Ez a dokumentum az EUR-Lex webhelyről származik.
Dokumentum 32023R2576
Council Implementing Regulation (EU) 2023/2576 of 13 November 2023 implementing Regulation (EU) 2017/1509 concerning restrictive measures against the Democratic People’s Republic of Korea
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2576 ón gComhairle an 13 Samhain 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/1509 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2576 ón gComhairle an 13 Samhain 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/1509 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré
ST/12422/2023/INIT
IO L, 2023/2576, 14.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2576/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Hatályos
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2576 |
14.11.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2576 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Samhain 2023
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/1509 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1509 ón gComhairle an 30 Lúnasa 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 329/2007 (1), agus go háirithe Airteagail 47(2), 47(5) agus 47a de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 30 Lúnasa 2017, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2017/1509. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 47a(1) de Rialachán (AE) 2017/1509, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liostaí na ndaoine ainmnithe agus na n-eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinní XV, XVI, XVII agus XVIII a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(3) |
Ba cheart na bearta sriantacha i gcoinne gach duine agus gach eintitis atá ar na liostaí a leagtar amach in Iarscríbhinní XV agus XVI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509 a choimeád, cé is moite de dhuine éagtha amháin a ainmnítear in Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an Rialachán sin agus ar cheart a iontráil a bhaint. Ba cheart na hiontrálacha le haghaidh 16 dhuine agus ceithre eintiteas sna hiarscríbhinní sin a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(4) |
An 29 Meitheamh 2023 agus an 16 Lúnasa 2023, rinne Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA), arna bhunú de bhun Rún 1718 (2006) ó CSNA, an fhaisnéis a bhaineann le 23 dhuine agus eintiteas amháin sa liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509 a thabhairt cothrom le dáta. Ba cheart, dá bhrí sin, na hiontrálacha le haghaidh 23 dhuine agus eintiteas amháin in Iarscríbhinn XIII a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2017/1509 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní XIII, XV agus XVI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Samhain 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
IARSCRÍBHINN
(1)
Leasaítear Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509 mar a leanas:|
(a) |
faoin gceannteideal ‘Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 34(1) agus 34(3)’, fo-cheannteideal ‘(a) Daoine nádúrtha’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 2, 3, 4, 8, 12, 19, 20, 25, 26, 36, 43, 50, 51, 53, 55, 58, 63, 64, 65, 68, 74, 77 agus 79:
|
|
(b) |
faoin gceannteideal ‘Liosta na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 23(1) agus liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 27(1)’, fo-cheannteideal ‘B. Eintitis’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 28:
|
(2)
leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849 mar a leanas:|
(a) |
faoin gceannteideal ‘I. Daoine agus eintitis atá freagrach as cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile, nó daoine nó eintitis atá ag gníomhú thar a gceann nó faoina stiúir, nó eintitis atá faoi úinéireacht nó faoi rialú acu’, fo-cheannteideal ‘A. Daoine’, scriostar iontráil 3 agus cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 4, 7, 10, 11, 17, 28, 29 agus 31:
|
|
(b) |
faoin gceannteideal ‘I. Daoine agus eintitis atá freagrach as cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile, nó daoine nó eintitis atá ag gníomhú thar a gceann nó faoina stiúir, nó eintitis atá faoi úinéireacht nó faoi rialú acu’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fo-cheannteideal ‘B. Eintitis’, iontráil 4:
|
(3)
leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849 mar a leanas:|
(a) |
faoin gceannteideal ‘Liosta na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 23(1) agus i bpointe (c) d’Airteagal 27(1)’, fo-cheannteideal ‘A. Daoine’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 8, 10, 11, 12, 13, 14, 15 agus 31:
|
|
(b) |
faoin gceannteideal ‘Liosta na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 23(1) agus i bpointe (c) d’Airteagal 27(1)’, fo-cheannteideal ‘B. Eintitis’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 4, 5 agus 6:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2576/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)