Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Stoic áirithe d’éisc mhórimirceacha a chaomhnú

Stoic áirithe d’éisc mhórimirceacha a chaomhnú

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 — bearta is infheidhme maidir le stoic áirithe d’éisc mhór-imirceacha a iascach

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Tá sé mar aidhm leis na bearta rialaithe agus cigireachta is infheidhme maidir le hiascaireacht i gcomhair éisc agus mamaigh mhórimireacha áirithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I den rialachán a shainiú. Is iad na príomhspeicis lena mbaineann:

  • tuinníní;
  • colgáin;
  • siorcanna;
  • míolta móra; agus
  • muca mara.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá feidhm ag an rialachán maidir le soithí iascaireachta a bhfuil bratach thíortha AE ar foluain acu agus atá cláraithe in AE, agus ag oibriú i gceann de na criosanna muirí seo a leanas:

BEARTA RIALAITHE AGUS CIGIREACHTA IS INFHEIDHME I gCRIOS 1

Leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 roinnt uaireanta, agus den uair is déanaí le Rialachán (AE) 2017/2107. Le rialachán 2017 aisghaireadh codanna de Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 chun athruithe éagsúla a glacadh i moltaí ICCAT ó 2008 a chur san áireamh.

Ramhrú tuinníní gorma

Tugadh clár d’fheirmeacha um ramhrú* tuinníní gorma isteach in 2004. Ní mór do thír AE fógra a chur chuig an gCoimisiún Eorpach maidir leis na feirmeacha um ramhrú atá faoina dlínse agus dá dtugann sí údarú chun ramhrú tuinníní gorma a ghabhtar i limistéir Choinbhinsiún ICCAT a dhéanamh. Níl cead ag feirmeacha um ramhrú nach bhfuil cláraithe ramhrú tuinníní gorma a ghabhtar i limistéar an Choinbhinsiúin a dhéanamh.

I gcás go n–aistrítear tuinníní gorma lena ramhrú ó shoitheach iascaireachta AE go soitheach iompair, ceanglaítear ar mháistrí an dá shoitheach sonraí áirithe a iontráil ina logleabhair faoi seach (méideanna na dtuinníní gorma a aistríodh, an crios gabhála, an dáta ar a ndearnadh an t–aistriú agus an suíomh ina ndearnadh é, etc.)

Ní mór do thíortha AE:

  • méideanna na dtuinníní gorma a chuir soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu i gcásanna a chlárú;
  • fógra a chur chuig an gCoimisiún maidir le sonraí a bhaineann le méideanna na dtuinníní gorma arna ngabháil agus arna gcur i gcásanna ag soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu, agus maidir le allmhairí agus onnmhairí tuinníní gorma a gabhadh agus atá beartaithe lena ramhrú.
  • a áirithiú go gcuirfidh feirmeacha um ramhrú tuinníní gorma faoina ndlínse dearbhú cur i gcás isteach chuig a n–údarás inniúil agus go bhfuil siad liostaithe ar an gclár;
  • a áirithiú go gcuirfidh feirmeacha um ramhrú dearbhú margaíochta isteach chucu gach bliain maidir leis na tuinníní gorma a ramhraíodh agus, ar bhonn na faisnéise sin, an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le méideanna na dtuinníní gorma a cuireadh i gcás agus na méideanna a cuireadh ar an margadh an bhliain roimhe sin.

BEARTA RIALAITHE AGUS CIGIREACHTA IS INFHEIDHME I gCRIOS 2

  • Ní mór do gach tír AE:
    • a áirithiú go n–urramóidh soithí a bhfuil a bratach ar foluain acu na bearta atá i bhfeidhm sa chrios;
    • liosta a chur chuig an gCoimisiún de na soithí atá níos faide ná 24 méadar ar fad ar an iomlán a bhfuil a bratach ar foluain orthu agus atá cláraithe ina críoch agus dá dtugann sí údarú chun iascaireacht a dhéanamh i gcomhair tuinníní nó iasc atá cosúil le tuinníní i limistéar IOTC. Cuireann an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht Feidhmiúcháin IOTC;
    • a áirithiú gurb iad soithí cláraithe a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta agus iad sin amháin.
  • Ní mór do shoithí atá cláraithe ar liosta IOTC a dhéanann iascaireacht trí spiléireacht* údarú a fháil ó údaráis inniúla thír bhratach AE sula dtugann siad faoi ghnásanna athlastála* ar bith i limistéar iascaireachta IOTC.
  • Ní foláir nó go mbeidh marcanna speisialta ar threalamh iascaireachta shoithí AE atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh i limistéar IOTC.
  • Ní mór do thíortha AE:
    • sonraí éagsúla staidrimh maidir le hiarracht agus gabhálacha iascaireachta a bhaineann le speicis mhórimireacha a tharchur chuig rúnaíocht IOTC;
    • bunachar sonraí ríomhairithe a chur ar bun ina mbeidh na sonraí staidrimh a theastaíonn, agus rochtain a thabhairt don Choimisiún air;
    • dualgais chigireachta a thabhairt do chigirí ag a gcalafoirt a bheidh freagrach as faireachán agus cigireacht a dhéanamh ar athlastáil agus ar theacht i dtrí na speiceas atá liostaithe in Iarscríbhinn I;
    • doiciméad aitheantais speisialta a eisiúint chuig gach cigire.
  • Ní mór do mháistir an tsoithigh comhoibriú le cigireacht an tsoithigh agus na bealaí chun scrúdú a dhéanamh ar na criosanna, ar an trealamh agus ar na doiciméid a sholáthar.
  • Má tá cúis thromchúiseach ann lena chreidiúint gur sháraigh soitheach iascaireachta bearta caomhnaithe IOTC, breacann an cigire an sárú síos sa tuarascáil chigireachta. Ní mór dó a áirithiú go gcoinneofar an fhaisnéis in áit shábháilte agus an tuarascáil chigireachta a chur chuig a údarás. Ní mór do thír AE ar dtugadh fógraí di maidir le sárú a rinne soitheach a bhfuil a bratach ar foluain aige beart tapa a dhéanamh agus an fhianaise a scrúdú, imscrúdú ar bith is gá a dhéanamh agus an soiteach a iniúchadh. Cuireann sí fógra chuig an gCoimisiún ansin maidir leis na pionóis a gearradh agus na bearta a rinneadh maidir leis an soitheach lena mbaineann. Cuireann an Coimisiún Rúnaíocht Feidhmiúcháin IOTC ar an eolas ansin.
  • Tá cosc ar shoithí iascaireachta AE athlastálacha iasc a fháil de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I ó shoithí gan stát* nó ó na cinn a bhfuil bratach tíre nach páirtí comhoibritheach iad ar foluain acu. Cuireann tíortha AE torthaí cigireachta ar bith maidir le soithí gan stát agus beart ar bith a rinne siad faoin dlí idirnáisiúnta chuig an gCoimisiún.

BEARTA RIALAITHE AGUS CIGIREACHTA A BHAINEANN LE CRIOS 3

Ní mór do gach tír AE go n–urramóidh gach soitheach bhfuil a bratach ar foluain aige bearta an Choimisiúin Idir-Mheiriceánaigh um Thuinníní Teochreasacha atá cuimsithe i ndlí AE agus bearta ábhartha an Chláir Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 23 Deireadh Fómhair 2001.

CÚLRA

Glacann AE páirt in eagraíochtaí réigiúnacha iascaigh (ERIanna) trínar féidir comhoibriú a dhéanamh maidir le caomhnú agus bainistíocht stoc iasc mórimireach. Mar pháirtí conarthach, ceanglaítear air na bearta rialaithe agus monatóireachta a bhí mar thoradh ar na moltaí arna nglacadh ag na ERIanna sin a chur i bhfeidhm.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (Coinbhinsiún ICCAT): leis an gcoinbhinsiún seo bunaíodh an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT). Tá a mholtaí maidir le caomhnú agus bainistiú i limistéir an choinbhinsiúin ceangailteach ar na páirtithe conarthacha.
Coimisiún Tuinníní an Aigéin Indiaigh: oibríonn an Coimisiún seo chun an comhar idirnáisiúnta a neartú chun tuinníní agus speicis ghaolmhara san Aigéan Indiach agus i limistéir in aice láimhe a chaomhnú agus a úsáid go réasúnach. Glacann sé moltaí atá ceangailteach ar na páirtithe conarthacha.
Ramhrú: tógadh tuinníní aonair i gcásanna lena meáchan nó lena gcion saille a mhéadú chun iad a chur ar an margadh.
Spiléireacht: modh iascaireachta tráchtála lena n–úsáidtear línte fada agus duáin bhaoiteáilte a bhíonn ceangailte ag eatraimh mar threalamh iascaireachta.
Athlastálacha: aistriú gabhála ó bhád iascaireachta níos lú go ceann níos mó a chuireann isteach i mbaisc níos mó ansin é lena loingsiú.
Soithí gan stát: soithí a bhfuil forais réasúnta ina leith lena cheapadh nach bhfuil náisiúntachta acu.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2001 ina leagtar síos bearta rialaithe is infheidhme d’iascaireacht stoc áirithe d’éisc mhórimirceacha (IO L 263, 3.10.2001, lgh. 1-8)

Rinneadh leasuithe ar Rialachán (CE) 1936/2001 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le creat Aontais a bhunú maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta a mhéid a bhaineann leis an gcomhbheartas iascaigh agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (IO L 157, 20.6.2017, lgh. 1-21)

Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008 agus (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lgh. 1-50)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1093/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lgh. 1-32)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle an 8 Aibreán 2003 lena dtugtar isteach córas le haghaidh faireachán staidrimh a dhéanamh ar thrádáil i dtuinníní gorma, i gcolgán agus i dtuinníní mórshúileacha laistigh den Chomhphobal (IO L 295, 13.11.2003, lgh. 1-42)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 14.12.2018

Top