Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024XG06135

Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2023/2135 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/2655 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2023/2147 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine

ST/12469/2024/INIT

IO C, C/2024/6135, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6135/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6135/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6135

9.10.2024

Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2023/2135 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/2655 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2023/2147 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine

(C/2024/6135)

Dírítear aird na ndaoine, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/2135 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/2655 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2147 ón gComhairle (3) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine, ar an bhfaisnéis seo a leanas:

Chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine sin, na heintitis sin nó na comhlachtaí sin a áireamh ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2023/2135/CBES agus i Rialachán (AE) 2023/2147 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine. Tugtar na forais leis na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí sin a ainmniú sna hiontrálacha ábhartha sna hIarscríbhinní sin.

Tugtar ar aird na ndaoine, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear sna suímh ghréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2147, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 3 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar na liostaí thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle roimh an 31 Bealtaine 2025 , ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críche an chéad athbhreithnithe eile ón gComhairle, de bhun Airteagal 9 de Chinneadh 2023/2135/CBES.

Tugtar ar aird na ndaoine, na n-eintitis nó na gcomhlachtaí lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa 2ú mír d'Airteagal 275, agus sa 4ú agus sa 6ú mír d'Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO L, 2023/2135, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2135/oj.

(2)   IO L, 2024/2655, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2655/oj.

(3)   IO L, 2023/2147, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2147/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6135/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top