Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02002R2012-20200401

Consolidated text: Council Regulation (EC) No 2012/2002 of 11 November 2002 establishing the European Union Solidarity Fund

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/2012/2020-04-01

02002R2012 — GA — 01.04.2020 — 002.002


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

COUNCIL REGULATION (EC) No 2012/2002

of 11 November 2002

establishing the European Union Solidarity Fund

(IO L 311 14.11.2002, lch. 3)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) Uimh. 661/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 15 Bealtaine 2014

  L 189

143

27.6.2014

►M2

RIALACHÁN (AE) 2020/461 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 30 Márta 2020

  L 99

9

31.3.2020




▼B

COUNCIL REGULATION (EC) No 2012/2002

of 11 November 2002

establishing the European Union Solidarity Fund



Article 1

A European Union Solidarity Fund, hereinafter referred to as ‘the Fund’, is hereby established to enable the Community to respond in a rapid, efficient and flexible manner to emergency situations under the terms of this Regulation.

▼M2

Airteagal 2

1.  

Arna iarraidh sin do Bhallstát nó do thír atá i mbun caibidlíocht aontachais leis an Aontas, dá ngairtear “Stát incháilithe” anseo feasta, féadfaidh cúnamh as an gCiste a shlógadh i gcás ina mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ar dhálaí maireachtála, ar shláinte an duine, ar an timpeallacht nádúrtha nó ar an ngeilleagar i gceann amháin nó níos mó de réigiúin an Stáit incháilithe sin ag:

(a) 

mórthubaiste nádúrtha nó ag tubaiste nádúrtha réigiúnach a tharla ar chríoch an Stáit incháilithe chéanna nó ar chríoch an Stáit incháilithe chomharsanachta; nó

(b) 

mór-éigeandáil sláinte poiblí a tharla archríoch an Stáit incháilithe chéanna.

Measfar damáiste díreach arna dhéanamh ag tubaiste nádúrtha a bheith ina chuid den damáiste a rinne an tubaiste nádúrtha sin.

2.  
Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “mórthubaiste nádúrtha” aon tubaiste nádúrtha a dhéanann damáiste díreach, i Stát incháilithe, a meastar a chostas a bheith os cionn EUR 3 000 000 000 de réir phraghsanna 2011, nó os cionn 0,6 % dá OIN.
2a.  
Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “mór-éigeandáil sláinte poiblí” aon ghuais thromchúiseach ar baol don bheatha nó baol eile don tsláinte de thionscnamh bitheolaíoch i Stát incháilithe í, ar guais í a dhéanann dochar tromchúiseach do shláinte an duine agus ar gá gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh ina leith chun cosc a chur ar aon scaipeadh breise a fhágfaidh ualach airgeadais phoiblí ar an Stát atá incháilithe do bhearta práinnfhreagartha a meastar a gcostas a bheith os cionn EUR 1 500 000 000 de réir phraghsanna 2011, nó breis agus 0,3 % dá OIN.
3.  
Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “tubaiste nádúrtha réigiúnach” aon tubaiste nádúrtha a dhéanann damáiste díreach, i réigiún atá ar leibhéal NUTS 2 de chuid Stát incháilithe, os cionn 1,5 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) an réigiúin sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, nuair is réigiún forimeallach é an réigiún lena mbaineann, inar tharla tubaiste nádúrtha, de réir bhrí Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ciallaíonn “tubaiste nádúrtha réigiúnach” aon tubaiste nádúrtha a dhéanann damáiste díreach os cionn 1 % d’OTI an réigiúin sin.

I gcás ina mbaineann an tubaiste nádúrtha le roinnt réigiún ar leibhéal NUTS 2, cuirfear an tairseach i bhfeidhm maidir le meán-olltáirgeacht intíre na réigiún sin, ualaithe de réir sciar an damáiste iomláin i ngach réigiún.

4.  
Féadfar cúnamh as an gCiste a shlógadh freisin i gcás aon tubaiste nádúrtha i Stát incháilithe más mórthubaiste nádúrtha í i Stát incháilithe comharsanachta freisin.
5.  
Chun críoch an Airteagail seo, úsáidfear staitisticí comhchuibhithe arna soláthar ag Eurostat.

▼B

Article 3

▼M2

1.  
Is i bhfoirm ranníocaíocht as an gCiste a bheidh an cúnamh. Aon ranníocaíocht amháin a dheonófar ar Stát incháilithe in aghaidh gach tubaiste nó éigeandáil incháilithe.
2.  

Is é is aidhm don Chiste comhlánú a dhéanamh ar iarrachtaí na Stát lena mbaineann agus cuid dá gcaiteachas poiblí a chumhdach chun cuidiú leis an Stát incháilithe, de réir chineál na tubaiste nó na héigeandála incháilithe, na hoibríochtaí éigeandála agus aisghabhála fíor-riachtanacha seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

an bonneagar agus na gléasraí i réimsí an fhuinnimh, an uisce agus an fhuíolluisce, na teileachumarsáide, an iompair, na sláinte agus an oideachais a thabhairt ar ais chun feidhme;

(b) 

cóiríocht shealadach a sholáthar agus seirbhísí tarrthála a chistiú chun freastal ar riachtanais an phobail lena mbaineann;

(c) 

bonneagar coisctheach agus bearta cosanta na hoidhreachta cultúrtha a dhaingniú;

(d) 

limistéir ar bhuail tubaiste iad a ghlanadh, lena n-áirítear criosanna nádúrtha, i gcomhréir, i gcás inarb iomchuí, le cineálacha cur chuige a bheidh bunaithe ar éiceachórais, chomh maith leis na criosanna nádúrtha atá buailte a athchóiriú láithreach chun éifeachtaí láithreacha chreimeadh na hithreach a sheachaint;

(e) 

bearta arb é is aidhm dóibh cúnamh a sholáthar go tapa, lena n-áirítear cúnamh leighis, don phobal atá buailte ag mór-éigeandáil sláinte poiblí agus chun an pobal a chosaint ar bhaol a n-ionfhabhtaithe, lena n-áirítear scaipeadh galar a chosc, a rialú nó faireachán a dhéanamh air, rioscaí tromchúiseacha don tsláinte phoiblí a chomhrac nó an tionchar a bheidh acu ar an tsláinte phoiblí a mhaolú.

Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, is éard a chiallaíonn “tabhairt ar ais chun feidhme” an bonneagar agus na gléasraí a athbhunú sa riocht ina raibh siad roimh an tubaiste nádúrtha. I gcás nach féidir an riocht a bhí ann roimh an tubaiste nádúrtha a athbhunú ar bhonn dlíthiúil nó nach bhfuil údar cuí eacnamaíoch leis sin, nó i gcás ina gcinnfidh an Stát is tairbhí an bonneagar nó an gléasra atá i gceist a athlonnú nó feabhas a chur ar fheidhmiúlacht an bhonneagair nó an ghléasra sin chun gur fearr is féidir tubaistí nádúrtha a d’fhéadfadh a bheith ann sa todhchaí a sheasamh leis nó léi, ní fhéadfaidh an Ciste ranníocaíocht a dhéanamh leis an gcostas athchóirithe ach suas go dtí an gcostas measta a bhaineann leis an mbonneagar nó leis an ngléasra a athbhunú sa riocht ina raibh sé roimhe sin.

Na costais sa bhreis ar leibhéal na gcostas dá dtagraítear sa dara fomhír, is é an Stát is tairbhí a mhaoineoidh iad as a chistí féin nó, i gcás inar féidir, as cistí eile de chuid an Aontais.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, ciallaíonn “cóiríocht shealadach” cóiríocht a bheidh ann go dtí gur féidir leis an bpobal lena mbaineann filleadh ar a n-áitreabh bunaidh tar éis a dheisithe nó a atógála.

▼M1

3.  
Ní dhéanfar íocaíochtaí as an gCiste ach le haghaidh beart maoiniúcháin lena maolaítear damáiste nach féidir a árachú agus aisghabhfar iad má íocann tríú páirtí an costas atá ar an damáiste a leigheas i gcomhréir le hAirteagal 8(4).

▼M1

4.  
Ní bheidh cáin bhreisluacha ina caiteachas incháilithe ag oibríocht, ach amháin cáin bhreisluacha nach féidir a aisghabháil de réir reachtaíochta náisiúnta maidir le cáin bhreisluacha.
5.  
Ní bheidh cúnamh teicniúil do bhainistiú, d’fhaireachán, d’fhaisnéis agus do chumarsáid, do réiteach gearán agus do rialú agus d’iniúchóireacht, incháilithe do ranníocaíocht airgeadais as an gCiste.

Beidh costais a bhaineann le hullmhú agus le cur chun feidhme na n-oibríochtaí dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear costais a bhaineann le saineolas teicniúil riachtanach, incháilithe mar chuid de chostais an tionscadail.

6.  
I gcás ina ngintear ioncam ó na hoibríochtaí dá dtagraítear i mír 2, le ranníocaíocht airgeadais ón gCiste, ní bheidh an ranníocaíocht airgeadais iomlán ón gCiste níos mó ná costais glana iomlána na n-oibríochtaí éigeandála agus tabhartha ar ais chun feidhme atá le seasamh ag an Stát is tairbhí. Cuirfidh an Stát is tairbhí ráiteas dá réir sin sa tuarascáil ar chur chun feidhme ranníocaíocht airgeadais an Chiste de bhun Airteagal 8(3).
7.  
An 1 Deireadh Fómhair gach bliain, ba cheart an ceathrú cuid ar a laghad d’uasmhéid bhliantúil an Chiste a bheith fós ar fáil chun na riachtanais a thiocfaidh chun cinn go dtí deireadh na bliana a chumhdach.

▼B

Article 4

▼M1

1.  

A luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná dhá sheachtain dhéag tar éis chéad tarlú an damáiste a rinne tubaiste nádúrtha, féadfaidh na húdaráis náisiúnta is freagrach de chuid Stáit incháilithe iarratas ar ranníocaíocht airgeadais as an gCiste a chur isteach chuig an gCoimisiún ina mbeidh an fhaisnéis uile atá ar fáil, mar íosmhéid, ar na nithe seo a leanas, ar a laghad:

(a) 

iomlán an damáiste dhírigh a rinne an tubaiste nádúrtha agus a thionchar ar an bpobal, ar an ngeilleagar agus ar an gcomhshaol lena mbaineann;

(b) 

meastachán ar chostas na n-oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2);

(c) 

aon fhoinsí eile de chuid chistiú an Aontais;

(d) 

aon fhoinsí eile cistithe náisiúnta nó idirnáisiúnta, lena n-áirítear cumhdach árachais, idir phoiblí agus phríobháideach, a d’fhéadfadh cuidiú na costais ar an damáiste a chumhdach;

(e) 

cur síos gearr ar chur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le baol tubaiste nádúrtha a chosc agus bainistiú a bhaineann le cineál an tubaiste nádúrtha

▼M1

1a.  
I gcásanna ina bhfuil bonn cirt leo, féadfaidh na húdaráis náisiúnta freagracha an fhaisnéis bhreise a chur isteach i ndiaidh an spriocdháta dá dtagraítear i mír 1 chun a n-iarratas a comhlánú nó a nuashonrú.
1b.  
Ullmhóidh an Coimisiún treoir maidir leis an mbealach ina bhféadfar rochtain a fháil ar an gCiste agus é a chur chun feidhme go héifeachtach. Dréachtófar an treoir faoin 30 Meán Fómhair 2014 agus cuirfear faisnéis mhionsonraithe ar fáil inti maidir leis na nósanna imeachta leis an iarratas a dhréachtú, lena n-áirítear na ceanglais maidir leis an bhfaisnéis a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart go bhfoilseofar an treoir ar láithreáin ghréasáin Ard-Stiúrthóireachtaí an Choimisiúin agus áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar í a scaipeadh chuig na Stáit incháilithe.
1c.  
I gcás tubaiste nádúrtha mhalltriallaigh, rithfidh an sprioc-am dá dtagraítear i mír 1 inar féidir iarratas a chur isteach ón dáta a dhéanann údaráis phoiblí an Stáit is incháilithe beart oifigiúil den chéad uair i gcoinne éifeachtaí an tubaiste nádúrtha nó ón dáta a dhearbhaíonn siad an staid éigeandála.

▼M1

2.  
Ar bhonn na faisnéise dá bhforáiltear i mír 1, agus aon soiléirithe atá le tabhairt ag an Stát is incháilithe, déanfaidh an Coimisiún a mheas an bhfuil na coinníollacha maidir leis an gCiste a úsáid comhlíonta agus socróidh sé méid aon ranníocaíochta airgeadais is féidir a dhéanamh as an gCiste a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná sé seachtaine tar éis an iarratas a fháil, an dáta a fhaightear an t-iarratas comhlánaithe san áireamh agus lena n-eisítear an t-am a bheidh riachtanach le haistriúchán den iarratas a chur ar fáil san áireamh, laistigh de theorainneacha na n-acmhainní airgeadais atá ar fáil.

Má chinneann an Coimisiún ranníocaíocht airgeadais as an gCiste ar bhonn iarratais a fuarthas tar éis an 28 Meitheamh 2014 i gcás tubaiste nádúrtha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, féadfaidh sé iarratas breise ar ranníocaíocht airgeadais den chineál céanna a dhiúltú nó an tsuim atá le cur ar fáil a laghdú i gcás ina bhfuil imeachtaí um shárú ar siúl i gcoinne an Bhallstáit agus i gcás inar shuigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le breithiúnas deiridh gur mhainnigh an Ballstát lena mbaineann reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme maidir le cosc ar bhaol tubaiste nádúrtha agus bainistiú, a mbaineann a hábhar go díreach le cineál an tubaiste nádúrtha a bhuail é.

Caithfidh an Coimisiún go cothrom leis na hiarratais uile ar ranníocaíocht airgeadais as an gCiste.

3.  

Nuair a chinnfidh an Coimisiún go bhfuil na coinníollacha comhlíonta maidir le ranníocaíocht airgeadais ón gCiste a chur ar fáil, déanfaidh an Coimisiún, gan mhoill, na tograí riachtanacha maidir le slógadh an Chiste agus chun na leithreasaí comhfhreagracha a údarú a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Áireofar sna tograí sin:

(a) 

an fhaisnéis uile atá ar fáil, amhail dá dtagraítear i mír 1;

(b) 

an fhaisnéis uile ábhartha eile atá i seilbh an Choimisiúin;

(c) 

léiriú go bhfuil coinníollacha Airteagal 2 comhlíonta; agus

(d) 

bonn cirt atá leis na méideanna atá á mbeartú.

Is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, i gcomhpháirt, a dhéanfaidh an cinneadh an Ciste a shlógadh agus déanfaidh siad an cinneadh a luaithe is féidir tar éis don Choimisiún an togra a thíolacadh.

Déanfaidh an Coimisiún, ar láimh amháin, agus Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an láimh eile, araon, iarracht an t-am a thógfar chun an Ciste a shlógadh a íoslaghdú.

4.  
Nuair a bheidh na leithreasaí curtha ar fáil ag Parlaimint na hEorpa agus an Comhairle, glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí ghníomh cur chun feidhme, lena ndéantar an ranníocaíocht airgeadais as an gCiste a dhámhachtain agus déanfaidh sé an ranníocaíocht airgeadais sin láithreach in aon tráthchuid amháin leis an Stát is tairbhí. Má íocadh airleacan de bhun Airteagal 4a, ní íocfar ach an t-iarmhéid.
5.  
Tosóidh an tréimhse incháilitheachta do chaiteachas an dáta a tharlaíonn damáiste dá dtagraítear i mír 1 den chéad uair. I gcás tubaiste nádúrtha mhalltriallaigh, tosóidh an tréimhse incháilitheachta do chaiteachas an dáta a dhéanann údaráis phoiblí an Stáit is incháilithe beart den chéad uair nó ón dáta a dhearbhaigh siad staid éigeandála faoi mar a thagraítear dó i mír 1c.

▼M1

Airteagal 4a

1.  
Agus iarratas ar ranníocaíocht airgeadais as an gCiste á chur faoi bhráid an Choimisiúin aige, féadfaidh Ballstát a iarraidh go n-íocfaí airleacan. Déanfaidh an Coimisiún réamh-mheasúnú féachaint an gcomhlíonann an t-iarratas na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 4(1), agus déanfaidh sé infhaighteacht acmhainní buiséadacha a fhíorú. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha sin agus ina bhfuil acmhainní leordhóthanacha ar fáil, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh, trí ghníomh cur chun feidhme, an t-airleacan a dhámhachtain agus íocfar é gan mhoill sula nglacfar an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 4(4). Déanfar airleacan a íoc gan dochar don chinneadh deireanach maidir leis an gCiste a úsáid.

▼M2

2.  
Ní bheidh luach na réamhíocaíochta os cionn 25 % de mhéid na ranníocaíochta lena bhfuiltear ag súil, agus i gcás ar bith ní bheidh sí os cionn EUR 100 000 000 . A luaithe a chinnfear méid cinntitheach na ranníocaíochta, cuirfidh an Coimisiún méid na réamhíocaíochta san áireamh sula n-íocfar iarmhéid na ranníocaíochta. Aon réamhíocaíocht a rinneadh go míchuí, aisghabhfaidh an Coimisiún é.

▼M1

3.  
Déanfar aon aisíocaíocht a bheidh le déanamh le buiséad ginearálta an Aontais a chur i gcrích roimh an dáta dlite atá sonraithe san ordú gnóthaithe arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 78 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ). Is ar an lá deiridh den dara mí tar éis eisiúint an ordaithe a bheidh an dáta dlite.
4.  
Agus dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais á ghlacadh do bhliain airgeadais áirithe, molfaidh an Coimisiún, aon uair a bheidh gá leis d’fhonn infhaighteacht thráthúil acmhainní buiséadacha a áirithiú, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, an Ciste a shlógadh suas go EUR 50 000 000 ar a mhéad chun airleacain a íoc agus molfaidh sé go ndéanfar na leithreasaí comhfhreagracha a iontráil i mbuiséad ginearálta an Aontais.

Leis na socruithe buiséadacha, comhlíonfar na huasteorainneacha dá dtagraítear in Airteagal 10 (1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle ( 2 )

▼M1

Airteagal 5

1.  
Cuimseofar san Iarscríbhinn a ghabhann le gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4(4) forálacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na ranníocaíocht airgeadais ón gCiste.

Déanfar cur síos sna forálacha sin, go háirithe, ar chineál agus ar shuíomh na n-oibríochtaí atá le maoiniú as an gCiste tar éis iarratas a fháil ón Stát is incháilithe.

2.  
Sula n-íocfar ranníocaíocht airgeadais as an gCiste le Stát is incháilithe nach Ballstát é, tabharfaidh an Coimisiún comhaontú tarmligin i gcrích leis an Stát sin ina leagfar síos forálacha mionsonraithe le haghaidh an ranníocaíocht airgeadais as an gCiste dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ( 3 ) ón gCoimisiún, mar aon leis na hoibleagáidí a bhaineann le baol tubaiste nádúrtha a chosc agus a bhainistiú.
3.  
Ar an Stát is tairbhí a bheidh an fhreagracht oibríochtaí aonair a roghnú agus an ranníocaíocht airgeadais as an gCiste a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe Airteagal 3(2) agus (3), an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 4(4) agus, nuair is infheidhme, an comhaontú tarmligin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.
4.  
Cuirfear chun feidhme an ranníocaíocht airgeadais as an gCiste le Ballstát faoi chuimsiú bainistíochta atá comhroinnte i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Cuirfear chun feidhme an ranníocaíocht airgeadais as an gCiste le tír incháilithe nach Ballstát de chuid an Aontais í faoi chuimsiú bainistíochta indírí i gcomhréir leis an Rialachán sin.
5.  

Gan dochar do fhreagracht an Choimisiúin buiséad ginearálta an Aontais a chur chun feidhme, glacfaidh na Ballstáit is tairbhithe freagracht as bainistiú oibríochtaí lena dtacaíonn an Ciste agus as rialú airgeadais na n-oibríochtaí. Ar na bearta a dhéanfaidh siad beidh:

(a) 

a fhíorú gur socraíodh bearta bainistithe agus rialaithe agus go bhfuil siad á gcur chun feidhme ar bhealach a áiritheoidh go bhfuil cistí an Aontais á n-úsáid go héifeachtúil agus go cuí, i gcomhréir le prionsabail na bainistithe fónta airgeadais;

(b) 

a fhíorú go ndearnadh na bearta maoinithe i gceart;

(c) 

a áirithiú go bhfuil an caiteachas a mhaoinítear bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta infhíoraithe, agus go bhfuil sé ceart agus rialta;

(d) 

neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú agus méideanna a íocadh go míchuí a aisghabháil mar aon le hús ar íocaíochtaí déanacha nuair is iomchuí. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi aon neamhrialtachtaí den chineál sin agus coimeádfaidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir le himeachtaí riaracháin agus dlíthiúla.

6.  
Ainmneoidh na Stáit is tairbhithe comhlachtaí a bheidh freagrach as na hoibríochtaí lena dtacaíonn an Ciste a bhainistiú agus a rialú i gcomhréir le hAirteagal 59 agus Airteagal 60 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Agus an méid sin á dhéanamh acu, cuirfidh siad san áireamh na critéir i ndáil le timpeallacht inmheánach, gníomhaíochtaí rialaithe, faisnéis agus cumarsáid, agus faireachán. Féadfaidh na Ballstáit na comhlachtaí a ainmníodh cheana faoi Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) a ainmniú.

Cuirfidh na comhlachtaí ainmnithe sin an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 59(5) nó in Airteagal 60(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ar fáil don Choimisiún agus cuimseofar san fhaisnéis sin an tréimhse cur chun feidhme ar fad agus an tuarascáil agus an ráiteas dá dtagraítear in Airteagal 8(3) den Rialachán seo á dtíolacadh acu.

7.  
Déanfaidh an Stát is tairbhí na ceartuithe airgeadais is gá i gcás ina n-aimsítear neamhrialtacht. Beidh páirtchealú nó lánchealú na ranníocaíochta airgeadais as an gCiste sna ceartuithe a dhéanfaidh an Stát is tairbhí. Déanfaidh an Stát is tairbhí aon mhéid a chailltear de dheasca neamhrialtachta a bhraitear a aisghabháil.
8.  
Gan dochar do chumhachtaí na Cúirte Iniúchóirí ná do na seiceálacha a dhéanann an Stát is tairbhí i gcomhréir le dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin náisiúnta, féadfaidh an Coimisiún seiceálacha ar an láthair a dhéanamh ar na hoibríochtaí a mhaoinítear as an gCiste. Tabharfaidh an Coimisiún fógra don Stát is tairbhí d’fhonn an cúnamh go léir is gá a fháil. Féadfaidh oifigigh nó státseirbhísigh eile an Bhallstáit lena mbaineann páirt a ghlacadh sna seiceálacha sin.
9.  
Áiritheoidh an Stát is tairbhí go gcoinneofar na doiciméid tacaíochta ar fad maidir leis an gcaiteachas a thabhaítear agus go mbeidh siad ar fáil ag an gCoimisiún agus ag an gCúirt Iniúchóirí ar feadh tréimhse trí bliana tar éis fhoirceannadh an chúnaimh as an gCiste.

Airteagal 6

1.  
Beidh an Stát is tairbhí freagrach as comhordú a dhéanamh ar an ranníocaíocht airgeadais ón gCiste leis na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3, ar thaobh amháin, le cúnamh ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, an Banc Eorpach Infheistíochta agus ionstraimí maoiniúcháin eile an Aontais ar an taobh eile.
2.  
Áiritheoidh an Stát is tairbhí nach ndéanfar an caiteachas a aisíocfar i gcomhréir leis an Rialachán seo a aisíoc trí bhíthin ionstraimí maoiniúcháin eile de chuid an Aontais, go háirithe trí bhíthin ionstraimí beartais comhtháthaithe, talmhaíochta nó iascaigh.
3.  
Maidir le damáiste a leigheastar faoi chuimsiú ionstraimí an Aontais nó ionstraimí idirnáisiúnta a bhaineann le cúiteamh damáiste ar leith, ní bheidh sé incháilithe do chúnamh as an gCiste chun na críche céanna.

Airteagal 7

Beidh na hoibríochtaí a mhaoinítear as an gCiste i gcomhréir le forálacha an Chonartha agus leis na hionstraimí a ghlactar faoin gConradh sin, le beartais agus bearta an Aontais, go háirithe sna réimsí arb iad bainistiú airgeadais, an soláthar poiblí, cosaint an chomhshaoil, baol tubaiste nádúrtha a chosc agus a bhainistiú, oiriúnú don athrú aeráide lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cineálacha cur chuige éiceachórais, agus le hionstraimí cúnaimh réamhaontachais. I gcás inarb infheidhme, rannchuideofar le cuspóirí an Aontais sna réimsí sin leis na hoibríochtaí a mhaoinítear leis an gCiste.

Airteagal 8

1.  
Úsáidfear an ranníocaíocht airgeadais as an gCiste laistigh d’ocht mí dhéag ón dáta a d’eisíoc an Coimisiún méid iomlán an chúnaimh. Maidir le haon chuid den ranníocaíocht airgeadais nár úsáideadh faoin spriocdháta sin nó a úsáideadh le haghaidh oibríochtaí nach raibh incháilithe, aisghabhfaidh an Coimisiún í ón Stát is tairbhí.
2.  
Féachfaidh na Stáit is tairbhithe leis an gcúiteamh ar fad is féidir a fháil ó thríú páirtithe.

▼M2

3.  
Tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dul in éag don tréimhse 18 mí dá dtagraítear i mír 1, tíolacfaidh an Stát is tairbhí tuarascáil maidir le cur chun feidhme na ranníocaíochta as an gCiste mar aon le ráiteas lena dtabharfar údar leis an gcaiteachas, ina léireofar aon fhoinse mhaoiniúcháin eile le haghaidh na n-oibríochtaí lena mbaineann, lena n-áirítear socraíochtaí árachais agus cúiteamh ó thríú páirtithe.

De réir chineál na tubaiste nó na héigeandála incháilithe, leagfar amachna sonraí seo a leanas sa tuarascáil cur chun feidhme:

(a) 

na bearta coisctheacha, a rinne an Stát is tairbhí nó atá beartaithe aige chun damáiste amach anseo a shrianadh agus chun nach dtarlóidh, a mhéid is féidir, tubaistí nádúrtha ná éigeandálaí sláinte poiblí den chineál sin arís, lena n-áirítear úsáid a bhaint as Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa chun na críche sin;

(b) 

an staid atá ann maidir le cur chun feidhme reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le riosca tubaiste a chosc agus a bhainistiú;

(c) 

an taithí a fuarthas ón tubaiste nó ón éigeandáil agus na bearta a rinneadh nó atá beartaithe chun cosaint agus athléimneacht an chomhshaoil a áirithiú i ndáil leis an athrú aeráide, le tubaistí nádúrtha agus le héigeandálaí sláinte poiblí; agus

(d) 

aon fhaisnéis ábhartha eile faoi bhearta coisctheacha agus maolaithe a rinneadh agus a bhaineann le cineál na tubaiste nádúrtha nó le cineál na héigeandála sláinte poiblí.

Beidh tuairim ó chomhlacht iniúchóireachta neamhspleách ag gabháil leis an tuarascáil cur chun feidhme, tuairim a tharraingeofar suas i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta agus a léireoidh an léargas fírinneach cothrom é an ráiteas lena dtugtar údar don chaiteachas, agus an rud dlíthiúil rialta í an ranníocaíocht as an gCiste, i gcomhréir le hAirteagail 59(5) agus 60(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Ag deireadh an nós imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Coimisiún deireadh leis an gcúnamh as an gCiste.

▼M1

4.  
I gcás ina n-íocann tríú páirtí ina dhiaidh sin as an damáiste a leigheas, cuirfidh an Coimisiún de cheangal ar an Stát is tairbhí méid comhfhreagrach a aisíoc ón ranníocaíocht airgeadais as an gCiste.

Airteagal 9

Maidir le hiarratais ar ranníocaíocht airgeadais as an gCiste agus na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 4(4), mar aon leis an gcomhaontú tarmligin agus le tuarascálacha agus aon doiciméid ghaolmhara eile sloinnfear na méideanna uile in euro.

Comhshófar méideanna an chaiteachais a thabhaítear in airgeadraí náisiúnta isteach in euro ag na rátaí laethúla malairte a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh don lá a ghlacann an Coimisiún an gníomh gaolmhar cur chun feidhme. I gcás nach bhfoilsítear aon ráta laethúil malairte don euro in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh don lá a ghlacann an Coimisiún an gníomh gaolmhar cur chun feidhme, déanfar an comhshó ag meán na rátaí míosúla cuntasaíochta a bhunaíonn an Coimisiún, a chinntear thar an tréimhse sin. Úsáidfear an ráta malartaithe aonair agus an ranníocaíocht airgeadais as an gCiste á cur chun feidhme agus mar bhunús leis an tuarascáil deiridh cur chun feidhme agus an ráiteas maidir leis an gcur chun feidhme agus leis na heilimintí den ranníocaíocht airgeadais a cheanglaítear faoi Airteagal 59(5) nó Airteagal 60(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

▼B

Article 10

1.  
In exceptional cases and if the remaining financial resources available in the Fund in the year of the occurrence of the disaster are not sufficient to cover the amount of assistance deemed necessary by the budgetary authority, the Commission may propose that the difference be financed through the next year's Fund. The annual budgetary ceiling of the Fund in the year of the occurrence of the disaster and the following year shall under all circumstances be respected.

▼M1

2.  
I gcás ina ndéantar luacháil is ísle go suntasach ar an damáiste, faoi mar a léirítear le heilimintí nua, aisíocfaidh an Stát is tairbhí an chuid den ranníocaíocht airgeadais is comhfhreagrach léi sin as an gCiste leis an gCoimisiún.

Airteagal 11

1.  
Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirfear chun feidhme bearta a mhaoinítear faoin Rialachán seo, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm.
2.  
Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí cistiúcháin, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin Rialachán seo.
3.  
Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ( 6 ) ón gComhairle d’fhonn a shuí an ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéanfaí difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le conradh a bhaineann le maoiniú an Aontais.
4.  
Gan dochar do mhír 1 ná do mhír 2 ná do mhír 3, beidh forálacha sna comhaontuithe tarmligin le tríú tíortha, sna conarthaí agus sna cinntí lena ndámhtar ranníocaíocht airgeadais as an gCiste de thoradh an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena dtabharfar cumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den chineál sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

▼B

Article 12

Before 1 July the Commission shall present to the European Parliament and to the Council a report on the activity of the Fund in the previous year. This report shall in particular contain information relating to Articles 3, 4 and 8.

▼M1 —————

▼B

Article 15

This Regulation shall enter into force on the day following that of its publication in the Official Journal of the European Communities.

This Regulation shall be binding in its entirety and directly applicable in all Member States.



( 1 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

( 2 ) Rialachán (AE) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

( 3 ) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).

( 4 ) Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

( 5 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

( 6 ) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne calaoise agus míréireachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

Top