This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62020CJ0339
Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Méan Fómhair 20.
Imeachtaí coiriúla i gcoinne.
Tarchur chun réamhrialú — Margadh aonair le haghaidh seirbhísí airgeadais — Drochúsáid mhargaidh — Déileáil chos istigh — Treoir 2003/6/CE — Airteagal 12(2)(a) agus (d) — Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 — Airteagal 23(2)(g) agus (h) — Cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin an Autorité des marchés financiers (AMF) — Cuspóir leasa ghinearálta maidir le sláine na margaí airgeadais agus muinín an phobail sna hionstraimí airgeadais a chosaint — An deis ag AMF sonraí tráchta atá i seilbh oibreora seirbhísí cumarsáide leictreonaí a éileamh — Sonraí pearsanta a phróiseáil san earnáil cumarsáide leictreonaí — Treoir 2002/58/CE — Airteagal 15(1) — Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh — Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) — Rúndacht na cumarsáide — Teorainneacha — Reachtaíocht lena bhforáiltear do shonraí tráchta a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ag oibreoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí — An deis ag cúirt náisiúnta teorainn a chur leis na héifeachtaí ama ar dhearbhú go bhfuil reachtaíocht náisiúnta ar neamhréir le dlí an Aontais neamhbhailí — Toirmeasc.
Cásanna uamtha C-339/20 agus C-397/20.
Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Méan Fómhair 20.
Imeachtaí coiriúla i gcoinne.
Tarchur chun réamhrialú — Margadh aonair le haghaidh seirbhísí airgeadais — Drochúsáid mhargaidh — Déileáil chos istigh — Treoir 2003/6/CE — Airteagal 12(2)(a) agus (d) — Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 — Airteagal 23(2)(g) agus (h) — Cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin an Autorité des marchés financiers (AMF) — Cuspóir leasa ghinearálta maidir le sláine na margaí airgeadais agus muinín an phobail sna hionstraimí airgeadais a chosaint — An deis ag AMF sonraí tráchta atá i seilbh oibreora seirbhísí cumarsáide leictreonaí a éileamh — Sonraí pearsanta a phróiseáil san earnáil cumarsáide leictreonaí — Treoir 2002/58/CE — Airteagal 15(1) — Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh — Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) — Rúndacht na cumarsáide — Teorainneacha — Reachtaíocht lena bhforáiltear do shonraí tráchta a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ag oibreoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí — An deis ag cúirt náisiúnta teorainn a chur leis na héifeachtaí ama ar dhearbhú go bhfuil reachtaíocht náisiúnta ar neamhréir le dlí an Aontais neamhbhailí — Toirmeasc.
Cásanna uamtha C-339/20 agus C-397/20.
Court reports – general – 'Information on unpublished decisions' section
ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:703
Cásanna Uamtha C‑339/20 agus C‑397/20
VD
agus
SR
v
Procureur général près la Cour de cassation
[iarrataí ar réamhrialú ón Cour de cassation (France) (an Chúirt Achomhairc, an Fhrainc)]
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) an 20 Meán Fómhair 2022
(Tarchur chun réamhrialú — Margadh aonair le haghaidh seirbhísí airgeadais — Drochúsáid mhargaidh — Déileáil chos istigh — Treoir 2003/6/CE — Airteagal 12(2)(a) agus (d) — Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 — Airteagal 23(2)(g) agus (h) — Cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin an Autorité des marchés financiers (AMF) — Cuspóir leasa ghinearálta maidir le sláine na margaí airgeadais agus muinín an phobail sna hionstraimí airgeadais a chosaint — An deis ag AMF sonraí tráchta atá i seilbh oibreora seirbhísí cumarsáide leictreonaí a éileamh — Sonraí pearsanta a phróiseáil san earnáil cumarsáide leictreonaí — Treoir 2002/58/CE — Airteagal 15(1) — Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh — Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) — Rúndacht na cumarsáide — Teorainneacha — Reachtaíocht lena bhforáiltear do shonraí tráchta a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ag oibreoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí — An deis ag cúirt náisiúnta teorainn a chur leis na héifeachtaí ama ar dhearbhú go bhfuil reachtaíocht náisiúnta ar neamhréir le dlí an Aontais neamhbhailí — Toirmeasc)
Comhfhogasú dlíthe – Déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (droch-úsáid mhargaidh) – Cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin an Autorité des marchés financiers (AMF) (an tÚdarás um Margaí Airgeadais, an Fhrainc) – An deis ag AMF sonraí tráchta atá i seilbh oibreora seirbhísí cumarsáide leictreonaí a éileamh – Sonraí pearsanta a phróiseáil agus cosaint phríobháideachas san earnáil cumarsáide leictreonaí – Cumas na mBallstát raon feidhme cearta agus oibleagáidí áirithe a srianadh – Bearta náisiúnta lena gceanglaítear ar oibreoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí tráchta a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ar bhonn sealadach – Cuspóir cionta droch-úsáide margaidh, lena n‑áirítear déileáil chos istigh, a chomhrac – Do-ghlacthacht
[Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airt. 7, 8, 11 agus 52(1); Rialachán Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Aithrisí 2, 24 agus 62 agus Airt. 1, 8(1), 22 agus 23(2)(g) agus (h) agus 3; Treoir 2002/58 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna leasú ag Treoir 2009/136, Airt. 15(1) agus Treoir 2003/6, Aithrisí 2 agus 12 agus Airt. 2(1), 11 agus 12(1) agus 2(a) agus (d)]
(féach míreanna 66, 68 - 70, 72, 73, 76 - 79, 82, 85, 95, cuid oibríochtúil 1)
Comhfhogasú dlíthe – Déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaid (droch-úsáid mhargaidh) – Cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin an Autorité des marchés financiers (AMF) (an tÚdarás um Margaí Airgeadais, an Fhrainc) – An deis ag AMF sonraí tráchta atá i seilbh oibreora seirbhísí cumarsáide leictreonaí a éileamh – Sonraí pearsanta a phróiseáil agus cosaint phríobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí – Cumas na mBallstát raon feidhme cearta agus oibleagáidí áirithe a srianadh – Bearta náisiúnta lena gceanglaítear ar oibreoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí tráchta a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ar bhonn sealadach – An deis ag cúirt náisiúnta teorainn a chur leis na héifeachtaí ama ar dhearbhú go bhfuil na bearta sin neamhbhailí – Do-ghlacthacht
[An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airt. 7, 8, 11 agus 52(1); Rialachán Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Aithrisí 2, 24 agus 62 agus Airt. 1, 8(1), 22 agus 23(2)(g) agus (h) agus 3; Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2002/58, arna leasú ag Treoir 2009/136, Airt. 15(1) agus Treoir 2003/6, Aithrisí 2 agus 12 agus Airt. 2(1), 11 agus 12(1) agus 2(a) agus (d)]
(féach míreanna 97 - 107, cuid oibríochtúil 2)
Résumé
Tar éis imscrúdú ón Autorité des marchés financiers (an tÚdarás um Margaí Airgeadais, an Fhrainc; “AMF”) ( 1 ) tionscnaíodh imeachtaí coiriúla i gcoinne VD agus SR, beirt daoine nádúrtha cúisithe maidir le déileáil chos istigh, le déileáil chos istigh a cheilt, le comhpháirteachas, le héilliú agus le sciúradh airgid. Mar chuid den imscrúdú seo, d’úsáid AMF sonraí pearsanta a d’eascair as glaonna teileafóin ó VD agus SR, arna gineadh ar bhonn an Code des postes et des communications électroniques, ( 2 ) i gcomhthéacs soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí.
Sa mhéid a bunaíodh na himscrúduithe faoi seach ar shonraí tráchta arna soláthar ag AMF, thug VD agus SR caingean an duine os comhair an Cour d’appel de Paris (Cúirt Achomhairc, Páras, an Fhrainc) agus saincheist á maíomh acu, inter alia, lena néilítear, go bunúsach, sárú ar Airteagal 15(1) den Treoir “maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach”, ( 3 ) arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 11 agus Airteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”). Agus iad ag brath ar chásdlí a d’eascair as breithiúnas an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile ( 4 ) (C‑203/15 agus C‑698/15, EU:C:2016:970), chonspóid VD agus SR gur bhraith AMF ar na forálacha náisiúnta i gceist chun na sonraí sin a bhailiú, bíodh is nach raibh, dar leo, na forálacha sin i gcomhréir le dlí an Aontais sa mhéid gur foráladh do shonraí naisc a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach leo ar an gcéad dul síos, agus nár cuireadh aon srian leo ar chumhacht imscrúdaitheoirí AMF go gcuirfí na sonraí arna gcoimeád ar fáil dóibh ar an dara dul síos.
Le dhá bhreithiúnas an 20 Nollaig 2018 agus an 7 Márta 2019, dhiúltaigh Cúirt Achomhairc Pháras do na caingne arna dtabhairt ag VD agus SR. Bhraith na cúirteanna céadchéime, d’fhonn diúltú don tsaincheist thuasluaite, go háirithe, ar an bhfíric go gceadaítear leis an Rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh ( 5 ) do húdaráis inniúla maidir le drochúsáid mhargaidh taifid de thrácht sonraí atá ann cheana, sa mhéid go gceadófar é faoin dlí naisiúnta, atá i seilbh oibreora seirbhísí cumarsáide leictreonaí, a éileamh i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann gur tharla sárú ar thoirmeasc ar dhéileáil chos istigh agus go mbaineann a leithéid de thaifid le hábhar imscrúdú an tsáraithe sin.
Mar sin, rinne VD agus SR achomharc os comhair na Cúirte Achomhairc (an Fhrainc), an chúirt a rinne an tarchur sna cásanna seo.
Sa chomhthéacs sin, fiafraíonn an chúirt sin an bhfuil comhréiteach le fáil idir Airteagal 15(1) den Treoir “maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach”, arna léamh i bhfianaise na Cairte, agus na ceanglais faoi Airteagal 12(2)(a) agus (d) den Treoir “maidir le drochúsáid mhargaidh” ( 6 ) agus Airteagal 23(2)(g) agus (h) den Rialachán maidir le droch-úsáid mhargaidh. Eascraíonn an méid seo as na bearta reachtacha atá i gceist sna príomhimeachtaí lena bhforáiltear, mar bhearta coisctheacha, do shonraí tráchta a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ar feadh bliain amháin ón lá a dhéantar taifead orthu, maidir le hoibreoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí chun críocha sáruithe drochúsáide an mhargaidh, lena n‑áirítear déileáil chos istigh a chomhrac. I gcás ina gcaithfidh an Chúirt Bhreithiúnais a mheas nach bhfuil an reachtaíocht maidir le sonraí naisc a choinneáil atá i gceist sna príomhimeachtaí i gcomhréir le dlí an Aontais, ardaíonn an chúirt a rinne an tarchur an cheist maidir le héifeachtaí na reachtaíochta sin a chaomhnú go sealadach, d’fhonn éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint agus leis na sonraí arna mbailiú agus arna gcoinneáil roimhe sin a úsáid chun críocha déileáil chos istigh a bhrath agus a ionchúiseamh.
Lena breithiúnas, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais, agus í ina suí mar Mhór-Dhlísheomra, nach údaraítear do shonraí tráchta a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ar feadh bliain amháin ón lá a dhéantar taifead orthu, mar bheart coisctheach, chun críocha sháruithe drochúsáide an mhargaidh a chomhrac. Thairis sin, deimhníonn an Chúirt Bhreithiúnais a cásdlí dá réir go gcuirtear toirmeasc ar chúirt náisiúnta ar theorannú ama a dhéanamh ar éifeachtaí atá ar dhearbhú neamhbhailíochta atá fúithi de réir na bhforálacha reachtacha náisiúnta a bhfuil ar neamhréir le dlí an Aontais.
Breithniú na Cúirte Breithiúnas
Tugann an Chúirt Bhreithiúnais chun cuimhne ar dtús, ar mhaithe le foráil dhlí an Aontais a léiriú, go gcaithfear ní hamháin tagairt dá foclaíocht ach a comhthéacs agus na cuspóirí a dtugtar fúthu sa reachtaíocht a bhfuil sí ina cuid di a chur san áireamh chomh maith.
Maidir le foclaíocht na bhforálacha dá dtagraítear sna ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú, rialaíonn an Chúirt, cé go dtagraítear don chumhacht atá ag AMF “taifid de thrácht teileafóin atá ann cheana agus taifid de thrácht sonraí atá ann cheana a éileamh” le hAirteagal 12(2)(d) den Treoir “maidir le drochúsáid mhargaidh”, déantar tagairt le hAirteagal 23(2)(g) agus (h) de Rialachán Uimh. 596/2014 do chumhacht AMF “taifid [...] atá ann cheana de chomhráite teileafóin, de chumarsáide leictreonach nó de thrácht sonraí eile atá i seilbh gnólachtaí infheistíochta, institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais” ar an gcéad dul síos agus “taifid de thrácht sonraí atá ann cheana, sa mhéid go gceadófar é faoin dlí naisiúnta, atá i seilbh oibreoir teileachumarsáide” ar an dara dul síos, a éileamh. Dar leis an gCúirt Bhreithiúnais, is ríshoiléir ó fhoclaíocht na bhforálacha seo nach ndéantar leo ach cumhacht AMF na sonraí atá ag oibreoirí a “éileamh” a rialú agus sin amháin, arb ionann sin agus rochtain ar na sonraí sin. Ina theannta sin, tugtar le tuiscint leis an tagairt a dhéantar do na taifid “atá ann cheana féin”, amhail iadsan “i seilbh” na n‑oibreoirí sin, nach raibh sé de rún ag reachtas an Aontais údarás an reachtais náisiúnta dlí ar thaifid dá leithéid a choinneáil a rialú. Dar leis an gCúirt Bhreithiúnais, thairis sin, cuirtear treise leis an léiriú sin le comhthéacs na bhforálacha sin agus leis na cuspóirí faoina dtugtar leis na rialacha ar cuid díobh na forálacha sin.
Maidir le comhthéacs na bhforálacha sin dá dtagraítear sna ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú, tugann an Chúirt Bhreithiúnais dá haire, faoi réir fhorálacha ábhartha na Treorach “maidir le drochúsáid mhargaidh” ( 7 ) agus an Rialacháin maidir le drochúsáid mhargaidh ( 8 ), cé go raibh sé de rún ag reachtas an Aontais cur de cheangal ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh ionas go bhfuil sraith uirlisí agus cumhachtaí agus acmhainní éifeachtacha chomh maith leis na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin is gá ag na húdaráis atá inniúil in ábhair airgeadais chun a áirithiú go bhfuil a gcúraimí éifeachtúil, nach dtugtar breith leis na forálacha seo, chun na críocha sin, ar aon údarás a bheadh ag na Ballstáit dlí ar oibreoirí cumarsáide leictreonaí sonraí tráchta a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach nó ar na coinníollacha ina bhfuil na sonraí seo le coinneáil ag na hoibreoirí sin chun críocha iad a chur chuig na húdaráis inniúla, de réir mar a bheidh.
Maidir leis na cuspóirí faoina dtugtar leis an reachtaíocht atá i gceist, tugann an Chúirt Bhreithiúnais dá haire gur léir ón Treoir maidir le drochúsáid mhargaidh ( 9 ) agus ón Rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh ( 10 ), gurb é cuspóir na n‑ionstraimí sin sláine na margaí airgeadais san Aontas Eorpach a áirithiú agus cur le muinín infheisteoirí sna margaí sin, muinín atá bunaithe ar an bhfíoras go gcuirfear iad ar comhchéim agus go gcosnófar iad ar dhrochúsáid as faisnéis ón taobh istigh. Is é cuspóir an toirmisc ar dhéileáil chos istigh a leagtar síos sna hiomstraimí sin ( 11 ), mar sin, comhionannas na bpáirtithe i gconradh maidir le hidirbheart stocmhalartáin a áirithiú trí thoirmeasc a chur ar dhuine acu, a bhfuil faisnéis ón taobh istigh aige agus a bhfuil, dá bhrí sin, buntáiste aige i gcomparáid le hinfheisteoirí eile, leas a bhaint as an bhfaisnéis chun aimhleas na ndaoine nach bhfuil ar an eolas fúithi. Bíodh is gur fianaise thábhachtach na taifid seo le déileáil chos istigh nó le cúbláil mhargaidh a bhrath agus a chruthú de réir an Rialacháin maidir le drochúsáid, ( 12 ) ní thagraítear ach do na taifid atá “i seilbh” na n‑oibreoirí cumarsáide leictreonaí agus do chumhacht an údaráis inniúil a “éileamh” do na hoibreoirí go gcuirfidís na sonraí “atá ann cheana féin” chuig na húdaráis leis an Rialachán seo mar sin féin. Dá bhrí sin, ní léir ar chor ar bith ón téacs sin go raibh sé de rún ag reachtas an Aontais tríd an meán sin an chumhacht a thabhairt do na Ballstáit dlí ar na hoibreoirí cumarsáide leictreonaí na sonraí a choinneáil go ginearálta. Tugtar le tuiscint nach féidir leis an Treoir “maidir le drochúsáid mhargaidh” a bheith ina mbunús dlíthiúil le dlí ar thaifid sonraí tráchta atá i seilbh ag oibreoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí a choinneáil chun críocha na gcumhachtaí a dheonaítear don údaráis atá inniúil in ábhair airgeadais faoi na gníomhartha seo a fheidhmiú.
Ansin, tugann an Chúirt Bhreithiúnais chun cuimhne gurb í an Treoir “maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach” an gníomh tagartha i dtaobh stórála agus, níos ginearálta, i dtaobh sonraí pearsanta a phróiseáil san earnáil cumarsáide leictreonaí, rud a fhágann go rialaítear taifid sonraí tráchta atá i seilbh ag oibreoirí cumarsáide leictreonaí freisin leis an léiriú á dhéanamh ag an gCúirt i bhfianaise na Treorach seo, ar taifid iad a d’fhéadfadh na údaráis atá inniúil in ábhair airgeadais a éileamh uathu de réir bhrí de réir bhrí na Treorach “maidir le drochúsáid mhargaidh” ( 13 ) agus an Rialacháin maidir le drochúsáid mhargaidh. ( 14 ) Dá bhrí sin, ní mór measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht phróiseáil na dtaifid atá i seilbh ag na oibreoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí ( 15 ) i bhfianaise na gcoinníollacha dá bhforáiltear leis an Treoir “maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach” agus an léirithe ar an Treoir sin ag an gCúirt Bhreithiúnais, ina cásdlí.
Mar sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais go gcuirtear toirmeasc ar bhearta reachtacha lena gcuirtear de cheangal do shonraí tráchta a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ag oibreoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí ar bhonn sealadach, eadhon ar feadh bliain amháin ón lá a dhéantar taifead orthu, mar bheart coisctheach, chun críocha sháruithe drochúsáide an mhargaidh, lena n‑áirítear déileáil chos istigh, a chomhrac leis an Treoir “maidir le drochúsáid mhargaidh” agus an Rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh, arna léamh i gcomhar leis an Treoir “maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach” agus i bhfianaise na Cairte.
Faoi dheireadh, deimhníonn an Chúirt Bhreithiúnais a cásdlí dá réir go gcuirtear toirmeasc ar chúirt náisiúnta teorannú ama a dhéanamh ar éifeachtaí atá ar dhearbhú neamhbhailíochta atá fúithi de réir dlí náisiúnta maidir le forálacha reachtacha náisiúnta lena gcuirtear de cheangal ar oibreoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí tráchta a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach de pháirt agus lena gcuirtear de chumas sonraí dá leithéid a chur chuig an údarás inniúil in ábhair airgeadais, gan údarú a fháil roimh ré ó chúirt nó údarás neamhspleách riaracháin, toisc go bhfuil an reachtaíocht sin ar neamhréir le forálacha na Treorach “maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach” arna léamh i bhfianaise na Cairte den pháirt eile. É sin ráite, tugann an Chúirt chun cuimhne, i gcomhréir le prionsabal uathriail nós imeachta na mBallstát, go dtagann inghlacthacht fianaise a fhaightear tríd an gcoinneáil sin faoi réim an dlí náisiúnta, faoi réir phrionsabal an chomhionannais agus phrionsabal na héifeachtachta, inter alia, a chomhlíonadh. Cuirtear de cheangal leis an bprionsabal sin ar an gcúirt choiriúil náisiúnta neamhaird a dhéanamh ar fhaisnéis agus ar fhianaise a fhaightear trí bhíthin sonraí a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach mar atá ar neamhréir le dlí an Aontais sa chás nach bhfuil na daoine lena mbaineann ábalta aon rud éifeachtúil a rá maidir leis an bhfaisnéis sin agus maidir leis an bhfianaise sin, a eascraíonn as réimse nach bhfuil eolas ag na cúirteanna faoi agus a d’fhéadfadh tionchar trom a bheith aige ar na fíorais.
( 1 ) Imscrúdú arna dhéanamh faoi Airteagal L.621 - 10 den Code monétaire et financier (Cód Airgeadaíochta agus Airgeadais, an Fhrainc) sa leagan is infheidhme maidir leis na díospóidí sna príomhimeachaí.
( 2 ) Go háirithe, ar bhonn Airteagal L.34 - 1 den Code des postes et des communications électroniques (Cód Poist agus Cumarsáide Leictreonaí, an Fhrainc) sa leagan is infheidhme maidir leis na díospóidí sna príomhimeachaí.
( 3 ) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint phríobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO 2002 L 201, lch. 37), arna leasú ag Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 (IO 2009 L 337, lch. 11).
( 4 ) Breithiúnas an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirithe eile (C‑203/15 agus C‑698/15, EU:C:2016:970).
( 5 ) Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an Rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/6/CE agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO 2014, L 173, lch. 1).
( 6 ) Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (IO 2003 L 96, lch. 16).
( 7 ) Airteagal 12(1) de Threoir 2003/6.
( 8 ) Airteagal 23(3) de Rialachán Uimh. 596/2014, arna léamh i bhfianaise aithris 62 den Rialachán sin.
( 9 ) Aithrisí 2 agus 12 de Threoir 2003/6.
( 10 ) Airteagal 1 de Rialachán Uimh. 596/2014, arna léamh i bhfianaise aithrisí 2 agus 24 den Rialachán sin.
( 11 ) Airteagal 2(1) de Threoir 2003/6 agus Airteagal 8(1) de Rialachán Uimh. 596/2014.
( 12 ) Aithris 62 de Rialachán Uimh. 596/2014
( 13 ) Airteagal 11 de Threoir 2003/6.
( 14 ) Aithris 22 de Rialachán Uimh. 596/2014.
( 15 ) De réir bhrí Airteagal 12(2)(d) de Threoir 2003/6 agus Airteagal 23(2)(g) agus (h) de Rialachán Uimh. 596/2014.