Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R2198

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2198 ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2024 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí foilpéad a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

C/2024/6099

IO L, 2024/2198, 5.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2198/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2198/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2198

5.9.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2198 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Meán Fómhair 2024

lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí foilpéad a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2007/5/CE ón gCoimisiún (2) áiríodh foilpéad mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3).

(2)

Maidir leis na substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4).

(3)

Formheas na substainte gníomhaí foilpéad, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 15 Feabhra 2025.

(4)

Cuireadh iarratas faoi bhráid na hOstaire, an Ballstát is rapóirtéir, agus faoi bhráid na hIodáile, an Ballstát is comhrapóirtéir, chun formheas na substainte gníomhaí foilpéad a athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin.

(5)

Chuir an t-iarratasóir na sainchomhaid fhorlíontacha is gá faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir, an Bhallstáit is comhrapóirtéir, an Choimisiúin agus an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith comhlánaithe.

(6)

D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis agus an Choimisiúin í an 14 Márta 2018. Sa dréacht-tuarascáil uaidh maidir le measúnú ar athnuachan, mhol an Ballstát is rapóirtéir go ndéanfaí an formheas maidir le foilpéad a athnuachan.

(7)

Sheol an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan chuig an iarratasóir agus chuig na Ballstáit freisin chun barúlacha a fháil uathu agus chuir sé na barúlacha a fuair sé ar aghaidh chuig an gCoimisiún. Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal freisin.

(8)

An 10 Deireadh Fómhair 2019 d’iarr an tÚdarás faisnéis bhreise ar an iarratasóir maidir le hairíonna réabtha iontálaigh foilpéid de bhun Airteagal 13(3a), an chéad fhomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chuir an t-iarratasóir faisnéis isteach chun go ndéanfadh an tÚdarás measúnú ar cé acu ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh na critéir eolaíocha le haghaidh chinneadh na n-airíonna réabtha iontálaigh a leagtar amach i bpointí 3.6.5 agus 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, mar a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún (6).

(9)

I mí na Bealtaine 2022 rinne an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil cothrom le dáta maidir le measúnú ar athnuachan a chur ar fáil don Údarás, do na Ballstáit agus don Choimisiún. Sa dréacht-tuarascáil cothrom le dáta uaidh maidir le measúnú ar athnuachan, phléigh an Ballstát is rapóirtéir an fhaisnéis bhreise maidir leis na critéir chun airíonna réabtha iontálaigh a shainaithint agus mhol sé an formheas maidir le foilpéad a athnuachan.

(10)

An 12 Iúil 2023 chuir an tÚdarás an chonclúid uaidh (7) in iúl don Choimisiún maidir le cé acu is féidir nó nach féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfadh foilpéad na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(11)

Chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 20 Márta 2024, agus chuir sé dréacht den Rialachán seo faoina bhráid an 22 Bealtaine 2024.

(12)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach maidir leis an gconclúid ón Údarás agus, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, a bharúlacha maidir leis an tuarascáil athnuachana. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, rinneadh scrúdú cúramach orthu agus tugadh aird chuí orthu.

(13)

Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach foilpéad, suíodh go gcomhlíontar na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(14)

Maidir leis an measúnú riosca maidir le formheas na substainte gníomhaí foilpéad a athnuachan, cé go bhfuil sé bunaithe ar líon teoranta úsáidí ionadaíocha, níl srian ar na húsáidí lena bhféadfar táirgí cosanta plandaí a bhfuil foilpéad iontu a údarú mar gheall ar sin. Dá bhrí sin, is iomchuí gan an srian a choinneáil ar bun maidir le húsáid a bhaint as foilpéad mar fhuingicíd.

(15)

Dá bhrí sin, is iomchuí an formheas maidir le foilpéad a athnuachan.

(16)

Mar sin féin, is gá foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha áirithe i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, i gcomhar le hAirteagal 6 de, agus i bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil atá ann faoi láthair agus i bhfianaise thoradh an mheasúnaithe riosca. I bhfianaise an riosca fhíorghéir d’éisc agus d’inveirteabraigh uisceacha a sainaithníodh sa mheasúnú riosca, is iomchuí bearta maolaithe riosca íosta a cheangal chun na horgánaigh uisceacha sin a chosaint ón nochtadh d’fhoilpéad mura gcuirtear in iúl i dtorthaí an mheasúnaithe riosca ar úsáidí sonracha táirge cosanta plandaí nach bhfuil gá leis na bearta maolaithe riosca sin nó gur féidir iad a laghdú. Thairis sin, chun an measúnú ar nochtadh an tomhaltóra a thabhairt chun críche, is iomchuí go háirithe faisnéis dhaingnitheach a iarraidh chun leibhéil an aigéid thalaigh a eascraíonn ó úsáid foilpéid a chinneadh, agus leibhéil chúlra an aigéid thalaigh atá i láthair i gcruithneacht agus in eorna le linn trialacha allamuigh ar iarmhair á gcur san áireamh le haghaidh na n-úsáidí a liostaítear i bhFoscríbhinn II den tuarascáil athnuachana, agus lena n-aghaidh sin amháin.

(17)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir sin.

(18)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/918 ón gCoimisiún (8) cuireadh síneadh le tréimhse formheasa foilpéid go dtí an 15 Feabhra 2025 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a thabhairt chun críche sula rachaidh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí sin in éag. Mar sin féin, ós rud é go ndearnadh cinneadh maidir leis an athnuachan roimh dhul in éag na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo tráth is luaithe ná an dáta sin.

(19)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheas na substainte gníomhaí a athnuachan

Formheas na substainte gníomhaí foilpéad, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, déantar é a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Samhain 2024

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Meán Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.

(2)  Treoir 2007/5/CE ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2007 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun captan, foilpéad, foirmeiteanáit agus meitiacarb a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 35, 8.2.2007, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2007/5/oj).

(3)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/414/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/540/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/844/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2018 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 trí chritéir eolaíocha a leagan amach chun airíonna réabtha iontálaigh a chinneadh (IO L 101, 20.4.2018, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/605/oj).

(7)   EFSA Journal 2003, 21(8), 1–32. Le fáil ar líne: www.efsa.europa.eu.

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/918 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha aclóinífein, aimeatochtraidin, beaflubútaimid, beintiavalacarb, boscailid, captan, cleataidim, cioglocsaidim, ciafluaimeitifein, dasaimeit, déchlófop, démheatomorf, eiteafón, feanasacuin, fluaipicilíd, fluocsastróibin, fluraclóradón, foilpéad, foirmeiteanáit, víreas polaihéadróise núicléach Helicoverpa armigera, himeacsasól, aigéad iondóiliolbútarach, mandaprópaimid, meatalacsail, meataildéad, meatam, meatasaclór, meitríbhúisin, milbimeictin, paclabútrasól, peanocsulam, feinmeideafam, pirimeafos-meitil, própamacarb, prócuineaisid, próitiaconasól, S-meitileaclór, víreas polaihéadróise núicléach Spodoptera littoralis, Trichoderma asperellum tréithchineál T34 agus Trichoderma atroviride tréithchineál I-1237 (IO L 119, 5.5.2023, lch. 160, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/918/oj).


IARSCRÍBHINN I

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

Foilpéad

Uimh. CAS: 133-07-3

Uimh. CIPAC: 75

N-[(tríchlóraimeitil)tia]tailimíd

≥ 940 g/kg

Ní rachaidh na heisíontais seo a leanas thar na leibhéil seo a leanas san ábhar teicniúil:

(meatán tríchlóra(clórasulfainil))(PCMM): 2 g/kg

teitreaclóiríd charbóin: 2 g/kg

captan: 3 g/kg

déshuilfíd charbóin: 2,5 g/kg

1 Samhain 2024

31 Deireadh Fómhair 2039

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le foilpéad, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.

Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

orgánaigh uisceacha a chosaint, tríd an gcáitheadh sprae a laghdú 95 % in aice le dobharlaigh, rud is féidir a dhéanamh le crios maolánach 20 m, mura gcuirtear in iúl i dtorthaí an mheasúnaithe riosca ar úsáid shonrach an táirge cosanta plandaí nach bhfuil gá leis na bearta maolaithe riosca sin nó gur féidir iad a laghdú toisc nach bhfuil aon riosca do-ghlactha ann ón gcáitheadh sprae;

oibreoirí a chosaint (úsáid á baint as TCP ag oibreoirí le linn mheascadh, luchtú agus leathadh an táirge) agus oibrithe a chosaint (úsáid á baint as feistis oibre agus lámhainní cosanta le haghaidh gníomhaíochtaí a dhéanann siad tar éis filleadh dóibh ar an láthair); agus

daoine atá ar an láthair agus cónaitheoirí a chosaint, trína áirithiú go bhfuil bearta maolaithe riosca leordhóthanacha, amhail trealamh laghdaithe cáite, mar chuid de na coinníollacha úsáide, chun an nochtadh a íoslaghdú.

Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.

Cuirfidh an t-iarratasóir isteach faisnéis dhaingnitheach chun leibhéil an aigéid thalaigh a eascraíonn ó úsáid foilpéid a chinneadh, agus leibhéil chúlra an aigéid thalaigh i gcruithneacht agus in eorna le linn trialacha allamuigh ar iarmhair á gcur san áireamh le haghaidh na n-úsáidí a liostaítear i bhFoscríbhinn II den tuarascáil athnuachana, agus lena n-aghaidh sin amháin.

Cuirfidh an t-iarratasóir an fhaisnéis sin faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis faoin 25 Márta 2025.


(1)  Sa tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le céannacht agus sonraíocht na substainte gníomhaí.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún mar a leanas:

(1)

i gCuid A, scriostar iontráil 146 a bhaineann le foilpéad;

(2)

i gCuid E, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

Uimh.

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

‘172

Foilpéad

Uimh. CAS: 133-07-3

Uimh. CIPAC: 75

N-[(tríchlóraimeitil)tia]tailimíd

≥ 940 g/kg

Ní rachaidh na heisíontais seo a leanas thar na leibhéil seo a leanas san ábhar teicniúil:

(meatán tríchlóra(clórasulfainil))(PCMM): 2 g/kg

teitreaclóiríd charbóin: 2 g/kg

captan: 3 g/kg

déshuilfíd charbóin: 2,5 g/kg

1 Samhain 2024

31 Deireadh Fómhair 2039

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le foilpéad, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.

Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

orgánaigh uisceacha a chosaint, tríd an gcáitheadh sprae a laghdú 95 % in aice le dobharlaigh, rud is féidir a dhéanamh le crios maolánach 20 m, mura gcuirtear in iúl i dtorthaí an mheasúnaithe riosca ar úsáid shonrach an táirge cosanta plandaí nach bhfuil gá leis na bearta maolaithe riosca sin nó gur féidir iad a laghdú toisc nach bhfuil aon riosca do-ghlactha ann ón gcáitheadh sprae;

oibreoirí a chosaint (úsáid á baint as TCP ag oibreoirí le linn mheascadh, luchtú agus leathadh an táirge) agus oibrithe a chosaint (úsáid á baint as feistis oibre agus lámhainní cosanta le haghaidh gníomhaíochtaí a dhéanann siad tar éis filleadh dóibh ar an láthair); agus

daoine atá ar an láthair agus cónaitheoirí a chosaint, trína áirithiú go bhfuil bearta maolaithe riosca leordhóthanacha, amhail trealamh laghdaithe cáite, mar chuid de na coinníollacha úsáide, chun an nochtadh a íoslaghdú.

Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.

Cuirfidh an t-iarratasóir isteach faisnéis dhaingnitheach chun leibhéil an aigéid thalaigh a eascraíonn ó úsáid foilpéid a chinneadh, agus leibhéil chúlra an aigéid thalaigh i gcruithneacht agus in eorna le linn trialacha allamuigh ar iarmhair á gcur san áireamh le haghaidh na n-úsáidí a liostaítear i bhFoscríbhinn II den tuarascáil athnuachana, agus lena n-aghaidh sin amháin.

Cuirfidh an t-iarratasóir an fhaisnéis sin faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis faoin an 25 Márta 2025.’


(1)  Sa tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le céannacht agus sonraíocht na substainte gníomhaí.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2198/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top