Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02021R0630-20230921

Consolidated text: Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le catagóirí earraí áirithe atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann agus lena leasaítear Cinneadh 2007/275/CE ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/630/2023-09-21

02021R0630 — GA — 21.09.2023 — 003.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/630 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Feabhra 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le catagóirí earraí áirithe atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann agus lena leasaítear Cinneadh 2007/275/CE ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 132 19.4.2021, lch. 17)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/887 ÓN gCOIMISIÚN  an 28 Márta 2022

  L 154

23

7.6.2022

 M2

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1615 ÓN gCOIMISIÚN  an 22 Aibreán 2022

  L 243

1

20.9.2022

►M3

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1674 ÓN gCOIMISIÚN  an 19 Meitheamh 2023

  L 216

1

1.9.2023




▼B

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/630 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Feabhra 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le catagóirí earraí áirithe atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann agus lena leasaítear Cinneadh 2007/275/CE ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

1. 

na cásanna ina ndíolmhaítear táirgí cumaisc ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, agus na coinníollacha faoina ndíolmhaítear na táirgí sin agus i gcás ina bhfuil údar maith le díolúine den chineál sin;

2. 

rialuithe sonracha oifigiúla a dhéanamh maidir le táirgí cumaisc atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1. 

ciallaíonn “táirge cumaisc” táirge cumaisc mar a shainmhínítear é i bpointe (14) d’Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625;

2. 

ciallaíonn “táirgí cumaisc fadré” táirgí nach gá a iompar ná a stóráil faoi theochtaí rialaithe.

Airteagal 3

Táirgí cumaisc atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann

▼M1

1.  

Beidh na táirgí ilchodacha fadré seo a leanas díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann:

(a) 

táirgí ilchodacha fadré nach bhfuil táirgí bunaithe ar ghruth buí ná feoil phróiseáilte iontu seachas geilitín, collaigin nó táirgí an-mhínphróiseáilte dá dtagraítear i Roinn XVI d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais seo a leanas:

▼M3

(i) 

na ceanglais maidir le teacht isteach san Aontas a leagtar síos in Airteagal 20(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún ( 2 );

▼M1

(ii) 

aon táirgí déiríochta agus uibhe atá sna táirgí ilchodacha fadré, go gcomhlíonann siad Airteagal 163(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692;

(iii) 

go sainaithnítear iad mar tháirgí le haghaidh a dtomhailte ag an duine;

(iv) 

go bhfuil siad pacáistithe nó séalaithe ar bhealach slán; agus

(v) 

go liostaítear iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

(b) 

táirgí ilchodacha ar táirgí fadré i gcás ina dtagann na táirgí ainmhithe go léir atá sa táirge ilchodach deiridh faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ), Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) nó Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ), nó i gcás gur vitimín D3 amháin atá sa chuid ainmhíoch sin.

▼B

2.  
Nuair a chuirtear táirgí cumaisc fadré dá dtagraítear i mír 1 ar an margadh, beidh fianú príobháideach ag gabháil leo i gcomhréir leis an tsamhail a leagtar síos in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún ( 6 ).

Airteagal 4

Rialuithe oifigiúla maidir le táirgí cumaisc atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann

▼M1

1.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla go rialta ar na táirgí ilchodacha fadré dá dtagraítear in Airteagal 3, ar bhonn riosca agus a mhinice is iomchuí, agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 44(2) de Rialachán (AE) 2017/625 a chur san áireamh.

▼B

2.  

Déanfar na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear i mír 1 in aon cheann de na háiteanna seo a leanas laistigh de chríoch chustaim an Aontais:

(a) 

an ceann scríbe;

(b) 

an pointe scaoilte do shaorchúrsaíocht san Aontas;

(c) 

trádstórais nó áitreabh an oibreora atá freagrach as an gcoinsíneacht.

3.  
Déanfar na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le hAirteagail 45 agus 46 de Rialachán (AE) 2017/625.

Airteagal 5

Leasuithe ar Chinneadh 2007/275/CE

Leasaítear Cinneadh 2007/275/CE mar a leanas:

(1) 

Scriostar Airteagal 6;

(2) 

Scriostar Iarscríbhinn II.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm agus dáta chur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 21 Aibreán 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

▼M3




IARSCRÍBHINN

Liosta na dtáirgí ilchodacha atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann (Airteagal 3)

Sa liosta seo, leagtar amach na táirgí ilchodacha, i gcomhréir leis an Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) atá in úsáid san Aontas, ar táirgí iad nach gá a chur faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann.

Nótaí a bhaineann leis an tábla:

Colún (1) — Cód AC
Sa cholún seo léirítear an Cód AC. Tá an AC, a bhunaítear le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, bunaithe ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí (“Córas Comhchuibhithe (CC)”) arna dhréachtú ag an gComhairle um Chomhar Custaim, dá ngairtear an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim faoi láthair, agus arna fhormheas le Cinneadh 87/369/CEE ón gComhairle ( 7 ). Leis an AC déantar ceannteidil agus fo-cheannteideal an CC a atáirgeadh chuig sé dhigit. Sainaithníonn an seachtú agus an t-ochtú digit fo-cheannteidil bhreise den AC.
I gcás ina n-úsáidtear cód ceithre dhigit, sé dhigit nó ocht ndigit nach bhfuil marcáilte le “ex”, agus mura sonraítear a mhalairt, ní gá na táirgí ilchodacha uile a bhfuil na ceithre dhigit sin curtha leo nó a chumhdaítear leis na ceithre dhigit, sé dhigit nó ocht ndigit sin a chur faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann.
I gcás táirgí ilchodacha sonraithe áirithe faoi aon chód ceithre dhigit, sé dhigit nó ocht ndigit a bhfuil táirgí ainmhithe iontu agus nach bhfuil aon fhoroinn shonrach faoin gcód sin le fáil in AC, marcáiltear an cód AC “ex”. Mar shampla, maidir le “ ex 2001 90 65 ”, ní cheanglaítear seiceálacha a dhéanamh ag poist rialaithe teorann i gcás na dtáirgí a leagtar amach i gcolún (2).
Colún (2) — Sainmhínithe
Sa cholún seo, tugtar mionsonraí na dtáirgí ilchodacha a chumhdaítear leis an díolúine ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann.



Cóid AC

Sainmhínithe

(1)

(2)

1704 , ex  18 06

Milseogra (lena n-áirítear milseáin) agus seacláid bhán, nach bhfuil cócó iontu, agus milseogra (lena n-áirítear milseáin), seacláid agus ullmhóidí bia eile, leatháin, agus ullmhóidí chun deochanna a dhéanamh, ina bhfuil cócó, a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1), pointe (a).

ex 1902 19 , ex 1902 30 , ex 1902 40

Pasta, núdail agus cúscús a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1), pointe (a).

ex 1904 10 , ex 1904 20 , ex 1904 90

Bianna ullmhaithe a fhaightear trí ghránaigh nó trí tháirgí gránach a bhorradh nó a róstadh, bianna ullmhaithe a fhaightear ó chalóga gránaigh neamhrósta nó ó mheascáin de chalóga gránaigh neamhrósta agus calóga gránaigh rósta nó gránaigh bhorrtha a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1), pointe (a), (e.g. gránaigh bhricfeasta, múslaí, gránóla).

Bianna ullmhaithe a fhaightear ó rís agus ó ghránaigh eile a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1), pointe (a).

ex 1905 10 , ex 1905 20 , ex 1905 31 , ex 1905 32 , ex 1905 40 , ex 1905 90

Aráin, cácaí, cístí ullmhaithe, brioscaí (lena n-áirítear craicir), vaiféil agus abhlanna, roscaí, arán tóstáilte agus táirgí tóstáilte comhchosúla, agus sceallóga agus criospaí a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1), pointe (a).

ex 2001 90 65 , ex 2005 70 00 , ex  16 04

Ológa líonta le hiasc a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1), pointe (a).

ex 2005 20 20

Sceallóga prátaí agus criospaí lena gcaitheamh láithreach a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1), pointe (a).

2101

Úisc, úscraí agus dlútháin de chaife, de thae nó de mhaité agus ullmhóidí de bhunús na dtáirgí sin nó de bhunús caife, tae nó maité díobh sin a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1), pointe (a).

Siocaire rósta agus ionadaigh rósta eile chaife, agus úisc, úscraí agus dlútháin díobh a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1), pointe (a).

ex  21 03

Miso ina bhfuil méid beag stoic anraith éisc agus anlann soighe ina bhfuil méid beag stoic anraith éisc a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1), pointe (a).

ex  21 04

Stoic anraith agus blastáin atá pacáistithe le haghaidh an tomhaltóra deiridh a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1), pointe (a).

ex  21 06

Forbhianna atá pacáistithe le haghaidh an tomhaltóra dheiridh, ina bhfuil táirgí ainmhithe próiseáilte (lena n-áirítear glúcósaimín, condróitin nó ciotósán) a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1), pointe (a).

ex 2208 70

Licéir agus coirdiail a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1), pointe (a).



( 1 ) Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).

( 2 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais a bhaineann le coinsíneachtaí bia-ainmhithe áirithe agus earraí áirithe, atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, a thabhairt isteach san Aontas (IO L 304, 24.11.2022, lch. 1).

( 3 ) Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia agus lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97 (IO L 354, 31.12.2008, lch. 7).

( 4 ) Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16).

( 5 ) Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 2232/96 agus (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (IO L 354, 31.12.2008, lch. 34).

( 6 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha, deimhnithe oifigiúla caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha i dtaca le coinsíneachtaí catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí a theacht isteach san Aontas agus lena ngluaiseacht laistigh den Aontas, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE (IO L 442, 30.12.2020, lch. 1).

( 7 ) Cinneadh 87/369/CEE ón gComhairle an 7 Aibreán 1987 maidir leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí, agus an Prótacal lena ndéantar leasú air, a thabhairt i gcrích (IO L 198, 20.7.1987, lch. 1).

Top