Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02022R2515-20221221

Consolidated text: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2515 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2022 maidir le rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar an Aontas a dheonú le haghaidh 2023 d’earraí áirithe de thionscnamh na hIorua ar toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad a chumhdaítear leis an Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2515/2022-12-21

02022R2515 — GA — 21.12.2022 — 000.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2515 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Nollaig 2022

maidir le rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar an Aontas a dheonú le haghaidh 2023 d’earraí áirithe de thionscnamh na hIorua ar toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad a chumhdaítear leis an Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 326 21.12.2022, lch. 10)


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 092, 30.3.2023, lch.  27 ((AE) 2022/2515)




▼B

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2515 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Nollaig 2022

maidir le rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar an Aontas a dheonú le haghaidh 2023 d’earraí áirithe de thionscnamh na hIorua ar toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad a chumhdaítear leis an Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle



Airteagal 1

1.  
Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023, deonófar rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar an Aontas d’earraí de thionscnamh na hIorua a liostaítear san Iarscríbhinn.
2.  
Na rialacha tionscnaimh a leagtar amach i bPrótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála déthaobhach idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua, beidh feidhm acu maidir leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN

Earraí de thionscnamh na hIorua dá ndeonófar rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar an Aontas ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023



Uimhir an Ordaithe

Cód AC

Cód TARIC

Tuairisc ar na hearraí

09.0709

2202 10 00

 

— Uiscí, lena n-áirítear uiscí mianraí agus uiscí aeraithe, a bhfuil siúcra nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó atá blaistithe

ex 2202 91 00

10

— Beoir neamhalcólach ina bhfuil siúcra

ex 2202 99 11

11

19

— Deochanna bunaithe ar shoighe ina bhfuil cion próitéine 2,8 % nó níos mó de réir meáchain agus ina bhfuil siúcra (siúcrós nó siúcra inbhéartaithe)

ex 2202 99 15

11

19

—  ►C1  Deochanna bunaithe ar shoighe ina bhfuil cion próitéine 2,8 % nó níos mó de réir meáchain; deochanna bunaithe ar chnónna Chaibidil 8 den Chomhtharaif Chustaim, ar ghránaigh Chaibidil 10 den Chomhtharaif Chustaim nó ar shíolta Chaibidil 12 den Chomhtharaif Chustaim ar deochanna iad ina bhfuil siúcra (siúcrós nó siúcra inbhéartaithe) ◄

ex 2202 99 19

11

19

— Deochanna neamhalcólacha eile nach bhfuil táirgí faoi cheannteidil 0401 go 0404 iontu ná saill a fhaightear ó tháirgí faoi cheannteidil 0401 go 0404 , ina bhfuil siúcra (siúcrós nó siúcra inbhéartaithe)

Top