Este documento é um excerto do sítio EUR-Lex
Documento 32024L3010
Commission Implementing Directive (EU) 2024/3010 of 29 November 2024 amending Council Directives 2002/55/EC and 2002/57/EC, and Commission Directive 93/61/EEC as regards the listing of pests of plants on seeds and other plant reproductive material
Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3010 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2024 lena leasaítear Treoracha 2002/55/CE agus 2002/57/CE ón gComhairle, agus Treoir 93/61/CEE ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le lotnaidí plandaí ar shíolta agus ábhar eile atáirgthe plandaí a liostú
Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3010 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2024 lena leasaítear Treoracha 2002/55/CE agus 2002/57/CE ón gComhairle, agus Treoir 93/61/CEE ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le lotnaidí plandaí ar shíolta agus ábhar eile atáirgthe plandaí a liostú
C/2024/8397
IO L, 2024/3010, 4.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_impl/2024/3010/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Em vigor
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3010 |
4.12.2024 |
TREOIR CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3010 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Samhain 2024
lena leasaítear Treoracha 2002/55/CE agus 2002/57/CE ón gComhairle, agus Treoir 93/61/CEE ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le lotnaidí plandaí ar shíolta agus ábhar eile atáirgthe plandaí a liostú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2002/55/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síolta glasraí a mhargú (1), agus go háirithe Airteagal 45 de,
Ag féachaint do Threoir 2002/57/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol plandaí ola agus plandaí snáithín a mhargú (2), agus go háirithe Airteagal 24 de,
Ag féachaint do Threoir 2008/72/CE ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le hábhar iomadaithe agus plandaithe glasraí, seachas síol, a mhargú (3), agus go háirithe Airteagal 4 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (4) bunaítear liosta de lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais. Leagtar amach ann ceanglais maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réadaí eile áirithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, nó a ngluaiseacht laistigh de, chun cosc a chur ar leathadh na lotnaidí sin i gcríoch an Aontais. |
|
(2) |
Ar mhaithe le comhsheasmhacht, ba cheart na ceanglais sin a ailíniú leis na ceanglais faoi seach a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais maidir le síolta agus ábhar eile iomadaithe agus plandaithe a mhargú. |
|
(3) |
Ar bhonn modheolaíocht a d’fhorbair an Eagraíocht Eorpach agus Meánmhara um Chosaint Plandaí (EECP) (5), liostaíodh víreas fáinnebhall an phlanda tobac i gCuid H d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 mar lotnaid neamhchoraintín rialáilte i ndáil le síolta plandaí ola agus plandaí snáithín Glycine max (L.) Merr., le teorainn lamháltais 0 %. |
|
(4) |
Le Treoir 2002/57/CE bunaítear scéim deimhniúcháin aonfhoirmeach chun síolta plandaí ola agus plandaí snáithín a tháirgeadh agus a mhargú laistigh den Aontas, lena n-áirítear ceanglais, i measc ceanglais eile, maidir le láithreacht uasta lotnaidí neamhchoraintín rialáilte sna síolta sin. Dá bhrí sin, agus chun ailíniú le forálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, is gá an Treoir sin a leasú trí cheanglais a chur léi maidir le víreas fáinnebhall an phlanda tobac le haghaidh Glycine max (L.) Merr. (pónaire shoighe). Leis an leasú sin, ba cheart teorainn lamháltais 0 % a shocrú don lotnaid sin i ngach catagóir síl den speiceas sin, chun comhsheasmhacht le forálacha faoi seach an Rialacháin Cur Chun Feidhme sin a áirithiú. |
|
(5) |
Leathadh Víreas tráta an toraidh dhoinn rocaigh (ToBRFV) go forleathan laistigh de chríoch an Aontais le blianta beaga anuas. Thairis sin, in anailís riosca lotnaidí cothrom le dáta mhí an Mheithimh 2024 ón Eagraíocht Eorpach agus Meánmhara um Chosaint Plandaí (6), tugadh faoi deara go bhfuil athrú tagtha ar an staid maidir leis an lotnaid sin a mhéid go bhfuil méadú tagtha ar a achar dáileacháin ar fud an domhain. |
|
(6) |
Ós rud é go gcomhlíonann ToBRFV na ceanglais chun bheith cáilithe mar lotnaid neamhchoraintín rialáilte, liostaíodh é in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, trína leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2970 ón gCoimisiún (7). |
|
(7) |
Liostaíodh ToBRFV i gCodanna E agus H d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 mar lotnaid neamhchoraintín rialáilte i ndáil le plandaí Solanum lycopersicum L. le haghaidh plandú agus a hibridí, agus plandaí Capsicum annuum L. le haghaidh plandú, seachas cineálacha arb eol go bhfuil siad frithsheasmhach in aghaidh ToBRFV, le teorainn lamháltais 0 % maidir lena láithreacht ar na plandaí sin. Cuireadh an lotnaid sin faoi réir na mbeart a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin maidir leis na plandaí le haghaidh plandú sin a thabhairt isteach san Aontas agus maidir lena ngluaiseacht laistigh den Aontas. |
|
(8) |
Le Treoir 2002/55/CE bunaítear ceanglais maidir le síolta glasraí a mhargú laistigh den Aontas, lena n-áirítear, i measc nithe eile, ceanglais maidir le láithreacht na lotnaidí neamhchoraintín rialáilte sin sna síolta sin. Dá bhrí sin, chun ailíniú le forálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, is gá an Treoir sin a leasú trí cheanglais a leagan amach maidir le láithreacht ToBRFV ar shíolta Capsicum annuum L. (piobar), seachas síolta a bhaineann le cineál arb eol go bhfuil sé frithsheasmhach in aghaidh ToBRFV, agus maidir le láithreacht na lotnaide sin ar shíolta Solanum lycopersicum L. (tráta) agus a hibridí. Leis an leasú sin, ba cheart teorainn lamháltais 0 % a shocrú do láithreacht na lotnaide sin i síolta de na speicis sin, chun comhsheasmhacht le forálacha faoi seach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a áirithiú. |
|
(9) |
Le Treoir 93/61/CEE ón gCoimisiún (8), bunaítear na coinníollacha sonracha agus na caighdeáin cháilíochta nach mór d’ábhar iomadaithe agus plandaithe glasraí, seachas síolta, a chomhlíonadh faoi Threoir 92/33/CEE ón gComhairle (9), lena n-áirítear ceanglais maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte ar an ábhar sin de speicis áirithe. Chun ailíniú le forálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, is gá an Treoir sin a leasú trí cheanglais a leagan amach maidir le láithreacht ToBRFV ar ábhar iomadaithe agus plandaithe glasraí, seachas síolta Capsicum annuum L. (piobar), agus seachas ábhar a bhaineann le cineál arb eol go bhfuil sé frithsheasmhach in aghaidh ToBRFV. Ar an gcúis chéanna, is gá an Treoir sin a leasú trí cheanglais a leagan amach maidir le láithreacht na lotnaide sin ar ábhar iomadaithe agus plandaithe glasraí, seachas síolta Solanum lycopersicum L. (tráta) agus a hibridí. Leis na leasuithe sin, ba cheart teorainn lamháltais 0 % a shocrú do ToBRFV ar ábhar iomadaithe agus plandaithe glasraí seachas síolta na speiceas sin, chun comhsheasmhacht le forálacha faoi seach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a áirithiú. |
|
(10) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ón 1 Meitheamh 2025 ar aghaidh chun níos mó ama a thabhairt do na húdaráis inniúla agus do na hoibreoirí gairmiúla oiriúnú dá forálacha. |
|
(11) |
Tá na forálacha dá bhforáiltear sa Treoir seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Threoir 2002/55/CE
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2002/55/CE de réir mar a leagtar amach i bpointe 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.
Airteagal 2
Leasú ar Threoir 2002/57/CE
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2002/57/CE a leagtar amach i bpointe 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.
Airteagal 3
Leasú ar Threoir 93/61/CEE
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 93/61/CEE mar a leagtar amach i bpointe 3 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.
Airteagal 4
Trasuí
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 31 Bealtaine 2025 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 6
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh sa Bhruiséil, an 29 Samhain 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 193, 20.7.2002, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/55/oj.
(2) IO L 193, 20.7.2002, lch. 74; ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/57/oj.
(3) IO L 205, 1.8.2008, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/72/oj.
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2072/oj).
(5) Modheolaíocht chun liosta de lotnaidí neamhchoraintín rialáilte molta a ullmhú. Feasachán ó EECP (2017) 47(3), lch. 551, https://doi.org/10.1111/epp.12420.
(6) EECP (2024) Anailís riosca lotnaidí maidir le víreas tráta an toraidh dhoinn rocaigh. EECP, Páras. Le fáil ag https://gd.eppo.int/taxon/TOBRFV/documents.
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2970 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2024 lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a mhéid a bhaineann le bearta chun cosc a chur le láithreacht víreas tráta an toraidh dhoinn rocaigh ar phlandaí Solanum lycopersicum L. agus a hibridí agus Capsicum annuum L. le haghaidh plandú, agus lena mbunaítear rátaí minicíochta na rialuithe oifigiúla (IO L, 2024/2970, 2.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2970/oj).
(8) Treoir 93/61/CEE ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 lena leagtar amach na sceidil ina sonraítear na coinníollacha atá le comhlíonadh ag ábhar iomadaithe agus plandaithe glasraí, seachas síolta de bhun Threoir 92/33/CEE ón gComhairle (IO L 250, 7.10.1993, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1993/61/oj).
(9) Treoir 92/33/CEE ón gComhairle an 28 Aibreán 1992 maidir le hábhar iomadaithe agus plandaithe glasraí, seachas síolta, a mhargú (IO L 157, 10.6.1992, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1992/33/oj).
IARSCRÍBHINN
1.
In Iarscríbhinn II, pointe 3(b) a ghabhann le Treoir 2002/55/CE, cuirtear isteach an ró seo a leanas sa tábla, faoin teideal ‘Víris, víoróidigh, galair dár tréithe víreas agus fíteaplasmaí’:|
‘Víreas tráta an toraidh dhoinn rocaigh [ToBRFV] |
Capsicum annuum L. seachas síolta a bhaineann le cineál arb eol go bhfuil sé frithsheasmhach in aghaidh ToBRFV. Solanum lycopersicum L. agus a hibridí. |
0 %’ |
2.
In Iarscríbhinn II, pointe (5) de Roinn I de Threoir 2002/57/CE, cuirtear isteach an tábla seo a leanas:|
‘Víris, víoróidigh, galair dár tréithe víreas agus fíteaplasmaí |
||||
|
Lotnaidí neamhchoraintín rialáilte nó siomptóm a bhfuil lotnaid neamhchoraintín rialáilte ina cúis leo |
Plandaí le haghaidh plandú (géineas nó speicis) |
Tairseacha le haghaidh síolta réamhbhunúsacha |
Tairseacha le haghaidh síolta bunúsacha |
Tairseacha le haghaidh síolta deimhnithe |
|
Víreas fáinnebhall an Phlanda Tobac [TRSV00] |
Glycine max (L.) Merr. |
0 % |
0 % |
0 %’ |
3.
San Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 93/61/CEE, cuirtear isteach an ró seo a leanas idir an tríú agus an ceathrú ró den tábla ‘Víris, víoróidigh, galair dár tréithe víreas agus fíteaplasmaí’:|
‘Víreas tráta an toraidh dhoinn rocaigh (ToBRFV) |
Capsicum annuum L., seachas ábhar a bhaineann le cineál arb eol go bhfuil sé frithsheasmhach in aghaidh ToBRFV. Solanum lycopersicum L. agus a hibridí. |
0 %’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_impl/2024/3010/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)