EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Staidreamh Eorpach: An chaoi a n-oibríonn an Córas Staidrimh Eorpach

Staidreamh Eorpach: An chaoi a n-oibríonn an Córas Staidrimh Eorpach

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 - maidir le staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN SEO?

Féachtar leis an rialachán seo creat dlíthiúil a chur ar bun maidir le staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, a chloíonn le prionsabail:

  • an neamhspleáchais ghairmiúil*;
  • na neamhchlaontachta;
  • na hoibiachtúlachta;
  • na hiontaofachta;
  • na rúndachta staidrimh; agus
  • na costéifeachtúlachta.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá staidreamh tábhachtach d'fheidhmíocht ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh (AE). Leis an rialachán seo, leagtar amach sraith rialacha chun bainistíocht níos fearr a dhéanamh ar an bpróiseas staidrimh.
  • Cuirtear an rialachas staidrimh i bhfeidhm ag na comhlachtaí seo a leanas:
    • Is údarás Eorpach é Eurostat, Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh, atá freagrach as gníomhaíochtaí staidrimh na gcomhlachtaí AE a chomhordú.
    • Ainmnítear institiúidí staidrimh náisiúnta ag na tíortha AE, a úsáidtear mar phointí náisiúnta teagmhála le haghaidh Eurostat.
    • San am céanna, is comhpháirtíocht idir Eurostat, na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile an Córas Staidrimh Eorpach (CSE). Cuirtear an Coiste CSE, ar a bhfuil ionadaithe ó na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus atá faoi chathaoirleacht Eurostat, ar bun faoin rialachán seo. Oibríonn an Coiste CSE agus an Coimisiún ar an gclár staitistiúil Eorpach*, ar na fadhbanna a bhaineann le rúndacht staidrimh agus ar fhorbairt bhreise Chód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh (a dhéantar a nuashonrú ag CSS), i measc nithe eile. Comhoibríonn an CSE go dlúth freisin leis an gCóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC).
  • Déanann Eurostat, na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus údaráis eile staidreamh Eorpach a scaipeadh chun rochtain fhorleathan neamhchlaonta a ráthú le haghaidh gach úsáideora.
  • Ach amháin i gcás coinníollacha áirithe (e.g. rochtain ag taighdeoirí ar chúiseanna eolaíochta), ní ceadmhach sonraí rúnda a rochtain ach ar chúiseanna staidrimh. Is féidir le húdarás CSE sonraí rúnda a tharchur chuig údarás eile fad is a nglactar leis gur gá é sin a dhéanamh ar mhaithe le forbairt, le táirgeadh nó le scaipeadh staidrimh Eorpaigh.
  • Rinneadh an rialachán seo a leasú le Rialachán (AE) 2015/759 trí na nithe seo a leanas a neartú:
    • ról na n-institiúidí staidrimh náisiúnta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí staidrimh;
    • neamhspleáchas gairmiúil cheannairí na n-institiúidí staidrimh náisiúnta agus Ard-Stiúrthóireacht Eurostat; agus
    • cur i bhfeidhm an Chóid Cleachtais.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 1 Aibreán 2009.

CÚLRA

Rinneadh an córas staidrimh Eorpach roimhe seo a leasú chun dul i ngleic leis na dúshláin agus ceanglais bheartais a tháinig chun cinn le linn na géarchéime domhanda airgeadais. Rinneadh é sin chun a chinntiú go gcuirfí feabhas ar chomhordú staidrimh Eorpaigh agus go mbeadh níos mó solúbthachta ann maidir lena scaipeadh. Mar sin, déantar an creat staidrimh Eorpaigh a athshainmhíniú trí ghníomhaíochtaí CSE a dhaingniú agus trí róil Eurostat, na n-institiúidí staidrimh náisiúnta agus na n-údarás náisiúnta eile a shoiléiriú.

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Neamhspleáchas gairmiúil: an próiseas maidir le staidreamh a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh trí theicnící, sainmhínithe, modheolaíochtaí agus foinsí a úsáid nach mbaineann brú ó ghrúpaí polaitiúla nó sainleasa, ná ó údaráis AE nó náisiúnta leo.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lgh. 164-173)

Rinneadh leasuithe ina dhiaidh sin ar Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo a luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 06.02.2017

Top