Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E290

    Reachtaíocht thánaisteach an Aontais Eorpaigh

    Reachtaíocht thánaisteach an Aontais Eorpaigh

     

    ACHOIMRE AR:

    Airteagal 288 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)

    Airteagal 289 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)

    Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)

    Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)

    CAD IS AIDHM LE HAIRTEAGAIL 288, 289, 290 AGUS 291 DEN CFAE?

    Is éard atá i gceist le reachtaíocht thánaisteach an Aontais Eorpaigh (AE) ná corpas dlí bunaithe ar conarthaí an AE. Idirdhealaíonn sé ó reachtaíocht phríomha an AE, a bhaineann le conartha den chuid is mó, go háirithe Conradh na Róimhe (féach achoimre), a thiontaigh ina Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (féach achoimre), an an Conradh ar an Aontas Eorpach (féach achoimre), bunaithe ar Conradh Maastricht (féach achoimre), agus an Conradh Maastricht (féach achoimre). Leagann reachtaíocht phríomha dáileadh chumhachta agus fhreagrachtaí amach idir an AE agus Ballstáit an AE agus soláthríonn sé comhthéacs dlíthúil lastigh de institiúidí an AE beartais a cheapadh agus a chur chun feidhme.

    D’athchóirigh An Conradh Liospóin (féach achoimre) na cineálacha ghníomhartha dlíthiúla de chuid an AE. Tá cúig chineál de ghníomhartha dlíthiúla ann gur féidir le hinstitiúidí AE glacadh leo.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Gníomhartha dlíthiúla AE agus cineál na ngníomhartha sin

    faoi Airteagal 288 den CFAE, féadfaidh na hinstitiúidí Eorpacha cúig chineál gnímh dhlíthiúla a ghlacadh:

    Is gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí iad rialacháin, treoracha agus cinntí. Meastar gur gníomhartha reachtacha iad má ghlactar leo tríd an nós imeachta reachtach i gcomhréir le hAirteagal 289. Is féidir le cinneadh díriú ar dhuine amháin nó níos mó ná duine amháin (tíortha AE, gnóthais nó daoine aonair). Tá cinntí ann freisin nach ndírítear ar dhuine ar bith, go háirithe i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála.

    Is gníomhartha dlíthiúla neamhreachtacha iad moltaí agus tuairimí.

    Tá gníomhartha ann freisin nach liostaítear in Airteagal 288 CFAE.

    • Gníomhartha sonracha áirithe bunaithe ar chonarthaí roimhe seo: mar shampla, i réimse na n-ábhar coiriúil, na saoirse, an cheartais agus na slándála, tá “cinntí réime” fós i bhfeidhm (glacadh leo sular tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, nuair a bhí stádas sonrach ag comhar breithiúnach agus póilíneachta in ábhair choiriúla).
    • Gníomhartha neamhthipiciúla”, lena n-áirítear comhaontuithe idirinstitiúideacha (e.g. maidir leis an smacht buiséadach (féach achoimre) agus rialacha nós imeachta (e.g Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa (féach achoimre) agus an Choimisiúin (féach achoimre), ar gníomhartha iad atá ceangailteach ó thaobh dlí, agus rúin agus conclúidí, nach bhfuil sé beartaithe go mbeadh éifeachtaí dlíthiúla acu. Luaitear iad in airteagail eile i gconarthaí AE nó tagann siad ó chleachtas institiúidí AE.

    Stádas dlíthiúil de dhlí tánaisteach

    • Is féidir le hinstitiúidí AE an cineál gnímh a roghnú a mheasann siad is iomchuí chun an beartas a chur chun feidhme.
    • Ós rud é go bhfuil na inniúlachtaí amháin ag an AE ná na cinn a tugadh dó ag na conarthaí, ní mór an bunús dlí a lua i ngníomh ar bith, agus é a bheith comhfhreagrach don réimse ina bhfuil gníomh á ghlacadh ag na hinstitiúidí Eorpacha.
    • Thairis sin, faoi Airteagal 296 den CFAE, ní mór a lua sna gníomhartha na hionstraimí lena mbronntar an chumhacht chun iad a ghlacadh (i luanna le “ag féachaint do” ag a dtús) agus na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe a lua (in aithris le “de bhrí go” ag a dtús).
    • Faoi choiníollacha leagtha amach in Airteagal 297 den TFU folsaítear gníomhartha dlíthiúla san Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó go dtugtar fógra ina leith don seolaí/do na seolaithe. Má fhoilsítear iad, féadfaidh siad teacht i bhfeidhm ar an 20ú lá tar éis a bhfoilsithe, mura gcuirtear a mhalairt in iúl sa téacs. Cuirtear treoracha agus cinntí eile lena sonraítear cé chucu a bhfuil siad dírithe, in iúl dóibh siúd a bhfuil siad dírithe chucu agus glacann siad éifeacht nuair a fhoilsítear iad.
    • In a lán cásanna, féadfar agóid a dhéanamh i gcoinne a dlíthiúlachta i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh tríd an gcaingean chun neamhniú (faoi Airteagal 263 den CFAE). Mar sin féin, níl feidhm aige sin i gcás moltaí agus tuairimí.

    Gníomhartha tarmligthe

    • Faoi Airteagal 290 den CFAE, tugtar cead don reachtóir AE (Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle de ghnáth) cumhacht a tharmligean don Choimisiún chun glacadh le gníomhartha neamhreachtacha ginearálta lena bhforlíontar nó lena leasaítear eilimintí áirithe neamhriachtanacha de ghníomh reachtach. Cuireann sé seo ar chumas an reachtóra díriú ar an treo beartais agus ar chuspóirí beartais gan a bheith air nó uirthi dul i mbun díospóireachtaí mionsonraithe, díospóireachtaí a bhíonn an-teicniúil go minic.
    • Mar sin féin, cuirtear teorainneacha dochta le tarmligean na cumhachta chun glacadh le gníomhartha tarmligthe. Ní féidir ach an Coimisiún a chumhachtú chun glacadh le gníomhartha tarmligthe. Thairis sin, tá seans ann nach mbeidh eilimintí riachtanacha réimse faoi réir ag tarmligean cumhachta. Ina theannta sin, ní mór cuspóirí, inneachar, raon agus fad tharmligean na cumhachta a shainmhíniú sna gníomhartha reachtacha. Ar deireadh, ní mór don reachtóir na coinníollacha faoina gcuirfear an tarmligean i gcrích a leagadh amach go sainráite sa ghníomh reachtach. Maidir leis seo, féadfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle foráil a dhéanamh don cheart chun tarmligean a chúlghairm nó chun agóidí a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe.
    • Úsáidtear an nós imeachta seo in a lán réimsí, amhail an margadh inmheánach, an talmhaíocht, an comhshaol, cosaint an tomhaltóra, an t-iompar agus an limistéar saoirse, slándála agus ceartais.

    Gníomhartha cur chun feidhme

    • Luíonn freagracht go príomha as gníomhartha AE atá ceangailteach go dlíthiúil a chur i bhfeidhm leis na Ballstáit. Ní mór coinníollacha aonfhoirmeacha a leagadh amach, áfach, maidir le gníomhartha áirithe a chur i bhfeidhm. Sna cásanna sin, tugtar cumhacht don Choimisiún nó, i gcásanna sonracha a bhfuil údar leo nó a bhfuil foráil déanta dóibh in Airteagal 24 agus in Airteagal 26 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, don Chomhairle glacadh le gníomhartha cur chun feidhme (Airteagal 291 den CFAE).
    • Leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 na prionsabail ghinearálta maidir le sásraí rialúcháin tíortha AE ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin (féach achoimre). Déantar feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme a rialú trí nósanna imeachta coiste, mar a dtugtar orthu sa bhéarlagair AE, i.e. tugann coistí a bhfuil ionadaithe ó tíortha AE iontu agus a bhfuil ionadaí an Choimisiúin ina chathaoirleach orthu cabhair don Choimisiún. Cuireann cathaoirleach an choiste dréachtghníomhartha cur chun feidhme faoi bhráid an choiste, más ann dóibh.

    CÚLRA

    Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

    PRÍOMHDHOICIMÉID

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Sé — Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Teideal I — Forálacha institiúideacha — Caibidil 2 — Gníomhartha dlíthiúla an Aontais, nósanna imeachta glactha agus forálacha eile — Roinn 1: Gníomhartha dlíthiúla an Aontais — Airteagal 288 (iar-Airteagal 249, CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 171-172).

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Sé — Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Teideal I — Forálacha institiúideacha — Caibidil 2 — Gníomhartha dlíthiúla an Aontais, nósanna imeachta glactha agus forálacha eile — Roinn 1: Gníomhartha reachtacha an Aontais - Airteagal 289 (IO C 202, 7.6.2016, lch. 172).

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Sé — Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Teideal I — Forálacha institiúideacha — Caibidil 2 — Gníomhartha dlíthiúla an Aontais, nósanna imeachta glactha agus forálacha eile — Roinn 1: Gníomhartha reachtacha an Aontais - Airteagal 290 (IO C 202, 7.6.2016, lch. 172).

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Sé — Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Teideal I — Forálacha institiúideacha — Caibidil 2 — Gníomhartha dlíthiúla an Aontais, nósanna imeachta glactha agus forálacha eile — Roinn 1: Gníomhartha reachtacha an Aontais - Airteagal 291 (IO C 202, 7.6.2016, lch. 173).

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n–áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (OJ L 433I, 22.12.2020, lgh. 28-46).

    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí lenar féidir le Ballstáit feidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin a rialú (IO L 55, 28.2.2011, lgh. 13-18).

    Cinneadh 2009/882/EU de 1 Nollaig 2009 ón gComhairle Eorpach lena nglactar lena Rialacha Nós Imeachta (IO L 315, 2.12.2009, lch. 51).

    Nuashonraithe 02.12.2021

    Barr