Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32015R1929

    Buiséad AE — An Córas Luathbhraite agus Luatheisiaimh (EDES)

    Stádas dlíthiúil an doiciméid Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar nuashonrú uirthi, toisc nach bhfuil an doiciméad a bhfuil sí ina hachoimre air i bhfeidhm a thuilleadh, é sin nó toisc nach léiriú ar chúrsaí mar atá i láthair na huaire í.

    Buiséad AE — An Córas Luathbhraite agus Luatheisiaimh (EDES)

     

    ACHOIMRE AR:

    Rialachán (AE, Euratom) 2015/1929 — an córas luathbhraite agus luatheisiaimh chun bainistíocht fhónta airgeadais a chinntiú.

    CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

    Leasaítear leis bunrialacha airgeadais AE agus bunaítear leis córas luathbhraite agus luatheisiaimh, arna oibriú ag an gCoimisiún Eorpach, chun leasanna airgeadais AE a chosaint i gcoinne oibreoirí eacnamaíocha (i.e. gnólachtaí, cuideachtaí agus eagraíochtaí neamhthráchtála) neamhiontaofa.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    • Is é is aidhm leis an gcóras an méid seo a leanas a chinntiú:
      • luathbhraith rioscaí a chuireann leasanna airgeadais AE faoi bhagairt;
      • eisiamh oibreora eacnamaíoch ó chistí AE a fháil;
      • pionós airgeadais a ghearradh ar oibreoirí eacnamaíocha a bhriseann rialacha AE.
    • Ní mór don Choimisiún nó d’údarás conarthach eile oibreoirí eacnamaíocha a eisiamh ó chistí AE a fháil trí, mar shampla, nósanna imeachta deontais nó soláthair AE le haghaidh:
      • a bheith féimheach, faoi réir nósanna imeachta dócmhainneachta nó má tá a ngníomhaíochtaí gnó curtha ar fionraí;
      • neamhíoc cánacha nó ranníocaíochtaí slándála sóisialta;
      • mí-iompar gairmiúil tromchúiseach, amhail sárú a dhéanamh ar chearta maoine intleachtúla nó dul isteach i gcomhaontú le hoibreoirí eile chun iomaíocht a shaobhadh;
      • calaois, éillitheacht, rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil, sciúradh airgid, cionta a bhaineann le sceimhlitheoireacht, saothar leanaí agus gáinneáil ar dhaoine;
      • sárú tromchúiseach ar chonradh nó mírialtacht.
    • Chun oibriú comhleanúnach an chórais a chinntiú, déantar na cinntí maidir le heisiaimh agus pionóis airgeadais ar bhonn mholadh ó phainéal neamhspleách. Soláthraíonn an painéal réamhaicmiú faoin dlí d’uireasa breithiúnas deiridh nó cinneadh riaracháin deiridh agus i gcásanna a bhaineann le sárú tromchúiseach ar chonradh.
    • Tá cinntí maidir le cibé acu oibreoirí eacnamaíocha a eisiamh nó pionóis a ghearradh orthu bunaithe ar:
    • Bunaítear aon chinneadh maidir leis an bpionós ar:
      • prionsabal na comhréireachta;
      • tromchúise an cháis;
      • an tionchar ar airgead agus íomhá AE;
      • an tréimhse ón iompar ábhartha, an fad a mhair sé agus a athdhéanamh;
      • rún nó méid na faillí;
      • imthosca maolaitheacha, amhail an méid ar chomhoibrigh an t-oibreoir eacnamaíoch.
    • D’fhéadfadh sé nach n-eisiafaí oibreoirí eacnamaíocha ó pháirt a ghlacadh sa nós imeachta soláthair má:
      • tá bearta ceartaitheacha déanta acu, ag taispeáint a n-iontaofachta dá réir sin;
      • tá gá le leanúnachas seirbhíse a chinntiú ar feadh tréimhse teoranta;
      • bheadh eisiamh neamhréireach.
    • Is féidir le pionóis airgeadais bheith idir 2 % agus 10 % de mhéid iomlán an chonartha agus is féidir le tréimhse an eisiaimh a bheith idir 3 agus 5 bliana.
    • Cuirtear an fhaisnéis a bhaineann le córas luathbhraite agus luatheisiaimh isteach i mbunachar sonraí láraithe de chuid an Choimisiúin.
    • Cinneann an Coimisiún, nó an t-údarás conarthach ábhartha, an ngearrfar nó nach ngearrfar pionós airgeadais as calaois nó míghníomhartha ar bith.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

    Tá sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2016.

    CÚLRA

    Tá an Córas Luathbhraite agus Luatheisiaimh (EDES) ceaptha chun leasanna airgeadais AE a chosaint agus chun bainistíocht fhónta airgeadais a chinntiú. Cuireadh in ionad an Chórais Réamhrabhaidh agus an Bhunachair Sonraí Lárnaigh maidir le hEisiamh a bhí ann roimhe seo é ó 1 Eanáir 2016.

    Bunaíodh é le Rialachán (AE, Euratom) 2015/1929 lenar leasaíodh Rialachán Airgeadais AE.

    Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Rialachán (AE, Euratom) 2015/1929 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 2015 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 286, 30.10.2015, lgh. 1-29)

    Nuashonraithe 05.10.2016

    Barr