Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32012D0699

Airm núicléacha — faireachán agus fíorú neartaithe

Airm núicléacha — faireachán agus fíorú neartaithe

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2012/699/CBES ón gComhairle - tacaíocht do ghníomhaíochtaí Choimisiún Ullmhúcháin Eagraíocht an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha i gcomhthéacs Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA CHINNEADH SEO?

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Faoin gCinneadh seo, tacaíonn AE le gníomhaíochtaí lena neartaítear córas fíoraithe* an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBT) agus cumais tíortha a shíníonn an CTBT i dtaobh a gcuid freagrachtaí fíoraithe a chomhlíonadh.
  • Tacaíonn AE le tionscadail faoi roinnt cuspóirí sonracha, amhail cúnamh teicniúil a sholáthar do thíortha in oirthear na hEorpa, i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib, san Áise Thóir Theas, san Aigéan Ciúin, agus san Áise Thoir chun páirt a ghlacadh sa chóras fíoraithe; agus tacú le cur chun cinn an CTBT agus le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach a chórais fíoraithe. Tá cur síos mionsonraithe ar na tionscadail sin leagtha síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo ón gComhairle.
  • D'fhonn na tionscadail sin a chur chun feidhme, déantar suim €5 185 028 a leithdháileadh faoin gCinneadh seo lena húsáid i gcomhaontú maoinithe idir an Coimisiún Eorpach agus Coimisiún Ullmhúcháin an CTBTO, a bhí ceaptha dul in éag 24 mhí tar éis a chomhaontaithe. Faoi Chinneadh 2014/861/CBES ón gComhairle, áfach, cuireadh síneadh 12 mhí eile leis an dáta éaga go dtí mí na Nollag 2015, toisc nach raibh tionscadail curtha chun feidhme ina n-iomláine.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tháinig sé i bhfeidhm an 13 Samhain 2012.

CÚLRA

Rinneadh caibidlíocht ar an CTBT idir 1994 agus 1996 agus tá sé daingnithe ag 163 tír ó shin i leith. Níl an Conradh daingnithe go fóill ag príomhthíortha núicléacha amhail Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tSín, áfach, agus dá bhrí sin ní féidir leis teacht i bhfeidhm. Go dtí go ndéanfar dlí de, cuidíonn Coimisiún Ullmhúcháin an CTBTO an Conradh a neartú agus a chóras fíoraithe a ullmhú.

PRÍOMHTHÉARMA

* Tá córas fíoraithe an CTBT deartha chun pléasc núicléach ar bith ar Domhan a bhrath. Baineann sé leas as Córas Faireacháin Idirnáisiúnta agus ceithre theicneolaíocht fíoraithe chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh tíortha maidir leis an CTBT, faoina bhfuil toirmeasc ar gach pléasc núicléach ar an bpláinéad.

GNÍOMH

Cinneadh 2012/699/CBES ón gComhairle an 13 Samhain 2012 maidir leis an tacaíocht ón Aontas do ghníomhaíochtaí an Choimisiún Ullmhúcháin Eagraíocht an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha d'fhonn a chumas faireacháin agus fíoraithe a neartú agus laistigh den chreat chun Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta a chur chun feidhme (IO L 314, 14.11.2012, lgh. 27-39)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2012/699/CBES a ionchorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Cinneadh 2014/861/CBES ón gComhairle an 1 Nollaig 2014 lena leasaítear Cinneadh 2012/699/CBES maidir leis an tacaíocht ón Aontas do ghníomhaíochtaí Choimisiún Ullmhúcháin Eagraíocht an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha d'fhonn a chumas faireacháin agus fíoraithe a neartú agus laistigh den chreat chun Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta a chur chun feidhme (IO L 346, 2.12.2014, lch. 35)

Nuashonraithe 20.01.2016

Barr