Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0206

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/206 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2023 lena leagtar amach an mhinicíocht agus an fhormáid maidir le tuairisciú neamhrialtachtaí a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, faoi Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1975 ón gCoimisiún

C/2023/8460

IO L, 2024/206, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/206/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/206/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/206

29.2.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/206 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Nollaig 2023

lena leagtar amach an mhinicíocht agus an fhormáid maidir le tuairisciú neamhrialtachtaí a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, faoi Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1975 ón gCoimisiún

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ceanglaítear ar na Ballstáit neamhrialtachtaí a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe a thuairisciú de bhun Airteagal 50(3) de Rialachán (AE) 2021/2116, agus i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/205 ón gCoimisiún (2).

(2)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ar an mbealach céanna, gan beann ar na cistí a úsáidtear chun na cuspóirí a bhaint amach ar bunaíodh na cistí ina leith. Chuige sin, le hAirteagal 52(2) de Rialachán (AE) 2021/2116 cumhachtaítear an Coimisiún rialacha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na nósanna imeachta a bhaineann le hoibleagáidí comhair atá le comhlíonadh ag na Ballstáit maidir le cur chun feidhme oibleagáid na mBallstát neamhrialtachtaí a thuairisciú a bhaineann le maoiniú an chomhbheartais talmhaíochta. Ba cheart do na rialacha sin a bheith coibhéiseach leis na rialacha mionsonraithe maidir le tuairisciú neamhrialtachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/203 ón gCoimisiún (4).

(3)

Chun anailís agus bainistíocht fhoriomlán éifeachtúil a áirithiú ar chásanna neamhrialtachtaí de réir bhrí Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle (5), agus ar chásanna eile de neamh-chomhlíonadh na gcoinníollacha arna leagan amach ag na Ballstáit i bpleananna straitéiseacha an chomhbheartais talmhaíochta sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha ar fad maidir leis na neamhrialtachtaí atá le tuairisciú de bhun Airteagal 50(3) de Rialachán (AE) 2021/2116 agus i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/205 a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar bhonn tráthrialta agus tráthúil. Chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, is gá coinníollacha aonfhoirmeacha a leagan síos maidir leis an bhfaisnéis sin a chur isteach, go háirithe a minicíocht agus a formáid.

(4)

Chun an tairbhe is mó is féidir a bhaint as modhanna leictreonacha a úsáid chun faisnéis a mhalartú agus slándáil na malartuithe sin á gcaomhnú acu, ba cheart do na Ballstáit an Córas Bainistíochta Neamhrialtachta tiomnaithe (CBNR) a úsáid chun neamhrialtachtaí a fhógairt.

(5)

Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar sonraí a aistriú trí CBNR ar bhealach slán lena gcuirtear san áireamh infhaighteacht, sláine, barántúlacht agus rúndacht na faisnéise.

(6)

Chun cuidiú le neamhrialtacht a chosc ó iarmhairtí breise a bheith aici lasmuigh de chríoch an Bhallstáit tuairiscithe, ba cheart do na Ballstáit aon neamhrialtacht den sórt sin a thuairisciú don Choimisiún gan mhoill.

(7)

Is gá an euro a úsáid mar an t-aon airgeadra amháin chun neamhrialtachtaí a thuairisciú chun inchomparáideacht na faisnéise arna tuairisciú a áirithiú. Maidir le Ballstáit nach bhfuil an euro glactha mar airgeadra acu, is gá an ráta malairte a chinneadh a bheidh le húsáid chun na méideanna lena mbaineann a chomhshó go euro, chomh maith leis an ráta malairte chun caiteachas nár cláraíodh i gcuntais na gníomhaireachta íocaíochta a chomhshó.

(8)

Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1975 ón gCoimisiún (6), lenar leagadh amach an mhinicíocht agus an fhormáid maidir le tuairisciú neamhrialtachtaí sa chlárthréimhse 2014-2020, a aisghairm. Ba cheart feidhm a bheith aige fós, áfach, maidir le tuairisciú neamhrialtachtaí i leith cúnaimh arna dheonú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(9)

Ós rud é go ndearnadh íocaíochtaí cheana féin ar na cistí lena mbaineann agus ós rud é go bhféadfadh neamhrialtachtaí a bheith ann, ba cheart don Rialachán seo a bheith infheidhme láithreach. Dá bhrí sin, ba cheart dó teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(10)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir leis an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um na Cistí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar amach sa Rialachán an mhinicíocht agus an fhormáid maidir le tuairisciú neamhrialtachtaí ag na Ballstáit de bhun Airteagal 50(3) de Rialachán (AE) 2021/2116.

Airteagal 2

Minicíocht an tuairiscithe ar neamhrialtachtaí

1.   Laistigh de 2 mhí tar éis dheireadh gach ráithe, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil tosaigh maidir leis na neamhrialtachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/205.

Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, áfach, aon neamhrialtacht den sórt sin a thuairisciú don Choimisiún gan mhoill i gcás inar dócha go mbeidh iarmhairtí breise ag neamhrialtacht den sórt sin lasmuigh de chríoch an Bhallstáit tuairiscithe.

2.   Cuirfidh na Ballstáit an tuarascáil leantach chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 3(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/205 gan mhoill tar éis dóibh an fhaisnéis ábhartha a fháil.

Airteagal 3

Formáid tuairiscithe

An fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/205, seolfar í trí mheán leictreonach, agus úsáid á baint as an gCóras Bainistíochta Neamhrialtachta (CBNR) tiomnaithe.

Airteagal 4

Úsáid an euro

1.   Is in euro a ainmneofar na méideanna arna dtuairisciú ag na Ballstáit.

2.   Maidir leis na Ballstáit nach mbeidh an euro glactha mar airgeadra acu faoin dáta a chuirfear isteach an tuarascáil faoi Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/205, déanfar méideanna san airgeadra náisiúnta a chomhshó in euro i gcomhréir le hAirteagal 94 de Rialachán (AE) 2021/2116. I gcás nár cláraíodh an caiteachas i gcuntais na gníomhaireachta íocaíochta, úsáidfear an ráta malairte cuntasaíochta míosúil is déanaí arna fhoilsiú go leictreonach ag an gCoimisiún tráth an tuairiscithe tosaigh.

Airteagal 5

Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1975.

Leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige, áfach, maidir le tuairisciú ar neamhrialtachtaí i ndáil le cúnamh a deonaíodh don chlárthréimhse 2014-2020 faoi Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 435, 6.12.2021, lch. 187.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/205 an 18 Nollaig 2023 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le forálacha sonracha maidir le tuairisciú neamhrialtachtaí a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1971 ón gCoimisiún (IO L, 2024/205, dd.mm.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg_del/2024/205/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/203 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2023 lena leagtar amach agus an fhormáid atá le húsáid chun neamhrialtachtaí a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) a thuairsciú faoi Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/203, dd.mm.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg_impl/2024/203/oj).

(5)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1975 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2015 lena leagtar amach an fhormáid maidir le tuairisciú neamhrialtachtaí a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 293, 10.11.2015, lch. 23).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/206/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top