Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021AE6049

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta a chomhdhlúthú d’fhonn feabhas a chur ar chumas an Aontais freagairt do theagmhais fhoircneacha, lena n-áirítear iad siúd a tharlaíonn lasmuigh dá chríoch (Tústuairim arna hiarraidh sin d’Uachtaránacht na Fraince)

EESC 2021/06049

IO C 290, 29.7.2022, p. 30–34 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

29.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 290/30


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta a chomhdhlúthú d’fhonn feabhas a chur ar chumas an Aontais freagairt do theagmhais fhoircneacha, lena n-áirítear iad siúd a tharlaíonn lasmuigh dá chríoch

(Tústuairim arna hiarraidh sin d’Uachtaránacht na Fraince)

(2022/C 290/05)

Rapóirtéir:

Christophe QUAREZ

Comhrapóirtéir:

Violeta JELIĆ

Comhairliúchán

Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, 21.9.2021

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Caidreamh Seachtrach

Dáta a glactha sa rannóg

9.3.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

24.3.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

568

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

211/0/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Níl Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM nó “an Sásra”) éifeachtach go leor agus níl a raon feidhme leathan go leor a thuilleadh chun freagairt do thubaistí a bhaineann leis an athrú aeráide agus do roinnt rioscaí a mhéid a bhaineann le cosc, ullmhacht, rabhadh, pleanáil agus cumas oibríochtúil, a tharlaíonn laistigh agus lasmuigh de chríoch an Aontais.

1.2.

Anuas ar an úsáid sheanbhunaithe a bhaintear as maidir le tubaistí nádúrtha, tá sé d’aidhm ag UCPM dul i ngleic le rioscaí eile amhail paindéimí, cúnamh a thabhairt do dhaoine i limistéir chogaidh, rioscaí móra tionsclaíocha, truailliú muirí ar mórscála, iarmhairtí cibearionsaithe ar líonraí leictreachais nó uisce óil agus ar na bonneagair riachtanacha uile, agus bainistiú géarchéimeanna daonnúla a bhaineann leis an inimirce.

1.3.

Ní mór aghaidh a thabhairt ar an nasc idir an chosaint shibhialta (oibríochtaí gearrthéarmacha) agus an chabhair dhaonnúil (bainistíocht fhadtéarmach) agus an nasc sin a chomhordú ar bhealach níos fearr.

1.4.

Measann CESE gur gá gníomhaíocht iarthubaiste an Aontais i gcás imeachtaí lasmuigh dá chríoch a shainaithint agus a fhorbairt tuilleadh.

1.5.

Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé comhar oibríochtúil a fhorbairt trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar oiliúint, comhoiriúnacht ábhair agus trealaimh, soiléireacht agus éifeachtúlacht slabhraí ceannais.

1.6.

Measann CESE gur cheart scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá le gníomhaireacht Eorpach um chosaint shibhialta agus um chabhair dhaonnúil a bhunú mar shásra praiticiúil chun gníomhaíochtaí beartais eachtraigh níos láidre a dhéanamh.

1.7.

Tarraingíonn CESE aird ar an dul chun cinn is gá a dhéanamh i ndáil leis an bpróiseas cinnteoireachta maidir le hidirghabhálacha, lasmuigh de chríoch an Aontais.

1.8.

Measann CESE nach bhfuil dóthain forbartha déanta ar an ngné taidhleoireachta den chosaint shibhialta Eorpach. Maidir le caidreamh seachtrach agus freagairt an Aontais ar theagmhais fhoircneacha, cuireann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé:

díriú ar nósanna imeachta maidir le cosc, ullmhacht agus téarnamh ar bhealach níos athléimní; oibriú i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe ar straitéisí laghdaithe riosca tubaiste agus ar an tosaíocht “atógáil chun feabhais” de chuid Chreat Sendai na Náisiún Aontaithe um ghníomhaíocht chun an athléimneacht a neartú laistigh agus lasmuigh den Aontas, mar chuid de chur chuige inbhuanaithe atá ar aon dul leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna).

feabhas a chur ar chomhroinnt eolais agus saineolais, malartú ceachtanna a foghlaimíodh, oiliúint choiteann agus cleachtaí coiteanna ar an leibhéal domhanda, ar leibhéal na sochaí sibhialta agus ar an leibhéal áitiúil.

béim a leagan ar na naisc idir an chosaint shibhialta agus an chabhair dhaonnúil, go háirithe i gcás tubaiste i limistéir iargúlta ar fud an domhain.

feasacht chultúrtha a áireamh ar cheann de na saincheisteanna lárnacha a bhaineann leis an oiliúint i gcosaint shibhialta chun feabhas a chur ar éifeachtacht ghníomhaíocht UCPM (maidir le cabhair dhaonnúil a chur ar fáil) gan beann ar an áit a dtarlaíonn an tubaiste.

1.9.

Tá amhras áirithe ar CESE i dtaca le raon feidhme geografach UCPM agus na critéir dá réir a roghnaítear na tíortha a mbíonn páirteach ann.

1.10.

Ní mór cumarsáid iomchuí a chur chun cinn a mhéid a bhaineann le tuairimí an phobail ar fud an domhain d’fhonn gníomhaíocht UCPM a fheabhsú.

1.11.

Thacódh CESE leis an smaoineamh comhfhoirne bainistithe trasnáisiúnta a fhorbairt le haghaidh na chéad fhreagartha i gcás tubaistí, foirne a mbeadh a gcuid acmhainní féin acu, oiliúint chomhpháirteach a chur ar fáil agus caighdeánú a dhéanamh ar acmhainní agus ar threalamh.

1.12.

Molann CESE togra le haghaidh leasú reachtach chun freagairt uathoibríoch agus láithreach a údarú faoi chuimsiú an tSásra i gcás tubaiste dhaonnúil laistigh nó lasmuigh de chríoch an Aontais, gan gá a bheith le hiarraidh roimh ré ón mBallstát lena mbaineann, cé go gcoinneodh an Ballstát sin an ceart diúltú don chabhair sin. Ach í a bheith bunaithe ar an gcosaint shibhialta, féadfaidh an acmhainn sin i bhfoirm tascfhórsa cuidiú le caidreamh seachtrach an Aontais a neartú.

1.13.

Tacaíonn CESE leis an obair dheonach a neartú i réimse na cosanta sibhialta agus molann sé go bhforbrófaí caighdeáin le haghaidh cláir maidir leis an obair dheonach, a mbeidh forálacha ag gabháil leo lena ráthófar cearta an duine agus cearta saothair d’oibrithe deonacha agus go gcruthófaí comhchóras deimhniúcháin d’fhoirne oibrithe deonacha um chosaint shibhialta.

1.14.

Tugann CESE dá aire nach ann d’ionstraim airgeadais sholúbtha mhearfhreagartha chun cistiú díreach a chur ar fáil mar chúiteamh arna iarraidh sin ag pobail a bhíonn thíos leis.

1.15.

Tacaíonn CESE le gníomhaíochtaí faisnéise poiblí a neartú maidir le gníomhaíocht UCPM trí bhealaí nua-aimseartha cumarsáide (e.g. na meáin shóisialta), agus trí ról gníomhach a bheith ag eagraíochtaí eagraithe um obair dheonach.

1.16.

Tugann CESE dá aire gur gá an comhar idir freagairt oibríochtúil an Aontais agus na heagraíochtaí daonnúla agus an tsochaí shibhialta a neartú tuilleadh chun cabhair a chur ar fáil ar bhealach níos fearr ar an láthair.

1.17.

Leagann CESE béim ar an ngá atá le tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar leanúnachas gnó FBManna a áirithiú i ndiaidh tubaiste.

1.18.

Molann CESE go mbeadh an pobal eolaíochta níos rannpháirtí i bpróiseas foláirimh agus coisc UCPM, trí leas a bhaint as líonra eolais an Aontais um chosaint shibhialta agus an Lárionad Eolais maidir le bainistiú riosca tubaistí a neartú.

2.   Cúlra

2.1.

Le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, sásra atá i gcroílár an chomhair Eorpaigh maidir le bainistiú riosca tubaistí, cuirtear líonra cúnaimh fhrithpháirtigh agus dlúthpháirtíochta ar fáil laistigh agus lasmuigh de theorainneacha an Aontais.

2.2.

Tugtar 33 thír le chéile leis an Sásra – 27 mBallstát an Aontais agus 6 thír rannpháirteacha: An Íoslainn, an Iorua, an tSeirbia, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, agus an Tuirc. Baintear leas as i ngníomhaíochtaí coisctheacha agus ullmhachta agus i bhfreagairtí oibríochtúla, agus cumasaítear leis cabhair chomhordaithe do thubaistí agus do ghéarchéimeanna. Is féidir le haon tír ar domhan a bhfuil mórthubaiste ag bagairt uirthi cabhair a lorg tríd an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha (ERCC), ó is sásra beartais eachtraigh de chuid an Aontais é.

2.3.

Atreisíodh UCPM cheana féin in 2019 trí chúltaca acmhainní breise a bhunú agus trí leas a bhaint as an Líonra Eolais Eorpach um Chosaint Shibhialta, agus neartaíodh creat beartais UCPM a thuilleadh trí reachtaíocht nua a foilsíodh an 20 Bealtaine 2021. Áirítear le UCPM athbhreithnithe cur chuige trasearnála agus trasteorann maidir le bainistiú riosca agus tubaistí, bunaithe ar chuspóirí maidir le hathléimneacht ó thubaistí, agus pleanáil ar leibhéal an Aontais. Bunaithe ar thogra ó Pharlaimint na hEorpa, ionchorpraítear ann freisin coincheapa an athraithe aeráide agus na bithéagsúlachta.

2.4.

Mar sin féin, i bhfianaise na mórthubaistí nádúrtha a tharla le blianta beaga anuas (mórthinte i ndeisceart na hEorpa in 2017 agus 2021, tuilte i lár agus i dtuaisceart na hEorpa in 2014 agus 2021, creathanna talún i Háítí in 2010 agus 2021, etc.), agus ós rud é go bhfuil méadú tagtha ar a mhinice a tharlaíonn na tubaistí sin agus ar a dhéine atá siad, tá an bonn á bhaint de na sásraí freagartha atá ann cheana amhail UCPM, a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt freisin ar ghéarchéimeanna casta eile (imirce, sláinte, daonnúla). Léirítear leis na himeachtaí a tharla san Úcráin le déanaí gur gá an Sásra a neartú agus na naisc idir an chosaint shibhialta agus an chabhair dhaonnúil a dhéanamh níos comhleanúnaí.

2.5.

Ar an gcúis sin, d’iarr údaráis na Fraince ar CESE obair a dhéanamh ar fhreagairt na hEorpa ar an athrú aeráide trí dhíriú ar thrí phríomhréimse: (i) luathrabhadh agus faisnéis don phobal; (ii) réamhaisnéis agus pleanáil, agus (iii) cumas freagartha.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Ó thaobh oibriúcháin de, neartaíodh UCPM trí úsáid a bhaint as roinnt ionstraimí comhlántacha, amhail an cúlchiste acmhainní rescEU, an tseirbhís satailíte Copernicus (córas mapála riosca satailíte), an Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta (ECPP) agus líonra eolais an Aontais Eorpaigh um chosaint shibhialta (KN).

3.2.

Cuireadh rescEU ar bun in 2019 agus leis sin bunaíodh cúlchiste nua acmhainní breise (cúlchiste rescEU) a bhfuil an méid seo a leanas san áireamh leis: flít eitleán agus héileacaptar comhraicthe dóiteáin, trealaimh tarrthála, eitleáin leighis aslonnaithe, foirne leighis éigeandála agus stoc-charn trealaimh leighis agus ospidéil mhachaire ar féidir leo freagairt d’éigeandálaí sláinte agus teagmhais cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha. Comhlánaítear UCPM le rescEU i misin i réimsí amhail an comhrac dóiteáin, an cúnamh leighis agus an taighde.

3.3.

Tá ERCC i gcroílár fheidhmiú UCPM. Déanann sé lárú agus comhordú ar na cineálacha éagsúla cabhrach a chuireann na tíortha ar fáil agus tá sé freagrach as cabhair éigeandála a chur ar fáil go tapa do limistéir atá buailte ag tubaiste.

3.4.

Fógraíonn tíortha cé na hacmhainní ar féidir leo a chur ar fáil don tír iarrthach trí úsáid a bhaint as an gComhchóras Cumarsáide agus Faisnéise Éigeandála (CECIS). Is féidir taifid ar líne a choinneáil ar an ardán, áit ar féidir le ERCC riachtanais na dtíortha iarrthacha a mhionsonrú, agus ar féidir leis na tíortha atá ag teacht i gcabhair na hacmhainní a bhfuil sé i gceist acu a chur ar fáil a shonrú.

3.5.

Ina theannta sin, féadfaidh na rannpháirtithe cur le ECPP trí acmhainní náisiúnta a ghealladh i gcás freagairt éigeandála. Leis an gcomhthiomsú sin, is féidir gníomhaíochtaí freagartha a phleanáil agus a chomhordú níos fearr ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta, rud a chiallaíonn gur féidir leis an Aontas freagairt ar bhealach níos tapúla agus níos iontaofa do thubaistí.

3.6.

Trí thacú le gníomhaíochtaí coisctheacha agus ullmhachta, mhéadaigh an tAontas an tacaíocht airgeadais le haghaidh acmhainneachtaí atá cláraithe in ECPP. Is féidir an tacaíocht airgeadais a úsáid chun acmhainní a oiriúnú agus a dheisiú, chomh maith le costais oibríochtúla (laistigh den Aontas) agus costais iompair (lasmuigh den Aontas) a chumhdach nuair a imscarfar iad faoi UCPM.

3.7.

Cuireadh an Sásra i ngníomh roinnt uaireanta mar chuid de chreat bainistithe géarchéime an Aontais le linn phaindéim COVID-19. Is léir ón taithí a fuarthas gur gá don Aontas a bheith ullmhaithe níos fearr chun freagairt d’éigeandálaí ar mórscála, agus gur cheart an creat dlíthiúil atá ann faoi láthair maidir le sláinte agus cosaint shibhialta a neartú.

3.8.

Ó thaobh airgeadais de, leithdháiltear ar an Sásra, sa bhreis ar ranníocaíochtaí ó thíortha rannpháirteacha, imchlúdach airgeadais ó bhuiséad ilbhliantúil an Aontais don tréimhse 2021-2027. Go sonrach, beidh imchlúdach airgeadais EUR 1 263 000 000 ann chun an Sásra a chur chun feidhme don tréimhse 2021-2027. Thairis sin, déanfar ioncam sannta seachtrach ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh suas le EUR 2 056 480 000 a leithdháileadh freisin chun an Sásra a chur chun feidhme don tréimhse chéanna.

3.9.

Is éard atá i líonra eolais an Aontais um chosaint shibhialta ardán nua chun eolas, dea-chleachtais agus ceachtanna atá foghlamtha ag saineolaithe cosanta sibhialta agus ag pearsanra bainistithe éigeandála a roinnt, ardán lena bhfuil sé beartaithe ag an Aontas an Bainistiú Rioscaí Tubaistí san Eoraip a neartú.

3.10.

Is é is aidhm don líonra sin sineirgí níos láidre a chothú i measc cleachtóirí, lucht ceaptha beartas agus eolaithe trí leas a bhaint as na colúin atá bunaithe ar fhothú acmhainneachta agus ar an eolaíocht, réimse ina ndéantar gníomhaíochtaí a thionscnamh, a phleanáil, a dhearadh agus a chur chun feidhme. Áirítear ar ghníomhaíochtaí an líonra cleachtaí coiteanna, malartuithe déthaobhacha agus iltaobhacha, comhar agus comhthionscadail.

3.11.

Maidir le cosaint shibhialta lasmuigh de chreat an Aontais, tá sé tábhachtach lárionad comhordúcháin Eora-Atlantach maidir le fóirithint tubaistí de chuid Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) a lua, lárionad a chuireann cabhair ar fáil go príomha i gcásanna tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine, agus foireann comhordúcháin na Náisiún Aontaithe atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar thubaistí.

3.12.

Laistigh den Eoraip, d’fhormhuinigh an tAontas don Réigiún Meánmhuirí (UfM), ar comhpháirtíocht iltaobhach é atá dírithe ar lánpháirtiú réigiúnach agus comhtháthú a mhéadú i measc na dtíortha Eora-Mheánmhara, lena n-áirítear an Tuirc, plean gníomhaíochta maidir le hullmhúcháin do chúnamh frithpháirteach éifeachtúil sa limistéar Eora-Mheánmhara. Bhí mearfhreagairtí san áireamh sna gníomhaíochtaí a moladh. Cuirtear san áireamh sna príomhghnéithe gníomhaíochtaí seirbhíse éigeandála poiblí a neartú trí oibrithe deonacha agus saoránaigh a dhéanamh níos rannpháirtí maidir le beatha daoine a shábháil.

3.13.

Gníomhachtaíodh UCPM 382 uair idir 2007 agus 2020. In 2020, gníomhachtaíodh é 102 uair, is é sin, 82 ghníomhachtú níos mó ná an bhliain roimhe sin. As na 102 ghníomhachtú, tharla 36 díobh laistigh den Aontas agus 66 díobh lasmuigh den Aontas. Bhí baint ag 85 ghníomhachtú le COVID-19.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

A mhéid a bhaineann le cosc, ullmhacht, rabhadh, pleanáil agus cumas oibríochtúil, níl UCPM láidir go leor a thuilleadh chun freagairt do thubaistí nadúrtha a bhaineann leis an athrú aeráide.

4.2.

Ba cheart aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr in UCPM ar réimsí amhail an truailliú muirí, rioscaí móra tionsclaíocha agus tubaistí a bhaineann le líonraí leictreachais nó uisce óil.

4.3.

Measann CESE nach bhfuil an ghné taidhleoireachta den chosaint shibhialta Eorpach forbartha go leordhóthanach maidir le garchomharsanacht an Aontais (go háirithe na Balcáin), nó an Afraic Thuaidh agus tíortha na hAfraice, gan beartas forbartha an Aontais a lua. Ba cheart leas a bhaint as an ngné thaidhleoireachta sin de UCPM ar bhealaí éagsúla: (i) trí phróiseas réamhaontachais na dtíortha is iarrthóirí a neartú, agus na critéir aontachais uile á n-urramú ag an am céanna; (ii) trí thionchar na Síne agus na Rúise i dtíortha áirithe agus i limistéir gheografacha áirithe a laghdú (an Afraic, an tSeoirsia, an Úcráin); (iii) caidreamh taidhleoireachta le tíortha naimhdeacha áirithe a éascú (e.g. cabhair chun dóiteáin foraoise a chomhrac sa Rúis nó sa Tuirc); (iv) beartas an Aontais maidir le cúnamh forbartha a chur i gcrích; (v) teagmháil a dhéanamh le tíortha atá faoi thionchar díreach na Rúise, amhail an Chasacstáin, ar comhpháirtí fuinnimh na hEorpa í, agus tíortha móra eile atá i mbaol mór (i ngeall ar thinte foraoise, mar shampla).

4.4.

Tá amhras áirithe ar CESE i dtaca le raon feidhme geografach UCPM agus na critéir dá réir a roghnaítear na tíortha a mbíonn páirteach ann. Mar shampla, ba cheart do thíortha is iarrthóirí ar aontachas, an Eilvéis agus an Mholdóiv a bheith rannpháirteach in UCPM chun gné ilchríochach a thabhairt dó.

4.5.

Maidir le hoibríochtaí seachtracha arna gcomhordú ag an gCoimisiún Eorpach, agus nuair a iarrann tríú tíortha cúnamh, is gá na coinníollacha agus an próiseas cinnteoireachta maidir le tús a chur leis na hoibríochtaí sin a shonrú, agus aird ar leith á tabhairt ar an trédhearcacht.

4.6.

Molann CESE freisin comhfhreagraí cosanta sibhialta a cheapadh i ngach Buanionadaíocht de chuid an Aontais chun tríú tíortha a chur ar an eolas go córasach faoi chúnamh a d’fhéadfadh an tAontas a thabhairt i gcás tubaiste tromchúiseach, chun an comhordú is gá le fórsaí cosanta sibhialta na tíre féin a áirithiú.

4.7.

Tarraingíonn CESE aird an Choimisiúin ar na héagothromaíochtaí móra atá ann faoi láthair idir na struchtúir cosanta sibhialta éagsúla, agus leagann sé béim ar an ngá atá leis an mbealach ina n-eagraítear na fórsaí sin a chomhchuibhiú, go háirithe maidir le hoiliúint foirne, nósanna imeachta agus trealamh (tá trastomhas na lansaí dóiteáin difriúil ó thír go tír, mar shampla). Is féidir an difríocht sin a shárú trí mhodúil chaighdeánacha a eagrú agus a chaighdeánú tuilleadh i ngach Ballstát. Tá na modúil chaighdeánacha sin i bhfeidhm cheana féin, ach ní mór méadú ar líon na modúl agus feabhsú a gcaighdeánaithe a chur chun cinn go gníomhach. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh na modúil dóiteáin foraoise i dtír amháin feistithe le feithiclí bóthair, agus le feithiclí eisbhóthair i dtír eile.

4.8.

Thairis sin, ba cheart dlúthchomhar idir údaráis náisiúnta cosanta sibhialta, ollscoileanna agus taighdeoirí a neartú. Trí chur chun feidhme líonra eolais an Aontais um chosaint shibhialta, trí leas a bhaint as na colúin atá bunaithe ar fhothú acmhainneachta agus ar an eolaíocht, agus tríd an Lárionad Eolais maidir le bainistiú riosca tubaistí a threisiú, cuirtear spás agus acmhainní ar fáil chun an comhar sin a neartú.

4.9.

Maidir le hinniúlacht acmhainní, is tosaíocht eile é acmhainní a imscaradh go práinneach ar fud na mílte agus na mílte ciliméadar. Is minic a bhíonn gá le húsáid a bhaint as sócmhainní aeir i gcásanna éigeandála. Más féidir le haerlínte pearsanra a iompar, bheadh gá le haerárthaí iompair ardacmhainneachta chun trealamh a iompar.

4.10.

D’fhéadfaí réiteach a fháil ar an tsaincheist maidir le hacmhainn iompair a áirithiú trí aerárthaí míleata nó náisiúnta nó aerárthaí de chuid ECAT a úsáid. Mar sin féin, éilíonn a n-úsáid próiseas cuí agus pleanáil, rud nach bhfuil comhoiriúnach le cásanna éigeandála. Rogha oiriúnach eile a bheadh ann ná flít tiomnaithe d’iompróirí móra Aerbus A330 nó eitleáin a fháil ar cíos ar bhonn poncúil ó chuideachtaí speisialaithe. Tá an chuma ar an scéal, de réir a bhfuil ag teastáil ó na saineolaithe, go ndéanfadh aonad aeir trí aerárthach an chúis. Tá na haonaid sin ilfheidhmeach, agus tá sé indéanta go teicniúil iad a thiontú. Mar shampla, d’fhéadfaí úsáid a bhaint astu d’fhonn táirgí tinemhoillitheacha a chaitheamh chun dóiteáin foraoise a chur faoi smacht agus chun rothstoc a iompar.

4.11.

D’fhéadfaí scrúdú a dhéanamh laistigh de chreat rescEU ar éadáil agus ar bhainistiú na sócmhainní réamh-mheastacháin aeir sin.

4.12.

A mhéid a bhaineann le rialachas, iarrann CESE go gcruthófaí gníomhaireacht Eorpach um chosaint shibhialta agus um chabhair dhaonnúil. Le himeacht ama, is minic a iarrtar ar na struchtúir atá freagrach as an dá réimse sin gníomhú sna háiteanna céanna agus cabhrú leis na daonraí céanna. Is iondúil go dtarlaíonn an chosaint shibhialta thar thréimhse ghearr, i.e. laethanta nó seachtainí, ach d’fhéadfadh sé go mbeadh cabhair dhaonnúil ag teastáil ar feadh míonna nó tréimhse níos faide fós.

An Bhruiséil, 24 Márta 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


Top