Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D03866

Cinneadh ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) thar ceann Laitvia

ST/10014/2024/INIT

IO C, C/2024/3866, 24.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3866/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3866/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3866

24.6.2024

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meitheamh 2024

lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) thar ceann Laitvia

(C/2024/3866)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh an 28 Márta 2023 (2), cheap an Chomhairle comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna don tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2027.

(2)

Tá suíochán comhalta i gcatagóir ionadaithe eagraíochtaí na bhfostóirí tagtha chun bheith folamh anois mar gheall ar Ilona KIUKUCĀNE a bheith éirithe as oifig.

(3)

Tá iarrthóir ainmnithe ag eagraíocht na bhfostóirí BusinessEurope don suíochán folamh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Liene VOROŅENKO ina comhalta de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna in ionad Ilona KIUKUCĀNE ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 31 Márta 2027.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 13 Meitheamh 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. DE MOOR


(1)   IO L 30, 31.1.2019, lch. 90.

(2)  Cinneadh ón gComhairle an 28 Márta 2023 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) (IO C 116, 31.3.2023, lch. 15).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3866/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top