógra rochtain a fháil ar an áitreabh ina bhfuil dearadh, forbairt agus tástáil na gcóras intleachta saorga á ndéanamh. Thairis sin, roinnfidh an soláthraí an fhaisnéis uile is gá leis an gcomhlacht faoina dtugtar fógra.
5.3. Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra iniúchtaí tréimhsiúla chun a áirithiú go gcoinneoidh an soláthraí an córas bainistíochta cáilíochta ar bun agus go gcuirfidh sé i bhfeidhm é, agus tabharfaidh sé tuarascáil iniúchóra don soláthraí. I gcomhthéacs na n-iniúchtaí sin, féadfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra tástálacha breise a dhéanamh ar na córais intleachta saorga ar eisíodh deimhniú de chuid an Aontais maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil ina leith.
IARSCRÍBHINN VIII
Faisnéis atá le tíolacadh ar chlárú córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hairteagal 49
Roinn A — Faisnéis atá le tíolacadh ag soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 49(1)
Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil agus coinneofar cothrom le dáta í ina dhiaidh sin maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bheidh le clárú i gcomhréir le hAirteagal 49(1):
Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an tsoláthraí;
I gcás ina gcuireann duine eile an fhaisnéis isteach thar ceann an tsoláthraí, ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an duine sin;
Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an ionadaí údaraithe, i gcás inarb infheidhme;
Trádainm an chórais intleachta saorga agus aon tagairt bhreise gan débhrí lenar féidir an córas intleachta saorga a shainaithint agus a rianú;
Tuairisc ar an gcríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga agus ar na comhpháirteanna agus na feidhmeanna a dtacaítear leo tríd an gcóras intleachta saorga seo;
Tuairisc bhunúsach agus ghonta ar an bhfaisnéis a úsáideann an córas (sonraí, ionchuir) agus a loighic oibriúcháin;
Stádas an chórais intleachta saorga (ar an margadh, nó i mbun seirbhíse; ní chuirtear ar an margadh é a thuilleadh/níl sé i mbun seirbhíse a thuilleadh, tá sé aisghairthe);
Cineál, uimhir agus dáta éaga an deimhnithe arna eisiúint ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra agus ainm nó uimhir aitheantais an chomhlachta sin faoina dtugtar fógra, i gcás inarb infheidhme;
Cóip scanta den deimhniú dá dtagraítear i bpointe 8, i gcás inarb infheidhme;
Aon Bhallstáit inar cuireadh an córas intleachta saorga ar an margadh, a cuireadh i mbun seirbhíse nó ar fáil san Aontas;
Cóip den dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47;
Treoracha leictreonacha úsáide; ní chuirfear an fhaisnéis sin ar fáil le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca i réimsí fhorfheidhmithe an dlí nó imirce, bainistíocht tearmainn agus bainistíocht rialaithe teorann dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, pointí 1, 6 agus 7;
URL chun tuilleadh eolais a fháil (roghnach).
Roinn B — Faisnéis atá le tíolacadh ag soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 49(2)
Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil agus coinneofar cothrom le dáta í ina dhiaidh sin maidir le córais intleachta saorga a bheidh le clárú i gcomhréir le hAirteagal 49(2):
Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an tsoláthraí;
I gcás ina gcuireann duine eile an fhaisnéis isteach thar ceann an tsoláthraí, ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an duine sin;
Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an ionadaí údaraithe, i gcás inarb infheidhme;
Trádainm an chórais intleachta saorga agus aon tagairt bhreise gan athbhrí lenar féidir an córas intleachta saorga a shainaithint agus a rianú;
Tuairisc ar an gcríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga;
An coinníoll nó na coinníollacha faoi Airteagal 6(3) ar bunaithe air nó orthu nach meastar gur córas ardriosca é an córas intleachta saorga;
Achoimre ghearr ar na forais ar a meastar nach bhfuil ardriosca ag baint leis an gcóras intleachta saorga agus an nós imeachta á chur i bhfeidhm faoi Airteagal 6(3);
Stádas an chórais intleachta saorga (ar an margadh, nó i mbun seirbhíse; ní chuirtear ar an margadh é a thuilleadh/níl sé i mbun seirbhíse a thuilleadh, tá sé aisghairithe);
Aon Bhallstáit inar cuireadh an córas intleachta saorga ar an margadh, i mbun seirbhíse nó ar fáil san Aontas.
Roinn C — Faisnéis atá le tíolacadh ag úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 49(3)
Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil agus coinneofar cothrom le dáta í ina dhiaidh sin maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bheidh le clárú i gcomhréir le hAirteagal 49(3):
Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an úsáideora ghairmiúil;
Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an duine a chuireann faisnéis isteach thar ceann an úsáideora ghairmiúil;
URL le haghaidh iontráil an chórais intleachta saorga i mbunachar sonraí an Aontais ag a sholáthraí;
Achoimre ar thorthaí an mheasúnaithe tionchair ar chearta bunúsacha a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 27;
Achoimre ar an measúnú tionchair ar chosaint sonraí a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679 nó le hAirteagal 27 de Threoir (AE) 2016/680 mar a shonraítear in Airteagal 26(8) den Rialachán seo, i gcás inarb infheidhme.
IARSCRÍBHINN IX
Faisnéis atá le tíolacadh ar chlárú na gcóras intleachta saorga ardriosca a liostaítear in Iarscríbhinn III i ndáil le tástáil faoi fhíordhálaí i gcomhréir le hairteagal 60
Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil agus coinneofar cothrom le dáta í ina dhiaidh sin i ndáil le tástáil faoi fhíordhálaí a bheidh le clárú i gcomhréir le hAirteagal 60:
Uimhir aitheantais aonair uathúil uile-Aontais na tástála faoi fhíordhálaí;
Ainm agus sonraí teagmhála an tsoláthraí nó an tsoláthraí ionchasaigh agus na n-úsáideoirí gairmiúla a bhfuil baint acu leis an tástáil faoi fhíordhálaí;
Tuairisc ghairid ar an gcóras intleachta saorga, ar an gcríoch atá beartaithe dó agus ar fhaisnéis eile is gá chun an córas a shainaithint;
Achoimre ar phríomhthréithe an phlean chun tástáil a dhéanamh faoi fhíordhálaí;
Faisnéis maidir leis an tástáil faoi fhíordhálaí a chur ar fionraí nó deireadh a chur léi.
IARSCRÍBHINN X
Gníomhartha reachtaíochta an Aontais maidir le córais TF ar mhórscála i réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais
1. Córas Faisnéise Schengen
Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 312, 7.12.2018, lch. 1).
Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, 7.12.2018, lch. 14).
Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56).
2. An Córas Faisnéise Víosaí
Rialachán (AE) 2021/1133 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 603/2013, (AE) 2016/794, (AE) 2018/1862, (AE) 2019/816 agus (AE) 2019/818 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha a bhunú chun rochtain a fháil ar chórais faisnéise AE eile chun críocha an Chórais Faisnéise Víosaí, (IO L 248, 13.7.2021, lch. 1).
Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L 248, 13.7.2021, lch. 11).
3. Eurodac
Rialachán (AE) 2024/1358 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bunú ‘Eurodac’ chun sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid le chéile chun Rialacháin (AE) 2024/1315 agus (AE) 2024/1350 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2001/55/CE ón gComhairle a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus chun náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint, agus maidir le hiarrataí ó údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus iarrataí ó Europol ar chomparáidí a dhéanamh le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/1358, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1358/oj).
4. An Córas Dul Isteach/Imeachta
Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).
5. An Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil
Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).
Rialachán (AE) 2018/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794 chun Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a bhunú (IO L 236, 19.9.2018, lch. 72).
6. An Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla maidir le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát
Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 1).
7. Idir-inoibritheacht
Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).
Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).
IARSCRÍBHINN XI
Doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointe (a) — doiciméadacht theicniúil do sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha
Roinn 1
Faisnéis atá le cur ar fáil ag soláthraithe uile na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha
Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointe (a) de réir mar is iomchuí maidir le méid agus próifíl riosca na samhla:
Tuairisc ghinearálta ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
na cúraimí a bhfuil sé beartaithe go ndéanfaí iad leis an tsamhail agus cineál agus nádúr na gcóras intleachta saorga inar féidir í a chomhtháthú;
na beartais úsáide inghlactha is infheidhme;
an dáta scaoilte agus na modhanna dáileacháin;
an ailtireacht agus líon na bparaiméadar;
an mhódúlacht (e.g. téacs, íomhá) agus formáid na n-ionchur agus na n-aschur;
an ceadúnas.
Tuairisc mhionsonraithe ar eilimintí na samhla dá dtagraítear i bpointe 1, agus faisnéis ábhartha faoin bpróiseas le haghaidh na forbartha, lena n-áirítear na heilimintí seo a leanas:
na modhanna teicniúla (e.g. treoracha úsáide, bonneagar, uirlisí) is gá chun an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach a chomhtháthú i gcórais intleachta saorga;
sonraíochtaí deartha na samhla agus an phróisis oiliúna, lena n-áirítear modheolaíochtaí agus teicnící oiliúna, na roghanna deartha tábhachtacha lena n-áirítear an réasúnaíocht agus na toimhdí a rinneadh; an rud a bhfuil sé beartaithe an tsamhail a dhearadh lena optamú agus ábharthacht na bparaiméadar éagsúil, de réir mar is infheidhme;
faisnéis faoi na sonraí a úsáidtear le haghaidh oiliúna, tástála agus bailíochtaithe, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear cineál agus foinse na sonraí agus na modheolaíochtaí coimeádaíochta (e.g. glanadh, scagadh etc.), líon na bpointí sonraí, a raon feidhme agus a bpríomhthréithe; an chaoi a bhfuarthas agus ar roghnaíodh na sonraí chomh maith le gach beart eile chun mí-oiriúnacht foinsí sonraí agus modhanna a bhrath chun claontachtaí in-sainaitheanta a bhrath, i gcás inarb infheidhme;
na hacmhainní ríomhaireachtúla a úsáidtear chun oiliúint a chur ar an tsamhail (e.g. an líon oibríochtaí snámhphointe), am oiliúna, agus sonraí ábhartha eile a bhaineann leis an oiliúint;
tomhaltas fuinnimh atá ar eolas nó measta maidir leis an tsamhail.
Maidir le pointe (e), i gcás nach eol tomhaltas fuinnimh na samhla, féadfar an tomhaltas fuinnimh a bhunú ar fhaisnéis faoi na hacmhainní ríomhaireachtúla a úsáidtear.
Roinn 2
An fhaisnéis bhreise atá le cur ar fáil ag soláthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil riosca sistéamach ag baint leo
1. Tuairisc mhionsonraithe ar na straitéisí meastóireachta, lena n-áirítear torthaí meastóireachta, ar bhonn na bprótacal agus na n-uirlisí meastóireachta poiblí nó ar bhonn a mhalairt de mhodheolaíochtaí meastóireachta eile. Áireofar sna straitéisí meastóireachta critéir mheastóireachta, méadrachtaí agus an mhodheolaíocht maidir le teorainneacha a shainaithint.
2. I gcás inarb infheidhme, tuairisc mhionsonraithe ar na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun críche tástála sáraíochta inmheánaí agus/nó seachtraí a dhéanamh (e.g. modh na foirne deirge), oiriúnuithe ar shamhail, lena n-áirítear ailíniú agus mionchoigeartú.
3. I gcás inarb infheidhme, tuairisc mhionsonraithe ar ailtireacht an chórais ina mínítear conas a thógann comhpháirteanna bogearraí ar a chéile nó conas a chuireann siad lena chéile agus conas a chomhtháthaítear iad sa phróiseáil fhoriomlán.
IARSCRÍBHINN XII
Faisnéis trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointe (b) – doiciméadacht theicniúil le haghaidh soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha do sholáthraithe iartheachtacha a chomhtháthaíonn an tsamhail ina gcóras intleachta saorga
Beidh na rudaí seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointe (b):
Tuairisc ghinearálta ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
na cúraimí a bhfuil sé beartaithe leis an tsamhail iad a dhéanamh agus cineál agus nádúr na gcóras intleachta saorga inar féidir í a chomhtháthú;
na beartais úsáide inghlactha is infheidhme;
an dáta scaoilte agus na modhanna dáileacháin;
an chaoi a n-idirghníomhaíonn an tsamhail, nó an chaoi ar féidir í a úsáid chun idirghníomhú, le crua-earraí nó bogearraí nach cuid iad den tsamhail í féin, i gcás inarb infheidhme;
leaganacha de bhogearraí ábhartha i ndáil le húsáid na samhla intleachta saorga ilchuspóirí, i gcás inarb infheidhme;
an ailtireacht agus líon na bparaiméadar;
an mhódúlacht (e.g., téacs, íomhá) agus formáid na n-ionchur agus na n-aschur;
an ceadúnas le haghaidh na samhla.
Tuairisc ar eilimintí na samhla agus ar an bpróiseas chun í a fhorbairt, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
na modhanna teicniúla (e.g. treoracha úsáide, bonneagar, uirlisí) is gá chun an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach a chomhtháthú sna córais intleachta saorga;
an mhódúlacht (e.g., téacs, íomhá, etc.) agus formáid na n-ionchur agus na n-aschur agus a n-uasmhéid (e.g., fad na fuinneoige comhthéacs, etc.);
faisnéis faoi na sonraí a úsáidtear le haghaidh oiliúna, tástála agus bailíochtaithe, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear cineál agus foinse na sonraí agus na modheolaíochtaí coimeádaíochta.
IARSCRÍBHINN XIII
Critéir le haghaidh samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a ainmniú a bhfuil riosca sistéamach acu dá dtagraítear in Airteagal 51
Chun críche a chinneadh go bhfuil cumais nó tionchar atá coibhéiseach leo sin a leagtar amach in Airteagal 51(1), pointe (a), ag samhail intleachta saorga ilchuspóireach, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:
líon pharaiméadair na samhla;
cáilíocht nó méid an tacair sonraí, mar shampla tomhaiste trí chomharthaí;
an méid ríomha a úsáidtear le haghaidh oiliúint a chur ar an tsamhail, arna thomhas in oibríochtaí snámhphointe nó arna léiriú le meascán d’athróga eile mar shampla costas measta na hoiliúna, an t-am a mheastar a bheidh ag teastáil le haghaidh na hoiliúna, nó ídiú measta fuinnimh le haghaidh na hoiliúna;
módúlachtaí ionchuir agus aschuir na samhla, mar shampla téacs go téacs (samhlacha móra teanga), téacs go híomhá, ilmhódúlacht, agus tairseacha úrscothacha chun cumais ardtionchair a chinneadh le haghaidh gach modhúlachta, agus cineál sonrach na n-ionchur agus na n-aschur (e.g. seichimh bhitheolaíocha);
na tagarmharcanna agus meastóireachtaí ar chumais na samhla, lena n-áirítear líon na gcúraimí gan oiliúint bhreise, inoiriúnaitheacht chun cúraimí nua ar leith a fhoghlaim, leibhéal a neamhspleáchais agus a hinscálaitheachta, na huirlisí a bhfuil rochtain aici orthu;
an bhfuil tionchar mór aici ar an margadh inmheánach mar gheall ar a rochtain, rud a thoimhdeofar nuair a bheidh sí curtha ar fáil do 10 000 úsáideoir gnó cláraithe ar a laghad atá bunaithe san Aontas;
líon na n-úsáideoirí deiridh cláraithe.
( ) Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).
( *1 ) Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh, 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).’
( *2 ) Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh, 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).’
( *3 ) Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh, 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).’
( *4 ) Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh, 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).’
( *5 ) Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh, 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).’
( *6 ) Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh, 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).’
( *7 ) Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh, 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).’;
( *8 ) Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh, 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).’
( ) Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).