Este documento é um excerto do sítio EUR-Lex
Documento 62020CJ0037
Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Samhain 22.
WM agus Sovim SA v Luxembourg Business Registers.
Tarchur chun réamhrialú – Úsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc – Treoir (AE) 2018/843 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 – Leasú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 30(5) den Treoir sin – Rochtain ag aon duine den phobal i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla – Bailíocht – Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Urraim ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh – Cosaint sonraí pearsanta.
Cásanna uamtha C-37/20 agus C-601/20.
Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Samhain 22.
WM agus Sovim SA v Luxembourg Business Registers.
Tarchur chun réamhrialú – Úsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc – Treoir (AE) 2018/843 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 – Leasú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 30(5) den Treoir sin – Rochtain ag aon duine den phobal i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla – Bailíocht – Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Urraim ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh – Cosaint sonraí pearsanta.
Cásanna uamtha C-37/20 agus C-601/20.
Coletânea da Jurisprudência — Coletânea Geral — Parte «Informações sobre as decisões não publicadas»
Identificador Europeu da Jurisprudência (ECLI): ECLI:EU:C:2022:912
Cásanna Uamtha C-37/20 agus C-601/20
WM (C-37/20) agus Sovim SA (C-601/20)
v
Luxembourg Business Registers
[Dhá IARRAIDH ar réamhrialú ón tribunal d’arrondissement (Luxembourg) (Cúirt Dúiche, Lucsamburg)]
Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Samhain 2022
(Tarchur chun réamhrialú – Úsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc – Treoir (AE) 2018/843 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 – Leasú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 30(5) den Treoir sin – Rochtain ag aon duine den phobal i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla – Bailíocht – Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Urraim ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh – Cosaint sonraí pearsanta)
Comhfhogasú reachtaíochta – Úsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc – Treoir 2015/849 – Leasú lena gceanglaítear ar na Ballstáit rochtain a áirithiú d’aon duine den phobal i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla na n-eintiteas corparáideach agus na n-eintiteas dlíthiúil eile atá corpraithe ina gcríoch – Cur isteach tromchúiseach ar na cearta chun go ndéantar an saol príobháideach a urramú agus chun go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint – An bonn cirt – Urraim do phrionsabal na dlíthiúlachta agus d’inneachar sár-riachtanach na gceart bunúsach – Cuspóir leasa ghinearálta a bheith ann – Easpa riachtanais agus comhréireachta maidir leis an gcur isteach atá i gceist – Neamhbhailíocht
[An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 7 agus 8; Treoracha ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2015/849, Airteagail 30(1), (5) agus (9), agus 2018/843, aithrisí 30 agus 31 agus Airteagal 1(15)(c)]
(féach míreanna 37-44, 47-52, 57-59, 66, 67, 71-76, 81-85, 88 agus an chuid oibríochtúil)
Cearta bunúsacha – Meas ar an saol príobháideach – Cosaint sonraí pearsanta – Srianta – Coinníollacha
[An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 7, 8 agus 52(1)]
(féach míreanna 46, 63-65)
Comhfhogasú reachtaíochta – Úsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc – Treoir 2015/849 – Leasú lena gceanglaítear ar na Ballstáit rochtain a áirithiú d’aon duine den phobal i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla na n-eintiteas corparáideach agus na n-eintiteas dlíthiúil eile atá corpraithe ina gcríoch – Cur isteach tromchúiseach ar na cearta chun go ndéantar an saol príobháideach a urramú agus chun go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint – An bonn cirt – Agairt phrionsabal na trédhearcachta mar chuspóir leasa ghinearálta lena bhféadfaí bonn cirt a thabhairt leis an gcur isteach atá i gceist – Neamhbhailíocht
[Airteagail 1 agus 10 CAE; Airteagal 15 CFAE; Treoir 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna leasú le Treoir 2018/843, Airteagal 30(5)(1)(c)]
(féach míreanna 60-62)
Résumé
Chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac agus a chosc, ceanglaítear ar na Ballstáit leis an Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid ( 1 ) clár a choinneáil ina mbeidh faisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla ( 2 ) na n-eintiteas corparáideach agus na n-eintiteas dlíthiúil eile atá corpraithe ina gcríoch. Tar éis leasú a dhéanamh ar an Treoir sin le Treoir 2018/843, ( 3 ) ní mór cuid den fhaisnéis sin a chur ar fáil i ngach cás d’aon duine den phobal i gcoitinne. I gcomhréir leis an Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid arna leasú (‘an Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid arna leasú’), bunaíodh Registre des bénéficiaires effectifs (Clár na n-Úinéirí Tairbhiúla) (‘RBE’) le reachtaíocht Lucsamburg ( 4 ) a bhí beartaithe chun raon faisnéise maidir le húinéirí tairbhiúla na n-eintiteas atá cláraithe a bhfuil rochtain ag aon duine uirthi a shealbhú agus a chur ar fáil.
Sa chomhthéacs sin, tugadh dhá chás os comhair an tribunal d’arrondissement de Luxembourg (Cúirt Dúiche, Lucsamburg), a thionscain WM agus Sovim SA, faoi seach, agus iad ag cur i gcoinne an diúltaithe, ag Luxembourg Business Registers, bainisteoir RBE, dá n-iarrataí chun cosc a chur ar an bpobal i gcoitinne rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhaineann, sa chéad chás, le WM mar úinéir tairbhiúil an chuideachta eastáit réadaigh agus, sa dara cás, mar úinéir tairbhiúil SA. Sa dá chás sin, toisc go raibh amhras uirthi go háirithe maidir le bailíocht fhorálacha dhlí an Aontais lena mbunaíodh an córas rochtana poiblí ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla, rinne an tribunal d’arrondissement de Luxembourg (Cúirt Dúiche, Lucsamburg) tarchur chun réamhrialú agus bailíocht á measúnú faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais.
Lena breithiúnas, dearbhaíonn an Chúirt, ina suí di mar Mhór-Dhlísheomra, go bhfuil Treoir 2018/843 neamhbhailí a mhéid a leasaíodh léi an Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid sa chiall nach mór do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil faisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla na n-eintiteas corparáideach agus na n-eintiteas dlíthiúil eile atá corpraithe ina gcríoch ar fáil i ngach cás d’aon duine den phobal i gcoitinne. ( 5 )
Cinntí na Cúirte
Ar an gcéad dul síos, tugann an Chúirt faoi deara gurb ionann rochtain an phobail i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla, dá bhforáiltear sa Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid arna leasú, agus cur isteach tromchúiseach ar na cearta bunúsacha maidir le hurraim don saol príobháideach agus ar chosaint sonraí pearsanta, a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), faoi seach.
I ndáil leis sin, tugann an Chúirt faoi deara, ós rud é go bhfuil faisnéis sna sonraí lena mbaineann faoi dhaoine nádúrtha sainaitheanta, eadhon úinéirí tairbhiúla na n-eintiteas corparáideach agus na n-eintiteas dlíthiúil eile arna n-ionchorprú ar chríoch na mBallstát, go ndéanann rochtain ar na sonraí sin ag aon duine den phobal i gcoitinne difear don cheart bunúsach chun go ndéanfar an saol príobháideach a urramú. Thairis sin, is ionann sonraí pearsanta a chur ar fáil don phobal i gcoitinne agus sonraí pearsanta a phróiseáil. Sa bhreis air sin, is ionann an cur ar fáil sin don phobal i gcoitinne agus cur isteach ar an dá cheart bhunúsacha thuasluaite, beag beann ar an úsáid a bhaintear as an bhfaisnéis a chuirtear in iúl ina dhiaidh sin. ( 6 )
Maidir le tromchúis an chur isteach sin, tugann an Chúirt dá haire, a mhéid a bhaineann an fhaisnéis a chuirtear ar fáil don phobal i gcoitinne le céannacht an úinéara thairbhiúil agus le cineál agus méid a leasanna tairbhiúla a shealbhaítear in eintitis chorparáideacha nó in eintitis dhlíthiúla eile, gur dócha go mbeifear in ann próifíl a tharraingt a bhaineann le sonraí aitheantais pearsanta áirithe, ar rachmas an duine lena mbaineann agus ar na hearnálacha eacnamaíocha, tíortha agus gnóthais shonracha ina bhfuil infheistíocht déanta ag an duine sin. Thairis sin, bíonn rochtain ag líon daoine a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta ar an bhfaisnéis sin, agus mar thoradh ar an bpróiseáil sin féadfar próiseáil sonraí pearsanta den sórt sin a cheadú do dhaoine freisin, ar chúiseanna nach mbaineann leis an gcuspóir atá á shaothrú leis an mbeart sin, faisnéis a fháil, go háirithe, faoi staid ábhartha agus airgeadais úinéara thairbhiúil, saor-rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis sin. Tá an fhéidearthacht sin níos éasca fós nuair is féidir na sonraí a rochtain ar an idirlíon. Ina theannta sin, is treise na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann do na daoine is ábhar do na sonraí mar thoradh ar mhí-úsáid fhéideartha a sonraí pearsanta toisc, ní amháin go bhféadfar na sonraí sin a rochtain a luaithe a chuirfear ar fáil don phobal i gcoitinne iad, ach go bhféadfar iad a stóráil agus a scaipeadh freisin agus, is deacra do na daoine sin iad féin a chosaint go héifeachtach ar mhí-úsáid mura mbeidh sé mímhillteach.
Sa dara háit, mar chuid den scrúdú ar an mbonn cirt leis an gcur isteach atá i gceist, ar an gcéad dul síos, tugann an Chúirt dá haire, sa chás seo, go gcomhlíontar prionsabal na dlíthiúlachta. Déantar foráil le gníomh reachtach maidir leis an teorannú ar fheidhmiú na gceart bunúsach thuasluaite a eascraíonn as rochtain an phobail i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla, eadhon an Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid arna leasú. Thairis sin, ar thaobh amháin, sonraítear sa Treoir sin nach mór don fhaisnéis sin a bheith leormhaith, cruinn agus reatha, agus trí liostú sainráite a dhéanamh ar roinnt de na sonraí sin a bhfuil rochtain phoiblí le tabhairt orthu. Ar an taobh eile, leagtar síos ann na coinníollacha faoina bhféadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le maoluithe ar an rochtain sin.
Ar an dara dul síos, sonraíonn an Chúirt nach mbaineann an cur isteach i gceist an bonn d’inneachar sár-riachtanach na gceart bunúsach a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt. Cé gur fíor nach bhfuil liosta uileghabhálach sa Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid arna leasú de na sonraí nach mór rochtain a bheith ag aon duine den phobal i gcoitinne orthu agus go bhfuil na Ballstáit i dteideal rochtain ar fhaisnéis bhreise a chur ar fáil, is fíor fós nach féidir ach faisnéis leormhaith a fháil, a choinneáil agus a chur ar fáil don phobal dá bhrí sin, d’fhéadfadh a bheith curtha ar fáil don phobal, lena n-eisiatar go háirithe faisnéis nach mbaineann go leordhóthanach le cuspóirí na Treorach maidir le Frithsciúradh Airgid arna leasú. Ní léir go mbainfí an bonn ar bhealach ar bith de bhunbhrí na gceart bunúsach dá dtagraítear dá gcuirfí faisnéis den sórt sin ar fáil don phobal i gcoitinne.
Ar an tríú dul síos, tugann an Chúirt le fios, trí fhoráil a dhéanamh maidir le rochtain an phobail i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla, go bhfuil sé beartaithe ag reachtóir an Aontais sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc trí thimpeallacht a fhorbairt, trí thrédhearcacht mhéadaithe a chur ar fáil, ar timpeallacht í ar lú an dóchúlacht go n-úsáidfear é chun na gcríoch sin, ar cuspóir leasa ghinearálta é lena bhféadfaí bonn cirt a thabhairt le cur isteach tromchúiseach fiú ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt.
Ar an gceathrú dul síos, i gcomhthéacs an scrúdaithe i dtaobh oiriúnacht, riachtanas agus comhréireacht an chur isteach atá i gceist, measann an Chúirt go bhfuil rochtain an phobail i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla oiriúnach chun rannchuidiú leis an gcuspóir sin a bhaint amach.
Measann an Chúirt, áfach, nach féidir a mheas go bhfuil cur isteach teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis. Ar thaobh amháin, ní féidir fíorghá an chur isteach sin a léiriú trí bheith ag brath ar an bhfíoras go raibh sé deacair é a chur chun feidhme agus go bhféadfadh a chur i bhfeidhm a bheith ina chúis le cinntí treallacha, de réir na Treorach maidir le Frithsciúradh Airgid, sa leagan sular leasaíodh í le Treoir 2018/843, maidir le critéar an ‘leasa dhlisteanaigh’. Ní féidir leis na deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis na cásanna agus na coinníollacha a shainiú go beacht, nach bhféadfadh an pobal rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla, bonn cirt a thabhairt le reachtas an Aontais lena bhforáiltear do rochtain a bheith an phobail i gcoitinne ar an bhfaisnéis sin.
Ar an taobh eile, ní féidir a shuíomh leis na mínithe i dTreoir 2018/843 go bhfuil fíorghá leis an gcur isteach atá i gceist ach an oiread. ( 7 ) A mhéid, de réir na mínithe seo, go bhfuil sé beartaithe le rochtain an phobail i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil chun grinnscrúdú níos mó ar fhaisnéis ag an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear, go háirithe, ag an bpreas nó ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, tugann an Chúirt dá haire go bhfuil leas dlisteanach ag an bpreas agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta araon atá nasctha le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac maidir le rochtain a fháil ar an bhfaisnéis lena mbaineann. Is amhlaidh an cás maidir le daoine ar mian leo céannacht úinéirí tairbhiúla cuideachta nó eintitis dhlíthiúil eile a fháil amach toisc gur dócha go ndéanfaidh siad idirbhearta leo, nó institiúidí airgeadais agus údaráis a bhfuil baint acu le cionta maidir le sciúradh airgid nó cionta maoinithe sceimhlitheoireachta.
Thairis sin, níl an cur isteach atá i gceist comhréireach ach oiread. I ndáil leis sin, tugann an Chúirt dá haire nach gcomhlíontar leis na rialacha substainteacha lena rialaítear an cur isteach sin an ceanglas maidir le soiléireacht agus an beachtas. Foráiltear leis an Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid arna leasú go mbeidh rochtain ag aon duine den phobal i gcoitinne ‘ar a laghad’ ar na sonraí dá dtagraítear san fhoráil sin agus go dtugtar an rogha do na Ballstáit rochtain a thabhairt ar fhaisnéis bhreise lena n-áirítear, ‘ar a laghad’, dáta breithe nó sonraí teagmhála an úinéara thairbhiúil lena mbaineann. Mar sin, leis an bhfrása ‘ar a laghad’ a úsáidtear, údaraítear leis an Treoir sin sonraí nach bhfuil sainithe nó inaitheanta go leordhóthanach a chur ar fáil don phobal.
Thairis sin, maidir leis an leibhéal tromchúise a ghabhann leis an gcur isteach a chothromú i gcoinne thábhacht chuspóir an leasa ghinearálta, aithníonn an Chúirt, i bhfianaise a thábhachta, go bhfuil an cuspóir sin in ann bonn cirt a thabhairt, fiú amháin do chur isteach tromchúiseach, ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt.
Mar sin féin, ar thaobh amháin, is amhlaidh gurb iad na húdaráis phoiblí agus na heintitis phoiblí, amhail institiúidí creidmheasa nó airgeadais, atá freagrach go príomha as an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, atá, mar gheall ar a ngníomhaíochtaí, faoi réir oibleagáidí sonracha sa réimse seo. Ar an gcúis sin, foráiltear leis an Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid arna leasú nach mór faisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla a bheith inrochtana, i ngach cás, d’údaráis inniúla agus d’aonaid um fhaisnéis airgeadais, gan aon srian, agus d’eintitis faoi oibleagáid, i gcomhthéacs an díchill chuí custaiméara. ( 8 )
Ar an taobh eile, i gcomparáid leis an gcóras a bhí ann roimhe seo, lenar foráladh, sa bhreis ar rochtain a bheith ag na húdaráis inniúla agus ag eintitis áirithe, maidir le haon duine nó eagraíocht a bhí in ann leas dlisteanach a léiriú, is ionann an córas a tugadh isteach le Treoir 2018/843, lena bhforáiltear do rochtain an phobail i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla, agus cur isteach i bhfad níos tromchúisí ar na cearta bunúsacha a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt, gan an cur isteach sin a bheith cúitithe ag na buntáistí féideartha, a d’fhéadfadh teacht as an gcóras deireanach sin i ndáil leis an gcóras sin, maidir leis an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta.
( 1 ) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO 2015 L 141, lch. 73, ‘an Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid’).
( 2 ) Faoi Airteagal 3(6) de Threoir 2015/849, is iad úinéirí tairbhiúla an duine nó na daoine nádúrtha a bhfuil, faoi dheoidh, an custaiméir faoina úinéireacht/ faoina húinéireacht/faoina n-úinéireacht nó faoina rialú agus/nó an duine nó na daoine nádúrtha a bhfuil idirbheart nó gníomhaíocht á ndéanamh ar mhaithe leo.
( 3 ) Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE (IO 2018 L 156, lch. 43).
( 4 ) Loi du 13 janvier 2019 instituant un Registre des bénéficiaires effectifs (Mémorial A 2019, no 15) (Dlí an 13 Eanáir 2019 lena mbunaítear Clár na n-Úinéirí Tairbhiúla (Mémorial A 2019, Uimh. 15).
( 5 ) Neamhbhailíocht Airteagal 1(15)(c) de Threoir 2018/843 lena leasaítear an chéad fhomhír d’Airteagal 30(5)(c) den Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid.
( 6 ) Breithiúnas an 21 Meitheamh 2022, Ligue des droits humains (C-817/19, EU:C:2022:491, mír 96 agus an cásdlí a luaitear).
( 7 ) Déantar tagairt do na mínithe in aithris 30 de Threoir 2018/843.
( 8 ) An chéad fhomhír d’Airteagal 30(5)(a) agus (b) den Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid.