Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02022D0602-20241221

Consolidated text: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/602 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2022 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim dheonach International Sustainability & Carbon Certification- ISCC EU chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte á gcomhlíonadh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/602/2024-12-21

02022D0602 — GA — 21.12.2024 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/602 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Aibreán 2022

maidir le haitheantas a thabhairt don scéim dheonach “International Sustainability & Carbon Certification- ISCC EU” chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte á gcomhlíonadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 114 12.4.2022, lch. 182)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3176 ÓN gCOIMISIÚN  an 19 Nollaig 2024

  L 3176

1

20.12.2024




▼B

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/602 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Aibreán 2022

maidir le haitheantas a thabhairt don scéim dheonach “International Sustainability & Carbon Certification- ISCC EU” chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte á gcomhlíonadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



Airteagal 1

Leis an scéim dheonach “International Sustainability & Carbon Certification” (“an scéim”), ar cuireadh iarraidh ar aitheantas ina leith faoi bhráid an Choimisiúin an 14 Meitheamh 2021, léirítear, i gcás na mbreoslaí a ndéantar iniúchadh orthu faoin scéim, na heilimintí seo a leanas:

▼M1

(a) 

comhlíontacht na gcoinsíneachtaí de bhithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise leis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht do bhithmhais talmhaíochta a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (5) agus (10) de Threoir (AE) 2018/2001;

▼B

(b) 

comhlíontacht na n-oibreoirí eacnamaíocha leis an oibleagáid faisnéis chruinn a iontráil sa bhunachar sonraí de chuid an Aontais nó sa bhunachar sonraí náisiúnta maidir le breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a úsáidtear in earnáil an iompair i gcomhréir le hAirteagal 28(4) de Threoir (AE) 2018/2001;

(c) 

comhlíontacht na gcoinsíneachtaí bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise leis na critéir i ndáil le riosca íseal maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a shocraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/807.

Soláthraítear leis an scéim chomh maith sonraí cruinne faoi laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa chun críoch Airteagal 29(10) de Threoir (AE) 2018/2001 sa mhéid go n-áirithítear léi go n-aistrítear an fhaisnéis ábhartha ar fad ó oibreoirí eacnamaíocha atá ar an leibhéal réamhtheachtach den líne chúraim chuig oibreoirí eacnamaíocha atá ar an leibhéal iartheachtach den líne chúraim.

▼M1

Tar éis na hiarrata an 30 Samhain 2023, léiríonn an scéim freisin comhlíontacht na gcoinsíneachtaí de bhithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise leis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht do bhithmhais foraoise a leagtar síos in Airteagal 29(6) agus (7) agus leis na gceanglais maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhithmhais foraoise in Airteagal 29(10) de Threoir (AE) 2018/2001.

Tar éis na hiarrata an 22 Iúil 2024, léiríonn an scéim freisin go comhlíontacht na gcoinsíneachtaí de bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch leis na forálacha a leagtar amach in Airteagal 27(6);

Tar éis na hiarrata an 22 Iúil 2024, soláthraíonn an scéim sonraí cruinne faoi laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte chun críoch Airteagal 29a(1) agus (2) de Threoir (AE) 2018/2001.

▼B

Airteagal 2

▼M1

Tá an Cinneadh bailí:

(a) 

go dtí an 13 Aibreán 2027 a mhéid a bhaineann leis na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 1, an chéad mhír, pointí (a), (b) agus (c), agus an dara mír;

(b) 

go dtí an 21 Nollaig 2029 a mhéid a bhaineann leis na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 1, an tríú mír, an ceathrú mír agus an cúigiú mír.

I gcás ina ndéanfar athrú ar ábhar na scéime, mar a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin í chun aitheantas a fháil ina leith, arb athrú é a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fhoras an Chinnidh seo, cuirfidh an scéim dheonach ‘ISCC’ an Coimisiún ar an eolas faoi na hathruithe sin gan mhoill. Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin measúnú ar na hathruithe faoina dtugtar fógra d’fhonn a shuí cé acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear go leormhaith fós leis an scéim na critéir maidir le hinbhuanaitheacht ar tugadh aitheantas di ina leith.

▼B

Airteagal 3

Féadfaidh an Coimisiún an Cinneadh seo a aisghairm, inter alia, sna cúinsí seo a leanas:

(a) 

má léirítear go soiléir nach bhfuil eilimintí curtha chun feidhme leis an scéim, arb eilimintí iad a mheastar a bheith tábhachtach don Chinneadh seo nó má dhéantar sárú tromchúiseach agus struchtúrach ar na heilimintí sin;

(b) 

mura gcuireann an scéim tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 30(5) de Threoir (AE) 2018/2001;

(c) 

mura gcuirtear chun feidhme leis an scéim na caighdeáin iniúchóireachta neamhspleáiche agus ceanglais eile a shonraítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 30(8) de Threoir (AE) 2018/2001 nó mura gcuirtear chun feidhme léi feabhsuithe ar eilimintí eile den scéim a mheastar a bheith tábhachtach maidir le haitheantas leanúnach.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Top