Επιλέξτε τις πειραματικές λειτουργίες που θέλετε να δοκιμάσετε

Το έγγραφο αυτό έχει ληφθεί από τον ιστότοπο EUR-Lex

Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha

Νομικό καθεστώς του εγγράφου Η σύνοψη έχει αρχειοθετηθεί και δεν επικαιροποιείται. Για επικαιροποιημένες πληροφορίες σχετικά με το συγκεκριμένο θέμα, βλ. 'A Eoraip Dhomhanda — an Ionstraim AE um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta' .

Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 lena mbunaítear Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar síos leis na rialacha le haghaidh Chiste Ráthaíochta AE do ghníomhaíochtaí seachtracha.
  • Féachtar leis an gciste buiséad AE a chosaint ar na rioscaí buiséadacha a bhaineann le hiasachtaí, agus le ráthaíochtaí ina gcumhdaítear iasachtaí, a thugtar do thíortha neamh-AE nó a thugtar amach i gcomhair tionscadal a chuirtear i bhfeidhm sna tíortha sin.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Mar thoradh ar iasachtaí le tíortha neamh-AE agus ar ráthaíochtaí ina gcumhdaítear iasachtaí chun oibríochtaí infheistíochta sna tíortha sin a mhaoiniú, tá AE neamhchosanta ar rioscaí suntasacha airgeadais.
  • Tugtar tuairisc sa rialachán seo ar an dóigh a bhfeidhmítear Ciste Ráthaíochta AE agus leagtar síos leis an nós imeachta maidir lena dheonú agus na rialacha maidir lena bhainistíocht.

Misean

Is é misean atá leis an gCiste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha creidiúnaithe AE a íoc i gcás loiceadh an tairbhí maidir leis an méid seo a leanas:

Thairis sin, ní féidir a chumhdach sa chiste ach na hiasachtaí agus na ráthaíochtaí a dhéantar ar mhaithe le tír neamh-AE nó chun tionscadail i dtír neamh-AE a mhaoiniú.

Bainistíocht agus deontas airgeadais

Cuireann an Coimisiún Eorpach bainistíocht airgeadais an chiste faoi chúram BEI faoi shainordú ó AE. Deonaítear an ciste leis an méid seo a leanas:

  • an fhéidearthacht go dtabharfaí íocaíocht bhliantúil ó bhuiséad AE (más gá);
  • ús ar acmhainní infheistithe an chiste;
  • na suimeanna a fhaightear ó fhéichiúnaithe mainneachtana.

Leasaíodh an rialachán le Rialachán (AE) 2018/409 lena cuireadh an cheathrú foinse cistí: ioncam préimhe riosca* a ghintear faoi oibríochtaí maoiniúcháin BEI a dtugann AE ráthaíocht ina leith a bhfuil luach saothair ag dul léi.

Spriocmhéid agus aistriú bliantúil

  • Is é atá i gceist leis an spriocmhéid méid na n–acmhainní a theastaíonn i gcomhair an chiste chun a mhisean a chomhlíonadh. Socraítear spriocmhéid an chiste ag 9 % d’iomlán dhliteanais chaipitiúla AE gan íoc* a thagann as gach oibríocht iasachta nó ráthaíochta, agus a mhéadaíonn mar gheall ar ús atá dlite agus nár íocadh.
  • Tugadh isteach leasú le Rialachán (AE) 2018/409 trína gcaithfear an barrachas a íoc ar ais i mbuiséad ginearálta AE má bhíonn an ciste níos mó ná 10 % d’iomlán dhliteanais chaipitiúla AE gan íoc. Déantar amhlaidh chun cosaint níos fearr a thabhairt do bhuiséad ginearálta AE ar an riosca breise a d’fhéadfadh a bheith i gceist maidir le mainneachtain oibríochtaí maoiniúcháin BEI lena dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna fadtéarmacha aistrithe.
  • Ríomhtar an méid airgid a aistrítear go bliantúil ó bhuiséad AE chuig an gciste trí bhíthin an spriocmhéid a chur i bhfeidhm maidir le méid na n–iasachtaí gan íoc arna gcéadú agus arna ráthú. Déantar an difríocht idir spriocmhéid shócmhainní an chiste agus a bhfíorluach a íoc isteach sa chiste ó bhuiséad ginearálta AE, nó ón gciste le buiséad AE i gcás go mbeadh barrachas sa chiste.
  • Ríomhtar an méid soláthair* ag tús na bliana airgeadais “n” bunaithe ar na hiasachtaí arna gceadú agus arna ráthú le linn na bliana airgeadais roimhe sin (“n – 1”). Cuirtear an méid a ríomhtar dá réir sin i mbuiséad na bliana n + 1. Bíonn moill thart ar 2 bhliain ann, dá bhrí sin, ón uair a bhíonn na méideanna le híoc go dtí an uair a dhéantar soláthar don chiste go hiarbhír.

Tuairisciú

Oibleagáidí an Choimisiúin:

  • faoin 30 Meitheamh 2019 ní mór dó meastóireacht sheachtrach a chur i láthair maidir leis na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le bainistíocht airgeadais shócmhainní an chiste agus an Chiste Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe a chur de chúram an Choimisiúin, BEI nó na beirte acu le chéile;
  • gach bliain, ní mór dó tuarascáil a chur i láthair maidir le staid airgeadais an chiste agus faisnéis maidir le feidhmiú an chiste ag deireadh na bliana féilire roimhe sin, lena n–áirítear faisnéis mhionsonraithe maidir le caipiteal gan íoc na n–iasachtaí ráthaithe nó sócmhainní an chiste le linn na bliana féilire roimhe sin, chomh maith leis na conclúidí agus na ceachtanna a foghlaimíodh. Ba chóir go n–áireofaí leis sin faisnéis maidir le bainistíocht airgeadais agus feidhmíocht agus riosca an chiste ag deireadh na bliana féilire roimhe sin. Ó 2019 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, ní mór measúnú a chuimsiú sa tuarascáil maidir le leorgacht na sprice 9 % agus na tairsí 10 % don chiste.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 i bhfeidhm ón 30 Meitheamh 2009.

Tá Rialachán leasaitheach (AE) 2018/409 i bhfeidhm ón 8 Aibreán 2018.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Ioncam préimhe riosca: is éard is préimh riosca ann fáltas ar bith a fhaigheann infheisteoir atá os cionn an ráta mheasta saor ó riosca (i.e. an ráta fáltais ar infheistíocht atá saor ó riosca go teoiriciúil amhail banna rialtais). Mar shampla, más ionann an ráta measta ar infheistíocht agus 12 % agus más ionann an ráta saor ó riosca agus 2 %, is ionann an ráta préimhe agus 10 %.
Dliteanais chaipitiúla gan íoc: caipiteal a tugadh ar iasacht ach nár aisíocadh.
Méid soláthair: méid a chuirtear ar leataobh chun dliteanais amach anseo a chlúdach.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 lena mbunaítear Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha (Leagan códaithe) (IO L 145, 10.6.2009, lgh. 10-14)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉAD GAOLMHAR

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an gCiste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha agus a bhainistíocht in 2015 (COM(2016) 439 críochnaitheach, 5.7.2016)

Nuashonraithe 25.10.2019

Επάνω