EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1070

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1070 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 lena leagtar síos bearta rialaithe speisialta ar feadh tréimhse theoranta a bhaineann le hionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/4637

IO L 230, 30.6.2021, p. 10–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 21/04/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1070/oj

30.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 230/10


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1070 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Meitheamh 2021

lena leagtar síos bearta rialaithe speisialta ar feadh tréimhse theoranta a bhaineann le hionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 71(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar veicteoir-iompartha é ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, arb é is cúis leis víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, a bhíonn ar eallach agus ar bhuabhaill fhiáine Áiseacha, galar is féidir a bheith ina chúis le caillteanais shuntasacha eacnamaíocha, laghdú ar thoradh bainne, cnaíteacht thromchúiseach, damáiste buan do sheithí, deacrachtaí tánaisteacha éagsúla agus cothú éinirt ainsealaigh, agus tabhú toirmeasc gluaiseachta nó trádála. Tá sé ar liosta na ngalar infhógartha de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE) (2).

(2)

Le Rialachán (AE) 2016/429 bunaítear creat reachtach nua chun galair a chosc agus a rialú. Liostaítear ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/429, agus dá réir sin is galar liostaithe é chun críocha an Rialacháin sin, agus tá sé faoi réir na rialacha maidir le galair a chosc agus a rialú a leagtar síos ann. Ina theannta sin, liostaítear ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 (3) ón gCoimisiún mar ghalar i gcatagóir A, D agus E.

(3)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 (4) ón gCoimisiún, déantar forlíonadh ar na rialacha maidir le rialú galar i gcatagóirí A, B agus C a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429, lena n-áirítear bearta rialaithe galar in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh. Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/429, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 go léir ón 21 Aibreán 2021 ar aghaidh.

(4)

Roimhe sin, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2008 (5) ón gCoimisiún, leagadh síos rialacha maidir le bearta rialaithe sláinte ainmhithe i ndáil le hionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sna Ballstáit nó i gcodanna díobh a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis, lena n-áirítear na híoscheanglais le haghaidh cláir vacsaínithe in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a chuireann na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformheas. Is ábhar imní don Bhulgáir agus don Ghréig an liostú sin. Scoir Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2008 d’fheidhm a bheith aige an 20 Aibreán 2021, agus ba cheart na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo a chur in ionad na rialacha a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme sin.

(5)

Ó 2017 i leith, níor tuairiscíodh aon ráig d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh san Eoraip, ach tá an galar sin fós in Anatóil na Tuirce agus sa Rúis, agus in Oirthear na hÁise, rud a dhéanann difear don Bhanglaidéis, don tSín agus don India. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh leathadh an ghalair sin a bheith ina riosca d’earnáil na talmhaíochta san Aontas.

(6)

Seachas an Bhulgáir agus an Ghréig, tá sé curtha in iúl ag an gCróit agus líon suntasach tríú tíortha comharsanachta, amhail an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv (6), Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia agus an Tuirc, tá sé curtha in iúl don Choimisiún acu go bhfuil vacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh curtha san áireamh ina mbeartas rialaithe galar. Tá an chuid is mó de na tríú tíortha sin tar éis deireadh a chur le vacsaíniú agus tá bearta faireachais á gcoinneáil ar bun acu.

(7)

Tugann an staid eipidéimeolaíoch in Oirthear na hEorpa agus i réigiúin chomharsanachta le tuiscint go bhféadfadh riosca áirithe a bheith ann fós go dtiocfadh galar isteach arís nó go dtiocfadh sé chun cinn arís, i limistéir ardriosca ina bhfuil deireadh tagtha le vacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh.

(8)

Bunaithe ar an bhfaisnéis eipidéimeolaíoch atá ar fáil go dtí seo, ar thorthaí an fhaireachais ar ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh agus ar vacsaíniú in aghaidh an ghalair sin, is iomchuí leanúint leis an vacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sna limistéir ardriosca sa Bhulgáir agus sa Ghréig, ar a laghad. Ina theannta sin, i ngach Ballstát nó i gcodanna díobh ina bhfuil an vacsaíniú in aghaidh an ghalair sin laghdaithe nó deireadh iomlán curtha leis, ba cheart leanúint leis an bhfaireachas córasach, idir ghníomhach agus éighníomhach.

(9)

De réir thuarascáil eolaíoch an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA) maidir le hionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, a formheasadh an 30 Eanáir 2020 (7) (Tuarascáil EFSA), ba cheart vacsaín homalógach a úsáid chun go laghdófaí an riosca maidir le hionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a leathadh a thuilleadh go dtí oirdheisceart na hEorpa. Dá gcuirfí deireadh leis an vacsaíniú agus dá dtiocfadh an galar sin chun cinn arís, bheadh gá le plean teagmhasach agus stoc-charnadh vacsaíní, fiú ar bhonn réigiúnach, chun go mbeifí in ann freagairt go tapa le vacsaíniú éigeandála.

(10)

Na bearta ginearálta rialaithe galar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429, agus sna rialacha forlíontacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ní chumhdaíonn siad gach gné riachtanach de vacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh. Is iomchuí, dá bhrí sin, rialacha cur chun feidhme aonfhoirmeacha a leagan síos ar leibhéal an Aontais sa Rialachán seo chun bearta speisialta rialaithe galar a chumhdach ar feadh tréimhse theoranta ama, faoi choinníollacha is iomchuí i leith staid eipidéimeolaíoch an ghalair sin san Aontas agus i dtríú tíortha comharsanachta. Ba cheart an taithí a fuarthas agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2008 á chur i bhfeidhm a chur san áireamh sna bearta rialaithe a leagtar síos sa Rialachán seo, chomh maith leis na caighdeáin idirnáisiúnta a leagtar amach i gCaibidil 11.9 “Ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh” de Chód um Shláinte Ainmhithe Talún de chuid OIE (Cód OIE) (8).

(11)

Ba cheart foráil a dhéanamh sna rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le cur chuige réigiúnaithe, agus ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha sin in éineacht leis na bearta rialaithe galar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. Ina theannta sin, ba cheart go liostófaí sa Rialachán seo criosanna srianta na mBallstát atá i mbun pleananna vacsaínithe coisctheacha ina bhfuil vacsaíní maolaithe beo i gcás nach bhfuil aon ráig d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh (crios srianta I); agus limistéir ina bhfuil ráigeanna d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh (crios srianta II). Ba cheart na limistéir a áirítear i gcrios srianta I nó i gcrios srianta II a liostú in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus aird á tabhairt ar an bhfaisnéis a sholáthair údaráis inniúla na mBallstát dá ndéanann an galar sin difear.

(12)

D’fhéadfadh bó-ainmhithe atá vacsaínithe agus táirgí ó na bó-ainmhithe sin a bheith ina riosca maidir le leathadh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le toirmisc áirithe agus coinníollacha sonracha maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí bó-ainmhithe nó de chineálacha éagsúla táirgí ó na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Chun suaitheadh neamhriachtanach ar thrádáil a sheachaint, ba cheart maoluithe áirithe ar na toirmisc sin agus ar na coinníollacha sonracha sin a leagan síos. Ba cheart prionsabail Chód OIE a mhéid a bhaineann le bearta maolaithe riosca in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a chur san áireamh sna maoluithe agus sna coinníollacha sonracha sin, chomh maith leis na rialacha maidir le galair ainmhithe a chosc agus a rialú a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

(13)

Maidir leis an riosca go leathfaí ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, baineann leibhéil éagsúla riosca le tráchtearraí éagsúla. Mar a léirítear i dTuarascáil EFSA, is airde an leibhéal riosca a bhaineann le gluaiseachtaí bó-ainmhithe beo, seamhan bó-ainmhithe agus seithí agus craicne bó-ainmhithe ionfhabhtaithe ó thaobh teagmhála agus iarmhairtí léi ná mar a bhaineann le táirgí eile amhail bainne agus táirgí déiríochta, seithí agus craicne cóireáilte nó feoil úr, ullmhóidí feola agus táirgí feola de thionscnamh bó-ainmhithe. Mar sin féin, ní leor an fhianaise eolaíoch ná thurgnamhach fós maidir lena ról i dtarchur víreas an chraicinn chnapánaigh. Ní féidir tarchur víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh trí sheamhan, ubháin agus suthanna ainmhithe den speiceas buaibheach a eisiamh. Ní fhéadfaidh bainne agus táirgí déiríochta, ná gruth buí, a bheith ina riosca maidir le scaipeadh víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh ach amháin nuair atá sé beartaithe iad a úsáid chun ainmhithe den speiceas soghabhálach a bheathú.

(14)

Dá bhrí sin, ba cheart bearta cosanta áirithe a chur ar fáil le haghaidh na dtráchtearraí sin ar bhonn Thuarascáil EFSA agus na gcaighdeán agus na moltaí ábhartha is déanaí ó OIE.

(15)

Is lú an riosca a bhaineann le gluaiseachtaí ainmhithe atá le marú láithreach ná mar a bhaineann le cineálacha eile gluaiseachtaí ainmhithe ar choinníoll go bhfuil bearta maolaithe riosca i bhfeidhm. Is iomchuí, dá bhrí sin, cead a thabhairt do na Ballstáit maoluithe ar thoirmisc áirithe a leagtar síos sa Rialachán seo a dheonú go heisceachtúil maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de bhó-ainmhithe atá ar coimeád, ó chriosanna srianta I agus II, chun iad a mharú láithreach i seamlas atá suite lasmuigh de chriosanna srianta I agus II sa Bhallstát céanna.

(16)

Na maoluithe maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de bhó-ainmhithe áirithe ó chriosanna srianta I nó II go criosanna srianta eile de chuid Ballstáit eile a bhfuil stádas galair comhchosúil acu, tá bonn cirt leo i gcás ina gcuirfear bearta maolaithe riosca sonracha i bhfeidhm. Chuige sin, ní mór nós imeachta um chainéalú sábháilte a bhunú faoi dhianrialú údaráis inniúla an Bhallstáit tionscnaimh, trasnaithe agus cinn scríbe.

(17)

Foráiltear le hAirteagal 143 de Rialachán (AE) 2016/429 go mbeidh deimhnithe sláinte ainmhithe ag gabháil le gluaiseachtaí ainmhithe, lena n-áirítear bó-ainmhithe. I gcás ina gcuirfear maoluithe ar an toirmeasc ar ghluaiseachtaí coinsíneachtaí bó-ainmhithe atá ar coimeád ó chriosanna srianta I, agus II i bhfeidhm maidir le coinsíneachtaí bó-ainmhithe atá ar coimeád a bhfuil sé beartaithe iad a aistriú laistigh den Aontas, ba cheart tagairt don Rialachán seo a áireamh sna deimhnithe sláinte ainmhithe sin, chun a áirithiú go soláthrófar faisnéis leormhaith chruinn faoi shláinte sna deimhnithe sláinte ainmhithe sin.

(18)

I gcás ina ndéanfar foráil sa Rialachán seo maidir le maoluithe ar thoirmisc ar ghluaiseachtaí coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha ó chriosanna srianta I agus II a ghabhann leis na deimhnithe sláinte ainmhithe, ba cheart tagairt don Rialachán seo a áireamh iontu, chun a áirithiú go soláthrófar faisnéis leormhaith chruinn faoi shláinte i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 (9).

(19)

Ba cheart iompar bó-ainmhithe agus fotháirgí ainmhithe ó na hainmhithe sin ó chriosanna srianta I agus II a dhéanamh faoi bhearta leasa ainmhithe agus bithshlándála chun nach leathfar ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh.

(20)

Beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón 21 Aibreán 2021. Dá réir sin, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne.

(21)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ar feadh tréimhse go dtí an 21 Aibreán 2023, agus taithí an Aontais maidir le rialú ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, staid eipidéimeolaíoch an ghalair sin faoi láthair sna Ballstáit agus i dtríú tíortha comharsanachta agus aon riail eile a bheidh ann amach anseo maidir le vacsaíniú a leagtar síos de bhun Airteagal 47 de Rialachán (AE) 2016/429 á gcur san áireamh.

(22)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

RIALACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leagtar síos leis sa Rialachán seo bearta speisialta rialaithe galar in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit ar feadh tréimhse theoranta ama i limistéir ina gcríoch i gcás:

(a)

inar deimhníodh ráig den ghalar sin;

(b)

nár deimhníodh ráig den ghalar sin, ach ina gcinnfidh siad vacsaíniú in aghaidh an ghalair sin a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

Tá feidhm ag na bearta speisialta rialaithe galar a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le bó-ainmhithe agus seachtháirgí agus táirgí geirmeacha a fuarthas ó na bó-ainmhithe, agus tá siad á gcur leis na bearta rialaithe galar is infheidhme maidir le cosaint, faireachas agus criosanna srianta breise a arna mbunú ag údarás inniúil Ballstáit tar éis ráig d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

Ina theannta sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “bó-ainmhí” ainmhí den speiceas crúbach a bhaineann leis na geinis Bison, Bos (lena n-áirítear na fogheinis Bos, Bibos, Novibos, Poephagus) agus Bubalus (lena n-áirítear an fogheineas Anoa) agus sliocht chrosálacha na speiceas sin;

(2)

ciallaíonn “crios srianta I” cuid de chríoch Ballstáit a bhfuil teorannú geografach beacht léi:

(a)

atá suite lasmuigh de limistéar inar deimhníodh ráig d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh;

(b)

ina ndéantar vacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i gcomhréir le hAirteagal 3(2);

(c)

a liostaítear nó nach liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn I;

(d)

atá faoi réir rialacha speisialta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagail 3 go 6.

(3)

ciallaíonn “crios srianta II” cuid de chríoch Ballstáit a bhfuil an teorannú geografach beacht seo a leanas léi:

(a)

lena n-áirítear limistéar inar deimhníodh ráig d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh;

(b)

ina ndéantar vacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i gcomhréir le hAirteagal 3(1);

(c)

a liostaítear nó nach liostaítear i gCuid II d’Iarscríbhinn I;

(d)

tá sí faoi réir rialacha speisialta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 3 go 6.

CAIBIDIL II

BEARTA SPEISIALTA RIALAITHE GALAR IN AGHAIDH VÍREAS GHALAR AN CHRAICINN CHNAPÁNAIGH

ROINN 1

Criosanna srianta agus vacsaíniú a bhunú in aghaidh víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh

Airteagal 3

Criosanna srianta I agus II a bhunú

1.   I gcás ina ndeimhneofar ráig d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i mbó-ainmhithe, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:

(a)

crios srianta II a bhunú:

(i)

lena gcumhdaítear ar a laghad na limistéir a áirítear sna criosanna cosanta, sna criosanna faireachais agus sna criosanna srianta breise a bhunaítear tar éis an galar sin a dheimhniú i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;

(ii)

i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429;

(b)

vacsaíniú a chur chun feidhme in aghaidh an ghalair sin i gcrios srianta II dá dtagraítear i bpointe (a) mar a leanas:

(i)

i gcomhréir leis na rialacha maidir le pleananna vacsaínithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

(ii)

faoi rialú an údaráis inniúil;

(iii)

tús áite a thabhairt d’úsáid vacsaíní homalógacha caolaithe beo;

(iv)

vacsaíniú a thabhairt do gach bó-ainmhí agus a sliocht atá ar coimeád sa chrios ina ndéantar vacsaíniú, go neamhspleách ar a ngnéas, ar a n-aois agus ar a stádas iompair nó táirgiúlachta, i gcomhréir le treoracha an mhonaróra.

I gcás, áfach, ina ndeimhneofar ráig amháin d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i mbó-ainmhithe atá ar coimeád i limistéar Ballstáit nach raibh an galar sin ann roimh an ráig sin, agus ina mbeidh na bearta a dhéantar i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 éifeachtach maidir le leathadh an ghalair a rialú, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh gan crios srianta II a bhunú.

2.   Féadfaidh an t-údarás inniúil crios srianta I a bhunú i limistéir nár deimhníodh go raibh ráig d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh ann chun leathadh na ráige sin a chosc, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429. I gcrios srianta I sin, déanfaidh an t-údarás inniúil vacsaíniú in aghaidh an ghalair sin i gcomhréir le mír 1, pointe (b) den Airteagal seo.

3.   Déanfaidh údarás inniúil na mBallstát a bhfuil vacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh á chur i bhfeidhm acu an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn II, Cuid III den Rialachán seo a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit eile sula gcuirfidh sé tús leis an vacsaíniú agus leis an bplean vacsaínithe dá dtagraítear i mír 1(b), pointe (i).

Airteagal 4

Toirmisc ar ghluaiseachtaí i gcriosanna srianta I agus II

1.   Cuirfidh an t-údarás inniúil toirmeasc ar ghluaiseachtaí na gcoinsíneachtaí seo a leanas i gcriosanna srianta II:

(a)

bó-ainmhithe;

(b)

táirgí geirmeacha ó bhó-ainmhithe;

(c)

seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte ó bhó-ainmhithe lena n-áirítear bainne, gruth buí, táirgí déiríochta agus táirgí grutha bhuí atá beartaithe le haghaidh beatha ainmhithe.

2.   Cuirfidh an t-údarás inniúil toirmeasc ar ghluaiseachtaí na gcoinsíneachtaí seo a leanas i gcriosanna srianta I:

(a)

bó-ainmhithe;

(b)

táirgí geirmeacha ó bhó-ainmhithe;

(c)

seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte ó bhó-ainmhithe seachas bainne, gruth buí, táirgí déiríochta agus táirgí grutha bhuí atá beartaithe le haghaidh beatha ainmhithe.

3.   De mhaolú ar na toirmisc dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2, féadfaidh an t-údarás inniúil na gluaiseachtaí dá bhforáiltear i gCaibidil III a údarú i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear inti.

ROINN 2

Criosanna srianta I agus II in iarscríbhinn I a áireamh

Airteagal 5

Crios srianta II a áireamh in Iarscríbhinn I, Cuid II

I gcás ina ndéanfar limistéar Ballstáit, ar chúiseanna eipidéimeolaíocha, a chumhdaítear i bpáirt nó go hiomlán faoi chrios srianta II a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 3(1), a áireamh i gCuid II d’Iarscríbhinn I, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas láithreach:

(a)

teorainneacha chrios srianta tosaigh II a oiriúnú chun a áirithiú go gcomhfhreagróidh sé do chrios srianta II a thuairiscítear san Iarscríbhinn sin;

(b)

an vacsaíniú dá bhforáiltear in Airteagal 3(1), pointe (b), agus na toirmisc dá bhforáiltear in Airteagal 4(1) a leathnú go dtí crios srianta II a thuairiscítear san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 6

Crios srianta I a áireamh in Iarscríbhinn I, Cuid I

1.   I gcás ina mbeidh, ar chúiseanna eipidéimeolaíocha, limistéar Ballstáit nár deimhníodh ráig d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh ann san áireamh i gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:

(a)

vacsaíniú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 3(1), pointe (b), i gcrios srianta I a thuairiscítear san Iarscríbhinn sin;

(b)

na toirmisc dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) a chur chun feidhme i gcrios srianta I a thuairiscítear san Iarscríbhinn sin.

2.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil crios srianta I a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 3(2), cuirfear an crios srianta sin san áireamh i gCuid I d’Iarscríbhinn I.

CAIBIDIL III

COINNÍOLLACHA I nDÁIL LE GLUAISEACHTAÍ LAISTIGH DE LIMISTÉIR SHRIANTA AGUS Ó LIMISTÉIR SHRIANTA INA gCUIRTEAR I bhFEIDHM BEARTA RIALAITHE IN AGHAIDH GHALAR AN CHRAICINN CHNAPÁNAIGH

ROINN 1

Maoluithe ar na toirmisc ar ghluaiseachtaí coinsíneachtaí bó-ainmhithe ó chriosanna srianta I agus II

Airteagal 7

Maoluithe ar an toirmeasc ar ghluaiseachtaí coinsíneachtaí bó-ainmhithe ó chrios srianta I

De mhaolú ar an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 4(2), pointe (a), féadfaidh an t-údarás inniúil gluaiseachtaí coinsíneachtaí bó-ainmhithe ó bhunaíochtaí atá suite i gcrios srianta a údarú chuig na háiteanna seo a leanas:

(a)

criosanna srianta I nó II de chuid an Bhallstáit chéanna nó Ballstáit eile ar choinníoll go mbeidh gach ceann de na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(i)

rinneadh vacsaíniú ar na bó-ainmhithe sa choinsíneacht in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh 28 lá ar a laghad roimh an dáta seolta agus tá siad fós laistigh den tréimhse imdhíonachta i gcomhréir le treoracha mhonaróir na vacsaíní ar an dáta sin;

(ii)

rinneadh gach bó-ainmhí atá ar coimeád i mbunaíocht tionscnaimh na gcoinsíneachtaí sin a vacsaíniú nó a athvacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh 28 lá ar a laghad roimh an dáta seolta agus tá siad fós laistigh den tréimhse imdhíonachta i gcomhréir le treoracha mhonaróir na vacsaíní ar an dáta sin nó tá siad fós laistigh den tréimhse imdhíonachta ar spreag vacsaíniú nó imdhíonacht ón máthair í roimhe sin ar an dáta seolta;

(iii)

bhí na bó-ainmhithe sa choinsíneacht ar coimeád ina mbunaíocht tionscnaimh ó rugadh iad nó ar feadh tréimhse leanúnach 28 lá ar a laghad roimh an dáta seolta; agus

(iv)

rinne an t-údarás inniúil an méid a leanas:

scrúdú cliniciúil, a raibh torthaí fabhracha air, ar na bó-ainmhithe go léir atá ar coimeád i mbunaíocht tionscnaimh na gcoinsíneachtaí sin, lena n-áirítear na bó-ainmhithe sna coinsíneachtaí sin;

más gá, scrúdú saotharlainne, a raibh torthaí fabhracha air, ar bhó-ainmhithe atá ar coimeád i mbunaíocht tionscnaimh na gcoinsíneachtaí sin, lena n-áirítear na bó-ainmhithe sna coinsíneachtaí sin;

(b)

aon cheann scríbe – lena n-áirítear limistéir lasmuigh de chriosanna srianta, criosanna srianta eile I nó criosanna srianta II – de chuid an Bhallstáit chéanna nó Ballstáit, más rud é, sa bhreis ar na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (a)(ii), (iii) agus (iv) den Airteagal seo, go mbeidh gach ceann de na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(i)

rinneadh vacsaíniú ar na bó-ainmhithe sa choinsíneacht in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh 60 lá ar a laghad roimh an dáta seolta agus tá siad fós laistigh den tréimhse imdhíonachta i gcomhréir le treoracha mhonaróir na vacsaíní ar an dáta seolta;

(ii)

i bhfoisceacht 20 km ar a laghad de bhunaíocht tionscnaimh na gcoinsíneachtaí sin, ní raibh aon ráig d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh le linn tréimhse trí mhí ar a laghad roimh an dáta seolta; agus

(iii)

rinneadh gach bó-ainmhí atá ar coimeád i bhfoisceacht 50 km de bhunaíocht tionscnaimh na coinsíneachta a vacsaíniú nó a athvacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh 60 lá ar a laghad roimh an dáta seolta agus tá siad fós laistigh den tréimhse imdhíonachta i gcomhréir le treoracha mhonaróir na vacsaíní ar an dáta sin nó laistigh dá n-imdhíonacht ón máthair;

(c)

aon cheann scríbe – lena n-áirítear limistéir lasmuigh de chriosanna srianta, criosanna srianta eile I nó criosanna srianta II – de chuid Ballstáit eile nó i gcríocha eile i dtríú tíortha, más rud é, sa bhreis ar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) den Airteagal seo, go mbeidh na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(i)

comhlíonann na bó-ainmhithe gach ráthaíocht sláinte ainmhithe, ar bhonn toradh fabhrach ar mheasúnú riosca a rinneadh ar bhearta in aghaidh leathadh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a cheanglóidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh agus a fhormheasfaidh údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe nó an Bhallstáit trasnaithe, roimh an dáta seolta;

(ii)

níor deimhníodh aon ráig d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i bhfoisceacht 20 km ar a laghad de bhunaíocht tionscnaimh na gcoinsíneachtaí sin ar feadh tréimhse trí mhí ar a laghad roimh an dáta seolta; agus

(iii)

rinneadh gach bó-ainmhí atá ar coimeád i bhfoisceacht 50 km de bhunaíocht tionscnaimh na coinsíneachta a vacsaíniú nó a athvacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh 60 lá ar a laghad roimh an dáta seolta agus tá siad fós laistigh den tréimhse imdhíonachta i gcomhréir le treoracha mhonaróir na vacsaíní ar an dáta sin nó laistigh dá n-imdhíonacht ón máthair;

Airteagal 8

Maoluithe ar an toirmeasc ar ghluaiseachtaí coinsíneachtaí bó-ainmhithe ó chrios srianta I

De mhaolú ar an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 4(1), pointe (a), féadfaidh an t-údarás inniúil gluaiseachtaí coinsíneachtaí bó-ainmhithe ó bhunaíochtaí atá suite i gcrios srianta II a údarú:

(a)

aon cheann scríbe, lena n-áirítear limistéir lasmuigh de chriosanna srianta, criosanna srianta I, criosanna srianta II eile de chuid an Bhallstáit chéanna nó Ballstáit, ar choinníoll go mbeidh gach ceann de na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(i)

comhlíonann na bó-ainmhithe sa choinsíneacht gach ráthaíocht sláinte ainmhithe, ar bhonn toradh fabhrach ar mheasúnú riosca a dhéantar ar bhearta in aghaidh leathadh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a cheangail údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh agus a comhaontaíodh le húdarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe nó an Bhallstáit trasnaithe, roimh an dáta seolta;

(ii)

rinneadh na bó-ainmhithe sa choinsíneacht a vacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh 28 lá ar a laghad roimh an dáta seolta agus tá siad fós laistigh den tréimhse imdhíonachta i gcomhréir le treoracha mhonaróir na vacsaíní ar an dáta sin;

(iii)

rinneadh gach bó-ainmhí eile atá ar coimeád sa bhunaíocht tionscnaimh chéanna leis na bó-ainmhithe sa choinsíneacht a vacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh 28 lá ar a laghad roimh an dáta seolta agus tá siad fós laistigh den tréimhse imdhíonachta i gcomhréir le treoracha mhonaróir na vacsaíní ar an dáta sin nó fós laistigh den tréimhse imdhíonachta ar spreag vacsaíniú nó imdhíonacht ón máthair í roimhe sin ar an dáta sin;

(iv)

déanfaidh an t-údarás inniúil an méid a leanas:

scrúdú cliniciúil, a mbeidh torthaí fabhracha air, ar na bó-ainmhithe go léir atá ar coimeád i mbunaíocht tionscnaimh na gcoinsíneachtaí sin, lena n-áirítear na bó-ainmhithe sna coinsíneachtaí sin;

más gá, scrúdú saotharlainne, a bhfuil torthaí fabhracha air, ar bhó-ainmhithe atá ar coimeád i mbunaíocht tionscnaimh na gcoinsíneachtaí sin, lena n-áirítear na bó-ainmhithe sna coinsíneachtaí sin;

(v)

tá na bó-ainmhithe ar coimeád i mbunaíocht ó rugadh iad, nó ar feadh tréimhse 28 lá ar a laghad roimh an dáta seolta, i mbunaíocht nár deimhníodh aon ráig d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i bhfoisceacht 20 km ar a laghad di le linn na dtrí mhí roimh an dáta seolta;

(vi)

rinneadh gach bó-ainmhí atá i bhfoisceacht 50 km de bhunaíocht tionscnaimh na coinsíneachta a vacsaíniú nó a athvacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i gcomhréir le treoracha mhonaróir na vacsaíní a leagtar amach in Iarscríbhinn II 60 lá ar a laghad roimh an dáta seolta agus tá siad fós laistigh den tréimhse imdhíonachta i gcomhréir le treoracha mhonaróir na vacsaíní nó laistigh dá n-imdhíonacht ón máthair;

(b)

aon cheann scríbe atá suite i gcrios srianta II eile de chuid an Bhallstáit chéanna, ar choinníoll go mbeidh gach ceann de na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(i)

rinneadh gach bó-ainmhí atá ar coimeád i mbunaíocht tionscnaimh na gcoinsíneachtaí sin a vacsaíniú nó a athvacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh 28 lá ar a laghad roimh an dáta seolta agus tá siad fós laistigh den tréimhse imdhíonachta i gcomhréir le treoracha mhonaróir na vacsaíní ar an dáta sin nó tá siad fós laistigh den tréimhse imdhíonachta ar spreag vacsaíniú nó imdhíonacht ón máthair í roimhe sin ar an dáta sin; agus

(ii)

rinneadh na bó-ainmhithe atá ar coimeád i mbunaíocht tionscnaimh na gcoinsíneachtaí sin a vacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh 28 lá ar a laghad roimh an dáta seolta i gcomhréir le treoracha mhonaróir na vacsaíní ar an dáta sin nó is sliocht neamhvacsaínithe iad atá níos lú ná sé mhí d’aois agus a rugadh do mháithreacha vacsaínithe 28 lá ar a laghad roimh bhreith a bhí fós laistigh den tréimhse imdhíonachta i gcomhréir leis an monaróir vacsaíní ar dháta na breithe, agus féadfar iad a aistriú go dtí bunaíocht eile.

Airteagal 9

Coinníollacha sonracha maidir le húdarú gluaiseachtaí coinsíneachtaí bó-ainmhithe ó chriosanna srianta I agus II go seamlas lasmuigh de na criosanna sin a údarú, seamlas atá suite i gcríoch an Bhallstáit chéanna, chun iad a mharú láithreach

De mhaolú ar na toirmisc dá bhforáiltear in Airteagal 4(2), pointe (a), agus Airteagal 4(1), pointe (a) den Rialachán seo, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit gluaiseachtaí coinsíneachtaí bó-ainmhithe ó chriosanna srianta I agus II a údarú chuig seamlas lasmuigh de na criosanna sin, seamlas atá suite i gcríoch an Bhallstáit chéanna, ar choinníoll go n-aistreofar na bó-ainmhithe chun iad a mharú láithreach i gcomhréir leis na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagal 28(2) go (5) agus in Airteagal 28(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

Airteagal 10

Maoluithe ar an toirmeasc ar ghluaiseacht coinsíneachtaí de sheamhan, ubhán agus suthanna bó-ainmhithe ó chriosanna srianta I agus II

1.   De mhaolú ar an toirmeasc dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 4(2), féadfaidh údarás inniúil Ballstáit gluaiseachtaí coinsíneachtaí de sheamhan, ubhán agus suthanna bó-ainmhithe a údarú ó bhunaíochtaí táirgí geirmeacha formheasta nó ó bhunaíochtaí eile atá suite i gcrios srianta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

criosanna srianta I nó II de chuid an Bhallstáit chéanna ar choinníoll go mbeidh gach ceann de na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(i)

bhí an méid seo a leanas fíor faoi na hainmhithe bronntacha:

bhí siad vacsaínithe agus athvacsaínithe in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i gcomhréir le treoracha mhonaróir na vacsaíne a úsáideadh, agus tugadh an chéad vacsaíniú ar a laghad 60 lá roimh dháta bailithe an tseamhain, na n-ubhán nó an tsutha; nó

rinneadh tástáil shéireolaíoch orthu chun antasubstaintí sonracha in aghaidh víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a bhrath lá an bhailithe agus ar a laghad 28 lá tar éis na tréimhse bailithe a mhéid a bhaineann le seamhan nó lá an bhailithe a mhéid a bhaineann le suthanna agus ubháin, tástáil a raibh torthaí diúltacha uirthi;

(ii)

coimeádadh na hainmhithe bronntacha, le linn na 60 lá roimh dháta bailithe an tseamhain, na n-ubhán nó na suthanna, in ionad inseamhnaithe shaorga nó i mbunaíocht iomchuí eile, nár deimhníodh aon ráig d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i bhfoisceacht 20 km ar a laghad de le linn na dtrí mhí roimh dháta bailithe an tseamhain, na n-ubhán nó na suthanna;

(iii)

rinneadh seiceáil chliniciúil ar na hainmhithe bronntacha 28 lá roimh dháta an bhailithe, agus le linn na tréimhse bailithe go léir chomh maith, agus níor léirigh siad aon siomptóm cliniciúil d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh;

(b)

aon cheann scríbe atá suite i gcrios srianta eile I nó II de chuid Ballstáit eile, ar choinníoll, sa bhreis ar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a), go mbeidh gach ceann de na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(i)

rinneadh na hainmhithe bronntacha a bhrath i leith víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh trí imoibriú slabhrúil polaiméaráise (PCR) a dhéanamh ar shamplaí fola a bailíodh nuair a tosaíodh ar an seamhan, ubháin nó suthanna a bhailiú agus ar a laghad gach 14 lá dá éis sin le linn thréimhse bhailithe an tseamhain nó lá an bhailithe i gcás suthanna agus ubhán, agus bhí torthaí diúltacha ar an mbrath sin;

(ii)

rinneadh brath i leith víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh ar an seamhan trí PCR agus bhí torthaí diúltacha ar an mbrath sin;

(c)

aon cheann scríbe atá suite sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile nó, i gcás chrios srianta I, i dtríú tír ar choinníoll, sa bhreis ar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a), go gcomhlíonfaidh na hainmhithe bronntacha aon ráthaíocht iomchuí eile maidir le sláinte ainmhithe, ar bhonn toradh dearfach ar mheasúnú riosca a rinneadh ar thionchar an tseolta sin agus ar na bearta in aghaidh leathadh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, a cheanglaíonn údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe agus a fhormheasann údaráis inniúla Bhallstáit áiteanna trasnaithe agus seolta, sula seoltar an seamhan, na hubháin nó na suthanna sin.

2.   De mhaolú ar an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 4(1), pointe (b), féadfaidh an t-údarás inniúil gluaiseachtaí coinsíneachtaí de sheamhan, ubháin agus suthanna bó-ainmhithe a údarú ó bhunaíochtaí táirgí geirmeacha formheasta nó ó bhunaíochtaí táirgí geirmeacha formheasta agus ó bhunaíochtaí atá suite i gcrios srianta II chuig ceann scríbe atá suite i gcrios srianta eile de chuid an Bhallstáit chéanna.

Airteagal 11

Maolú ar an toirmeasc ar ghluaiseachtaí seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte ó bhó-ainmhithe ó chriosanna srianta I

De mhaolú ar an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 4(2), pointe (c), féadfaidh údarás inniúil Ballstáit gluaiseachtaí coinsíneachtaí de sheachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte ó bhó-ainmhithe ó bhunaíochtaí atá suite i gcrios srianta a údarú chuig na háiteanna seo a leanas:

(a)

aon cheann scríbe atá suite sa Bhallstát céanna nó chuig ceann scríbe atá suite i gcriosanna srianta I nó II de chuid Ballstáit eile;

(b)

i gcás coinsíneachtaí seithí agus craicne, aon cheann scríbe atá suite in aon limistéar de chuid an Bhallstáit céanna nó Ballstáit eile nó tríú tír ar choinníoll go gcomhlíonfar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

rinneadh ceann de na cóireálacha dá dtagraítear i bpointe 28(b) go (e) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún ar na seithí agus craicne cóireáilte (10); nó

(ii)

rinneadh ceann de na cóireálacha a leagtar amach i Roinn XIV, Caibidil I, pointe (4)(b)(ii), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), agus glacadh gach réamhchúram ina leith chun athéilliú le hoibreáin phataigineacha a sheachaint tar éis na cóireála.

Airteagal 12

Maolú ar ghluaiseacht coinsíneachtaí de sheachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte ó bhó-ainmhithe ó chriosanna srianta II

De mhaolú ar an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 4(1), pointe (c), féadfaidh údarás inniúil Ballstáit gluaiseachtaí coinsíneachtaí de sheachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte ó bhó-ainmhithe ó bhunaíochtaí atá suite i gcrios srianta II a údarú chuig na háiteanna seo a leanas:

(a)

i gcás seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte seachas seithí agus craicne, aon cheann scríbe atá suite sa Bhallstát céanna nó aon cheann scríbe atá suite i gcriosanna srianta I nó II de chuid Ballstáit eile ar choinníoll go ndéanfar na seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte a sheoladh faoi mhaoirseacht oifigiúil na n-údarás inniúil lena bpróiseáil nó lena ndiúscairt i ngléasra a formheasadh i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12);

(b)

i gcás seithí agus craicne bó-ainmhithe:

(i)

ceann scríbe atá suite i gcrios srianta II de chuid an Bhallstáit chéanna nó Ballstáit eile ar choinníoll gur seithí agus craicne amha neamhchóireáilte iad atá ceaptha mar bhia don duine nó seithí agus craicne neamhchóireáilte a sheoltar faoi mhaoirseacht oifigiúil na n-údarás inniúil lena bpróiseáil nó lena ndiúscairt i ngléasra ceadaithe;

(ii)

aon cheann scríbe atá suite sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile ar choinníoll go mbeidh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 11, pointe (b) comhlíonta;

(c)

i gcás gruth buí, bainne agus táirgí déiríochta, aon cheann scríbe atá suite in aon limistéar de chuid an Bhallstáit céanna nó Ballstáit eile ar choinníoll go ndearnadh cóireáil maolaithe riosca orthu maidir le hionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

ROINN 2

Oibleagáidí atá ar oibreoirí maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe

Airteagal 13

Oibleagáidí atá ar oibreoirí maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí coinsíneachtaí bó-ainmhithe ó chriosanna srianta I agus II lasmuigh de na criosanna sin

Ní aistreoidh oibreoirí coinsíneachtaí bó-ainmhithe ó chriosanna srianta I agus II lasmuigh de na criosanna sin laistigh den Bhallstát céanna nó laistigh de Bhallstát eile sna cásanna a chumhdaítear faoi Airteagail 7, 8 agus 9 den Rialachán seo ach amháin má bhíonn deimhniú sláinte ainmhithe ag gabháil leis na coinsíneachtaí sin dá bhforáiltear in Airteagal 73(1) de Rialachán (AE) 2020/688 (13) ina bhfuil ceann amháin ar a laghad de na fianuithe seo a leanas ar chomhlíonadh na gceanglas dá bhforáiltear sa Rialachán seo:

(a)

“Bó-ainmhithe ó chrios srianta I i gcomhréir leis na bearta rialaithe speisialta in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a leagtar síos in Airteagal 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1070 ón gCoimisiún.”;

(b)

“Bó-ainmhithe ó chrios srianta II i gcomhlíonadh na mbeart rialaithe speisialta in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1070 ón gCoimisiún.”;

(c)

“Bó-ainmhithe ó chrios srianta I nó II i gcomhréir leis na bearta speisialta rialaithe in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1070 ón gCoimisiún.”;

I gcás gluaiseachtaí na gcoinsíneachtaí dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo laistigh den Bhallstát céanna, áfach, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh nach gá deimhniú sláinte ainmhithe a eisiúint dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 143(2) de Rialachán (AE) 2016/429.

Airteagal 14

Na hoibleagáidí ar oibreoirí maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha a fuarthas ó bhó-ainmhithe atá ar coimeád i mbunaíochtaí atá suite i gcriosanna srianta I agus II lasmuigh de na criosanna sin

Ní aistreoidh oibreoirí coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha a fuarthas ó bhó-ainmhithe a fuarthas ó chriosanna srianta I agus II lasmuigh de na criosanna sin atá laistigh den Bhallstát céanna lena mbaineann nó chuig Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagail 10 den Rialachán, ach amháin má bhíonn deimhniú sláinte ainmhithe ag gabháil leis na coinsíneachtaí sin dá dtagraítear in Airteagal 161(4) de Rialachán (AE) 2016/429 ina bhfuil ceann amháin ar a laghad de na fianuithe seo a leanas ar chomhlíonadh na gceanglas dá bhforáiltear sa Rialachán seo:

(a)

“Táirgí geirmeacha… (seamhan, ubháin agus/nó suthanna – cuir in iúl de réir mar is iomchuí) a fuarthas ó bhó-ainmhithe atá ar coimeád i gcrios srianta I i gcomhréir le bearta rialaithe speisialta maidir le hionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh mar a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1070 ón gCoimisiún .”;

(b)

“Táirgí geirmeacha … (seamhan, ubháin agus/nó suthanna – cuir in iúl de réir mar is iomchuí) a fuarthas ó bhó-ainmhithe atá ar coimeád i gcrios srianta I i gcomhréir le bearta rialaithe speisialta maidir le hionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh mar a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1070 ón gCoimisiún.”.

I gcás gluaiseachtaí coinsíneachtaí dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo laistigh den Bhallstát céanna, áfach, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh nach gá deimhniú sláinte ainmhithe a eisiúint dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 161(2) de Rialachán (AE) 2016/429.

Airteagal 15

Oibleagáidí ar oibreoirí i dtaca le deimhnithe sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de sheachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte ó bhó-ainmhithe ó chriosanna srianta I agus II lasmuigh de na criosanna sin

Ní aistreoidh oibreoirí coinsíneachtaí de sheachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte ó bhó-ainmhithe ó chriosanna srianta I agus II lasmuigh de na criosanna sin laistigh den Bhallstát céanna nó chuig Ballstát eile ach amháin i gcásanna a chumhdaítear le hAirteagal 12, má bhíonn na nithe seo a leanas ag gabháil leis na coinsíneachtaí sin:

(a)

doiciméad tráchtála dá dtagraítear i gCaibidil III d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011; agus

(b)

deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 22(5) de Rialachán Tarmligthe(AE) 2020/687;

I gcás gluaiseachtaí de na coinsíneachtaí laistigh den Bhallstát céanna dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo, áfach, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh nach n-eiseofar deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 22(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

ROINN 3

Coinníollacha sonracha maidir le húdarú gluaiseachtaí coinsíneachtaí de bhó-ainmhithe atá ar coimeád i gcriosanna srianta I agus II lasmuigh de na criosanna sin agus maidir le nósanna imeachta um chainéalú

Airteagal 16

Coinníollacha ginearálta breise a bhaineann leis na modhanna iompair a úsáidtear le haghaidh gluaiseacht coinsíneachtaí de bhó-ainmhithe agus de sheachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte ó chriosanna srianta I agus II lasmuigh de na criosanna sin

Ní údaróidh údarás inniúil an Bhallstáit gluaiseachtaí coinsíneachtaí bó-ainmhithe agus seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte ó chriosanna srianta I agus II lasmuigh de na criosanna sin ach amháin más fíor an méid seo a leanas faoi na modhanna iompair a úsáidtear chun na coinsíneachtaí sin a aistriú:

(a)

i gcás bó-ainmhithe a iompar, gur fíor an méid seo a leanas faoi na modhanna iompair:

(i)

comhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 24(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687; agus

(ii)

rinneadh iad a ghlanadh agus a dhíghalrú i gcomhréir le hAirteagal 24(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 faoi rialú nó faoi mhaoirseacht údaráis inniúil an Bhallstáit lena mbaineann.

(b)

nach n-áirítear orthu ach ainmhithe nó seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte nó seithí agus craicne neamhchóireáilte a bhfuil an stádas sláinte céanna acu.

Airteagal 17

Oibleagáidí an údaráis inniúil maidir le tionscnamh a bhunú maidir le nósanna imeachta um chainéalú

1.   Bunóidh údarás inniúil an Bhallstáit bunaíochta tionscnaimh nós imeachta um chainéalú, faoi rialú údaráis inniúla Bhallstát na n-áiteanna tionscnaimh, na n-áiteanna trasnaithe agus an chinn scríbe le haghaidh gluaiseachtaí coinsíneachtaí bó-ainmhithe nó seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte a chumhdaítear leis na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagail 8, 9 agus 12 i gcás ina mbeidh an ceann scríbe suite i mBallstát eile (“an nós imeachta um chainéalú”).

2.   Áiritheoidh údarás inniúil na bunaíochta tionscnaimh na nithe seo a leanas:

(a)

maidir leis na modhanna iompair a úsáidtear chun coinsíneachtaí bó-ainmhithe nó seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte dá dtagraítear i mír 1 a aistriú, go bhfuil clárú aonair déantar ar gach ceann acu, ag údarás inniúil Bhallstát na bunaíochta tionscnaimh, chun bó-ainmhithe nó seachtháirgí neamhphróiseáilte ainmhithe a iompar trí úsáid a bhaint as an nós imeachta um chainéalú:

go bhfuil sí séalaithe ag an tréidlia oifigiúil tar éis í a luchtú le haghaidh a seolta. Ní fhéadfaidh ach oifigeach de chuid údarás inniúil an chinn scríbe an séala a bhriseadh agus ceann nua a chur ina ionad; ní mór gach luchtú nó athsholáthar séalaí a chur in iúl don údarás inniúil ag an gceann scríbe, nó

córas um loingseoireacht satailíte a bheith ag gabháil le gach ceann acu chun a shuíomh, a tharchur agus a thaifead san fhíor-am, a dhéanamh amach.

(b)

déantar an t-iompar mar seo a leanas:

(i)

faoi mhaoirseacht tréidlia oifigiúil;

(ii)

go díreach, gan stopadh mura rud é go ndéantar tréimhse scíthe a cheanglaítear le Caibidil V d’Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 (14) ón gComhairle a chur i bpost rialaithe;

I gcás ina ndéanfar foráil maidir le tréimhse scíthe lae amháin nó níos mó ag post rialaithe le linn ghluaiseacht na coinsíneachta trí chrios srianta II, cosnófar na hainmhithe ar ionsaithe veicteoirí;

(iii)

ar an mbealach atá údaraithe ag an údarás inniúil san áit tionscnaimh.

3.   Chun críocha an chainéalaithe, déanfaidh údarás inniúil na bunaíochta tionscnaimh, sula seolfar an chéad choinsíneacht ó chriosanna srianta I nó II óna ndéantar nós imeachta um chainéalú, a áirithiú go mbeidh na socruithe is gá ar bun le húdaráis inniúla ábhartha na n-áiteanna trasnaithe agus na n-oibreoirí cinn scríbe chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go mbeidh an plean éigeandála comhaontaithe;

(b)

slabhra ceannais agus comhar iomlán na seirbhísí agus na n-oibreoirí i gcás tionóiscí le linn an iompair, cliseadh mór ar na modhanna iompair nó aon ghníomhaíocht chalaoiseach;

(c)

fógra láithreach ó oibreoirí don údarás inniúil maidir le haon tionóisc nó aon chliseadh mór ar na modhanna iompair.

Airteagal 18

Oibleagáidí údarás inniúil an chinn scríbe maidir le nósanna imeachta um chainéalú

Déanfaidh údarás inniúil an chinn scríbe, tar éis nós imeachta um chainéalú, an méid seo a leanas:

(a)

teacht isteach gach coinsíneachta a dheimhniú leis an údarás inniúil san áit tionscnaimh;

(b)

a áirithiú go bhfanfaidh na bó-ainmhithe i mbunaíocht cinn scríbe ar feadh fhad na tréimhse faireacháin i leith ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ach amháin i gcás inar seamlas í an bhunaíocht cinn scríbe;

(c)

a áirithiú, tar éis dhíluchtú na mbó-ainmhithe, nó tar éis dhíluchtú na seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte, go ndéanfar na modhanna iompair agus aon trealamh eile a úsáideadh in iompar na mbó-ainmhithe nó na seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte, a ghlanadh, a dhífhabhtú agus a chóireáil le feithidicídí údaraithe atá éifeachtach in aghaidh veicteoirí ionfhabhtaithe aitheanta víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh ina n-iomláine laistigh de limistéar dúnta den áit cinn scríbe faoi mhaoirseacht tréidlia oifigiúil.

Airteagal 19

Oibleagáidí an Bhallstáit ina bhfuil áit tionscnaimh na gcoinsíneachtaí bó-ainmhithe, táirgí geirmeacha nó seachtháirgí neamhphróiseáilte ainmhithe a bhaineann le faisnéis don Choimisiún agus do na Ballstáit ar mhaoluithe a dheonaítear ar bhonn measúnuithe riosca

I gcás ina n-údaróidh an t-údarás inniúil gluaiseachtaí coinsíneachtaí bó-ainmhithe nó táirgí geirmeacha ar bhonn toradh fabhrach ar mheasúnú riosca a rinneadh ar bhearta in aghaidh leathadh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, dá dtagraítear in Airteagail 7, 8 nó 10, cuirfidh an Ballstát tionscnaimh an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach faoi na ráthaíochtaí sláinte ainmhithe, agus faoi fhormheas údaráis inniúla na bunaíochta cinn scríbe.

CAIBIDIL IV

FORALACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige go dtí an Dé hAoine 21 Aibreán 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  OIE – Galair liostaithe, ionfhabhtuithe agus inmhíoluithe atá i bhfeidhm in 2021. OIE – Cód um Shláinte Ainmhithe Talún, eagrán is fiche, 2019, ISBN 978-92-95108-85-1 (https://www.oie.int/en/animal-health-in-the-world/oie-listed-diseases-2021/).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm maidir le catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus liosta de ghrúpaí speicis a bhfuil baol suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin, (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2008 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2016 i dtaca le bearta rialaithe sláinte ainmhithe maidir le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i mBallstáit áirithe (IO L 310, 17.11.2016, lch. 51).

(6)  Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(7)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2020; 18 (2):6010.

(8)  OIE – Cód sláinte ainmhithe talún (2019). OIE - Terrestrial Animal Health Code, Twenty-eighth edition, 2019, ISBN 978-92-95108-85-1 (www.oie.int/en/standard-setting/terrestrial-code/access-online/).

(9)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunaíochtaí táirgí geirmeacha a fhormheas agus maidir le ceanglais inrianaitheachta agus sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád laistigh den Aontas (IO L 174, 3.6.2020, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle maidir le samplaí agus earraí atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin treoir sin (IO L 54, 26.2.2011, lch. 1).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe) (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1).

(13)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún agus uibheacha goir laistigh den Aontas (IO L 174, 3.6.2020, lch. 140).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair agus le linn oibríochtaí lena mbaineann agus lena leasaítear Treoracha 64/432/CEE agus 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 (IO L 3, 5.1.2005, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

CRIOSANNA SRIANTA I agus II

(dá dtagraítear in Airteagal 3)

CUID I

Crios srianta I

1.   An Bhulgáir:

Críoch iomlán na Bulgáire

2.   An Ghréig:

A.

Na réigiúin seo a leanas sa Ghréig:

Réigiún Attica

Réigiún na Gréige Láir

Réigiún na Macadóine Láir

Réigiún na Créite

Réigiún na Macadóine Thoir agus na Tráicia

Réigiún Epirus

Réigiún na nOileán Iónach, gan aonad réigiúnach Kerkyra a chur san áireamh

Réigiún na Mara Aeigéiche Thuaidh, gan aonad réigiúnach Limnos a chur san áireamh

Réigiún Peloponnese

Réigiún na Mara Aeigéiche Theas

Réigiún na Teasála

Réigiún Iarthar na Gréige

Réigiún na Macadóine Thiar

B.

Na haonaid réigiúnacha seo a leanas sa Ghréig:

Aonad réigiúnach Limnos

Aonad réigiúnach Kerkyra

CUID II

Crios srianta II;

Níl aon cheann ann


IARSCRÍBHINN II

RIALACHA MAIDIR LE PLEANANNA VACSAÍNITHE A BHAINEANN LE hIONFHABHTÚ VÍREAS GHALAR AN CHRAICINN CHNAPÁNAIGH

(dá dtagraítear in Airteagal 3)

CUID I

Faisnéis atá le cur san áireamh sa phlean vacsaínithe dá dtagraítear in Airteagal 3

I gcás ina ndéanfaidh Ballstát vacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, déanfar an vacsaíniú sin i gcomhréir le plean vacsaínithe ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a)

tuairisc agus torthaí an mheasúnaithe a rinneadh i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 46(2) de Rialachán (AE) 2016/429, lena n-áirítear an staid eipidéimeolaíoch agus faisnéis ábhartha eile a úsáidtear mar bhonn don mheasúnú;

(b)

na príomhchuspóirí agus na príomhspriocanna atá leis an straitéis vacsaínithe a roghnaíodh agus leis an bplean vacsaínithe;

(c)

tuairisc gheografach mhionsonraithe an chreasa vacsaínithe ina bhfuil vacsaíniú le déanamh agus suíomh na mbunaíochtaí ina gcoimeádtar bó-ainmhithe atá le vacsaíniú, lena n-áirítear léarscáileanna;

(d)

an t-údarás atá freagrach as an vacsaín a thabhairt do bhó-ainmhithe;

(e)

an córas chun tabhairt na vacsaíne a mhaoirsiú;

(f)

an líon bunaíochtaí ina gcoimeádtar bó-ainmhithe atá suite sa chrios srianta agus an líon bunaíochtaí ina bhfuil vacsaíniú le déanamh, murab ionann iad;

(g)

an líon measta bó-ainmhithe, a gcatagóirí agus aois na n-ainmhithe atá le vacsaíniú;

(h)

an fad ama a mheastar a leanfaidh an vacsaíniú ar aghaidh, ó thús an vacsaínithe go dtí deireadh an fhaireachais a dhéanfar tar éis vacsaíniú;

(i)

achoimre ar shaintréithe na vacsaíne, lena n-áirítear ainm an táirge agus ainm an mhonaróra, agus bealaí tabhartha;

(j)

léiriú ina sonraítear an bhfuil an vacsaín á húsáid i gcomhréir le hAirteagal 110(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1); ;

(k)

na modhanna chun éifeachtacht an vacsaínithe a mheasúnú;

(l)

na rialacha sláinteachais agus bithshlándála atá le cur i bhfeidhm;

(m)

an córas chun taifid a choinneáil ar an vacsaíniú;

(n)

gnéithe eile atá ábhartha maidir leis an staid shonrach.

CUID II

Íoscheanglais maidir le pleananna vacsaínithe in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh dá dtagraítear in Airteagal 3

Beidh na pleananna vacsaínithe in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i gcomhréir leis na ceanglais theicniúla seo a leanas:

(a)

vacsaíniú na mbó-ainmhithe go léir, neamhspleách ar a n-inscne, aois agus stádas iompair nó táirgiúil laistigh de chriosanna srianta I agus II nuair is gá vacsaíniú a chur chun feidhme;

(b)

vacsaíniú shliocht na mbó-ainmhithe vacsaínithe atá níos sine ná ceithre mhí d’aois i gcomhréir le treoracha mhonaróir na vacsaíne a úsáidtear;

(c)

athvacsaíniú na mbó-ainmhithe go léir i gcomhréir le treoracha an mhonaróra;

(d)

go mbeidh na mionsonraithe maidir le gach bó-ainmhí vacsaínithe curtha isteach ag an údarás inniúil sa bhunachar sonraí tiomnaithe ar líne atá nasctha leis an mbunachar sonraí lárnach arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2019/2035 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2);

(e)

limistéar faireachais méadaithe 20 km ar a laghad a bhunú timpeall chriosanna srianta I agus II ina ndéantar vacsaíniú, ina ndéanfar faireachas treisithe agus ina mbeidh gluaiseacht bó-ainmhithe faoi réir rialuithe a dhéanfaidh an t-údarás inniúil;

(f)

cumhdach vacsaíní ar 95 % ar a laghad de thréada arb iad 75 % ar a laghad den líon bó-ainmhithe.

CUID III

Réamhfhaisnéis atá le cur ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile sula gcuirfear tús leis an vacsaíniú dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe 3

Na Ballstáit a chuirfidh vacsaíniú in aghaidh víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, cuirfidh siad an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile sula dtosóidh siad ar an vacsaíniú:

(a)

réasúnú gearr i dtaobh tús a chur leis an vacsaíniú;

(b)

an speiceas bó-ainmhithe atá le vacsaíniú;

(c)

an líon measta bó-ainmhithe atá le vacsaíniú;

(d)

an fad ama a mheastar a leanfaidh an vacsaíniú ar aghaidh;

(e)

cineál agus ainm tráchtála na vacsaíne a cuireadh i bhfeidhm, ina léireofar an bhfuil an vacsaín le húsáid i gcomhréir le hAirteagal 110(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/6;

(f)

tuairisc ar an gcrios vacsaínithe measta.


(1)  Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43).

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus gorlanna, agus a mhéid a bhaineann le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe ar coimeád agus uibheacha goir (IO L 314, 5.12.2019, lch. 115).


Top