Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CJ0776

Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2025 Méan Fómhair 4.
Studio Legale Ughi e Nunziante v Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh.
Achomharc – Caingean le haghaidh neamhniú – Airteagal 19 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh – Ionadaíocht na bpáirtithe neamhthosaíochta i gcomhthéacs caingean a thionscnamh go díreach os comhair chúirteanna an Aontais Eorpaigh – Ionadaíocht thar ceann gnólacht dlí ag comhaltaí de chuid an ghnólachta sin – Dlíodóir ag gníomhú mar thríú páirtí i ndáil leis an achomharcóir – Toimhde neamhspleáchais – Frisnéis na toimhdean – Coinníollacha.
Cás C-776/22 P.

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2025:644

Cás C-776/22 P

Studio Legale Ughi e Nunziante

v

Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 4 Meán Fómhair 2025

(Achomharc – Caingean le haghaidh neamhniú – Airteagal 19 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh – Ionadaíocht na bpáirtithe neamhthosaíochta i gcomhthéacs caingean a thionscnamh go díreach os comhair chúirteanna an Aontais Eorpaigh – Ionadaíocht thar ceann gnólacht dlí ag comhaltaí de chuid an ghnólachta sin – Dlíodóir ag gníomhú mar thríú páirtí i ndáil leis an achomharcóir – Toimhde neamhspleáchais – Frisnéis na toimhdean – Coinníollacha)

  1. Imeachtaí breithiúnacha – Iarratas tionscanta imeachtaí – Ceanglais fhoirmiúla – Coinníollacha a bhaineann leis an sínitheoir – Stádas tríú páirtithe i ndáil leis na páirtithe – Ceanglas maidir le neamhspleáchas – Ionadaíocht thar ceann gnólacht dlí ag comhaltaí de chuid an ghnólachta sin – Inghlacthacht

    (Reacht na Cúirte Breithiúnais, Airteagal 19(3) agus (4); Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, Airteagal 51(1))

    (féach míreanna 49 go 52, 58 go 62, 64 go 69)

  2. Imeachtaí breithiúnacha – Iarratas tionscanta imeachtaí – Ceanglais fhoirmiúla – Coinníollacha a bhaineann leis an sínitheoir – Stádas tríú páirtithe i ndáil leis na páirtithe – Dlíodóir a bheith ag duine dlítheanach – Mainneachtain an cheanglais maidir le neamhspleáchas – Ábhar beartais phoiblí – Oibleagáid na Cúirte Ginearálta an t-iarratasóir a chur ar an eolas faoin neamhrialtacht – Tabhairt chun rialtachta trí dhlíodóir nua a cheapadh

    (Reacht na Cúirte Breithiúnais, Airteagail 19 agus 21; Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, Airteagal 51(2) go (4) agus Airteagal 78(1) go (6))

    (féach míreanna 70 go 80)

Achoimre

Agus achomharc os a comhair, cuireann an Chúirt Bhreithiúnais, ina suí di mar Mhór-Dhlísheomra, ordú na Cúirte Ginearálta in Studio Legale Ughi e Nunziante v EUIPO ar neamhní ( 1 ). Ina breithiúnas, sonraíonn an Chúirt a mhéid a fhéadfaidh dlíodóir a bhfuil baint aige le gnólacht dlí ionadaíocht a dhéanamh ar an ngnólacht dlí sin os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, rialaíonn sí maidir le raon feidhme an cheanglais maidir le neamhspleáchas ionadaithe na bpáirtithe neamhthosaíochta agus maidir leis an bhféidearthacht atá ag páirtí iarratas nach gcomhlíonann an ceanglas sin a thabhairt chun rialtachta.

An 26 Meán Fómhair 2017, chomhdaigh Studio Legale Ughi e Nunziante, comhlacht dlíodóirí ón Iodáil (‘an gnólacht dlí’) iarratas le hOifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) chun an focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘UGHI E NUNZIANTE’ a chúlghairm i ndáil leis na seirbhísí go léir ar cláraíodh an marc sin ina leith.

Le cinneadh an 23 Feabhra 2021, ghlac Rannán Cúlghairme EUIPO leis an iarratas sin le haghaidh na seirbhísí go léir, cé is moite de ‘sheirbhísí dlí’ ( 2 ). An 1 Márta 2021, rinne an gnólacht dlí achomharc i gcoinne an chinnidh sin le EUIPO, a díbheadh le cinneadh an 8 Aibreán 2022 ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO.

Thug an gnólacht dlí caingean os comhair na Cúirte Ginearálta ansin chun an cinneadh sin a chur ar neamhní. Leis an ordú atá faoi achomharc, dhíbh an Chúirt Ghinearálta an chaingean toisc í a bheith do-ghlactha go follasach. Chinn sí go ndearna triúr dlíodóirí ionadaíocht don ghnólacht dlí agus iad ag gníomhú mar chomhpháirtithe agus nach raibh an stádas sin ag luí le ceanglais an neamhspleáchais ba ghá chun ionadaíocht a dhéanamh ar an ngnólacht sin os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh. Go sonrach, de réir na Cúirte Ginearálta, ní raibh stádas tríú páirtithe neamhspleácha ag na dlíodóirí sin i leith an iarratasóra. Thairis sin, chinn sí nach bhféadfaí an mhainneachtain sin a thabhairt chun rialtachta. Is sa chomhthéacs sin a rinne an gnólacht dlí achomharc i gcoinne an ordaithe sin os comhair na Cúirte Breithiúnais.

Measúnú na Cúirte Breithiúnais

Ar an gcéad dul síos, meabhraíonn an Chúirt nach mór d’ionadaíocht páirtithe neamhthosaíochta os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh dhá choinníoll charnacha a chomhlíonadh. Ar an gcéad dul síos, ní mór do na páirtithe sin dlíodóir a bheith acu agus, ar an dara dul síos, ní fhéadfaidh ach dlíodóir atá údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirt de chuid Ballstáit nó de chuid Stát eile is páirtí sa Chomhaontú LEE, ionadú do pháirtí nó bheith de chúnamh aige os comhair Chúirteanna an Aontais ( 3 ).

Maidir leis an gcoinníoll a bhaineann le húdarú dlíodóra chun cleachtaidh os comhair cúirteanna Ballstáit, cuireann an Chúirt in iúl gur chinn sí cheana féin nach mór brí agus raon feidhme an choinníll sin a léiriú trí thagairt a dhéanamh don dlí náisiúnta lena mbaineann ( 4 ). Ós rud é, sa chás seo, go raibh sé d’údarás ag na dlíodóirí arna gceapadh ag an ngnólacht dlí cleachtadh os comhair chúirteanna na hIodáile, measann an Chúirt go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus í ag cinneadh nár tionscnaíodh an chaingean ag an gcéad chéim i gcomhréir leis an gcoinníoll sin.

A mhéid a bhaineann leis an gcoinníoll maidir leis an oibleagáid atá ar pháirtithe neamhthosaíochta dlíodóir a bheith acu, meabhraíonn an Chúirt go gceanglaítear leis an gcoinníoll sin dhá cheanglas a chomhlíonadh. Ar an gcéad dul síos, toirmisctear leis ‘féinionadaíocht’, is é sin le rá, ní fhéadfaidh na páirtithe sin in imthosca ar bith ionadaíocht a dhéanamh orthu féin, ach amháin má fhoráiltear d’aon mhaolú ná eisceacht i Reacht na Cúirte Breithiúnais ná ina Rialacha Nós Imeachta. Ar an dara dul síos, ceanglaítear ar ionadaithe na bpáirtithe sin ceanglas neamhspleáchais a chomhlíonadh, a shainítear go diúltach, eadhon gan aon chaidreamh fostaíochta a bheith ann, arb é is príomhthréith dó caidreamh fo-ordúcháin a bheith ann idir páirtí agus a ionadaí, agus go dearfach, trí thagairt a dhéanamh d’eitic ghairmiúil agus d’oibleagáidí eiticiúla gairmiúla. I ndáil leis sin, glactar leis go gcomhlíonann aon dlíodóir, beag beann ar an bhfoirm ina gcleachtann sé a ghairm, arna údarú leis na dlíthe, na rialacha gairmiúla agus na rialacha eiticiúla is infheidhme, an ceanglas maidir le neamhspleáchas a eascraíonn as an gcoinníoll sin, mura bhfuil caidreamh fo-ordúcháin idir an páirtí lena mbaineann agus an dlíodóir sin atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh dó.

Leis an gceanglas neamhspleáchais sin, glactar leis nach ann d’aon chaidreamh fostaíochta, arb é is príomhthréith dó caidreamh fo-ordúcháin a bheith ann, idir an páirtí agus an t-ionadaí atá ceaptha aige. Dá bhrí sin, níl feidhm ag toimhde an neamhspleáchais i gcás ina bhfuil caidreamh fostaíochta den sórt sin ann. Is amhlaidh atá, go háirithe, i gcás dlíodóirí a fheidhmíonn, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, a ngairm mar fhostaithe an ghnólachta dlí a fhostaíonn iad, agus a dhéanann ionadaíocht ar an ngnólacht sin os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh. Is amhlaidh atá i gcás nach mór do dhlíodóirí inmheánacha (in-house lawyers), atá ina gcomhaltaí de Bharra Ballstáit agus atá údaraithe, faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin, ionadaíocht a dhéanamh os comhair na gcúirteanna náisiúnta ar an duine dlítheanach a bhfuil siad faoi cheangal ag caidreamh fostaíochta, ionadaíocht a dhéanamh ar an duine céanna sin os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh. Cé is moite de chásanna ina bhfuil caidreamh fostaíochta ann, níl feidhm ag toimhde an neamhspleáchais agus ní fhéadfar í a fhrisnéis ach amháin i gcás inar léir ó fhianaise shonrach go bhfuil naisc idir an páirtí lena mbaineann agus an t-ionadaí a cheap sé a dhéanann dochar follasach do chumas an ionadaí sin a chúram a chomhlíonadh ar mhaithe le leas a chliaint nó i gcás nach gcomhlíonann an t-ionadaí sin na rialacha náisiúnta gairmiúla agus eiticiúla is infheidhme ( 5 ).

De réir na Cúirte, i gcás ina bhfuil stádas mar chomhaltaí ag dlíodóirí sa ghnólacht a ndéanann siad ionadaíocht air os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh, ní féidir a mheas nach bhfuil an imthoisc sin inti féin ag luí le ceanglas an neamhspleáchais. Ar thaobh amháin, ní féidir a mheas gurb ionann imthoisc den sórt sin agus caidreamh fostaíochta. Ar an taobh eile, in éagmais fianaise shonrach lena suitear go bhfuil naisc ann idir an gnólacht agus an comhalta atá ceaptha aige mar a ionadaí, rud a dhéanann dochar follasach do chumas an chomhalta sin a chúram nó a cúram ionadaíochta a chomhlíonadh ar mhaithe le leas an pháirtí lena mbaineann, nó lena suitear nach gcomhlíonann an comhalta sin na rialacha náisiúnta gairmiúla agus eiticiúla is infheidhme, ní féidir toimhde neamhspleáchais an chomhalta a cháiliú mar fhrisnéise.

Dá bhrí sin, measann an Chúirt Bhreithiúnais, sa chás seo, go ndearna an Chúirt Ghinearálta míléiriú ar raon feidhme an cheanglais maidir le neamhspleáchas agus go ndearna sí earráid dlí.

Ar an dara dul síos, meabhraíonn an Chúirt go bhféadfadh aon imthoisc a bhaineann le hinghlacthacht caingne le haghaidh neamhniú a thugtar os comhair na Cúirte Ginearálta, lena n-áirítear an imthoisc a bhaineann le dlíodóir a bheith ag duine dlítheanach chun an chaingean sin a thionscnamh, a bheith ina ábhar beartais phoiblí nach mór do Chúirteanna an Aontais Eorpaigh a ardú ex officio ( 6 ). Is imthoisc den sórt sin é nár tionscnaíodh caingean den sórt sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sa tríú mír d’Airteagal 19 de Reacht na Cúirte, arna léiriú le cásdlí na Cúirte. Mar sin féin, tá an oibleagáid chun ábhar beartais phoiblíí a ardú ex officio gan dochar d’urramú chearta na cosanta agus, dá bhrí sin, i bprionsabal, ní mór don chúirt a iarraidh ar na páirtithe a mbarúlacha a chur isteach ar an bpléadáil sin ar dtús.

Sa chás seo, tugann an Chúirt faoi deara nár chinn an Chúirt Ghinearálta ach gur gnólacht dlí é an t-iarratasóir a cheap triúr dlíodóirí, a bhí ag obair mar chomhaltaí sa ghnólacht sin, chun ionadaíocht a dhéanamh air, agus gur tháinig sí ar an gconclúid, a bhí mícheart sa dlí, nach bhféadfadh na dlíodóirí sin ionadaíocht a dhéanamh ar an ngnólacht sin faoi choinníollacha atá ag luí le hAirteagal 19 de Reacht na Cúirte, ós rud é nach bhféadfaí, thairis sin, de réir na Cúirte Ginearálta, an neamhréireacht sin a thabhairt chun rialtachta tar éis dhul in éag na tréimhse chun caingean a thionscnamh.

De réir na Cúirte, ba cheart don Chúirt Ghinearálta a fháil amach, trí dhul ar iontaoibh na mbeart eagrúcháin nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 64 dá Rialacha Nós Imeachta más gá, ar an gcéad dul síos, an raibh caidreamh fostaíochta idir na triúr dlíodóirí agus an gnólacht dlí. In éagmais caidreamh fostaíochta den sórt sin, is mar thoradh ar fhianaise nithiúil lena suitear go raibh na naisc idir an gnólacht dlí agus na dlíodóirí a dhéanann ionadaíocht air de chineál a chuirfeadh isteach go follasach ar a gcumas a ndualgais a chomhlíonadh nó lena suitear nár chomhlíon na dlíodóirí sin na rialacha náisiúnta gairmiúla nó eiticiúla is infheidhme, rud a d’fhágfadh nach raibh aon neamhspleáchas ann de réir bhrí an tríú mír d’Airteagal 19 de Reacht na Cúirte.

Ina dhiaidh sin, measann an Chúirt Bhreithiúnais gur cheart don Chúirt Ghinearálta, roimh rialú a thabhairt ar an ábhar sin, a iarraidh ar an iarratasóir a bharúlacha a thíolacadh, chun éifeachtacht a cheart cosanta a ráthú. Ar deireadh, má mheas sí nár comhlíonadh an ceanglas neamhspleáchais, ba cheart don Chúirt Ghinearálta, sula gcinnfidh sí go bhfuil an chaingean do-ghlactha, a iarraidh air dlíodóir nua a cheapadh. I bhfianaise thromchúis na n-iarmhairtí a eascraíonn as sárú ar Airteagal 19 de Reacht na Cúirte maidir leis an iarratasóir, eadhon an dearbhú doleigheasta go bhfuil a chaingean do-ghlactha, ní mór dó a bheith in ann, tar éis dó a bheith in ann measúnú a dhéanamh ar an bhfianaise lena dtugtar údar, dar leis an gCúirt Ghinearálta, le do-ghlacthacht a chinneadh agus a thuairimí ar an bhfianaise sin a chur in iúl, a bheith in ann dlíodóir nua a cheapadh.

Anuas ar sin, tugann an Chúirt faoi deara go leanann sé ó Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta ( 7 ) nach féidir pionós a ghearradh ar pháirtí mar gheall ar dho-ghlacthacht a chaingne, gan cuireadh a thabhairt dó an cás a thabhairt chun rialtachta ar dtús, ar an bhforas nach gcomhlíonann a iarratas na coinníollacha is gá ( 8 ). Is léir freisin ó na Rialacha Nós Imeachta sin ( 9 ) go bhfuil feidhm ag an méid sin mar gheall ar iompar dlíodóra a mheastar a bheith ar neamhréir le dínit na Cúirte Ginearálta nó le dea-riarachán an cheartais le linn na n-imeachtaí. I gcásanna den sórt sin, ráthaítear le forálacha ábhartha na Rialacha Nós Imeachta sin leanúnachas an nós imeachta, trí fhoráil a dhéanamh, de réir mar a bheidh, go bhféadfaidh an páirtí lena mbaineann na doiciméid is gá a thabhairt ar aird nó ionadaí nua a cheapadh, laistigh de thréimhse réasúnta arna socrú ag an gClárlann. Thairis sin, sonraíonn an Chúirt Bhreithiúnais nach liostaítear go sainráite na himthosca ina bhfuiltear in ann caingean a thabhairt chun rialtachta le hAirteagal 21 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus tugann sí faoi deara, ina theannta sin, go raibh deis aici cheana a mheas, gan an tAirteagal sin a bheith ina bhac, gur cheart a iarraidh ar an iarratasóir an chaingean a thabhairt chun rialtachta i gcás ina dtíolactar iarratas arna shíniú ag an iarratasóir féin ( 10 ).

Thairis sin, cuireann an Chúirt in iúl gur léir ó chleachtas reatha na mBallstát, i gcás ina bhforáiltear leis an dlí náisiúnta go gcaitear amhras ar bhailíocht gníomhartha nós imeachta páirtí mar gheall ar mhainneachtain na rialacha a bhaineann le ceanglas neamhspleáchais ionadaí an pháirtí sin a chomhlíonadh, go bhféadfar, ar a laghad, an mhainneachtain sin a thabhairt chun rialtachta le linn na n-imeachtaí.

Dá bhrí sin, cuireann an Chúirt an t-ordú atá faoi achomharc ar neamhní agus tarchuireann sí an cás ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta.


( 1 ) Ordú an 10 Deireadh Fómhair 2022, Studio Legale Ughi e Nunziante v EUIPO - Nunziante agus Ughi (UGHI E NUNZIANTE) (T-389/22, EU:T:2022:662) (‘an t-ordú atá faoi achomharc’).

( 2 ) Is seirbhísí iad faoi Aicme 45 de Chomhaontú Nice a bhaineann le hAicmiú Idirnáisiúnta Earraí agus Seirbhísí chun críocha an Chláraithe Marcanna an 15 Meitheamh 1957, arna athbhreithniú agus arna leasú.

( 3 ) Déantar tagairt do na coinníollacha sin sa tríú mír agus sa cheathrú mír d’Airteagal 19 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘Reacht na Cúirte’) faoi seach.

( 4 ) Féach, chuige sin, breithiúnais an 4 Feabhra 2020, Uniwersytet Wrocławski agus an Pholainn v REA (C-515/17 P agus C-561/17 P, EU:C:2020:73, mír 56), agus an 14 Iúil 2022, Universität Bremen v REA (C-110/21 P, EU:C:2022:555, mír 40 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 5 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Feabhra 2020, Uniwersytet Wrocławski agus an Pholainn v REA (C-515/17 P agus C-561/17 P, EU:C:2020:73, mír 64).

( 6 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Feabhra 2024, Pilatus Bank v BCE (C-256/22 P, EU:C:2024:125, míreanna 34 agus 36 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 7 ) Airteagal 78(6) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 51(2) go (4) díobh.

( 8 ) Leagtar amach na coinníollacha i míreanna 1 go 5 d’Airteagal 78 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.

( 9 ) Airteagal 55(1) agus (3) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.

( 10 ) Féach, chuige sin, ordú an 5 Nollaig 1996, Lopes v an Chúirt Bhreithiúnais (C-174/96 P, EU:C:1996:473, mír 3).

Top