This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R0059
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/59 of 5 January 2023 concerning the authorisation of a preparation of Pediococcus pentosaceus DSM 32292 as a feed additive for all animal species (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/59 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2023 maidir le hullmhóid Pediococcus pentosaceus DSM 32292 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/59 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2023 maidir le hullmhóid Pediococcus pentosaceus DSM 32292 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2023/19
IO L 5, 6.1.2023, pp. 16–18
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
6.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 5/16 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/59 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Eanáir 2023
maidir le hullmhóid Pediococcus pentosaceus DSM 32292 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta i leith an t-údarú sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le hullmhóid Pediococcus pentosaceus DSM 32292 a údarú. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(3) |
Baineann an t-iarratas le hullmhóid Pediococcus pentosaceus DSM 32292 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, breiseán atá le haicmiú i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus san fheidhmghrúpa ‘breiseáin sadhlais’. |
|
(4) |
I dtuairim an 29 Meitheamh 2022 ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (2) (‘an tÚdarás’), is é an chonclúid ar ar thángthas nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag Pediococcus pentosaceus DSM 32292 ar shláinte ainmhithe, ar shláinte tomhaltóirí ná ar an gcomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin gur cheart a mheas gur íogróir riospráide í an ullmhóid agus thug sé faoi deara nach bhféadfaí teacht ar chonclúidí maidir leis an ngreannú craicinn nó greannú súl a bhaineann léi nó maidir leis an íogrú craicinn a d’fhéadfadh a bheith ag baint léi. Thairis sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhféadfadh an breiseán, ag an tiúchan atá beartaithe, feabhas a chur ar chaomhnú na gcothaitheach i sadhlas a ullmhaítear le hábhar atá measartha deacair a shadhlasú. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar na breiseáin bheathaithe i mbeatha, tuarascáil arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(5) |
Léirítear leis an measúnú ar ullmhóid Pediococcus pentosaceus DSM 32292 go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú. Measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, agus a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘breiseáin sadhlais’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Eanáir 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, Lch. 29.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(7):7426.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||
|
CFU/kg d’ábhar úr |
||||||||||||||
|
Catagóir na mbreiseán teicneolaíoch. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais |
||||||||||||||
|
1k1018 |
Pediococcus pentosaceus DSM 32292 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: Ullmhóid Pediococcus pentosaceus DSM 32292 ina bhfuil íosmhéid 1 × 1010 CFU/g de bhreiseán Tréithriú na substainte gníomhaí: Cealla inmharthana Pediococcus pentosaceus DSM 32292 Modh anailíse (1) Áireamh sa bhreiseán beathaithe: Modh an leata ar phláta ar agar MRS (EN 15786) Sainaithint: Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (PFGE) nó modhanna seicheamhaithe DNA |
Gach speiceas ainmhíoch |
- |
- |
- |
|
26.1.2033 |
||||||
(1) Tá sonraí na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en
(2) Foráiste atá éasca a shadhlasú: > 3 % carbaihiodráití intuaslagtha in ábhar úr; foráiste atá measartha deacair a shadhlasú: 1,5-3,0 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus a chur i láthair agus le breiseáin bheathaithe a mheasúnú agus a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1).