This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R2162
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/2162 of 17 October 2023 cancelling the protection of the geographical indication (Sable de Camargue (PGI))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2162 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena mbaintear an chosaint ar an tásc geografach (Sable de Camargue (TGFC))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2162 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena mbaintear an chosaint ar an tásc geografach (Sable de Camargue (TGFC))
C/2023/6854
IO L, 2023/2162, 18.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2162/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2162 |
18.10.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2162 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Deireadh Fómhair 2023
lena mbaintear an chosaint ar an tásc geografach (‘Sable de Camargue’ (TGFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 106 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 19 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (2), sonraítear go bhfuil feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta a bhunaítear le hAirteagal 94 agus le hAirteagail 96 go 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 maidir le cealú an táisc gheografaigh faoi chosaint de réir bhrí Airteagal 106 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Fhrainc ar chealú an táisc gheografaigh faoi chosaint ‘Sable de Camargue’ a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3). |
|
(3) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas agóide i gcomhréir le hAirteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba cheart an tásc geografach faoi chosaint ‘Sable de Camargue’ a chealú. |
|
(4) |
I bhfianaise chealú chosaint an táisc gheografaigh ‘Sable de Camargue’, ní mór an clárúchán a bhaineann leis a scriosadh ó chlár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint i gcomhair fíonta dá dtagraítear in Airteagal 104 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
|
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cealaítear leis seo an chosaint ar an tásc geografach ‘Sable de Camargue’ (TGFC).
Airteagal 2
Cealaítear leis seo clárúchán an táisc gheografaigh ‘Sable de Camargue’ (TGFC) i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint i gcomhair fíonta.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint ainmniúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta, agus lipéadú agus cur i láthair (IO L 9, 11.1.2019, lch. 2).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2162/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)