Το έγγραφο αυτό έχει ληφθεί από τον ιστότοπο EUR-Lex
Έγγραφο 62023CJ0146
Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2025 Feabhra 25.
XL e.a. v Sąd Rejonowy w Białymstoku agus Lietuvos Respublika.
Tarchur chun réamhrialú – Luachanna saothair sa státseirbhís náisiúnta a reo nó a laghdú – Bearta atá dírithe go sonrach ar bhreithiúna – Airteagal 2 CAE. – An dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE – Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. – Oibleagáidí ar na Ballstáit leigheasanna a chur ar fáil atá leordhóthanach chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a áirithiú – Prionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna – Inniúlacht chumhachtaí reachtacha agus feidhmiúcháin na mBallstát chun na rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le luach saothair breithiúna a chinneadh – An fhéidearthacht maolú ar na rialacha mionsonraithe sin – Coinníollacha.
Cásanna uamtha C-146/23 agus C-374/23.
Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2025 Feabhra 25.
XL e.a. v Sąd Rejonowy w Białymstoku agus Lietuvos Respublika.
Tarchur chun réamhrialú – Luachanna saothair sa státseirbhís náisiúnta a reo nó a laghdú – Bearta atá dírithe go sonrach ar bhreithiúna – Airteagal 2 CAE. – An dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE – Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. – Oibleagáidí ar na Ballstáit leigheasanna a chur ar fáil atá leordhóthanach chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a áirithiú – Prionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna – Inniúlacht chumhachtaí reachtacha agus feidhmiúcháin na mBallstát chun na rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le luach saothair breithiúna a chinneadh – An fhéidearthacht maolú ar na rialacha mionsonraithe sin – Coinníollacha.
Cásanna uamtha C-146/23 agus C-374/23.
Συλλογή της Νομολογίας — Γενική Συλλογή — Τμήμα «Πληροφορίες για τις μη δημοσιευόμενες αποφάσεις»
Αναγνωριστικό ECLI: ECLI:EU:C:2025:109
Cásanna Uamtha C-146/23 agus C-374/23
XL
v
Sąd Rejonowy w Białymstoku
agus
SR
RB
v
Lietuvos Respublika
(iarrataí ar réamhrialú ón Sąd Rejonowy w Białymstoku agus ón Vilniaus apygardos administracinis teismas)
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra) an 25 Feabhra 2025
(Tarchur chun réamhrialú – Luachanna saothair sa státseirbhís náisiúnta a reo nó a laghdú – Bearta atá dírithe go sonrach ar bhreithiúna – Airteagal 2 CAE. – An dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE – Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. – Oibleagáidí ar na Ballstáit leigheasanna a chur ar fáil atá leordhóthanach chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a áirithiú – Prionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna – Inniúlacht chumhachtaí reachtacha agus feidhmiúcháin na mBallstát chun na rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le luach saothair breithiúna a chinneadh – An fhéidearthacht maolú ar na rialacha mionsonraithe sin – Coinníollacha)
Dlí an Aontais Eorpaigh – Prionsabail – An ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil – Prionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna – Raon feidhme
(Airteagal 2 agus an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE ; an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 47)
(féach míreanna 43, 46-49)
Ballstáit – Oibleagáidí – Leigheasanna a bhunú a bheidh leordhóthanach chun cosaint éifeachtach bhreithiúnach a áirithiú – Urraim do phrionsabal an neamhspleáchais bhreithiúnaigh – Rialacha náisiúnta lena sainmhínítear go hoibiachtúil na rialacha mionsonraithe maidir le luach saothair breithiúna a chinneadh – Cinneadh arna dhéanamh ag na cumhachtaí feidhmiúcháin agus reachtacha – Maolú a chur ar na rialacha sin – Méadú níos ísle ná mar a bhí coinne leis ar an luach saothair, nó fiú laghdú ar mhéid an luacha saothair sin – Sárú – Easpa – Coinníollacha – Fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur
(An dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE)
(féach míreanna 50-76, 83, 84, 88)
Résumé
Agus dhá tharchur chun réamhrialú á n-éisteacht aici, ceann amháin dóibh ón Sąd Rejonowy w Białymstoku (an Chúirt Dúiche, Białystok) (C-146/23), agus an ceann eile ón Vilniaus apygardos administracinis teismas (Cúirt Riaracháin Réigiúnach, Vilnias, an Liotuáin) (C-374/23), sonraíonn an Chúirt Bhreithiúnais, ina suí di mar Mhór-Dhlísheomra, in imeachtaí maidir le luach saothair breithiúna sa Pholainn agus sa Liotuáin, a cásdlí maidir le prionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna agus na cosanta breithiúna éifeachtaí de réir an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE.
Baineann Cás C-146/23 le reachtaíocht na Polainne lena ndéantar, d’fhonn caiteachas buiséadach a theorannú, maolú ar an sásra, dá bhforáiltear leis an Dlí maidir le hEagrú na nGnáthchúirteanna (‘an dlí’), chun buntuarastal breithiúna i gcomhair bliain faoi leith a chinneadh, leis an toradh go mbíonn laghdú ar thuarastail na mbreithiúna. Tá XL i seilbh a oifige sa Chúirt Dúiche in Białystok, arb í an chúirt a rinne an tarchur. hug sé caingean os comhair na cúirte sin, ag iarraidh go n-íocfaí an tsuim sin, chomh maith le hús mainneachtana reachtúil, a bheadh faighte aige dá ndéanfaí a luach saothair a ríomh i gcomhréir leis an dlí don tréimhse ón 1 Iúil 2022 go dtí an 31 Eanáir 2023.
Measann an chúirt a rinne an tarchur nach bhfuil sí, ina cáil mar fhostóir XL, i dteideal diúltú do na forálacha náisiúnta atá faoi chonspóid. Mar sin féin, maidir leis an ‘reo’ marthanach ar innéacsú luach saothair breithiúna agus tréigean de facto le linn 2023, an tsásra chun é a chinneadh, dá bhforailtear le dlí, measann an chúirt sin go gcuireann an méid sin isteach ar phrionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna. I ndáil leis sin, ní cosúil gur féidir an cásdlí a eascraíonn as breithiúnais Associação Sindical dos Juízes Portugueses agus Escribano Vindel ( 1 ) a thrasuí sa chás seo, sa mhéid gur rud buan é an maolú ar an sásra chun luach saothair breithiúna a chinneadh, agus níl sé sealadach, agus go ndírítear é go príomha ar bhreithiúna, rud nárbh amhlaidh sna cásanna thuasluaite.
Baineann Cás C-374/23 le reachtaíocht na Liotuáine lenar forchoimeádadh do na cumhachtaí reachtacha agus feidhmiúcháin an ceart chun méid an luacha saothair do bhreithiúna a shocrú. Thug na breithiúna SR agus RB, a chuireann a bhfeidhmeanna i gcrích ag apygardos teismas (Cúirt Réigiúnach, an Liotuáin), caingean le haghaidh damáistí in aghaidh Phoblacht na Liotuáine os comhair Chúirt Réigiúnach Riaracháin Vilnias, arb í an chúirt a rinne an tarchur, ag iarraidh go n-íocfaí damáistí. Maíonn siad go sáraítear prionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna leis an lánrogha atá ag cumhachtaí reachtacha agus feidhmiúcháin an Bhallstáit sin chun luach saothair breithiúna a shocrú.
Sa chomhthéacs sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara go leanann sé ó chásdlí na Cúirte ( 2 ) go dtugtar le tuiscint le neamhspleáchas na mbreithiúna nach ndéanfaidh cumhachtaí reachtacha agus feidhmiúcháin an Bhallstáit sin luach saothair na mbreithiúna náisiúnta a chinneadh go treallach agus go mbeidh leibhéal luach saothair na mbreithiúna ar cóimhéid le tábhacht na bhfeidhmeanna a chuireann siad i gcrích. Tá amhras uirthi faoi chomhréireacht na rialacha mionsonraithe maidir le luach saothair breithiúna amhail SR agus RB a chinneadh le prionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna, mar is léir, inter alia, ó Airteagal 2 agus ón dara fomhír d’Airteagal 19 CAE. Cuireann sí in iúl, i ndáil leis sin, an difríocht idir méid thuarastal dlíodóra in aghaidh na huaire agus luach saothair comhlán in aghaidh na huaire do bhreitheamh i gcúirt réigiúnach, gan incrimint ar fhad seirbhíse san áireamh, lena ndéantar idirdhealú in aghaidh dlíodóirí atá ag obair i ngairmeacha inchomparáide.
Measúnú na Cúirte Breithiúnais
Sonraíonn an Chúirt Bhreithiúnais na coinníollacha ar dá réir nach gcuirtear cosc le prionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna, ar thaobh amháin, go ndéanfaidh cumhachtaí reachtacha agus feidhmiúcháin Ballstáit luach saothair breithiúna a chinneadh agus, ar an taobh eile, go ndéanfaidh siad maolú ón reachtaíocht náisiúnta, lena sainmhínítear go hoibiachtúil na rialacha mionsonraithe chun luach saothair breithiúna a chinneadh, trí cinneadh a dhéanamh an luach saothair sin a mhéadú, ach ar bhonn níos lú ná an méid dá bhforáiltear sa reachtaíocht sin.
I ndáil leis sin, cuireann an Chúirt Bhreithiúnais in iúl nach gcuirtear na Ballstáit faoi oibleagáid le dlí an Aontais samhail bhunreachtúil ar leith a ghlacadh chun na caidrimh idir na brainsí Stáit a rialú, go háirithe maidir le sainmhíniú agus teorannú a n-inniúlachtaí faoi seach. De bhun Airteagal 4(2) CAE, ní mór don Aontas Eorpach féiniúlachtaí náisiúnta na mBallstát, a théann lena struchtúir pholaitiúla agus bhunreachtúla, a urramú. Mar sin féin, agus a samhail bhunreachtúil faoi seach á roghnú acu, ceanglaítear ar na Ballstáit go gcomhlíonfaidís a gcuid ceanglas a dhíorthaíonn as dlí an Aontais.
Go deimhin, cé go dtagann eagrú an cheartais sna Ballstáit faoi inniúlacht na Stát sin, is gá do na Stáit sin, áfach, agus an inniúlacht sin á feidhmiú acu, na hoibleagáidí atá orthu faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, agus go háirithe, faoi Airteagal 2 agus faoin dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE. Is amhlaidh atá nuair a dhéanfaidh siad cinneadh maidir leis na rialacha mionsonraithe chun luach saothair breithiúna a chinneadh.
Le hAirteagal 19 CAE, cuirtear de chúram ar na cúirteanna náisiúnta agus ar an gCúirt cur i bhfeidhm iomlán dhlí an Aontais a áirithiú sna Ballstáit uile agus an chosaint bhreithiúnach a fhaigheann daoine aonair ón dlí sin. Chuige sin, tá sé ríthábhachtach neamhspleáchas na n-údarás sin a chaomhnú. Is cuid lárnach den cheart bunúsach chun cosaint dlí éifeachtach agus chun triail chóir a fháil é an ceanglas maidir le neamhspleáchas na gcúirteanna.
Leis an gcoincheap ‘neamhspleáchas na gcúirteanna’, glactar leis go háirithe, má tá an córas breithiúnach neamhspleách, go bhfuil an comhlacht lena mbaineann in ann a chúraimí breithiúnacha a fheidhmiú ar bhealach iomlán neamhspleách, gan a bheith faoi réir ag aon srianta ordlathais nó gan orduithe ná treoracha a ghlacadh agus go bhfuil cosaint aige dá bharr ar idirghabhálacha seachtracha nó brú seachtrach a d’fhéadfadh bac a chur ar bhreithiúnas neamhspleách a chomhaltaí agus tionchar a imirt ar a gcinntí. Is dearbhú riachtanach do neamhspleáchas na mbreithiúna é luach saothair chomhaltaí an chomhlachta lena mbaineann atá ar cóimhéid le tábhacht na bhfeidhmeanna a chuireann siad i gcrích ( 3 ).
Go sonrach, i gcomhréir le prionsabal dheighilt na gcumhachtaí atá ina shainghné den smacht reachta, ní mór neamhspleáchas na gcúirteanna a áirithiú i ndáil leis an reachtas agus leis an bhfeidhmeannas ( 4 ).
É sin ráite, ní chiallaíonn an fíoras go bhfuil baint ag cumhachtaí reachtacha agus feidhmiúcháin Ballstáit le luach saothair breithiúna a chinneadh, ann féin, go gcruthaítear neamhspleáchas breithiúna ar na cumhachtaí sin nó go gcothaítear amhras maidir le neamhspleáchas nó neamhchlaontacht na mbreithiúna sin. Leis an lánrogha leathan atá ag na Ballstáit agus a mbuiséid á dtarraingt suas acu agus cinneadh á dhéanamh acu idir na míreanna éagsúla caiteachais phoiblí, áirítear modh ríofa an chaiteachais sin a chinneadh, go háirithe, luach saothair na mbreithiúna. Is iad na cumhachtaí reachtacha agus feidhmiúcháin náisiúnta is fearr atá in ann comhthéacs socheacnamaíoch agus airgeadais ar leith an Bhallstáit ina bhfuil an buiséad le tarraingt suas agus neamhspleáchas na mbreithiúna a ráthaítear a chur san áireamh.
Mar sin féin, chothódh na rialacha náisiúnta lena rialaítear luach saothair breithiúna amhras inchosanta maidir le seasmhacht na mbreithiúna lena mbaineann ar thosca seachtracha agus maidir lena neodracht i ndáil leis na leasanna os a gcomhair.
I ndáil leis sin, maidir leis na rialacha mionsonraithe chun luach saothair breithiúna a chinneadh, sa chéad áit, i gcomhréir le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, is gá, ar an gcéad dul síos, go gcinnfí na modúlachtaí sin de réir an dlí. Thairis sin, ceanglaítear le prionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna go mbeidh na rialacha mionsonraithe chun a luachanna saothair a chinneadh oibiachtúil, intuartha, cobhsaí agus trédhearcach, chun treallach de pháirt údaráis feidhmiúcháin agus reachtacha an Bhallstáit lena mbaineann a chosc.
Ar an dara dul síos, is dearbhú riachtanach do neamhspleáchas na mbreithiúna é luach saothair breithiúna atá ar cóimhéid le tábhacht na bhfeidhmeanna a chuireann siad i gcrích.
Dá bhrí sin, ní mór leibhéal luacha saothair na mbreithiúna a bheith ard go leor, ag féachaint do chomhthéacs socheacnamaíoch an Bhallstáit lena mbaineann, chun leibhéal áirithe neamhspleáchais eacnamaíoch a thabhairt dóibh chun iad a chosaint ar an mbaol go bhféadfadh aon idirghabháil sheachtrach nó aon bhrú seachtrach an bonn a bhaint de neodracht na gcinntí nach mór dóibh a ghlacadh ( 5 ).
Dá bhrí sin, d’fhéadfadh luach saothair na mbreithiúna a bheith éagsúil ag brath ar fhad na seirbhíse agus ar chineál na bhfeidhmeanna a shanntar dóibh, ach caithfidh sé a bheith ar cóimhéid le tábhacht a bhfeidhmeanna.
Chun measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht luach saothair breithiúna, ní mór a chur san áireamh, sa bhreis ar an ngnáth-bhuntuarastal, na bónais agus na liúntais éagsúla a fhaigheann siad ( 6 ), aon díolúine ó ranníocaíochtaí slándála sóisialta agus, chomh maith leis sin, ó staid shocheacnamaíoch agus airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann. Is iomchuí, mar sin, meánluach saothair na mbreithiúna a chur i gcomparáid leis an meántuarastal sa Stát sin.
Ar an tríú dul síos, caithfidh go bhféadfaí na rialacha mionsonraithe maidir le luach saothair breithiúna a chinneadh a chur faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach i gcomhréir leis na socruithe nós imeachta a leagtar síos le dlí an Bhallstáit lena mbaineann.
Sa dara háit, maidir leis an bhféidearthacht, do chumhachtaí reachtacha agus feidhmiúcháin Ballstáit, maolú ar reachtaíocht náisiúnta, lena sainmhínítear go hoibiachtúil na rialacha mionsonraithe maidir le luach saothair breithiúna a chinneadh, trí chinneadh a dhéanamh an luach saothair sin a mhéadú, ach ar bhonn níos lú ná an luach saothair dá bhforáiltear leis an reachtaíocht sin, nó fiú méid an tuarastail sin a reo nó a laghdú, ní mór roinnt ceanglas a chomhlíonadh.
Ar an gcéad dul síos, ní mór foráil a dhéanamh le dlí do bheart maolaithe den chineál sin, amhail na rialacha ginearálta a bhaineann le cinneadh luach saothair na mbreithiúna óna maolaíonn sé, agus ní mór na socruithe maidir le luach saothair na mbreithiúna a chinneann sé a bheith oibiachtúil, intuartha agus trédhearcach.
Ar an dara dul síos, ní mór údar a thabhairt leis an mbeart maolaithe sin le cuspóir ar mhaithe le leas an phobail, amhail an gá atá le heasnamh iomarcach rialtais a dhíothú ( 7 ).
Ní mór míniú soiléir a thabhairt ar na cúiseanna buiséadacha lena dtugtar údar le beart a ghlacadh de mhaolú ar rialacha an ghnáthdhlí maidir le luach saothair breithiúna. Thairis sin, faoi réir imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, níor cheart na bearta sin a dhíriú go sonrach ar chomhaltaí cúirteanna nó binsí náisiúnta agus ní mór iad a bheith mar chuid de chreat níos ginearálta arb é is aidhm dó a áirithiú go rannchuideoidh sraith níos leithne comhaltaí den státseirbhís náisiúnta leis an iarracht fhioscach leanúnach.
Dá bhrí sin, nuair a ghlacann Ballstát bearta sriantacha buiséadacha a dhéanann difear dá státseirbhísigh agus dá sheirbhísigh phoiblí, féadfaidh sé a chinneadh na bearta sin a chur i bhfeidhm freisin maidir le breithiúna náisiúnta.
Ar an tríú dul síos, ní mór do bheart maolaithe den chineál sin leanúint de bheith eisceachtúil agus sealadach, cé go ndealraíonn sé gurb iomchuí é chun cuspóir leas an phobail a bhaint amach, amhail easnamh rialtais iomarcach a dhíchur. Anuas air sin, níor cheart tionchar an bhirt sin ar luach saothair na mbreithiúna a bheith díréireach leis an gcuspóir atá á shaothrú.
Ar an gceathrú dul síos, chun neamhspleáchas na mbreithiúna a chaomhnú, ní mór leibhéal luach saothair na mbreithiúna a bheith ar cóimhéid i gcónaí le tábhacht na bhfeidhmeanna a chuireann siad i gcrích, d’ainneoin beart sriantach buiséadach a bheith curtha i bhfeidhm orthu, agus fiú má tá nasc idir beart den sórt sin agus géarchéim thromchúiseach shocheacnamaíoch agus airgeadais, ionas go mbeidh siad saor ó idirghabháil sheachtrach nó ó bhrú seachtrach a d’fhéadfadh neamhspleáchas a gcumas breithiúnais a chur i mbaol agus tionchar a imirt ar a gcinntí.
Ar an gcúigiú dul síos, ní mór do bheart maolaithe a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach, i gcomhréir leis na socruithe nós imeachta a leagtar síos le dlí an Bhallstáit lena mbaineann.
( 1 ) Ina breithiúnais an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses (C-64/16, EU:C:2018:117), agus an 7 Feabhra 2019, Escribano Vindel (C-49/18, EU:C:2019:106), chinn an Chúirt Bhreithiúnais, go bunúsach, nach gcuirtear cosc le prionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna ar na Ballstáit , d’fhonn fáil réidh le heasnaimh bhuiséid iomarcacha, bearta a ghlacadh chun luach saothair de gach sealbhóir oifige poiblí agus fostaí san earnáil phoiblí a laghdú, lena n-áirítear iad siúd ag obair i mbrainsí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit. Thairis sin, bhí na bearta sin, nár dhírigh ar chomhaltaí de na breithiúna ná nár dheonaigh cóir speisialta dóibh, sealadach agus foráladh leo do laghdú teoranta ar mhéid a luacha saothair.
( 2 ) Breithiúnas an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses, thuas.
( 3 ) Breithiúnais thuasluaite an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses (míreanna 44 agus 45) agus an 7 Feabhra 2019, Escribano Vindel (mír 66).
( 4 ) Breithiúnais an 19 Samhain 2019, A. K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí) ((C-585/18, C-624/18 agus C-625/18, EU:C:2019:982, mír 124); an 20 Aibreán 2021, Repubblika (C-896/19, EU:C:2021:311, mír 54) agus an 22 Feabhra 2022, RS (Éifeachtaí na gcinntí de chúirt bhunreachtúil) (C 430/21, EU:C:2022:99, mír 42).
( 5 ) Breithiúnas an 7 Feabhra 2019, Escribano Vindel (a luaitear, míreanna 70, 71 agus 73).
( 6 ) Go háirithe, maidir le fad a seirbhíse nó na dualgais a shanntar dóibh.
( 7 ) De bhun Airteagal 126(1) CFAE. Féach breithiúnais thuasluaite an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses (mír 46) agus an 7 Feabhra 2019, Escribano Vindel (mír 67).