Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32006R1931

    Trácht teorann áitiúil ag teorainneacha talún seachtracha

    Trácht teorann áitiúil ag teorainneacha talún seachtracha

     

    ACHOIMRE AR:

    Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006 – rialacha maidir le trácht teorann áitiúil ag teorainneacha seachtracha talún AE agus leasuithe ar Choinbhinsiún Schengen

    CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

    Leagtar síos leis córas tráchta teorann áitiúil ag teorainneacha talún seachtracha thíortha an Aontais Eorpaigh agus tugtar isteach leis cead tráchta teorann áitiúil chun na críche sin.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Coinníollacha iontrála agus fanachta

    Tagraíonn trácht áitiúil teorann do thrasnú a dhéantar go rialta agus go minic ar theorainn sheachtrach AE ag náisiúnaigh ó thíortha comharsanacha neamh-AE a bhfuil cónaí orthu i limistéir teorann AE, ar chúiseanna dlisteanacha.

    Féadfaidh na cónaitheoirí teorann sin teorainn sheachtrach talún thír AE a thrasnú ar choinníoll:

    • go bhfuil ceadúnas acu a eisíodh chun an trasnú sin a cheadú (agus go bhfuil pas acu, má éilítear sin sa chomhaontú déthaobhach);
    • nach daoine iad ar tugadh foláireamh do Chóras Faisnéise Schengen ina leith; agus
    • ní mheastar iad a bheith ina mbagairt ar ord poiblí.

    Údaraítear do na daoine seo fanacht i limistéar na teorann ar feadh uastréimhse a leagtar síos sa chomhaontú déthaobhach idir tír AE agus an tír chomharsanachta neamh-AE. Ní ceadmhach fanacht tréimhse níos faide ná 3 mhí.

    Baineann sé leis an Íoslainn agus leis an Iorua ós rud é gur forbairt ar acquis Schengen é (i.e. dlíthe AE atá ann cheana féin maidir le limistéar Schengen – limistéar san Eoraip gan teorainneacha inmheánacha inar féidir le saoránaigh, go leor náisiúnach neamh-AE agus turasóirí gluaiseacht faoi shaoirse gan seiceálacha teorann), chomh maith leis an Eilvéis agus Lichtinstéin. Ní bhaineann sé le hÉirinn agus leis an Ríocht Aontaithe (1).

    Ceadanna

    Tugtar cead atá bailí ar feadh idir 1 agus 5 bliana d’áitritheoirí teorann atá teoranta do limistéar na teorann.

    Tá na gnéithe slándála céanna ag baint leis na ceadanna sin agus a bhaineann le ceadanna cónaithe.

    Beidh na táillí coibhéiseach leis na táillí is iníoctha ar víosa dul isteach iolrach gearrthéarmach. Mar sin féin, tá cead ag tíortha AE na táillí a laghdú nó fiú iad a tharscaoileadh. Faoi Rialachán (AE) 2017/1954, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 maidir leis an bhFormáid AE do cheadanna cónaithe do náisiúnaigh neamh-AE, tá gnéithe slándála maidir le ceadanna tráchta teorann áitiúla ailínithe le gnéithe slándála ceadanna cónaithe chun iad a dhéanamh níos sábháilte agus chun calaois a chosc. Cuimsítear san iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1954 na sonraíochtaí teicniúla d’fhormáid thosach agus chúl an chárta. Áirítear sna sonraíochtaí sin grianghraf aitheantais atá comhtháite go daingean i gcorp an chárta arna dhaingniú le gaireas díraonta íomhánna atá inathraithe go hoptúil, an t–ábhar óna ndéantar an cárta (polacharbónáit nó polaiméir shintéiseach choibhéiseach), agus an dath, an próiseas priontála agus na teicnící a úsáidfear.

    Comhaontuithe maidir le cur chun feidhme an chórais tráchta teorann áitiúil

    Féadfaidh tíortha AE comhaontuithe a thabhairt i gcrích maidir le trácht teorann áitiúil le tíortha comharsanacha neamh-AE. Féadfaidh siad na comhaontuithe atá ann cheana a choimeád ar choinníoll go gcomhlíonann siad sin an rialachán seo chomh maith. Ina theannta sin, ní mór do thíortha AE a áirithiú go gcuirfidh tíortha neamh-AE prionsabal na cómhalartachta i bhfeidhm agus go gcaithfidh siad mar an gcéanna le saoránaigh AE ar mian leo taisteal go dtí a limistéar teorann.

    Leis na comhaontuithe féadfaidh cónaitheoirí teorann úsáid a bhaint as:

    • pointí trasnaithe teorann nach mbíonn ar oscailt ach do chónaitheoirí teorann amháin;
    • lánaí speisialta ag gnáthphointí trasnaithe teorann;
    • údaruithe eisceachtúla do chónaitheoirí teorann chun an teorainn a thrasnú lasmuigh de phointí agus d’uaireanta trasnaithe teorann údaraithe.

    Ní mór do thíortha AE pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorfheidhmiú i gcás go mbainfí mí-úsáid as an gcórais tráchta teorann áitiúil. D’fhéadfadh go n–áireofaí orthu sin an cead a chealú nó a chúlghairm.

    Oblast Kaliningrad (réigiún) agus ceantair riaracháin áirithe na Polainne sa limistéar teorann incháilithe a chuimsiú

    Leasaíodh an rialachán seo le Rialachán (AE) Uimh. 1342/2011 chun oblast Kaliningrad a chur san áireamh, chomh maith le ceantair riaracháin áirithe de chuid na Polainne sa limistéar teorann incháilithe chun críche an chomhaontaithe dhéthaobhaigh idir an Pholainn agus an Rúis. Cuireadh an comhaontú déthaobhach sin ar fionraí ón 4 Iúil 2016.

    Teachtaireacht ón gCoimisiún 2016

    In 2015, thug os cionn 50 milliún náisiúnach neamh-AE cuairt ar AE, ar bhain breis agus 200 milliún dóibh sin le trasnú teorann ag teorainneacha seachtracha limistéar Schengen. Chomh maith leis na gnáthshreafaí taistil sin, spreag coimhlint sa Mheánoirthear agus in áiteanna eile 1.8 milliún trasnú neamhrialta teorann ag teorainneacha seachtracha na hEorpa in 2015 amháin. Agus na figiúirí sin á gcur san áireamh agus mar gheall ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta a tharla ag deireadh 2015 agus go luath in 2016, d’eisigh an Coimisiún Eorpach teachtaireacht ina leagtar amach roghanna maidir leis an gcaoi a bhféadfadh córais faisnéise atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo bainistiú teorann seachtraí agus slándáil inmheánach a fheabhsú in AE. Baineadh leas as sin obair a sheoladh maidir le hailtireacht bainistithe sonraí an Aontais Eorpaigh a fheabhsú agus cearta bunúsacha á gcomhlíonadh go hiomlán, go háirithe cosaint sonraí pearsanta.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

    Tá feidhm leis ón 19 Eanáir 2007.

    CÚLRA

    Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena leagtar síos rialacha maidir le trácht teorann áitiúil ag teorainneacha seachtracha talún na mBallstát agus lena leasaítear forálacha Choinbhinsiún Schengen (IO L 405, 30.12.2006, lgh. 1-22)

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Córais Faisnéise níos Láidre agus níos Cliste maidir le Teorainneacha agus Slándáil (COM (2016) 205 críochnaitheach, 6.4.2016)

    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Tuarascáil ar chur chun feidhme agus ar fheidhmiú Rialachán (AE) Uimh. 1342/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006 maidir le oblast Kaliningrad agus ceantair riaracháin Pholannacha áirithe a áireamh sa limistéar teorann incháilithe agus ar an gcomhaontú déthaobhach a cuireadh i gcrích idir an Pholainn agus Cónaidhm na Rúise (COM (2014) 74 críochnaitheach, 19.2.2014)

    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: An dara tuarascáil ar chur chun feidhme agus feidhmiú an chórais tráchta teorann áitiúil a bunaíodh le Rialachán Uimh. 1931/2006 (COM (2011) 47 críochnaitheach, 9.2.2011)

    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an chórais tráchta teorann áitiúil a tugadh isteach le Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha maidir le trácht teorann áitiúil ar theorainneacha seachtracha talún na mBallstát (COM (2009) 383 críochnaitheach, 24.7.2009)

    Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach i gcomhair ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tíre (IO L 157, 15.6.2002, lgh. 1-7)

    Féach an an leagan comhdhlúite.

    Nuashonraithe 04.05.2020



    (1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

    Barr