EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Táillí ar íocaíochtaí cártabhunaithe

Táillí ar íocaíochtaí cártabhunaithe

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2015/751 maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Cuirtear uasteorainn le táillí idirmhalartaithe leis an rialachán seo. Méadaítear an trédhearcacht maidir le táillí, agus mar sin tugtar an t-eolas do mhiondíoltóirí maidir le leibhéal na dtáillí a íoctar nuair a ghlacann siad le cártaí. Cuirtear feabhas leis ar an iomaíochas trí líon níos mó roghanna agus trí roghanna níos fearr a sholáthar do thomhaltóirí idir na cineálacha éagsúla cártaí íocaíochta agus soláthraithe seirbhíse.

PRÍOMHPHOINTÍ

Go sonrach, déantar na nithe seo a leanas leis an rialachán:

  • cuirtear uasteorainn le táillí idirmhalartaithe ag 0.2% de luach an idirbhirt i gcás cártaí dochair tomhaltóra agus ag 0.3% i gcás cártaí creidmheasa tomhaltóra;
  • maidir le cártaí creidmheasa tomhaltóra, cuirtear ar chumas thíortha AE uasteorainneacha céatadáin níos ísle ná 0.3% a shainiú;
  • maidir le hidirbhearta le cártaí dochair tomhaltóra, cuirtear ar chumas thíortha AE táille nach mó ná 5 eurocent a ghearradh in aghaidh na táille idirmhalartaithe idirbhirt i gcomhar le teorainn 0.2%;
  • déantar foráil i leith líon teoranta díolúintí, amhail cártaí gnó nach n-úsáidtear ach le haghaidh costais gnó a mhuirearú go díreach ar chuntas na cuideachta;
  • méadaítear an trédhearcacht ar leibhéal na dtáillí arna n-íoc ag miondíoltóirí, rud a chuireann ar a gcumas rogha a dhéanamh go héasca i measc na gcártaí íocaíochta lena nglacfaidh siad.

Tá an rialachán seo ina chuid de phacáiste ina gcuimsítear an Treoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Íocaíochta (PSD2), ar thángthas ar chomhaontú polaitiúil ina leith i mí na Bealtaine 2015. Tá sé mar aidhm leis an bpacáiste an margadh aonair digiteach a chur chun cinn trí íocaíochtaí a dhéanamh níos sábháilte agus níos saoire, agus réitíonn an pacáiste an bealach do theicneolaíochtaí nuálacha íocaíochta.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 8 Meitheamh 2015.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2015/751 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le táillí idirmhalartaithe le haghaidh idirbhearta íocaíochta a dhéantar le cártaí (IO L 123, 19.5.2015, lgh. 1-15)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/72 an 4 Deireadh Fómhair 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2015/751 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe i ndáil le caighdeáin theicniúla rialála lena mbunaítear na ceanglais a chomhlíonfaidh scéimeanna cártaí íocaíochta agus eintitis phróiseála chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm ceanglais neamhspleácha ó thaobh cuntasaíochta, eagrúcháin agus próiseas cinnteoireachta (IO L 13, 18.1.2018, lgh. 1-7)

Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lgh. 35-127)

Nuashonraithe 30.08.2018

Top