AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,26.2.2025
COM(2025) 79 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
An Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne
Leas a bhaint as fíorluach ár nAontais Fuinnimh chun fuinneamh glan éifeachtúil inacmhainne a sholáthar do mhuintir uile na hEorpa
Is rud é ár margadh fuinnimh a chothaíonn ár ngeilleagar, a thacaíonn lenár sochaí agus a nascann ár bpobail. I dteannta a chéile, rinneamar eangacha athléimneacha a thógáil, ár bhfás eacnamaíoch a dhíchúpláil ónár n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa, ár spleáchais a laghdú agus ceannaireacht a léiriú san aistriú fuinnimh domhanda. Bhainistigh an tAontas an ghéarchéim fuinnimh a bhí ann le déanaí, rud ab fhéidir a dhéanamh a bhuí le cur chun úsáide tapa an fhuinnimh ghlain, éagsúlú an tsoláthair, infhaighteacht na n‑idirnasc fuinnimh atá ríthábhachtach do shlándáil an Aontais, sin agus an dlúthpháirtíocht a léiríodh ó Bhallstát go chéile.
Is léir, áfach, go bhfuil géarghá lenár nAontas Fuinnimh a neartú. Bíonn ár saoránaigh thíos leis de bharr costais arda fuinnimh: déanann an bhochtaineacht fuinnimh difear do níos mó ná 46 mhilliún Eorpach agus bíonn tionchar díréireach aici ar ghrúpaí leochaileacha.
Tá méadú faoi dhó nach mór tagtha ar na praghsanna miondíola leictreachais a bhíonn le híoc ag tionscail: i gcás tomhaltóir tionsclaíoch meánmhéide, bhí praghsanna 2023 fós 97 % os cionn an mheáin le haghaidh na mblianta 2014-2020.
Tá an bhearna i bpraghsanna fuinnimh idir an tAontas agus ár bpríomhiomaitheoirí ag dul i méid
agus tá riosca ann, ó thaobh infheistíochtaí nua de, go dtabharfar tosaíocht do thíortha lasmuigh den Eoraip agus, ó thaobh tionscail atá ann cheana de, go n‑athlonnóidh siad go tíortha eile. Le hathlonnú den chineál sin, d’fhéadfadh sé go n‑imeodh tionscail chriticiúla ón Aontas a chuireann borradh faoin ngeilleagar, a neartaíonn ár n‑athléimneacht agus a chruthaíonn poist ardcháilíochta.
Déanann an staid reatha dochar do sheasamh domhanda agus d’iomaíochas idirnáisiúnta an Aontais.
Fíor 1. Cóimheasa na bpraghsanna miondíola tionsclaíochta sna margaí domhanda (Meastucháin ón gCoimisiún Eorpach)
(Má bhíonn an cóimheas níos mó ná 1, ciallaíonn sin go bhfuil praghsanna an Aontais níos airde ná praghsanna na tíre comhfhreagraí nach Ballstát den Aontas í)
Dá bhrí sin, tá clár uaillmhianach á sheoladh ag an gCoimisiún chun tacú lenár saoránaigh, lenár ngnólachtaí agus lenár dtionsclaíocht tríd an bhfás agus an infheistíocht a spreagadh agus trí iarrachtaí dícharbónaithe a chur chun cinn.
Beidh an Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach
mar threoir don obair atá le déanamh sna cúig bliana amach romhainn chun an spleodar eacnamaíoch a athbheochan san Eoraip. Is cuid lárnach den obair sin é an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, ár straitéis fáis agus rathúnais lena dtugtar an aeráid agus an t‑iomaíochas le chéile. Mar thaca leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, díreoidh an Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne ar chostais fuinnimh a laghdú do shaoránaigh, do ghnólachtaí, don tionsclaíocht agus do phobail ar fud an Aontais. Cuirtear riachtanais gach duine sa mheá sa phlean, grúpaí leochaileacha san áireamh.
Sa phlean gníomhaíochta seo, cuirtear i láthair bearta chun billí fuinnimh a laghdú sa ghearrthéarma agus, san am céanna, dlús a chur le cur chun feidhme athchóirithe struchtúracha um choigilt costais a bhfuil géarghá leo agus ár gcórais fuinnimh a neartú ar mhaithe le maolú a dhéanamh ar shuaití praghsanna amach anseo. Le rannpháirtíocht iomlán na mBallstát agus na bpáirtithe leasmhara ábhartha uile, laghdóidh na hocht ngníomhaíocht um fhuinneamh inacmhainne costais fuinnimh agus cuideoidh siad fíor-Aontas Fuinnimh a thógáil lena soláthrófar iomaíochas, slándáil, dícharbónú agus aistriú cóir agus lena gcuirfear na tairbhí a bhaineann le fuinneamh níos saoire ar aghaidh chuig úsáideoirí deiridh.
2.Cad atá ag méadú costais fuinnimh san Aontas?
Bíonn meascán tosca i gceist le billí fuinnimh a chinneadh: costais soláthair fuinnimh a bhaineann le leibhéal foriomlán an tomhaltais, costais líonra, tobhaigh mháil agus cánachas. Ar an gcaoi chéanna, bíonn costais soláthair fuinnimh ag brath ar phraghsanna mórdhíola a bhíonn faoi réir tosca éagsúla amhail dálaí soláthair agus éilimh, meascán fuinnimh, idirnaisc, iomaíocht, an aimsir agus staideanna geopholaitiúla mar aon le hiomaíocht mhiondíola i measc soláthróirí. Is míniú iad na tosca sin ar dhúshláin struchtúracha chóras fuinnimh an Aontais.
Ar an gcéad dul síos, mar gheall ar spleáchas na hEorpa ar bhreoslaí iontaise allmhairithe, bíonn luaineacht i bpraghsanna fuinnimh agus costais soláthair níos airde ann agus bíonn an tAontas níos leochailí i dtaobh brú seachtrach agus éiginnteacht sa mhargadh domhanda. Cé gur tháinig laghdú 18 % ar an éileamh ar ghás nádúrtha idir mí Lúnasa 2022 agus mí na Bealtaine 2024,
tá an tAontas fós neamhchosanta ar luaineachtaí domhanda i bpraghsanna breoslaí iontaise, nó faightear 90 % dá éileamh ar ghás nádúrtha ó allmhairí.
Bhí na hiarmhairtí a bhaineann le spleáchas iomarcach ar sholáthar soiléir le linn na géarchéime fuinnimh a bhí ann le déanaí. Toisc go raibh onnmhairí gáis na Rúise á n‑úsáid aici mar uirlis troda, bhí éiginnteachtaí soláthair agus arduithe tobanna ar phraghsanna ann. In 2022, is ag EUR 604 bhilliún a bhí bille allmhairiúcháin an Aontais le haghaidh fuinneamh ó bhreoslaí iontaise, i ndiaidh dó a bheith ag EUR 163 bhilliún in 2020, an leibhéal is ísle riamh.
Ós rud é go mbaineann sciar shubstaintiúil (28,9 %) de mheascán giniúna leictreachais meánach an Aontais le breoslaí iontaise fós,
agus gur táirgí ola an breosla is mó úsáide san iompar, bíonn tionchar mór ag costais allmhairiúcháin na mbreoslaí iontaise ar bhillí fuinnimh tomhaltóirí (féach Fíor 2).
Fíor 2. Billí leictreachais an Aontais do theaghlaigh (banda DD, ar chlé) agus don tionsclaíocht (banda ID, ar dheis) i bhfíorphraghsanna 2023
Ar an dara dul síos, bíonn tionchar ag neamhéifeachtúlachtaí agus easpa comhtháthú iomlán sa chóras leictreachais ar bhillí fuinnimh freisin. Is ag an Eoraip atá an eangach is comhtháite ar domhan, ach is gá níos mó a bhaint amach a mhéid a bhaineann le hidirnaisc, bonneagar eangaí, comhtháthú an chórais fuinnimh agus solúbthacht an chórais chun borradh a chur faoi chomhtháthú foinsí fuinnimh atá níos saoire agus níos glaine. Cuirtear bac breise ar dhul chun cinn le nósanna imeachta ceadaithe fada le haghaidh tionscadail fuinnimh ghlain agus tionscadail eangaí. De réir na meastachán atá ann faoi láthair, faoi 2030 beidh thart ar leath de riachtanais acmhainneachta nua an Aontais maidir le leictreachais trasteorann ann nach mbeifear ag freastal orthu,
rud a chuirfidh bac ar chomhtháthú iomlán ár margaidh fuinnimh.
Ar deireadh, déanann costais mhéadaitheacha an chórais a chumhdaítear le muirir líonra, cánacha agus tobhaigh praghsanna leictreachais a ardú a thuilleadh agus is cuid shubstaintiúil de bhillí iad. D’fhéadfaí méadú breise a theacht ar na costais sin toisc go mbeidh infheistíochtaí suntasacha inár líonraí ag teastáil sna blianta amach romhainn.
3.Fíor-Aontas Fuinnimh a thógáil chun fuinneamh níos inacmhainne a chur ar fáil
Beartas fuinnimh an Aontais ag uair na cinniúna
Is bunchloch den Aontas é an fuinneamh chomh maith le bheith ina mhórspreagadh dó. Cé go bhfuil margadh fuinnimh le hidirnaisc láidre tógtha againn, níl fíor-Aontas Fuinnimh againn go fóill, áfach. Tá uair na cinniúna buailte leis an Aontas Eorpach. Is soiléir agus práinneach na dúshláin atá romhainn. Tá ár gcostais fuinnimh fós réasúnta ard, rud a chruthaíonn fíor-riosca don Eoraip ó thaobh na díthionsclaithe de mar aon le bagairt chriticiúil ar ár ngeilleagar.
Tá costas na neamhghníomhaíochta níos airde ná costas na gníomhaíochta. Nuair a stopaimid leath bealaigh i dtreo an dícharbónaithe, cuirtear ualach ar ár ngeilleagair agus ar ár n‑acmhainneacht thionsclaíoch. Mar shampla, in 2023, chosain ciorrú an fhuinnimh in-athnuaite os cionn EUR 3 bhilliún sa Ghearmáin amháin, agus chaill tomhaltóirí agus gnólachtaí na tairbhí a bhaineann le táirgeadh an fhuinnimh shaor sin. Thairis sin, de réir mar a éiríonn an córas leictreachais níos casta, éiríonn sé níos costasaí freisin: na costais a bhaineann le plódú na heangaí a bhainistiú, plódú a eascraíonn as athsheoladh go príomha, shroich siad buaicphointe EUR 5,2 billiún in 2022
agus d’fhéadfaidís ardú go EUR 26 bhilliún faoi 2030
. Is é an bealach is éifeachtaí chun na costais sin a bhainistiú infheistíocht Eorpach straitéiseach choiteann a dhéanamh agus neodracht theicneolaíoch a áirithiú san am céanna.
An costas a bhaineann le gan an t‑aistriú a thabhairt chun críche, tá sé níos airde fós mar gheall ar an gcostas a bhaineann le gan leas iomlán a bhaint as ár margadh aonair agus as acmhainneacht an mhargaidh aonair i dtaobh praghsanna a laghdú. Mar shampla, bhí arduithe tobanna ar phraghsanna in Oirdheisceart na hEorpa le linn agaí an tráthnóna an samhradh seo caite, agus iad os cionn EUR 250/MWh ar an meán. Ba é ba chúis leis sin easpa acmhainneacht trasteorann agus easpa solúbthachta, i measc nithe eile, a bhféadfaí maolú a dhéanamh orthu ach córas fuinnimh ní b’idirnasctha a bheith ann.
An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan a chumhachtú trí Aontas Fuinnimh stóinsithe
Más soiléir na dúshláin, is soiléir freisin ról ár nAontais Fuinnimh aghaidh a thabhairt orthu. Léirigh an ghéarchéim fuinnimh na háiteanna ar gá dúinn leanúint dár mbonneagar a neartú iontu agus comhtháthú mhargadh fuinnimh an Aontais a dhoimhniú iontu.
Tá céimeanna móra curtha i gcrích againn cheana féin. Leis an bPlean REPowerEU, rinneamar ár gcóras fuinnimh ní b’athléimní trí bhorradh a chur faoin éifeachtúlacht fuinnimh, trí ghiniúint ghlan a leathadh amach agus trínár soláthairtí a éagsúlú. Is léir an dul chun cinn atá déanta. Shroich acmhainneachtaí gaoithe agus gréine nuashuiteáilte 78 GW in 2024, an leibhéal is airde riamh, agus shroich díolacháin teaschaidéal 3 mhilliún aonad in 2022 agus in 2023 araon. In 2024, ghin foinsí fuinnimh in-athnuaite 48 % de leictreachas an Aontais, leibhéal nach bhfacthas riamh roimhe agus ar méadú é ar 45 % in 2023 agus ar 41 % in 2022. Tá toradh ár n‑iarrachtaí le sonrú: ó earrach na bliana 2023, tá laghdú mór tagtha ar phraghsanna gáis. Ina theannta sin, sna seachtainí amach romhainn déanfaidh an Coimisiún iarracht bhreise i ndáil le REPowerEU a chur chun feidhme go hiomlán ar mhaithe le deireadh iomlán a chur le hallmhairí fuinnimh na Rúise. Mar sin féin, chun réitigh fhadtéarmacha mharthanacha a sholáthar, ní mór dúinn treabhadh ar aghaidh seachas rolladh siar. Ní mór dúinn fíor-Aontas Fuinnimh a bhaint amach faoi dheireadh trí bhíthin trí phríomhchumasóir.
Ar an gcéad dul síos, tá margadh fuinnimh lán-chomhtháite de dhíth orainn, le tacaíocht ó líonra idirnasctha digitithe agus ó chóras rialála agus rialachais atá comhleanúnach. Téann an Margadh Inmheánach Fuinnimh agus comhtháthú mhargaí leictreachais na hEorpa chun tairbhe do thomhaltóirí cheana féin, tairbhe dar luach EUR 34 bhilliún in aghaidh na bliana a bheag nó a mhór.
D’fhéadfadh comhtháthú breise an tairbhe sin a mhéadú go dtí suas le EUR 40-43 bhilliún in aghaidh na bliana faoi 2030.
Beidh uasghráduithe ollmhóra eangaí de dhíth orainn, agus ba cheart é sin a dhéanamh ar an mbealach is costéifeachtúla: trí úsáid ní ba leithne a bhaint as teicneolaíochtaí feabhsaithe eangaí, agus trí úsáid sholúbtha a bhaint as an gcóras, d’fhéadfaí suas le 35 % a shábháil i ngnáthchostais leathnaithe eangaí. Le comhar réigiúnach ar fud na hEorpa a bhfuil idirnascacht níos fearr agus comhordú níos dlúithe mar bhonn taca leis,
is féidir an gá atá le hinfheistíochtaí solúbthachta a laghdú suas le 20 %.
Ar an dara dul síos, tá córas fuinnimh dícharbónaithe de dhíth orainn arna ghríosú ag uas-scálú substaintiúil an fhuinnimh ghlain agus an leictrithe agus a mbeidh an éifeachtúlacht fuinnimh mar chroílár aige. Tá an domhan ag bogadh níos tapúla ná riamh i dtreo an fhuinneamh ghlain. Caitheadh EUR 1,9 trilliún ar fhuinneamh glan anuraidh go domhanda, an méid ab airde riamh. Le haghaidh gach euro a infheistítear i mbreoslaí iontaise, infheistítear dhá euro i bhfuinneamh in-athnuaite. Cuirfimid bearta dícharbónaithe i gcrích, ní hamháin toisc go soláthraíonn an dícharbónú fuinneamh glan, ach toisc go gcruthaíonn sé poist ardcháilíochta, fás agus slándáil fuinnimh freisin. Ina theannta sin, cosnófar tomhaltóirí a thuilleadh ar luaineacht an mhargaidh má laghdaítear sciar na mbreoslaí iontaise i gcóras fuinnimh na hEorpa.
Ar an tríú dul síos, ós rud é gur cuid de thomhaltas fuinnimh na hEorpa é an gás nádúrtha fós, tá margadh gáis atá níos trédhearcaí, níos iomaíche agus a fheidhmíonn go maith de dhíth orainn bíodh is go bhfuil iarrachtaí éagsúlaithe agus iarrachtaí laghdaithe éilimh ar siúl. Tá an tAontas fós neamhchosanta ar ghluaiseachtaí luaineacha na bpraghsanna gáis idirnáisiúnta. Ní mór dúinn a áirithiú go ndéantar gás a thrádáil ar théarmaí cothroma agus ní mór dúinn leas a bhaint as ár neart comhchoiteann. Mar shampla, tá 42 bhilliún méadar ciúbach leithdháilte ag an sásra um chomhiomlánú éilimh ó bhí 2023 ann, méid arb é 13 % de thomhaltas gáis an Aontais é le linn na tréimhse sin.
I mbeagán focal, is trí dhlús a chur le hinfheistíochtaí i bhfuinneamh glan agus i mbonneagar, trí dhlús mór a chur leis an leictriú, trí éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus trí thrédhearcacht agus cothroime a bhaint amach sna margaí gáis, agus trí na nithe sin amháin, is féidir fuinneamh inacmhainne a chur ar fáil. Sin é an fáth a bhfuil an Plean Gníomhaíochta seo de dhíth ar an Eoraip: chun freagairt thapa láidir a thabhairt lena n‑ísleofar costais fuinnimh ar bhonn láithreach, chun féachaint chuige go seasfaidh an córas fuinnimh an aimsir, chun infheistíochtaí a mhealladh agus chun an seachadadh a áirithiú. I ndáil leis sin, ach ár gcreat rialála a chuíchóiriú agus ualaí riaracháin a laghdú, is féidir cabhrú le gnólachtaí trí infheictheacht agus simplíocht a chur ar fáil maidir le cur chun úsáide teicneolaíochtaí glana. Gníomhaíocht agus rannpháirtíocht chomhbheartaithe cheannairí na hEorpa ar an leibhéal polaitiúil is airde, tá sin ríthábhachtach chun an Plean Gníomhaíochta claochlaitheach seo a bhaint amach.
Gan an t‑aistriú fuinnimh, in 2025 bheadh bille allmhairiúcháin an Aontais le haghaidh breoslaí iontaise EUR 45 bhilliún ní b’airde ná mar a bhí in 2019, figiúr a mheastar gurb é 0,25 % de OTI an Aontais é.
Le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta seo, cuirfear ar a chumas don Aontas na tairbhí a bhaineann leis an aistriú glan a thapú. Dá réir sin, tiocfaidh laghdú ar bhille allmhairiúcháin an Aontais le haghaidh breoslaí iontaise bliain i ndiaidh bliana, le nach mór EUR 130 billiún de choigilteas in aghaidh na bliana faoi 2030. Meastar gur 0,65 % de OTI a bheidh i gceist leis an gcoigilteas sin faoi 2030.
Is féidir an coigilteas sin ó laghdú úsáid na mbreoslaí iontaise a mhiondealú ina thrí chuid, a bheag nó a mhór: (i) an leictriú agus an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, rud é féin a laghdaíonn an t‑éileamh iomlán ar bhreoslaí iontaise (25 %), (ii) fuinneamh glan a chur in ionad an éilimh leanúnaigh ar bhreoslaí iontaise i nginiúint leictreachais (50 %), agus, mar thaca leis sin, (iii) acmhainneacht eangaí leordhóthanach, bonneagar eangaí cliste agus solúbthacht an chórais fuinnimh a bheith ann (25 %). Tiocfaidh méadú bliantúil suas le EUR 260 billiún ar an gcoigilteas i mbille allmhairiúcháin an Aontais le haghaidh breoslaí iontaise faoi 2040.
4.Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne do mhuintir uile na hEorpa
Sa Phlean Gníomhaíochta seo, moltar don Choimisiún Eorpach, do Pharlaimint na hEorpa, do na Ballstáit agus don tionsclaíocht gníomhaíocht chomhbheartaithe láithreach a dhéanamh chun an méid seo a leanas a bhaint amach: (i) costais fuinnimh níos ísle do chách; (ii) an tAontas Fuinnimh a thabhairt chun críche; (iii) infheistíochtaí a mhealladh; agus (iv) a bheith ullamh do ghéarchéimeanna fuinnimh a d’fhéadfadh a bheith ann. Déanfar formhór na ngníomhaíochtaí le linn 2025 agus díreofar ar na gníomhaíochtaí a thugann faoiseamh láithreach do thomhaltóirí fuinnimh.
Fíor 3. Ceithre cholún an Phlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne
Colún I: Costais fuinnimh a ísliú
Chun billí a laghdú, ní mór aghaidh a thabhairt ar na trí chomhchuid den chostas: costais an líonra agus an chórais, cánachas, agus costais soláthair. Thairis sin, ós rud é gur cuid mhór den mheascán leictreachais é an gás nádúrtha, má áirithítear go mbeidh margaí gáis dea-fheidhmiúla ann a sholáthraíonn praghsanna margadhbhunaithe, beidh sin ina chuidiú leis na billí gáis agus leictreachais araon a ísliú. Ina theannta sin, laghdóidh éifeachtúlacht agus coigilteas fuinnimh an méid leictreachais is gá do thomhaltóirí a cheannach.
Gníomhaíocht 1: Billí leictreachais a dhéanamh níos inacmhainne
D’fhéadfadh na Ballstáit billí leictreachais a laghdú ar bhonn láithreach. Chuige sin, tá gá le gníomhaíocht láithreach mar aon le huaillmhian níos mó, go háirithe i réimsí na muirear líonra agus an chánachais.
a)Muirir líonra
Le muirir líonra, maoinítear uasghrádú fisiciúil na n‑eangach agus oibriú an chórais. Tá gá le caipiteal nach beag le haghaidh infheistíochtaí i nuachóiriú agus leathnú an líonra leictreachais. Tá sé sin ríthábhachtach chun éascú a dhéanamh ar chur chun úsáide na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite, ar leictriú agus ar éileamh nua tionsclaíoch agus gnó. An tráth céanna, tá na costais a bhaineann le hoibriú an chórais cumhachta ag dul i méid.
Maidir le muirir líonra lena ndreasaítear éifeachtúlachtaí córais agus úsáid an leictreachais ghlain ar chostas níos ísle, d’fhéadfaidís na costais a bhaineann le hoibriú an chórais fhoriomláin a laghdú go mear, mar shampla trí riachtanais agus costais athsheolta a laghdú, an buaiclód a laghdú agus, ar an gcaoi sin, riachtanais infheistíochta eangaí a laghdú agus, ar deireadh, an chomhchuid den bhille fuinnimh a bhaineann leis na muirir líonra a ísliú, nuair a chuirtear na muirir sin i gcomparáid le gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh.
Ina theannta sin, i bhfianaise mhéid na n‑infheistíochtaí a bhfuil gá leo, is féidir na costais do thomhaltóirí a shrianadh ach na hinfheistíochtaí sin a leathnú amach ó thaobh ama de. Is ábhartha sin go háirithe nuair a bhíonn infheistíochtaí ag tuar go mbeidh fás éiginnte ann amach anseo i dtaobh an éilimh ar leictreachas mar gheall ar an leictriú. Sa chás sin bheadh glacadóirí luatha thíos leis dá ndéanfaí na costais a bhaineann le gach infheistíocht den sórt sin a chur ar aghaidh chuig na húsáideoirí reatha, rud a chuirfeadh moill ar an leictriú.
|
Céard
|
Muirir líonra níos éifeachtúla chun costais an chórais fuinnimh a laghdú
|
|
Conas
|
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
-dearadh le haghaidh modheolaíochtaí taraife um muirir líonra a chur ar aghaidh chun úsáid na solúbthachta agus na n‑infheistíochtaí a dhreasú sa leictriú, agus san am céanna an dreasacht chun infheistíocht a dhéanamh san eangach a choinneáil ar bun agus cothrom iomaíochta a áirithiú. Cuirfidh sé sin ar a gcumas d’úsáideoirí na n‑eangach a n‑úsáid fuinnimh a choigeartú nó í a bhogadh go dtí na hamanna agus na háiteanna is saoire ó thaobh foinsí fuinnimh de agus go dtí na hamanna is costéifeachtúla don chóras foriomlán;
-más gá, togra reachtach a chur ar aghaidh ionas go mbeidh an dearadh sin ceangailteach ó thaobh dlí;
-treoraíocht a chur ar aghaidh chun míniú a thabhairt ar an gcaoi a bhféadfadh na Ballstáit, nuair is ábhartha i gcásanna spriocdhírithe, úsáid a bhaint as a mbuiséad poiblí chun muirir líonra a ísliú agus chun na costais bhreise a chumhdach, ar costais iad a bhaineann le bearta a chuireann dlús leis an dícharbónú agus le comhtháthú an mhargaidh, go háirithe bearta amhail idirnascairí, uasghráduithe móra líonra nó bonneagar nasctha eangaí amach ón gcósta, i gcomhréir le rialacha maidir leis an Státchabhair agus le dlí na hiomaíochta. Mar shampla, féadann buiséad an Stáit dímheas níos tapúla d’infheisteoirí eangaí a chumasú agus arduithe tobanna ar phraghsanna do thomhaltóirí á seachaint san am céanna;
-treoraíocht a chur ar aghaidh maidir le hinfheistíochtaí oirchilleacha in eangacha leictreachais agus inacmhainneacht a áirithiú do thomhaltóirí san am céanna chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’oibreoirí córais, d’údaráis rialála agus do na Ballstáit.
|
|
Cathain
|
R2 2025
|
|
Tionchar
|
A bhuí leis an tsolúbthacht, déanfar an buaiclód a laghdú, costais an chórais fuinnimh a ísliú agus riachtanais maidir le hinfheistíocht iomlán in eangaí nua a laghdú. Trí mhéadú neamhrialaithe ar chostais bainistithe eangaí a sheachaint, costais a bheadh chomh hard le EUR 26 bhilliún faoi 2030 murach sin, laghdófar na muirir líonra a íocfaidh tomhaltóirí mar chuid dá mbille leictreachais.
|
b)Cánacha agus tobhaigh
Le cánacha arda ar leictreachas, méadaítear billí. Ní dhéantar úsáid na mbreoslaí iontaise thar úsáid an leictreachais a dhídhreasú leis an struchtúr cánachais atá ann faoi láthair, rud a chuireann moill ar an leictriú agus ar an éileamh ar leictreachas de thionscnamh AE. Gearrtar dhá phríomhcháin ar leictreachas: CBL agus cánachas fuinnimh – arna gcomhlánú le cánacha náisiúnta eile. Leis an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh,
déantar foráil maidir le híoschánachas leictreachais (dleachtanna máil) agus cuirtear ar a gcumas do na Ballstáit an ráta cánach a laghdú go nialas, i gcás inar féidir ó thaobh dlí, le haghaidh tionscail agus teaghlaigh dianfhuinnimh agus le haghaidh gach tionscail i gcás leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite.
Léiríodh go raibh an laghdú cánachais an-éifeachtach ó thaobh billí fuinnimh a shrianadh le linn na géarchéime fuinnimh, nuair a chuir na Ballstáit laghduithe ar CBL agus ar chánacha fuinnimh chun feidhme mar aon le haistrithe ioncaim chuig grúpaí leochaileacha.
Sa Fhrainc, cuir i gcás, laghdaíodh an cháin tomhaltais leictreachais ó EUR 22,5/MWh go EUR 0,6/MWh.
Ba cheart tacaíocht den sórt sin a bheith an-spriocdhírithe chun an chuspóir a bhaint amach go héifeachtach agus costais fhioscacha a n‑íoslaghdú san am céanna.
|
Céard
|
Cánachas níos ísle ar leictreachas agus comhchodanna den chostas nach mbaineann le fuinneamh a bhaint de bhillí
|
|
Conas
|
Ba cheart don Chomhairle an t‑athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh a thabhairt chun críche, athbhreithniú a moladh in 2021 agus arb é is aidhm dó: (i) an cánachas ar tháirgí fuinnimh a ailíniú le beartais fuinnimh agus aeráide an Aontais; (ii) teicneolaíochtaí glana a chur chun cinn; agus (iii) deireadh a chur le díolúintí agus rátaí laghdaithe atá as dáta agus a spreagann úsáid na mbreoslaí iontaise faoi láthair. Tá an Coimisiún réidh le leanúint de bheith ag tacú le glacadh an athbhreithnithe.
Meabhraíonn an Coimisiún go bhféadfaidh na Ballstáit (i) cánacha agus tobhaigh náisiúnta i mbillí leictreachais a laghdú agus iad a ailíniú leis an íosráta dleachta máil le haghaidh gnólachtaí, mar atá EUR 0,5/MWh, dá bhforáiltear sa Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh;
(ii) an ráta laghdaithe CBL a cheadaítear leis an Treoir maidir le CBL agus lena Treoir leasaitheach ón gComhairle a chur i bhfeidhm, is é sin íosráta 5 %;
(iii) tobhaigh nach mbaineann le fuinneamh a dhíothú;
agus (iv) tobhaigh lena maoinítear beartais fuinnimh a aistriú chuig an mbuiséad ginearálta.
I gcomhréir leis an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh lena gceadaítear cánacha a laghdú go nialas le haghaidh fuinneamh arna thomhailt ag teaghlaigh agus tionscail dianfhuinnimh, eiseoidh an Coimisiún moladh do na Ballstáit maidir leis an mbealach leas a bhaint as na solúbthachtaí sin agus áiritheoidh sé go ngearrfar cáin níos lú ar leictreachas ná ar fhoinsí fuinnimh eile i ngach earnáil, agus ár gcuspóirí fadtéarmacha dícharbónaithe á saothrú san am céanna.
|
|
Cathain
|
Ón uair a ghlacfar an Treoir athbhreithnithe maidir le Cánachas Fuinnimh. Moltaí breise ón gCoimisiún in R4 2025.
|
|
Tionchar
|
Laghdú láithreach ar bhillí fuinnimh agus an fhéidearthacht an chomhchuid chánach a laghdú faoina leath ar a laghad (in EUR/MWh), bunaithe ar thaithí na laghduithe cánachais in 2022-2023 (féach Fíor 2). Dlús a chur leis an leictriú trí dhreasachtaí fioscacha agus an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú.
|
c) Costais soláthair a ísliú trí iomaíocht mhiondíola a mhéadú
Faoi láthair, tá 73 % de theaghlaigh an Aontais mar aon le sciar mór d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide ar chonarthaí leictreachais seasta
. D’fhéadfadh go leor acu a mbillí leictreachais a laghdú ach aistriú chuig soláthróir níos iomaíche nó an tomhaltas a bhogadh chuig amanna atá níos saoire ó thaobh praghais de, ach tá bacainní margaidh rompu fós. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar thomhaltóirí leochaileacha. Ba cheart riachtanais shonracha na dteaghlach ar ioncam íseal a chur san áireamh sna bearta inacmhainneachta agus ba cheart roghanna billeála solúbtha a chur ar fáil lena seachnófar go ndéanfaí grúpaí faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch a dhícheangal. Ní mór pobail fuinnimh a neartú freisin ionas go mbeidh pobail áitiúla, saoránaigh agus cuideachtaí in ann dul i gcomhar le chéile agus infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail fuinnimh ghlain ar an leibhéal áitiúil; ar an gcaoi sin ligfear dóibh a bhfuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh, a dhíol agus a thomhailt. Tá sé fíor-riachtanach go leanfaidh an tAontas de chistiú tiomnaithe leordhóthanach a sholáthar chun tacú le cur i gcrích an Aontais Fuinnimh.
|
Céard
|
É a chur ar a gcumas do thomhaltóirí aistriú chuig soláthróirí fuinnimh níos saoire agus leas a bhaint as fuinneamh in-athnuaite inacmhainne, agus dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh san am céanna
|
|
Conas
|
Molfaidh an Coimisiún Pacáiste Fuinnimh na Saoránach chun rannpháirtíocht na saoránach san aistriú fuinnimh a mhéadú agus chun gné shóisialta an Aontais Fuinnimh a neartú, lena n‑áirítear an méid seo a leanas go háirithe:
-treoraíocht a chur ar fáil do na Ballstáit maidir leis na bacainní atá ann cheana a bhaint ionas go bhféadfaidh tomhaltóirí coigilteas a dhéanamh ina mbillí fuinnimh trína soláthróir agus a gconradh a athrú. D’áireofaí leis sin tuiscint na dtomhaltóirí ar a mbille a áirithiú trí fhaisnéis agus sonraí soiléire a thabhairt maidir leis an tomhaltas fuinnimh agus na praghsanna chun é a chur ar a gcumas do thomhaltóirí tús áite a thabhairt d’agaí atá níos saoire;
-bearta a leagan amach chun an bhochtaineacht fuinnimh a laghdú, lena n‑áirítear trí bhíthin éifeachtúlacht fuinnimh, agus ligean do thomhaltóirí agus do phobail fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh, a úsáid agus a dhíol ar a dtéarmaí féin, lena n‑áirítear trí bhíthin pobail fuinnimh.
|
|
Cathain
|
R3 2025 (Pacáiste Fuinnimh na Saoránach)
|
|
Tionchar
|
Trí aistriú chuig an soláthróir leictreachais a thairgeann na praghsanna is ísle, is féidir le teaghlaigh EUR 150-200 a shábháil in aghaidh na bliana.
Is féidir le teaghlaigh EUR 500-1,100 a shábháil in aghaidh na bliana trí pháirt a ghlacadh i bpobail fuinnimh.
|
Gníomhaíocht 2: Costas an tsoláthair leictreachais a laghdú
Tá sé ríthábhachtach reachtaíocht leictreachais an Aontais atá ann cheana a chur chun feidhme go pras agus go hiomlán chun costas an tsoláthair leictreachais a laghdú: le rialacha a glacadh le déanaí maidir le ceadú, conarthaí, solúbthacht, cumasú tomhaltóirí agus faireachas margaidh, is féidir costais níos ísle a sholáthar. Ba cheart é sin a chomhlánú leis na gníomhaíochtaí láithreacha seo a leanas.
a)Conarthaí soláthair leictreachais fadtéarmacha
Déanann praghsanna gáis arda luaineacha na praghsanna leictreachais a ardú. Cuireann comhaontuithe ceannaigh cumhachta (CCCanna) agus conarthaí fadtéarmacha idir forbróirí fuinnimh ghlain agus tomhaltóirí tionsclaíocha agus cuideachtaí ar a gcumas do na tomhaltóirí agus cuideachtaí sin tairbhiú de phraghsanna leictreachais cobhsaí saora ar feadh tréimhse fhada. Is féidir ról a bheith ag CCCanna maidir le tionscadail a dhí-rioscú trína chur ar chumas d’fhorbróirí fuinnimh in-athnuaite praghas fadtéarmach a fháil dá n‑aschur, rud a thacaíonn le cinntí infheistíochta. Is féidir leo cobhsaíocht fhadtéarmach praghsanna a chur ar fáil do thomhaltóirí tionsclaíocha freisin. Cé go bhfuil an t‑éileamh ar CCCanna ag dul i méid,
ní mór na conarthaí sin a spreagadh agus a phríomhshruthú a thuilleadh, lena n‑áirítear i gcás gnólachtaí dianfhuinnimh nach bhfuil rochtain leathan acu orthu agus a bhféadfadh bacainní a bheith rompu fós. Cuirfidh an Coimisiún dlús leis na hiarrachtaí, faoi rialacha an mhargaidh leictreachais, chun billí leictreachais a dhíchúpláil ó luaineacht praghsanna trí bhorradh a chur faoi ghlacadh na gconarthaí soláthair leictreachais fadtéarmacha.
|
Céard
|
Billí leictreachais miondíola a dhíchúpláil ó phraghsanna gáis arda luaineacha
|
|
Conas
|
Bacainní roimh ghníomhaithe nua a laghdú,
go háirithe tionscail dianfhuinnimh, chun conarthaí fuinnimh fadtéarmacha a thabhairt i gcrích trí thacú le córais náisiúnta agus trí uirlisí dí-rioscaithe a thabhairt isteach. Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
-clár píolótach a sheoladh, i gcomhar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI), chun bheith ina chontrapháirtí sna Comhaontuithe Ceannaigh Cumhachta arna ndéanamh ag cuideachtaí le haghaidh giniúint leictreachais a cheannach go fadtéarmach ar mhéid táscach EUR 500 milliún. I gcomhréir leis an gcur chuige i nDearadh an Mhargaidh Leictreachais, oibreoidh an Coimisiún i gcomhar le BEI chun CCCanna, lena n‑áirítear CCCanna trasteorann, a chur chun cinn ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de;
-treoraíocht a chur ar fáil do na Ballstáit maidir le conarthaí difríochta éifeachtacha a dhearadh, lena n‑áirítear iad a úsáid in éineacht le CCCanna;
-rialacha nua a ghlacadh chun tacú le tuilleadh forbartha ar réamh-mhargaí Eorpacha agus chun deiseanna fálaithe a mhéadú.
|
|
Cathain
|
Baint na mbacainní rialála le tosú láithreach.
R2 2025: Comhordú le BEI
Faoi R4 2025: Treoraíocht do na Ballstáit maidir le conarthaí difríochta a dhearadh
|
|
Tionchar
|
Cobhsaíocht praghsanna níos fearr do cheannaitheoirí trí chuidiú le cuideachtaí Eorpacha luaineacht i gcostais fuinnimh a bhainistiú agus rochtain a fháil ar dheiseanna fálaithe trasteorann níos fearr. Le conarthaí fadtéarmacha, tabharfar an t‑ioncam ráthaithe is gá do tháirgeoirí fuinnimh in-athnuaite chun costas an chaipitil a laghdú, rud a chuideoidh leis an mbrú ar thomhaltóirí agus ar cháiníocóirí a mhaolú.
|
b)Agaí ceadaithe a laghdú le haghaidh soláthar cumhachta glaine agus bonneagar fuinnimh nua
Is é giniúint cumhachta in-athnuaite an fhoinse giniúna cumhachta nua ar an gcostas is lú a roghnaítear anois mar réamhshocrú.
,
Maidir leis na hagaí tionscanta le haghaidh tionscadail nua, áfach, féadann suas le 7-10 mbliana a bheith i gceist i gcás tionscadail ghaoithe, suas le 8-10 mbliana i gcás tionscadail eangaí dáileacháin
agus uaireanta fiú suas le 17 mbliana i gcás tionscadail eangaí tarchurtha.
Tá sin ag cur isteach go mór ar leathadh amach ollmhór an fhuinnimh in-athnuaite agus d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar shamhail eacnamaíoch na dtionscadal.
Ar gach leibhéal – leibhéal an Aontais, an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal áitiúil – ní mór do na húdaráis iarracht mhór a dhéanamh chun dlús a chur leis na nósanna imeachta ceadaithe le haghaidh tionscadail eangaí, tionscadail stórála agus tionscadail fuinnimh ghlain, mar a leagtar amach i dtuarascáil Draghi. Áirítear leis sin ceadú le haghaidh bonneagar a chruthódh solúbthacht sa chóras leictreachais, mar shampla pointí athluchtaithe feithiclí leictreacha. Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an creat reachtach a glacadh le déanaí maidir le ceadú na dtionscadal fuinnimh ghlain a chur chun feidhme go mear.
Tá tionchar na n‑athchóirithe ar cheadú a rinneadh le déanaí le feiceáil cheana féin sna Ballstáit a bhain úsáid fhorleathan as an rialachán éigeandála. Mar thoradh ar cheadú níos praise a cuireadh i bhfeidhm sa Ghearmáin le linn na géarchéime fuinnimh, cuir i gcás, mhéadaigh ceadanna le haghaidh tionscadail nua gaoithe ar tír faoi thrí ar a laghad ó bhí 2022 ann, rud a spreag méadú 48 % ar an líon suiteálacha in aon bhliain amháin (2023)
agus formheasadh thart ar 3 300 km d’eangacha tarchurtha ó bhí R2 2023 ann, rud a shábháil idir 12 mhí agus 3 bliana ó thaobh aga ceadaithe de.
Ina theannta sin, cuid mhór den am a thógann na nósanna imeachta ceadaithe le haghaidh stórála, eangacha agus infheistíochtaí i bhfuinneamh glan, tá sé tiomnaithe do mheasúnuithe comhshaoil. Tá gá le nuashonruithe spriocdhírithe ar an gcreat reachtach maidir le measúnuithe comhshaoil chun na nósanna imeachta ceadaithe le haghaidh tionscadail den sórt sin a shimpliú agus a ghiorrú go mór, agus coimircí comhshaoil á gcoinneáil ar bun agus sláinte an duine á cosaint san am céanna. Tá sprioc-amanna níos giorra le haghaidh bonneagar fuinnimh a cheadú ar an leibhéal náisiúnta ríthábhachtach freisin chun costais fuinnimh a laghdú. Is féidir é sin a mhaolú le bearta amhail formheasanna intuigthe le haghaidh cinntí riaracháin áirithe sa nós imeachta ceadaithe, i gcás inarb ann don phrionsabal sin sa chóras dlí náisiúnta, agus ionaid ilfhreastail d’fhorbróirí.
Tagtar ar an gconclúid i dtuarascáil Draghi freisin go bhfuil gá le fócas níos mó ar nósanna imeachta ceadaithe náisiúnta a dhigitiú ar fud an Aontais, sin agus ar aghaidh a thabhairt ar easpa acmhainní na n‑údarás um cheadú. Ní mór an nós imeachta ceadaithe, agus na sonraí comhshaoil agus geolaíocha is gá le haghaidh na n‑infheistíochtaí i bhfuinneamh glan, a dhigitiú. Thairis sin, sonraí níos mionsonraithe maidir le hacmhainneacht na n‑acmhainní gaoithe agus gréine ar fud an Aontais, cuideoidh na sonraí sin leis Ballstáit na limistéir a mhapáil a bhfuil gá leo chun a spriocanna náisiúnta a bhaint amach, sin agus dlúslimistéir foinse fuinnimh in-athnuaite a ainmniú, mar a bheartaítear faoin Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite. Le ceadú cuíchóirithe, cumhdófar tionscadail fuinnimh hibridigh a bhfuil roinnt teicneolaíochtaí acu, giniúint agus stóráil foinsí fuinnimh in-athnuaite, cuir i gcás, agus an ceangal céanna leis an eangach úsáid. Ar deireadh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhféidearthacht na cleachtais cheadúcháin agus cheadúnúcháin atá ann faoi láthair a chuíchóiriú chun teicneolaíochtaí nua fuinnimh núicléach a imscaradh, amhail Mion-imoibreoirí Modúlacha.
|
Céard
|
Agaí ceadaithe a laghdú chun dlús a chur leis an aistriú fuinnimh
|
|
Conas
|
Ba cheart do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
-dlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe agus rialála trí reachtaíocht a thrasuí agus a chur chun feidhme go mear;
-údaráis náisiúnta um cheadú a neartú, lena n‑áirítear trí bhíthin cistí poiblí agus caipiteal daonna leordhóthanach, agus féachaint ar chineálacha cur chuige aontaithe i leith an digitithe a mhéid a bhaineann le ceadú agus tuarascálacha ar mheasúnuithe comhshaoil.
Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
-treoraíocht thiomnaithe a chur ar fáil maidir le cineálacha nuálacha cur chun úsáide na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite
agus maidir le limistéir thiomnaithe eangaí agus stórála;
-tacaíocht thiomnaithe cur chun feidhme a chur ar fáil trí phlean cur chun feidhme Accele-RES a leathnú agus, inter alia, leas iomlán a bhaint as poitéinseal an Ghrúpa saineolaithe maidir le ceadú agus as na Gníomhaíochta Comhbheartaithe (CA-RES);
déanfar é sin a fhorlíonadh le hidirphlé cur chun feidhme ar mhaithe leis na bacainní atá fós ann maidir le ceadú a shainaithint mar aon leis an mbealach chun cinn a d’fhéadfadh a bheith ann;
-malartú dea-chleachtas agus sainaithint na mbacainní agus na réiteach a threisiú trí líonraí agus grúpaí saineolaithe ó údaráis náisiúnta atá inniúil maidir le ceadú agus trí idirphlé le páirtithe leasmhara réigiúnacha, náisiúnta agus áitiúla;
-uirlis threorach ar líne maidir le ceadú a uasghrádú le haghaidh na mBallstát;
-tacaíocht a sholáthar maidir leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil
, feasacht a mhúscailt i measc na mBallstát maidir le glao 2025 agus glao suaitheanta nua na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil a sheoladh in 2026.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
-tograí reachtacha a chur ar aghaidh chun dlús a chur le ceadú le haghaidh eangacha, stórála agus foinsí fuinnimh in-athnuaite, lena n‑áirítear measúnuithe comhshaoil a chuíchóiriú agus sprioc-amanna le haghaidh ceadanna a ghiorrú mar chuid den Phacáiste um na hEangacha Eorpacha;
-measúnú a dhéanamh ar chuíchóiriú na gcleachtas ceadúnúcháin le haghaidh teicneolaíochtaí nua fuinnimh núicléach agus Teachtaireacht maidir le Mion-imoibreoirí Modúlacha a fhoilsiú.
|
|
Cathain
|
A luaithe is féidir: Córais náisiúnta um cheadú a oiriúnú.
Lár 2025:
-sonraí nua atá níos mionsonraithe maidir le féidearthachtaí i ndáil le gaoth amach ón gcósta agus fótavoltachas gréine a fhoilsiú ar mhol na Saotharlainne Geografaíochta Fuinnimh agus Tionscail (Aibreán 2025);
-treoraíocht maidir le cineálacha nuálacha cur chun úsáide na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite agus maidir le dlúslimistéir eangaí agus stórála;
-tacaíocht cur chun feidhme.
In éineacht leis an bPacáiste um na hEangacha Eorpacha: tograí reachtacha maidir le dlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe le haghaidh tionscadail eangaí, stórála agus fuinnimh in-athnuaite.
2026: Glao suaitheanta nua na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil; Teachtaireacht maidir le Mion-imoibreoirí Modúlacha
|
|
Tionchar
|
Reachtaíocht an Aontais atá ann cheana a bheith curtha chun feidhme ag na Ballstáit. D’fhéadfadh na bearta nua fad na nósanna imeachta ceadaithe a laghdú go dtí níos lú ná 6 mhí i gcás tionscadail níos simplí amhail athchumhachtú i ndlúslimistéir foinse fuinnimh in-athnuaite agus go dtí 12 mhí lasmuigh díobh sin; níos lú ná 12 mhí nó 2 bhliain i gcás tionscadail in-athnuaite (i ndlúslimistéir nó lasmuigh díobh) agus; i gcás tionscadail chasta ar nós gaoth amach ón gcósta, níos lú ná 2 bhliain i ndlúslimistéir foinse fuinnimh in-athnuaite agus 3 bliana lasmuigh díobh sin. Thairis sin, tabharfaidh an creat reachtach neartaithe aghaidh ar na bearnaí atá ann faoi láthair.
|
c)Eangacha agus idirnascairí mar chumasóirí an aistrithe fuinnimh agus an dícharbónaithe thionsclaíoch
Áirithíonn líonra éifeachtúil go sreabhann fuinneamh ón áit a dtáirgtear é go dtí an áit a bhfuil gá leis. Maolaíonn sé staideanna buaicphraghais agus áirithíonn sé go dtairbhíonn gach duine d’fhuinneamh ar an gcostas is fearr. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, limistéir a bhfuil acmhainneacht ollmhór fuinnimh ghlain ar fáil iontu a idirnascadh le réigiúin Eorpacha a mbíonn éileamh ard ar fhuinneamh iontu ionas gur féidir fuinneamh inacmhainne a sheachadadh chuig na háiteanna is mó riachtanas.
Tá gá le EUR 584 bhilliún le haghaidh infheistíochtaí sna heangacha leictreachais sna deich mbliana amach romhainn.
,
Is minic nach mbíonn tionscadail nithiúla ag freastal ar riachtanais an bhonneagair trasteorann, rud a fhágann go mbíonn éagothromaíochtaí praghsanna míchuí ann i roinnt réigiún, amhail na cinn a tugadh faoi deara le déanaí in Oirdheisceart na hEorpa. Measann an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) go bhfuil 32 GW d’acmhainneacht trasteorann ann a bhfuil gá léi faoi 2030 nár tugadh aghaidh uirthi fós.
Tá dúshlán roimh mhórthionscadail bhonneagair a bhfuil tábhacht réigiúnach nó uile-Aontais ag baint leo, dúshláin i ndáil le costais tionscadail atá ag dul i méid
agus comhroinnt chothrom costas agus tairbhí.
Seo thíos ceithre shampla de naisc shuaitheanta den sórt sin atá in easnamh:
·Cruthú líonra chomhtháite amach ón gcósta sna Mara Thuaidh;
·Treisiú breise ar chomhtháthú fisiceach na Stát Baltach le Lár agus Tuaisceart na hEorpa tar éis an tsioncrónaithe Bhaltaigh, sin agus áirithiú shlándáil an bhonneagair trasteorann i réigiún Mhuir Bhailt;
·Méadú ar leibhéal idirnasctha Leithinis na hIbéire leis an gcuid eile den Eoraip;
·Méadú a dhéanamh ar an idirnascacht agus ar an gcomhtháthú margaidh idir Oirdheisceart na hEorpa agus Lár na hEorpa.
Beidh tairbhí na dtionscadal suaitheanta sin le brath lasmuigh de na Ballstáit a óstálfaidh na tionscadail. Dá bhrí sin, ní bheifear in ann an tAontas Fuinnimh a bhaint amach ach amháin má dhéantar tionscadail nua a dhearadh agus má chuirtear dlús leis na tionscadail atá ann cheana mar aon lena dtabhairt chun críche. I bhfianaise scála agus thionchar na dtionscadal, tá sé fíor-riachtanach go leanfaidh an tAontas de chistiú leordhóthanach a sholáthar chun tacú le cur i gcrích idirnascairí an Aontais Fuinnimh ar an leibhéal trasteorann agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Trí infheistíocht a dhéanamh chun spriocanna dícharbónaithe an Aontais a bhaint amach agus trí dheireadh a chur le bacainní ar ár nAontas Fuinnimh, tugtar an deis don Eoraip praghsanna fuinnimh a ísliú, a slándáil fuinnimh a mhéadú agus ceannaireacht a thabhairt maidir le ríomhtheicneolaíochtaí glana.
Ina theannta sin, aithníodh sa Teachtaireacht maidir leis an mbóthar i dtreo an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil eile
nach mór dúinn a áirithiú go dtacóidh buiséad an Aontais le hearraí poiblí Eorpacha, go háirithe tionscadail trasteorann.
An tráth céanna, ní mór an bonneagar atá ann cheana a úsáid go héifeachtúil. Mar shampla, ba cheart 70 % ar a laghad d’acmhainneacht na n‑idirnascairí a chur ar fáil le haghaidh trádáil trasteorann leictreachais, ach tá formhór na mBallstát fós i bhfad ón sprioc sin.
Ar an leibhéal náisiúnta, tá méadú as cuimse ag teacht ar iarrataí nasctha eangaí le líonraí dáileacháin ar fud na hEorpa agus tá scuainí fada á gcruthú acu, rud a chuireann moill ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, ar leictriú agus ar bhunú braislí tionsclaíocha agus a chuireann bac ar infheistíochtaí. Lasmuigh den leictreachas, tá gá le líonraí nua hidrigine, carbóin agus teasa áitiúla.
|
Céard
|
Dlús a chur le leathnú, nuachóiriú agus digitiú na n‑eangach
|
|
Conas
|
Ar mhaithe le cur leis na gníomhaíochtaí atá sa Phlean Gníomhaíochta maidir le hEangacha a glacadh in 2023, cuirfidh an Coimisiún Pacáiste um na hEangacha Eorpacha ar aghaidh ina mbeidh tograí reachtacha agus bearta neamhreachtacha chun an méid seo a leanas a dhéanamh, i measc rudaí eile: na gréasáin fuinnimh thras-Eorpacha a shimpliú (Rialachán GTE-F), pleanáil chomhtháite trasteorann tionscadal agus seachadadh tionscadal a áirithiú, go háirithe maidir le hidirnascairí, ceadú a chuíchóiriú, pleanáil na n‑eangaí dáileacháin a fheabhsú, borradh a chur faoin digitiú agus faoin nuálaíocht, sin agus infheictheacht riachtanais an tsoláthair monaraíochta a mhéadú. Is cur chuige pleanála ón mbarr anuas atá i gceist leis an bPacáiste lena gcomhtháthófar leasanna réigiúnacha agus leasanna an Aontais. Forbróidh an Pacáiste sásra éifeachtach comhroinnte costas (e.g. le haghaidh tionscadail trasteorann) ar mhaithe le córas fuinnimh barrfheabhsaithe.
Ina theannta sin, tabharfaidh BEI ‘pacáiste um monaraíocht eangaí’ isteach le haghaidh shlabhra soláthair na hEorpa, agus é bunaithe ar an bPacáiste Gaoithe, chun frithráthaíochtaí a sholáthar do mhonaróirí comhchodanna eangaí. Is é EUR 1,5 billiún ar a laghad an méid táscach atá leithdháilte ar an bpacáiste sin.
|
|
Cathain
|
An Pacáiste um na hEangacha Eorpacha le cur ar aghaidh faoi R1 2026.
|
|
Tionchar
|
Ach EUR 2 bhilliún a infheistiú i líonraí trasteorann in aghaidh na bliana, soláthrófar tairbhí EUR 5 bhilliún do shaoránaigh in aghaidh na bliana.
Le hinfheistíochtaí oirchilleacha, barr feabhais i bhfeidhmíocht sócmhainní agus solúbthacht atá fabhrach d’eangacha, d’fhéadfaí laghdú EUR 12 bhilliún in aghaidh na bliana ar riachtanais infheistíochta a bhaineann le heangacha dáileacháin a bhaint amach,
méid arb é 18 % de na riachtanais infheistíochta iomlána é.
Trí thosaíocht a thabhairt do thairbhí réigiúnacha nó do thairbhí an Aontais i bpleananna náisiúnta, cuirfear teorainn le neamhéifeachtúlachtaí agus le costais neamhriachtanacha a bheadh le híoc ag tomhaltóirí.
Níl cur chun úsáide teicneolaíochtaí feabhsaithe eangaí forleathan, cé go bhféadfaidís méadú 20-40 % a dhéanamh ar acmhainn an líonra faoi 2040 agus suas le 35 % a shábháil i ngnáthchostais leathnaithe eangaí.
|
d)Solúbthacht a uasmhéadú
Nuair a bhíonn níos mó solúbthachta sa chóras, mar shampla i dtaobh stórála agus freagairt don éileamh, bíonn sin ina chuidiú míchothromaíochtaí éilimh agus soláthair a bhainistiú trí chustaiméirí a spreagadh tomhaltas leictreachais a bhogadh chuig amanna is flúirsí leictreachas nó is ísle éileamh, arb iad na hamanna is saoire ó thaobh phraghas an leictreachais de dá bhrí sin. Laghdaíonn sé sin arduithe tobanna ar phraghsanna agus staideanna praghsanna diúltacha, rud a chuireann srian ar an luaineacht agus a rannchuidíonn, ar an iomlán, praghsanna leictreachais níos ísle agus níos cobhsaí a bhaint amach. D’fhéadfadh ról a bheith ag an éileamh leictrithe, flíteanna nua leictrea-shoghluaisteachta cuir i gcás, maidir le seirbhísí solúbthachta a sholáthar.
I roinnt mhaith Ballstát, tá bacainní ar rochtain ar mhargaí mórdhíola nó ar rannpháirtíocht i seirbhísí coimhdeacha agus i seirbhísí bainistithe ar phlódú le sárú i réimse na freagartha don éileamh agus na stórála.
I 10 mBallstát, níl creat dlíthiúil ag comhbhailitheoirí atá sainithe go cuí, rud a chuireann cosc orthu páirt a ghlacadh i seirbhísí a d’fhéadfadh cuidiú tairbhí a sholáthar do thomhaltóirí. I 10 mBallstát, tá rochtain ag níos lú ná 30 % de theaghlaigh ar chórais méadraithe chliste (lena gcuirtear faisnéis fíor-ama ar fáil maidir le tomhaltas fuinnimh). Ní mór dlús a chur leis an leathadh amach.
Féadann roinnt tomhaltóirí tionsclaíocha cur go mór le solúbthacht na heangaí trína n‑úsáid fuinnimh a bhogadh go hamanna íseal-éilimh, trí chostais a laghdú agus trí chobhsaíocht an chórais a fheabhsú.
|
Céard
|
Solúbthacht an chórais a mhéadú trí stóráil agus freagairt don éileamh a chur chun úsáide
|
|
Conas
|
Ní mór do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
-rialacha an Aontais maidir le rochtain ar an margadh a chur chun feidhme go tapa le haghaidh stórála agus freagairt don éileamh, sin agus bacainní náisiúnta a bhaint.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
-na ceanglais maidir le Státchabhair a shoiléiriú le haghaidh scéimeanna solúbthachta neamh-iontaise sa chreat Státchabhrach nua, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca do na Ballstáit a sásraí tacaíochta a dhearadh chun dreasacht a thabhairt do thomhaltóirí solúbthacht a sholáthar don chóras;
-rialacha nua a ghlacadh maidir le freagairt don éileamh chun a áirithiú gur féidir le tomhaltóirí leas airgeadais iomlán a bhaint as an tsolúbthacht. Leis na rialacha sin, tabharfar aghaidh ar na bacainní atá roimh sheirbhísí freagartha don éileamh agus stórála fós sa mhargadh inmheánach leictreachais;
-tuairimí na mBallstát a lorg maidir le hionstraim um sholúbthacht ghlan bunaithe ar CCCanna agus ar ghealltanas ón tionsclaíocht leictreachas glan a thomhailt, agus í a dhearadh sa chaoi go gcuirfí teorainn, ar bhealach leormhaith, leis na rioscaí i leith saobhadh iomaíochta agus rásaí fóirdheontais sa Mhargadh Aonair, mar a cheanglaítear leis na rialacha maidir le Státchabhair.
|
|
Cathain
|
Ba cheart do na Ballstáit na bacainní náisiúnta a bhaint láithreach. Creat athbhreithnithe an Choimisiúin um rialacha maidir leis an státchabhair le bheith ann faoi R2 2025; rialacha nua maidir le freagairt don éileamh faoi R1 2026.
|
|
Tionchar
|
Mar thoradh ar sholáthar iomlán córais leictreachais a bhfuil comhtháthú margaidh, giniúint in-athnuaite agus acmhainneacht sholúbtha mar bhonn taca faoi, d’fhéadfadh praghsanna mórdhíola leictreachais san Aontas a bheith 40 % ní b’ísle ar an meán.
Le níos mó solúbthachta, d’fhéadfaí coigilteas costais inbhraite a sholáthar. Léiríonn meastacháin an tionscail go bhféadfaí EUR 2,7 billiún a shábháil in aghaidh na bliana faoi 2030 dá seachnófaí tuilleadh acmhainneacht giniúna buaiclód a shuiteáil.
|
Ba cheart solúbthacht éilimh a chur chun cinn sa mhargadh miondíola freisin mar shocrú, ar bhonn deonach, a thairgeann praghsanna níos ísle do thionscail agus tomhaltóirí atá toilteanach a bheith rannpháirteach i gcomhtháthú córas fuinnimh.
|
Céard
|
Treoraíocht maidir le híocaíocht na solúbthachta i gconarthaí miondíola a chur chun cinn
|
|
Conas
|
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
-treoraíocht a fhorbairt maidir le híocaíocht na solúbthachta i gconarthaí miondíola a chur chun cinn;
-córais chomhréireachta chaighdeánaithe mhargadhbhunaithe éagsúla a chur chun cinn, ar córais iad atá saincheaptha do riachtanais thionsclaíocha éagsúla agus do riachtanais tomhaltóirí eile, agus iad ag tógáil ar na cinn atá i bhfeidhm cheana féin i roinnt Ballstát.
|
|
Cathain
|
R4 2025
|
|
Tionchar
|
Nuair a íoctar go cóir as an tsolúbthacht a sholáthraíonn tomhaltóirí i gconarthaí miondíola, is féidir laghdú suas le 12-42 % dhéanamh ar chostais leictreachais na dtomhaltóirí
,
agus tairbhí solúbthachta agus comhtháthaithe córais EUR 10-29 mbilliún a chruthú.
,
|
Gníomhaíocht 3: Margaí gáis dea-fheidhmiúla a áirithiú
Tá tionchar díreach ag praghas an gháis nádúrtha allmhairithe ar phraghsanna leictreachais agus méadaíonn sé luaineacht an mhargaidh. Níor fhill praghsanna mórdhíola gáis an Aontais go hiomlán ar na leibhéil a bhí ann roimh an ngéarchéim agus tá siad beagnach cúig oiread níos airde ar an meán ná na praghsanna sna Stáit Aontaithe; roimh an ngéarchéim bhí siad dhá nó trí oiread na bpraghsanna sin.
Bíonn tionchar ag an difreálach praghsanna sin ar iomaíochas thionsclaíocht na hEorpa.
Mar gheall ar thábhacht na margaí gáis dár ngeilleagar, tá sé fíor-riachtanach feidhmiú barrmhaith na margaí sin a áirithiú. Tá gá le maoirseacht iomlán rialála agus dlúthchomhar idir rialálaithe fuinnimh agus airgeadais chun cúbláil margaidh a chosc agus chun aon lúb ar lár a d’fhéadfadh a bheith ann a dhúnadh maidir le heaspa trédhearcachta, neamhshiméadracht faisnéise agus riosca i leith comhchruinniú margaidh. Dá bhrí sin, bhunaigh an Coimisiún Tascfhórsa um na Margaí Gáis ní ba luaithe an mhí seo ar mhaithe le grinnscrúdú cuimsitheach a dhéanamh ar mhargaí gáis nádúrtha an Aontais agus, i gcás inar gá, gníomhaíocht a dhéanamh chun a bhfeidhmiú barrmhaith a áirithiú agus chun cosc a chur ar chleachtais tráchtála a shaobhann an phraghsáil mhargadhbhunaithe, i bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh ón ngéarchéim fuinnimh.
Ionas go bhféadfaidh rialálaithe fuinnimh agus airgeadais aghaidh a thabhairt ar iompraíocht neamhdhleathach i margaí gáis go pras, ba cheart na hacmhainní cuí a bheith acu chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh agus chun aon drochúsáid margaidh a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath agus a fhiosrú (i.e. cúbláil margaidh agus trádáil cos istigh). Ní mór feabhsú a dhéanamh ar an gcomhar maidir le forfheidhmiú agus comhroinnt sonraí idir rialálaithe náisiúnta fuinnimh agus airgeadais agus idir ACER agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) agus an comhar thabhairt chuig an chéad leibhéal eile. Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na cumhachtaí uile is gá ag na húdaráis rialála chun drochúsáid margaidh a fhiosrú agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith, sin agus na hacmhainní a chur ar fáil dóibh chun tús áite a thabhairt d’imscrúduithe sa réimse sin. Thairis sin, ba cheart do ACER lánúsáid a bhaint as a chumhachtaí imscrúdaithe trasteorann nua chun tacú le rialálaithe fuinnimh náisiúnta.
|
Céard
|
Margaí gáis dea-fheidhmiúla a áirithiú
|
|
Conas
|
Bhunaigh an Coimisiún Tascfhórsa um na Margaí Gáis ní ba luaithe an mhí seo ar mhaithe le grinnscrúdú cuimsitheach a dhéanamh ar mhargaí gáis nádúrtha an Aontais agus, i gcás inar gá, gníomhaíocht a dhéanamh chun a bhfeidhmiú margaidh barrmhaith a áirithiú agus chun cosc a chur ar chleachtais tráchtála a shaobhann an phraghsáil mhargadhbhunaithe, i bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh ón ngéarchéim fuinnimh. Seolfaidh an Coimisiún comhairliúchán leathan le páirtithe leasmhara d’fhonn measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le tuilleadh athruithe reachtacha chun maoirseacht rialála rianúil iomlán áirithiú, chun rialacha na margaí fuinnimh agus airgeadais a ailíniú agus a neartú (an Treoir maidir le margaí in ionstraimí airgeadais/an Rialachán maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Fuinnimh), agus chun laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin ar chuideachtaí a thrádálann i margaí airgeadais le haghaidh fuinnimh (tuairisciú aonair). Cumhdóidh sé gnéithe éagsúla den leagan amach rialála
, an cur chuige comhpháirteach i ndáil le maoirseacht atá ag rialálaithe fuinnimh agus airgeadais, mar aon le cruthú bunachair sonraí chomhchuibhithe chomhpháirtigh le haghaidh na sonraí margaidh ábhartha uile a mbeidh rochtain iomlán ag na rialálaithe ar fad air. Cumhdóidh sé gnéithe áirithe d’fheidhmiú na spotmhargaí freisin, amhail cur i bhfeidhm ceanglas atá cosúil le ceanglais an leabhair rialacha airgeadais maidir le spotmhalartáin fuinnimh.
|
|
Cathain
|
Tabharfar obair an Tascfhórsa um na Margaí Gáis i gcrích faoi R4 2025
|
|
Tionchar
|
Mar gheall ar an bhforbairt a tháinig ar chonarthaí allmhairiúcháin gáis, agus iad athraithe ó innéacsú ola go praghsáil an mhargaidh ‘gás in aghaidh gáis’, shábháil an tAontas thart ar EUR 67 mbilliún le 10 mbliana anuas.
Le comhtháthú mhargadh gáis an Aontais, cruthaítear glantairbhí maidir le cóineasú agus trédhearcacht praghsanna.
Díreoidh an Tascfhórsa um na Margaí Gáis ar mhargaí gáis dea-fheidhmiúla a áirithiú mar aon le praghasmhúnlú margadhbhunaithe sna margaí sin.
|
Ba cheart féachaint ar roghanna malartacha ar allmhairí gáis nádúrtha nuair is féidir, go háirithe trí leictriú nó trí bhorradh a chur faoi tháirgeadh an bhithgháis agus an bhithmheatáin i gcomhréir le REPowerEU. Is féidir ról láidir a bheith ag comhiomlánú an éilimh agus ag an gceannach comhpháirteach maidir le dlús a chur le cruthú margaidh le haghaidh foinsí fuinnimh agus ábhair a bhfuil gá leo chun fuinneamh glan a tháirgeadh. Trína n‑éileamh a chomhiomlánú agus trí straitéisí ceannaigh chomhpháirtigh a ghlacadh i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais, is féidir le ceannaitheoirí an Aontais leas a bhaint as a meáchan eacnamaíoch comhchoiteann, a seasamh caibidlíochta a neartú agus téarmaí níos fearr a chaibidliú le soláthróirí. Ghlac an tSeapáin an cur chuige sin freisin, tír a bhfuil beartas seanbhunaithe aici tacú le hinfheistíochtaí i mbonneagar onnmhairiúcháin i dtíortha a tháirgeann gás nádúrtha leachtaithe (GNL). Ba cheart cumhacht ceannaigh chomhpháirtigh an Aontais a chur chun tairbhe trí fhéachaint an bhféadfaí conarthaí ní b’fhadtéarmaí a chaibidliú chun praghsanna ní ba chobhsaí a bhaint amach, mar shampla trí chearta leachtaithe gáis nó roghanna ar cheannach a fháil. Agus iomaíochas an Aontais, breithnithe geopholaitiúla agus spriocanna aeráide á gcur sa mheá, d’fhéadfadh an tAontas agus/nó na Ballstáit déanamh mar allmhaireoirí an Aontais freisin agus infheistíocht dhíreach a dhéanamh i mbonneagar onnmhairiúcháin thar lear agus iasachtaí fabhracha a chur ar fáil d’infheisteoirí príobháideacha.
Ina theannta sin, ach comhordú níos fearr i measc na mBallstát agus conairí líonta níos solúbtha a bheith ann, agus le tacaíocht ón gCoimisiún, d’fhéadfadh an méid sin cuidiú strus an chórais a laghdú agus saobhadh margaidh atá nasctha le hathlíonadh stórála gáis a sheachaint. Thacódh an méid sin le hathlíonadh faoi choinníollacha ceannaigh ní b’fhearr agus le slándáil an tsoláthair freisin.
|
Céard
|
Cumhacht cheannaigh an Aontais a chur chun tairbhe ar mhaithe le socrú níos fearr a fháil maidir le gás nádúrtha allmhairithe
|
|
Conas
|
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
-ar bhonn láithreach, dul i mbun plé le soláthróirí iontaofa GNL chun allmhairí costéifeachtúla breise a shainaithint, ar allmhairí iad ó thionscadail onnmhairiúcháin GNL atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo;
-comhiomlánú an éilimh a mholadh, i measc nithe eile, le haghaidh cuideachtaí an Aontais atá ag déanamh conarthaí dolaphróiseála ag gléasraí GNL ar fud an domhain agus conarthaí céadrogha soláthair GNL le táirgeoirí GNL iontaofa;
-féachaint ar roghanna a théann níos faide ná comhiomlánú an éilimh agus cineálacha cur chuige eile a fhiosrú (e.g. samhail na Seapáine).
|
|
Cathain
|
R1-R2 2025
|
|
Tionchar
|
Le deiseanna níos fearr do cheannaitheoirí an Aontais méideanna GNL a fháil faoi chonarthaí fadtéarmacha, is féidir cosaint a thabhairt ar luaineacht praghsanna agus rochtain ar phraghsanna níos ísle a sholáthar, rud a thugann praghsanna an Aontais níos gaire do phraghsanna an mhargaidh dhomhanda. D’fhéadfadh laghdú gearrthéarmach mór ar phraghsanna miondíola a eascairt as ceannaitheoirí an Aontais a chosaint ar luaineacht praghsanna na mbreoslaí iontaise.
|
Gníomhaíocht 4: Éifeachtúlacht fuinnimh – coigilteas fuinnimh a bhaint amach
Cuireann an éifeachtúlacht fuinnimh go mór le fuinneamh inacmhainne le haghaidh na tionsclaíochta agus le haghaidh teaghlach, agus leis an iomaíochas tionsclaíoch. Cuireann sí teorainn leis an tionchar a bhíonn ag praghsanna fuinnimh luaineacha arda ar bhillí tomhaltóirí. Tá laghdú thart ar 20 % curtha ag tionsclaíocht an Aontais ar a tomhaltas fuinnimh ó bhí 2000 ann, agus méadú curtha ar an aschur tionsclaíoch san am céanna. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh an Aontas, ní mór leas a bhaint as réitigh éifeachtúlachta fuinnimh. Trí mhargadh aonair le haghaidh seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh a chothú, cuideofar le muintir na hEorpa tairbhiú de sheirbhísí a d’fhéadfadh cuidiú a mbillí fuinnimh a laghdú agus an costas is fearr a fháil, go háirithe na seirbhísí sin a bhfuil réamhchostas ard ag baint leo.
Is rud é margadh feabhsaithe do sholáthraithe éifeachtúlachta fuinnimh a d’fhéadfadh cuidiú le níos mó cuideachtaí comhairle a fháil maidir le réitigh éifeachtúla, chun a dteas tionsclaíoch a athúsáid cuir i gcás.
|
Céard
|
Margadh éifeachtúlachta fuinnimh ar scála Eorpach
|
|
Conas
|
Tríd an gComhghuaillíocht Eorpach um Maoiniú Éifeachtúlachta Fuinnimh, feabhsóidh an Coimisiún rochtain ar chaipiteal agus cuirfidh sé dreasachtaí airgeadais ar fáil chun tacú le gníomhaithe margaidh a sholáthraíonn réitigh éifeachtúlachta fuinnimh do ghnólachtaí.
Féachfaidh an Coimisiún ar thacaíocht bhreise a thabhairt do chlár Ghrúpa BEI um éifeachtúlacht fuinnimh in FBManna, clár a bhfuil sé de chuspóir aige iomaíochas FBManna Eorpacha a mhéadú, glacadh na réiteach fuinneamhéifeachtúil in-athnuaite a chur chun cinn agus athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a fhorbairt. Féachfaidh an Coimisiún, i gcomhar le Grúpa BEI, ar scéim ráthaíochta de chuid an Aontais a bhunú arb é is cuspóir di na seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh a dhúbailt. Tá treoirthionscadal beartaithe le haghaidh 2026 a d’fhéadfadh a bheith mar chuid den oibríocht mheasctha um chúnamh teicniúil, ar oibríocht InvestEU-LIFE CET (fochlár don Aistriú chuig Fuinneamh Glan) í. Chuige sin, beidh gá le hacmhainní breise InvestEU, rud atá le baint amach trí bharrfheabhsú a dhéanamh ar úsáid na ráthaíochta AE atá ar fáil faoi láthair i sainorduithe AE éagsúla, lena n‑áirítear sainorduithe ón tréimhse clársceidealaithe roimhe seo.
|
|
Cathain
|
An chéad treoirphlean le haghaidh scéim ráthaíochta in R4 2025. Seoladh na comhpháirtíochta in R3 2025.
Measúnú ar mhargadh uile-Aontais le haghaidh scéim deimhniúcháin coigiltis fuinnimh faoi R4 2025.
|
|
Tionchar
|
Méadú ar an tairiscint ar réitigh mhaoiniúcháin le haghaidh táirgí éifeachtúlachta fuinnimh. Déanfar sin trí bhíthin cuideachtaí seirbhísí fuinnimh.
Is é an aidhm atá ann margadh na gcuideachtaí seirbhísí fuinnimh a dhúbailt sa chaoi gur EUR 4-6 bhilliún in aghaidh na bliana a bheidh i gceist leis, rud a d’fhéadfadh ligean do thomhaltóirí coigilteas idir 25-30 % a dhéanamh i gcás athchóirithe foirgneamh agus suas le 70-80 %
a choigilt i mbillí fuinnimh i gcás laghdú an tsoilsithe phoiblí.
|
Ar an dara dul síos, laghdaíonn táirgí fuinneamhéifeachtúla billí fuinnimh ar bhonn láithreach. Maidir leis an iliomad táirgí neamhchomhlíontacha a allmhairítear ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad, áfach, déanann siad dochar d’iomaíochas sholáthróirí an Aontais agus laghdaíonn siad na tairbhí do shaoránaigh agus do ghnólachtaí.
|
Céard
|
Rochtain a thabhairt do thomhaltóirí ar fhearais agus ar tháirgí níos éifeachtúla a bhfuil saolré níos faide acu
|
|
Conas
|
Ba cheart do na Ballstáit, d’údaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh agus d’údaráis chustaim náisiúnta faireachas agus forfheidhmiú na margaí náisiúnta a neartú, lena n‑áirítear i dtaobh custam agus margaí ar líne. I gcomhréir leis an Teachtaireacht maidir le ríomhthráchtáil, tacaíonn an tAontas leis na gníomhaíochtaí sin agus le tuilleadh plé le margaí ar líne.
Déanfaidh an Coimisiún rialacha an Aontais maidir le lipéadú fuinnimh agus éicidhearthóireacht a thabhairt cothrom le dáta. Mar chuid de sin, déanfaidh sé dea-chleachtais a roinnt, feabhas a chur ar uirlisí TF
agus comhlíontacht a éascú d’oibreoirí trí fhaisnéis agus treoraíocht níos soiléire. Ba cheart do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar dhreasachtaí a chur ar fáil do thomhaltóirí chun roghanna fuinneamhéifeachtúla a chur in ionad a seanfhearais bhaile.
|
|
Cathain
|
Láithreach
|
|
Tionchar
|
Meastar gur sábháladh thart ar EUR 120 billiún i mbillí fuinnimh in 2023 a bhuí le rialacha mhargadh aonair an Aontais maidir le fearais agus táirgí fuinneamhéifeachtúla, agus meastar go n‑ardóidh an figiúr sin go thart ar EUR 162 bhilliún in 2030.
Meastar go gcailltear 10 % (i.e. os cionn EUR 10 mbilliún) in aghaidh na bliana fós, áfach, toisc táirgí neamhchomhlíontacha a bheith á ndíol.
|
Colún II: An tAontas Fuinnimh a thabhairt chun críche
D’ainneoin gur éirigh linn margadh fuinnimh idirnasctha a thógáil, tá fíor-Aontas Fuinnimh fós idir lámha. Ós rud é go bhfuil an tAontas ag dul i ngleic le costais fuinnimh mhéadaitheacha a chuireann ualach ar theaghlaigh agus bac ar an iomaíochas tionsclaíoch – agus earnálacha dianfhuinnimh buailte go háirithe – is léir go bhfuil gá le cur chuige claochlaitheach. Sin é an fáth nach mór dúinn leanúint de bheith ag obair ar bhearta struchtúracha níos fadtéarmaí a sholáthróidh an fuinneamh níos glaine agus níos saoire atá de dhíth orainn agus a fhorbróidh fíor-Aontas Fuinnimh, bearta lena n‑áirítear méadú a dhéanamh ar infheistíochtaí sa taighde agus sa nuálaíocht i réimse na réiteach fuinnimh ghlain. Ní mór don Aontas dul chun cinn a dhéanamh i dtreo an leictrithe agus i dtreo margadh aonair lán-chomhtháite le haghaidh fuinnimh, spriocanna i ndáil le hidirnascadh a bhaint amach, sin agus leas a bhaint as comhlántachtaí i measc na mBallstát chun fíor-Aontas Fuinnimh a chruthú a rachaidh chun tairbhe do chách.
Is é an Plean Gníomhaíochta seo an chéad chéim i dtreo idirnascadh agus comhtháthú níos fearr. Is ar an gcúis sin a sheolfaidh an Coimisiún sraith tionscnamh sna míonna amach romhainn a bhfuil sé d’aidhm acu rialachas an Aontais Fuinnimh a neartú, fuinneamh glan a leathadh amach, slándáil an tsoláthair a fheabhsú agus billí na saoránach agus na ngnólachtaí a laghdú.
Gníomhaíocht 5: An tAontas Fuinnimh a thabhairt chun críche
Ag cur leis an rath a bhí ar an bPlean REPowerEU, plean a chuir borradh faoi ghiniúint cumhachta glaine agus a rinne soláthairtí fuinnimh a éagsúlú, seolfar Plean Gníomhaíochta nua um Leictriúchán (R1 2026) agus Straitéis um Théamh agus Fuarú (R1 2026) chun tacaíocht bhreise a thabhairt do na cuspóirí sin. Le leictriú uaillmhianach an chórais fuinnimh agus leathnú fhoinsí glana an ghiniúna, méadófar éifeachtúlacht fuinnimh na hearnála fuinnimh ina hiomláine, cuirfear le dícharbónú na n‑earnálacha tionsclaíocha, soghluaisteachta agus téimh agus fuaraithe, agus tacófar le glacadh an táirgthe fuinnimh ghlain intíre. Faoi 2030, laghdóidh na tionscnaimh sin ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise, rud a d’fhéadfadh na billiúin a shábháil in aghaidh na bliana. Féadann creidmheasanna cánach le haghaidh leictriú tionsclaíoch an leictriú a chur chun cinn agus cuidiú le tionsclaíocht an Aontais a bheith níos iomaíche trí thacú le hinacmhainneacht an trealaimh leictrithe, díolacháin a mhéadú agus glacadh ar thaobh na dtomhaltóirí a spreagadh.
Foinse coigiltis eile do thomhaltóirí is ea an digitiú, ach d’fhéadfadh sé a bheith ina leochaileacht freisin. Glacfaidh an Coimisiún Treochlár Straitéiseach an Digitithe agus na hIntleachta Saorga le haghaidh na hEarnála Fuinnimh in 2026 chun dlús a chur le réitigh Eorpacha intleachta saorga leathadh amach i réimsí amhail barrfheabhsú na n‑eangach leictreachais, éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh agus sa tionsclaíocht, agus solúbthacht ar thaobh an éilimh. Ina theannta sin, cothóidh sé taighde agus nuálaíocht atá dírithe ar an intleacht shaorga trí ghnólachtaí nuathionscanta a nascadh le cuideachtaí fuinnimh, agus coimircí láidre á n‑áirithiú san am céanna maidir leis an gcibearshlándáil, príobháideachas sonraí agus sábháilteacht. Scrúdóidh an Coimisiún freisin an méadú atá ag teacht ar thomhaltas fuinnimh na lárionad sonraí
,
agus cuirfidh sé chun cinn comhtháthú inbhuanaithe na lárionad sin sa chóras fuinnimh. D’fhéadfadh lárionaid sonraí an brú ar an gcóras fuinnimh a mhéadú agus praghsanna fuinnimh a ardú, go háirithe i bhfianaise chumas na lárionad sonraí ceantáil ar thomhaltóirí fuinnimh eile le haghaidh rochtain ar fhuinneamh.
An tráth céanna, is cuidiú é an Plean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh (Plean SET) aghaidh a thabhairt ar an ilroinnt atá ann faoi láthair i bpunanna taighde agus nuálaíochta an Aontais le haghaidh fuinneamh glan agus leictrithe. Ní mór dlús a chur le hiarrachtaí fós chun sprioc an Aontais maidir le caiteachas poiblí agus príobháideach a bhaint amach, is é sin 3 % de OTI.
,
Cothóidh an Coimisiún nuálaíocht, go háirithe trí chomhordú leis na Ballstáit trí bhíthin Ghrúpa Stiúrtha Phlean SET arna bhunú leis an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta.
Ina theannta sin, chun tacú leis an gcomhleá mar fhoinse fuinnimh nuálaigh dhícharbónaithe don todhchaí, molfar Straitéis um Fhuinneamh Comhleá, lena n‑áirítear Comhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí a chruthú ar mhaithe le dlús a chur leis an tráchtálú.
Chun a spriocanna fuinnimh agus aeráide a bhaint amach, tá os cionn EUR 570 billiún in aghaidh na bliana de dhíth ar an Aontas idir 2021 agus 2030, agus EUR 690 billiún in aghaidh na bliana ó 2031 go 2040, le haghaidh infheistíochtaí i bhfuinneamh in-athnuaite, lena n‑áirítear grianfhuinneamh, fuinneamh gaoithe agus bithmhais, in éifeachtúlacht fuinnimh agus in acmhainneacht na n‑eangach. Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar riachtanais infheistíochta san fhuinneamh núicléach
agus cothóidh sé infheistíocht i dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain den chéad ghlúin eile, amhail comhleá núicléach, ceallraí geoiteirmeacha agus ceallraí soladstaide feabhsaithe, sin agus sna hacmhainneachtaí atá ann cheana, le haghaidh athchóirithe cuir i gcás. Cé gur gá go dtiocfadh formhór na n‑infheistíochtaí ó chaipiteal príobháideach, ní mór cistiú poiblí a spriocdhíriú ar bhealach níos fearr chun infheistíochtaí príobháideacha a ghiaráil trí thionscadail straitéiseacha a dhí-rioscú, go háirithe trí bhíthin ionstraimí ráthaíochta agus cothromais. Rachaidh an Coimisiún i ngleic leis an mbearna infheistíochta agus slógfaidh sé caipiteal príobháideach le haghaidh an aistrithe fuinnimh le Straitéis Infheistíochta um Fhuinneamh Glan agus cuirfidh sé Clár Léiriúcháin Núicléach nuashonraithe i láthair.
Thar aon ní eile, chun fíor-Aontas Fuinnimh a thabhairt chun críche, tá gá le margadh fuinnimh lán-chomhtháite agus creat rialachais comhleanúnach lena ndéantar cuspóirí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a ailíniú agus lena n‑áirithítear go ndéantar cinntí a bhfuil ábharthacht trasteorann agus Eorpach ag baint leo ar an leibhéal ceart. Chuige sin, eiseoidh an Coimisiún Páipéar Bán maidir le comhtháthú margaidh leictreachais níos doimhne go luath in 2026.
Ina theannta sin, ní mór na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide a fhorbairt agus pleananna infheistíochta straitéiseacha a dhéanamh díobh, pleananna lena gcothaítear intuarthacht infheistíochta, muinín tomhaltóirí, an nuálaíocht agus fás margaidh le haghaidh teicneolaíochtaí glana. Molfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Rialachas chun Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide
a shimpliú, a neartú agus a nuachóiriú ar mhaithe leis an Eoraip a ullmhú don chreat beartais fuinnimh agus aeráide a bheidh ann i ndiaidh 2030. Ina theannta sin, maidir le tacaíocht a thabhairt do mhonaraíocht teicneolaíochta glaine, d’fhéadfadh ról a bheith ag tionscnaimh réigiúnacha amhail an Tionscnamh um Chomhar Tras-Mheánmhuirí i leith Fuinnimh agus Teicneolaíocht Ghlan.
Féadann praghsanna fuinnimh a bheith an-éagsúil ó Bhallstát go Ballstát. Chun comhordú ar fud an Aontais Fuinnimh a fheabhsú agus rialachas an chórais leictreachais a neartú, bunóidh an Coimisiún Tascfhórsa um an Aontas Fuinnimh. Déanfaidh an Tascfhórsa, ar a mbeidh ionadaithe ardleibhéil ón gCoimisiún, ó chomhlachtaí ábhartha an Aontais, ó na Ballstáit agus ó pháirtithe leasmhara de réir mar is gá, coigeartuithe teicniúla nó rialála a scrúdú agus a shainaithint, agus tuairisceoidh sé go tráthrialta d’Uachtarán an Choimisiúin, don Chomhairle Eorpach, don Chomhairle Fuinnimh agus do Pharlaimint na hEorpa.
Chun tacú leis an obair sin, feabhsóidh an Coimisiún an bhéim a leagann sé ar mheasúnú a dhéanamh ar impleachtaí na dtionscnamh ábhartha maidir le hinacmhainneacht fuinnimh do theaghlaigh agus do ghnólachtaí. Déanfar toradh na n‑anailísí ábhartha – a mbeidh lámh ag saineolaithe seachtracha iontu nuair is féidir – a léiriú go hiomchuí i measúnuithe tionchair ar thionscnaimh reachtacha nua agus in athbhreithnithe ar reachtaíocht atá ann cheana. Comhlánóidh an méid sin an fhaisnéis a fhoilsíonn an Coimisiún go tráthrialta maidir le tionchar a chuid tionscnamh trí thuarascálacha éagsúla amhail an Tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh
agus na tuarascálacha ar phraghsanna agus costais fuinnimh.
|
Céard
|
Aontas Fuinnimh iomlán
|
|
Conas
|
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
-Tascfhórsa um an Aontas Fuinnimh a sheoladh;
-Páipéar Bán a fhoilsiú maidir le comhtháthú margaidh leictreachais níos doimhne;
-athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh;
-Straitéis Infheistíochta um Fhuinneamh Glan, Clár Léiriúcháin Núicléach nuashonraithe agus Straitéis um Fhuinneamh Comhleá a thíolacadh;
-Plean Gníomhaíochta um Leictriúchán, Treochlár Straitéiseach an Digitithe agus na hIntleachta Saorga le haghaidh na hEarnála Fuinnimh, agus Straitéis um Théamh agus Fuarú a chur ar aghaidh.
|
|
Cathain
|
2025: Tascfhórsa um an Aontas Fuinnimh, an Straitéis Infheistíochta um Fhuinneamh Glan agus an Clár Léiriúcháin Núicléach.
Go dtí lár 2027 i gcás na dtionscnamh eile.
|
|
Tionchar
|
Comhtháthú margaidh leictreachais níos doimhne trí idirphlé a sheoladh maidir le forbairt an mhargaidh amach anseo agus trí Thascfhórsa um an Aontas Fuinnimh a chruthú.
Méaduithe géara ar chostais an chórais suas le EUR 103 bhilliún faoi 2040 a chosc, ar costais iad a bheidh le híoc mura ndéanfar aon ghníomhaíocht.
Borradh a chur faoin infheistíocht agus costais a laghdú trí chaipiteal a dhí-rioscú, i.e. na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le hinfheistíochtaí a laghdú, an t‑ualach riaracháin maidir le pleanáil agus tuairisciú a mhaolú, agus feabhas a chur ar chomhordú na mBallstát i dtaobh beartais a leagan síos. Leis sin, áiritheofar cinnteacht infheistíochta le haghaidh 2040 agus déanfar fíorphleananna infheistíochta de na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide.
An leictriú a luathú faoi 40 % in 2030
. Ach leas a bhaint as an tsolúbthacht a thiocfaidh ó leictriú na n‑earnálacha teasa, iompair agus hidrigine, féadfar coigilteas bliantúil EUR 32 bhilliún i gcostais an chórais fuinnimh a bhaint amach in 2030.
D’fhéadfadh luchtú déthreoch feithiclí leictreacha EUR 9,7 billiún a shábháil as féin.
Éifeachtúlacht téimh agus fuaraithe a fheabhsú trí uas-scálú a dhéanamh ar aisghabháil teasa, ar athúsáid teasa agus ar chur chun úsáide teaschaidéal. Trí aisghabháil fuíollteasa a leathnú i bpróisis thionsclaíocha agus i seirbhísí fuinnimh, is féidir éifeachtúlacht an chórais a fheabhsú agus costais a laghdú. Le glacadh níos leithne teaschaidéal agus éifeachtúlacht níos fearr sa bhaile, d’fhéadfaí laghdú EUR 60 billiún a dhéanamh ar chaiteachas allmhairiúcháin na mbreosla iontaise faoi 2030, agus an t‑éileamh ar iompróirí fuinnimh eile á mhaolú agus praghsanna á gcobhsú san am céanna.
Leas a bhaint as an digitiú chun costais na hearnála cumhachta a chiorrú,
rud a chuirfidh borradh faoin éifeachtúlacht agus coigilteas measta 5 % le fáil in oibríochtaí agus cothabháil, 5 % le fáil in aschur leictreachais agus 5 % le fáil i gcaillteanais líonra.
|
Colún III: Infheistíocht a mhealladh agus soláthar a áirithiú
Ionas go mbeidh fíor-Aontas Fuinnimh againn a bheidh bunaithe ar fhuinneamh glan inacmhainne de thionscnamh AE do thomhaltóirí uile na hEorpa, tá infheistíocht shubstaintiúil sna 10 mbliana amach romhainn ag teastáil, mar aon le rialachas láidir. Tá gá le ceannaireacht agus tiomantas láidir polaitiúil, sin agus rannpháirtíocht chuimsitheach ghníomhaithe uile an tslabhra luacha fuinnimh, chun an Plean Gníomhaíochta seo a bhaint amach go pras le chéile.
Gníomhaíocht 6: Conradh trípháirteach maidir le fuinneamh inacmhainne a bhunú do thionsclaíocht na hEorpa
Féadann éiginnteacht mhéadaitheach sa mhargadh dúshláin mhóra a chruthú d’fhorbróirí tionscadail agus féadann sí moill nó bac a chur ar infheistíochtaí. Chun cur ina choinne sin, is féidir le rialtais, le táirgeoirí fuinnimh agus le tionscail a thomhlaíonn fuinneamh timpeallacht fhabhrach infheistíochta a chruthú le chéile le haghaidh córas fuinnimh inacmhainne inbhuanaithe agus earnáil thionsclaíoch iomaíoch, agus coinneáil agus cruthú post ardcháilíochta á n‑áirithiú san am céanna, mar a cuireadh i dtábhacht i nDearbhú Antuairp.
vTeastaíonn scála agus cinnteacht éilimh ó tháirgeoirí fuinnimh ghlain chun pleanáil fhadtéarmach a áirithiú, rudaí a chuidíonn laghdú a dhéanamh ar rioscaí d’infheisteoirí agus ar chostais tionscadail. Rachadh an chinnteacht sin chun tairbhe do mhonaróirí sa slabhra soláthair freisin, mar shampla táirgeoirí fostáisiún nó cáblaí le haghaidh tionscadail eangaí, agus ligfeadh sí dóibh infheistíocht a dhéanamh in acmhainneachtaí monaraíochta nua san Eoraip agus praghsanna níos ísle a thairiscint. Chuirfeadh sí ar a gcumas d’fhorbróirí tionscadal gréine ar mhórscála nó tionscadal gaoithe amach ón gcósta, cuir i gcás, slabhraí soláthair a dhaingniú agus ceannach a dhéanamh ar chostais níos ísle.
vTeastaíonn cinnteacht ó thionscail a thomhlaíonn fuinneamh, agus go háirithe ó thionscail dianfhuinnimh, maidir le soláthar agus praghsanna fuinnimh chun a dtáirgeadh a phleanáil agus chun cinntí infheistíochta a dhéanamh lena múnlófar a gclaochlú. Mar shampla, teastaíonn cinnteacht fhadtéarmach ón tionscal cruach maidir le soláthar agus praghsanna leictreachais chun infheistíocht a dhéanamh i leictriú na bpróiseas táirgthe. Mar chúiteamh air sin, féadann tionscail dianfhuinnimh cinnteacht ceannaigh a thabhairt do tháirgeoirí fuinnimh trí chonarthaí fadtéarmacha a dhéanamh.
vFéadann rialtais an Aontais agus na mBallstát rioscaí a laghdú trí bhíthin creataí rialála cobhsaí agus bearta chun infheistíochtaí a éascú. Tríd an intuarthacht sin a thabhairt d’fhorbróirí tionscadail agus do shlabhraí soláthair, cuirtear le dí-rioscú infheistíochtaí agus le hísliú costas do ghnólachtaí agus do theaghlaigh. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh, mar shampla, trí ghealltanas a thabhairt i dtaobh amlíne mionsonraithe iontaofa níos fadtéarmaí maidir le ceantanna na dtionscadal fuinnimh ghlain, sin agus trí leaganacha amach tacúla a úsáid le haghaidh tairiscintí a léiríonn prionsabail an Ghnímh um an Tionscal Glan-nialasachta a mhéid a bhaineann le hathléimneacht, slándáil agus inbhuanaitheacht.
I ndáil leis sin, léirigh an Chairt um Chumhacht Ghaoithe
agus an Chairt um Ghrianfhuinneamh
an breisluach a bhaineann le gníomhaithe institiúideacha agus eacnamaíocha a thabhairt le chéile chun céimeanna cinntitheacha a thabhairt i dtreo slabhra luacha iomaíoch a thógáil i bpríomhearnálacha an aistrithe ghlain.
Agus an taithí sin á cur chun tairbhe, le Conradh Trípháirteach níos leithne maidir le Fuinneamh Inacmhainne, is féidir na gealltanais sin a thabhairt le chéile agus timpeallacht infheistíochta a chruthú a thacaíonn le táirgeadh fuinnimh atá costéifeachtach, le soláthar fuinnimh iontaofa, agus le fás eacnamaíoch fadtéarmach do na páirtithe leasmhara uile.
Fíor 4. Conradh Trípháirteach maidir le Fuinneamh Inacmhainne do thionsclaíocht na hEorpa
|
Céard
|
Conradh Trípháirteach maidir le Fuinneamh Inacmhainne idir an earnáil phoiblí (lena n‑áirítear institiúidí airgeadais), forbróirí fuinnimh ghlain agus tionscail a thomhlaíonn fuinneamh.
|
|
Conas
|
Déanfar an méid seo a leanas le conradh trípháirteach leathan:
-intuarthacht agus scálú a thabhairt do ghineadóirí fuinnimh a mbeidh ceannaitheoir seasmhach acu dá dtáirgeadh, agus do cheannaitheoirí fuinnimh ar féidir leo tairbhiú de sholáthar fuinnimh inacmhainne cobhsaí;
-tacaíocht a thabhairt do shamhlacha gnó na hearnála, a bhuí leis an tacaíocht ón gCoimisiún, ó BEI agus ó na Ballstáit, samhlacha lenar féidir infheistíocht a dhí-rioscú agus fás a dhéanamh.
D’áireofaí leis sin conarthaí earnála le haghaidh earnálacha áirithe (e.g. hidrigin, breoslaí sintéiseacha, ceallraí, fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, grianfhuinneamh, eangacha).
|
|
Cathain
|
2025
|
|
Tionchar
|
Trédhearcacht, infheictheacht agus cinnteacht a mhéadú do tháirgeoirí agus do thionscail a thomhlaíonn fuinneamh, tacú le cinntí infheistíochta agus costais agus praghsanna fuinnimh a ísliú
|
Colún IV: A bheith ullamh do ghéarchéimeanna fuinnimh a d’fhéadfadh a bheith ann
Léirigh an ghéarchéim fuinnimh a bhí ann le déanaí, an ceann is déine dá bhfaca an Eoraip riamh, a thábhachtaí atá comhordú ar leibhéal an Aontais chun arduithe tobanna ar phraghsanna sa mhargadh inmheánach a bhainistiú. Ar mhaithe le hathléimneacht a mhéadú i gcoinne aon ghéarchéim fuinnimh a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, ní mór uirlisí a thabhairt do na Ballstáit ionas go bhféadfaidh siad gníomhú go héifeachtach agus ní mór an creat maidir le slándáil an tsoláthair a neartú i bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh ó fhorbairtí a tharla le déanaí.
Gníomhaíocht 7: Slándáil an tsoláthair a áirithiú ar mhaithe le cobhsaíocht praghsanna
Tá soláthairtí fuinnimh cobhsaí criticiúil ó thaobh athléimneacht eacnamaíoch agus rochtain leanúnach ar fhuinneamh inacmhainne agus chun luaineacht mhór praghsanna a sheachaint. Cuireann suaití ar sholáthairtí fuinnimh an inacmhainneacht i mbaol, suaití arb é is cúis leo teannas geopholaitiúil, cibirionsaithe, ionsaithe d’aon ghnó nó teagmhais adhaimsire. Tá gá le creat rialála nua chun athléimneacht chóras fuinnimh an Aontais a mhéadú agus chun luaineacht praghsanna fuinnimh a shrianadh.
|
Céard
|
Rannchuidiú le cobhsaíocht praghsanna trí bhíthin creat slándála fuinnimh lena gcuirtear ceachtanna na géarchéime fuinnimh san áireamh
|
|
Conas
|
Cuirfidh an Coimisiún togra reachtach ar aghaidh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chreat rialála an Aontais atá ann faoi láthair maidir le slándáil fuinnimh
|
|
Cathain
|
Tús 2026
|
|
Tionchar
|
Teacht níos fearr a bheith ar na soláthairtí fuinnimh i gcónaí agus ullmhacht níos fearr i gcomhair tréimhsí ina mbíonn strus soláthair ann, sin rudaí a chuidíonn luaineacht praghsanna a laghdú agus praghsanna a ísliú
|
Gníomhaíocht 8: Ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna praghsanna
Tá forálacha sa Treoir maidir le Leictreachas agus sa Treoir maidir le Gás lena gceadaítear don Chomhairle géarchéim praghsanna a fhógairt tar éis don Choimisiún togra a thíolacadh, nuair a chomhlíontar coinníollacha géarchéime eisceachtúla áirithe. Sna cásanna sin, bíonn ról lárnach ag an laghdú ar éileamh le linn agaí áirithe maidir le héifeachtaí na ngéarchéimeanna fuinnimh a mhaolú. Ina theannta sin, lasmuigh de thréimhsí géarchéime, is féidir scéimeanna um laghdú buaiclóid a dhearadh agus a ghníomhachtú cheana féin, ar scéimeanna iad ina n‑íocann soláthróirí a gcuid tomhaltóirí chun an tomhaltas a laghdú le linn agaí áirithe. Is léir ón taithí a fuarthas i roinnt Ballstát go mbíonn tomhaltóirí toilteanach an t‑éileamh a laghdú go deonach le linn tréimhsí eisceachtúla ina mbíonn strus córais agus praghsanna arda ann.
|
Céard
|
Buaiceanna praghsanna a sheachaint le linn géarchéimeanna fuinnimh
|
|
Conas
|
Treoraíocht ón gCoimisiún do na Ballstáit maidir le scéimeanna um laghdú buaiclóid a fhorbairt agus a chur chun feidhme trí dhreasachtaí íocaíochta do thomhaltóirí a thabhairt isteach. Oibreoirí córais tarchuir (OCTanna) a úsáid ar mhaithe le bearta a thabhairt isteach agus a ghníomhachtú chun an t‑éileamh ar fhuinneamh a laghdú le linn agaí buaiclóid agus an t‑éileamh a bhogadh go haga eile.
|
|
Cathain
|
Ar bhonn leanúnach agus le cur chun úsáide le linn tréimhsí ina mbíonn arduithe tobanna ar phraghsanna nó strus córais ann
|
|
Tionchar
|
Praghsanna níos ísle a bhaint amach le linn tréimhsí buaiclóid fuinnimh, luaineacht praghsanna a ísliú agus billí fuinnimh deiridh a choinneáil faoi smacht
|
Ar an dara dul síos, i gcásanna ina gcuireann scrogaill líonra nó plódú líonra bac mór ar shreabha fuinnimh, tá gá le dlúthchomhar le OCTanna agus le húdaráis rialála náisiúnta chun an acmhainneacht idirnaisc trasteorann atá ar fáil a mhéadú go sealadach i gcásanna áirithe (e.g. géarchéim praghsanna réigiúnach mar a chonacthas in 2024 in Oirdheisceart na hEorpa). Leis an dlúthchomhar sin, áiritheofar go sroichfidh an fuinneamh na limistéir is mó atá buailte. Ní mór bristeacha cothabhála a chomhordú go cuí laistigh den mhargadh inmheánach fuinnimh ionas go seachnófar iarmhairtí neamhriachtanacha na mbristeacha sin ar Bhallstáit chomharsanacha.
|
Céard
|
Rochtain trasteorann mhéadaithe ar leictreachas saor
|
|
Conas
|
Oibriú le OCTanna agus le húdaráis rialála náisiúnta chun méaduithe sealadacha ar na hacmhainneachtaí tarchurtha trasteorann atá ar fáil a áirithiú i gcásanna áirithe agus chun comhordú agus pleanáil chuí a dhéanamh ar bhristeacha cothabhála thar theorainneacha ar mhaithe le srianta ar shreabhadh an leictreachais a sheachaint
|
|
Cathain
|
Nuair is gá, e.g. i ngéarchéimeanna praghsanna réigiúnacha áirithe
|
|
Tionchar
|
A áirithiú go ndéanfar trádáil trasteorann leictreachais a uasmhéadú i gcásanna géarchéime chun arduithe tobanna ar phraghsanna áitiúla a mhaolú i margaí ar leith
|
Ar deireadh, ós rud é go meastar go mbeidh an gás nádúrtha fós ina phríomhshocraitheoir praghsanna le haghaidh leictreachais san Aontas sna blianta amach romhainn, tá an Coimisiún réidh le tacú leis na Ballstáit agus bearta Státchabhrach á gceapadh, chun iad a chumhachtú aghaidh a thabhairt ar arduithe tobanna géara ar phraghsanna agus ar thimpeallachtaí praghsanna eisceachtúla d’fhonn praghsanna arda gáis a dhíchúpláil a dhéanamh ó phraghsanna arda leictreachais, bunaithe ar shamhlacha cruthaithe i gcásanna éigeandála.
5.Conclúidí agus an bealach chun cinn
Sa Phlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne, leagtar amach ocht mbeart choincréiteacha ghearrthéarmacha chun fíor-Aontas Fuinnimh a bhaint amach ar mhaithe le hiomaíochas, inacmhainneacht, slándáil agus inbhuanaitheacht. Chun an Plean Gníomhaíochta claochlaitheach seo a bhaint amach, beidh rannpháirtíocht na ngníomhaithe uile ag teastáil: (i) comhordú an Aontais leis an tacaíocht ionstraimeach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun creat reachtach pragmatach éifeachtach a áirithiú; (ii) comhar daingean na mBallstát chun na gníomhaíochtaí a chur chun feidhme ar an talamh agus chun a áirithiú go ndéanfar poitéinseal iomláin an phlean a shaothrú do shaoránaigh; (iii) cuimsiú gníomhach na bpáirtithe leasmhara: ár dtionscail agus ár ngnólachtaí, ár n‑oibrithe, ár nuálaithe agus ár saoránaigh; agus (iv) rannpháirtíocht ar an leibhéal polaitiúil is airde trí bhíthin Thascfhórsa um an Aontas Fuinnimh.
Déanfaidh an Coimisiún an dul chun cinn i dtreo sheachadadh an Phlean Gníomhaíochta a chur chun feidhme mar aon le faireachán a dhéanamh air agus é a thuairisciú i dtuarascálacha ar Staid an Aontais Fuinnimh amach anseo. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus Comhairle na nAirí Fuinnimh ar an eolas go tráthrialta faoin dul chun cinn agus pléifidh sé na tionchair.
Is mór na dúshláin atá romhainn amach. Ach is mór na láidreachtaí atá againn freisin. Le chéile, tá eangacha athléimneacha agus an líonra fuinnimh is comhtháite ar domhan tógtha againn. Chothaíomar bonn monaraíochta láidir, lucht saothair ardoilte, ardteicneolaíochtaí agus creat rialála láidir. Sheasamar an fód go diongbháilte agus chuamar ar aghaidh ar an mbealach i dtreo an dícharbónaithe. Rinneamar ár bhfás eacnamaíoch a dhíchúpláil ónár n‑astaíochtaí CO2 agus léiríomar ceannaireacht san aistriú fuinnimh domhanda. A bhuí leis na láidreachtaí sin, is féidir aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh an Eoraip faoi láthair.
Is léir na fáthanna a dtógaimid na dúshláin sin orainn féin. Is é an fuinneamh bunchloch ár ngeilleagair agus ár sochaí. Is cuid bheag dár gcaiteachas OTI é,
,
ach spreagann sé an geilleagar ina iomláine. Bogann sé na traenacha a iompraíonn sinn, téann sé ár dtithe agus cumhachtaíonn sé na meaisíní a dhéanann na hearraí a úsáidimid gach lá. Tá sé ar cheann de bhunchlocha an Aontais freisin, ón uair a bhí gual agus cruach ina gcolúin d’atógáil na hEorpa. Thacaigh sé le fás ár ngeilleagair agus chuir sé feabhas ar shaol laethúil mhuintir na hEorpa ó shin i leith.
Bhí giniúint fuinnimh agus comhtháthú ár margaí fuinnimh ríthábhachtach i gcónaí d’aontacht na hEorpa. Ón gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach go dtí forbairt an Aontais Fuinnimh, bhí an fuinneamh i gcroílár ár gcobhsaíocht eacnamaíoch agus ina spreagadh do lánpháirtiú an Aontais. Faoi threoir an Chompáis Iomaíochais, agus mar thaca leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, cuirfidh an Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne ar ár gcumas tógáil ar ár láidreachtaí. Ligfidh sin dúinn leas a bhaint as fíorluach ár nAontais Fuinnimh agus tiomantas an Aontais d’aistriú cuimsitheach fuinnimh a athdhearbhú, ar aistriú é nach bhfágfar aon duine aonair ná aon phobal ar lár ann.
Iarscríbhinn I: Achoimre ar na gníomhaíochtaí agus amlíne
|
Céard
|
Cathain
|
Cé a dhéanfaidh an méid sin
|
|
Colún I: Costais fuinnimh a ísliú
|
|
Gníomhaíocht 1: Billí leictreachais a dhéanamh níos inacmhainne
|
|
More efficient network charges to reduce energy system costs
Muirir líonra níos éifeachtúla chun costais an chórais fuinnimh a laghdú
|
R2 2025
|
an Coimisiún Eorpach, na Ballstáit, na húdaráis rialála náisiúnta
|
|
Cánachas níos ísle ar leictreachas agus comhchodanna den chostas nach mbaineann le fuinneamh a bhaint de bhillí
|
Ón dáta glactha
R4 2025 (moladh)
|
na Ballstáit, le tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach
|
|
É a chur ar a gcumas do thomhaltóirí bogadh chuig soláthróirí fuinnimh níos saoire, agus dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh san am céanna
|
R3 2025
|
an Coimisiún Eorpach, na Ballstáit, na húdaráis rialála náisiúnta
|
|
Gníomhaíocht 2: Costas an tsoláthair leictreachais a laghdú
|
|
Billí leictreachais miondíola a dhíchúpláil ó phraghsanna gáis arda luaineacha
|
R2 2025 (BEI) agus R4 2025 (Treoraíocht maidir le conarthaí difríochta)
|
an Coimisiún Eorpach, BEI, na Ballstáit
|
|
Agaí ceadaithe a laghdú chun dlús a chur leis an aistriú fuinnimh
|
Ó thráth an ghlactha agus i rith 2025-2026
|
an Coimisiún Eorpach, na Ballstáit, na húdaráis inniúla náisiúnta
|
|
Dlús a chur le leathnú, nuachóiriú agus digitiú na n‑eangach
|
R1 2026
|
an Coimisiún Eorpach, na Ballstáit, OCTanna
|
|
Solúbthacht an chórais a mhéadú trí stóráil agus freagairt don éileamh a chur chun úsáide
|
Ón dáta glactha
R2 2025 (creat Státchabhrach)
R1 2026 (cód líonra maidir le freagairt don éileamh)
|
An Coimisiún Eorpach, na Ballstáit
|
|
Treoraíocht maidir le híocaíocht na solúbthachta i gconarthaí miondíola a chur chun cinn
|
R4 2025
|
An Coimisiún Eorpach, na Ballstáit
|
|
Gníomhaíocht 3: Feabhas a chur ar mhargaí gáis le haghaidh praghsanna fuinnimh córa
|
|
Iomaíocht chóir a áirithiú sna margaí gáis
|
R4 2025
|
an Coimisiún Eorpach, na Ballstáit, ACER, ESMA, na húdaráis rialála náisiúnta
|
|
Cumhacht cheannaigh an Aontais a chur chun tairbhe ar mhaithe le socrú níos fearr a fháil maidir le gás nádúrtha allmhairithe
|
R1-R2 2025
|
An Coimisiún Eorpach le
comhpháirtithe idirnáisiúnta
|
|
Gníomhaíocht 4: Éifeachtúlacht fuinnimh: coigilteas fuinnimh a bhaint amach
|
|
Margadh éifeachtúlachta ar scála Eorpach
|
R3-R4 2025
|
an Coimisiún Eorpach, BEI, institiúidí airgeadais, tionscail dianfhuinnimh
|
|
Rochtain a thabhairt do thomhaltóirí ar fhearais agus ar tháirgí níos éifeachtúla a bhfuil saolré níos faide acu
|
Ón dáta glactha
|
an Coimisiún Eorpach, na Ballstáit, údaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh agus údaráis chustaim náisiúnta
|
|
Colún II: Fíor-Aontas Fuinnimh a thógáil
|
|
Gníomhaíocht 5: An tAontas Fuinnimh a thabhairt chun críche
|
|
Tascfhórsa um an Aontas Fuinnimh a sheoladh
|
2025
|
An Coimisiún Eorpach, na Ballstáit, comhlachtaí ábhartha an Aontais, saineolaithe
|
|
Dul i ngleic leis an mbearna infheistíochta, caipiteal príobháideach a shlógadh
|
R2 2025
|
an Coimisiún Eorpach, BEI, InvestEU
|
|
Margadh fuinnimh níos comhtháite a thógáil
|
2026 go dtí lár 2027
|
an Coimisiún Eorpach, na Ballstáit, Parlaimint na hEorpa agus páirtithe leasmhara
|
|
Cinnteacht infheistíochta agus córas rialachais simplithe le haghaidh Aontas Fuinnimh láidir a sholáthar
|
|
an Coimisiún Eorpach
|
|
Borradh a chur faoin leictriú
|
|
an Coimisiún Eorpach, na Ballstáit
|
|
An digitiú agus úsáid na hintleachta saorga a mhéadú in earnáil an fhuinnimh
|
|
an Coimisiún Eorpach
|
|
An earnáil téimh agus fuaraithe a dhícharbónú agus a chomhtháthú, lena gcumasófaí ionadú an gháis
|
|
an Coimisiún Eorpach, na Ballstáit
|
|
Colún III: Infheistíocht a mhealladh agus soláthar a áirithiú
|
|
Gníomhaíocht 6: Conradh trípháirteach maidir le fuinneamh inacmhainne do thionsclaíocht na hEorpa
|
|
Conradh trípháirteach maidir le fuinneamh inacmhainne
|
2025
|
an Coimisiún Eorpach, na Ballstáit, BEI, táirgeoirí fuinneamh agus an tionsclaíocht
|
|
Colún IV: A bheith ullamh do ghéarchéimeanna fuinnimh a d’fhéadfadh a bheith ann
|
|
Gníomhaíocht 7: Slándáil an tsoláthair ar mhaithe le cobhsaíocht praghsanna
|
|
Rannchuidiú le cobhsaíocht praghsanna trí bhíthin creat slándála fuinnimh atá oiriúnach dá fheidhm
|
Tús 2026
|
an Coimisiún Eorpach
|
|
Gníomhaíocht 8: Ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna praghsanna
|
|
Buaiceanna praghsanna a sheachaint le linn géarchéimeanna fuinnimh
|
Le linn géarchéimeanna fuinnimh
|
an Coimisiún Eorpach, na Ballstáit, OCTanna
|
|
Rochtain trasteorann mhéadaithe ar leictreachas inacmhainne
|
Le linn géarchéimeanna fuinnimh
|
an Coimisiún Eorpach, na húdaráis rialála náisiúnta, OCTanna
|