Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Faisnéis chomhshaoil — rannpháirtíocht phoiblí agus rochtain ar cheartas (Coinbhinsiún Aarhus)

Faisnéis chomhshaoil — rannpháirtíocht phoiblí agus rochtain ar cheartas (Coinbhinsiún Aarhus)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh 1367/2006 maidir le cur chun feidhme fhorálacha Choinbhinsiún Aarhus

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Ceanglaítear leis ar institiúidí agus comhlachtaí éagsúla an Aontais Eorpaigh (AE) na hoibleagáidí atá i gCoinbhinsiún Aarhus a chur chun feidhme (féach an achoimre). Leis an gCoinbhinsiún tugtar an ceart don phobal:

  • chun rochtain a fháil ar fhaisnéis chomhshaoil;
  • chun páirt a ghlacadh i gcinnteoireacht;
  • chun rochtain a fháil ar cheartas maidir le saincheisteanna comhshaoil.

PRÍOMHPHOINTÍ

Rochtain ar fhaisnéis chomhshaoil

Ní mór d’institiúidí agus comhlachtaí AE:

  • rochtain phoiblí faoi fhaisnéis chomhshaoil atá ina seilbh a ráthú, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa rialachán;
  • a áirithiú go gcuirfear an fhaisnéis chomhshaoil ar fáil diaidh ar ndiaidh agus go scaipfear ar an bpobal í;
  • an fhaisnéis a eagrú i mbunachair shonraí a mbeidh fáil éasca ag an bpobal orthu;
  • an fhaisnéis a thabhairt cothrom le dáta mar is cuí agus a áirithiú go bhfuil sí beacht agus inchomparáide;
  • freagra a thabhairt ar aon iarratais ar fhaisnéis chomhshaoil laistigh de 15 lá oibre.

Ní mór an méid seo a leanas a bheith i mbunachair shonraícláir chomhshaoil:

  • téacsanna de chonarthaí, coinbhinsiúin nó comhaontuithe, beartais, pleananna agus cláir idirnáisiúnta;
  • tuarascálacha ar dhul chun cinn an mhéid thuas a chur chun feidhme;
  • bearta a rinneadh in imeachtaí do sháruithe ar dhlí AE;
  • tuarascáil ar staid an chomhshaoil;
  • sonraí monatóireachta ar ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar an gcomhshaol;
  • údaruithe a tugadh a d’fhéadfadh dul i gcion ar an gcomhshaol;
  • staidéar tionchair timpeallachta agus measúnuithe riosca.

Ní féidir iarratais ar fhaisnéis a dhiúltú ach i gcúinsí sonracha, amhail imeachtaí dlíthiúla leanúnacha nó sa chás go bhféadfaidís dochar a dhéanamh don chomhshaol trí, mar shampla, láithreáin phóraithe speiceas neamhchoitianta a nochtadh.

Rannpháirtíocht phoiblí sa phróiseas cinnteoireachta faoi chúrsaí comhshaoil

Ní mór d’institiúidí agus do chomhlachtaí AE deiseanna luatha agus éifeachtacha a sholáthar don phobal maidir le páirt a ghlacadh i gcinnteoireacht maidir le pleananna nó cláir chomhshaoil. I gcás go n–ullmhóidh an Coimisiún Eorpach plean nó clár lena chur faoi bhráid comhlachtaí AE lena chinneadh, ní mór dó soláthar a dhéanamh do rannpháirtíocht phoiblí ag an gcéim ullmhúcháin sin.

Ní mór d’institiúidí agus do chomhlachtaí AE an pobal ar dócha go rachaidh plean nó clár i gcion orthu a shainaithint agus a áirithiú go gcuirfear an méid seo a leanas in iúl dóibh:

  • an dréacht–togra;
  • faisnéis ábhartha chomhshaoil;
  • socruithe praiticiúla maidir le rannpháirtíocht phoiblí, lena n–áirítear:
    • nuair is féidir tuilleadh faisnéise a fháil,
    • cé chuige ar féidir barúlacha, tuairimí nó ceisteanna a chur isteach,
    • achair ama réasúnta chun deis a thabhairt don phobal ullmhú agus bheith rannpháirteach go héifeachtach sa phróiseas cinnteoireachta.

Socraítear teorainn ama 8 seachtaine ar a laghad chun tuairimí a fháil, agus fógra 4 seachtaine ar a laghad maidir le haon chruinnithe nó éisteachtaí.

Ní mór d’institiúidí agus do chomhlachtaí AE aird chuí a thabhairt ar thoradh na rannpháirtíochta poiblí agus an pobal a chur ar an eolas faoi aon chinntí agus faoin mbonn ar a ndearnadh iad, lena n–áirítear faisnéis faoi rannpháirtíocht phoiblí.

Athbhreithniú inmheánach agus rochtain ar cheartas

Tá daoine den phobal, faoi choinníollacha áirithe, i dteideal iarratas ar athbhreithniú inmheánach a chur faoi bhráid na hinstitiúide nó an chomhlachta de chuid AE a ghlac gníomh riaracháin nó, i gcás neamhghnímh, ar cheart go mbeadh gníomh den sórt sin glactha acu, ar an bhforas go sáraítear leis an ngníomh nó an neamhghníomh sin an dlí um chomhshaol.

Féadfaidh eagraíocht neamhrialtasach (ENR) iarratas a dhéanamh sna cásanna seo a leanas:

  • más duine dlítheanach neamhspleách neamhbhrabúsach í i gcomhréir le dlí nó cleachtas náisiúnta Bhallstát AE;
  • más é a príomhchuspóir sonraithe cosaint an chomhshaoil a chur chun cinn i gcomhthéacs an dlí um chomhshaol;
  • go bhfuil sí ar an bhfód ar feadh 2 bhliain ar a laghad;
  • go bhfuil an t–ábhar lena mbaineann clúdaithe faoina cuspóir agus faoina gníomhaíochtaí.

Féadfaidh daoine eile den phobal iarratas ar athbhreithniú inmheánach a dhéanamh freisin, más féidir leo:

  • a léiriú go bhfuil tionchar díreach ag sárú líomhnaithe ar dhlí AE um chomhshaol ar a gcearta i gcomparáid leis an bpobal i gcoitinne; nó
  • leas poiblí leordhóthanach a léiriú, le tacaíocht ó 4,000 duine den phobal ar a laghad ó chúig Bhallstát ar a laghad, agus 250 duine den phobal ar a laghad as gach Ballstát.

Ní mór do ENR comhshaoil, a chomhlíonann na critéir atá leagtha amach thuas, nó dlíodóir atá údaraithe chun cleachtadh i mBallstát AE na hiarratais a chur isteach.

Ní mór iarratais den sórt sin a dhéanamh laistigh de 8 seachtaine i ndiaidh an gníomh riaracháin a ghlacadh, a fhógairt nó a fhoilsiú, cibé acu is déanaí.

Ní mór d’institiúidí agus do chomhlachtaí AE gach iarratas ar athbhreithniú inmheánach a fhoilsiú a luaithe is féidir i ndiaidh iad a fháil, mar aon le gach cinneadh deiridh maidir leis na hiarratais sin a luaithe is féidir i ndiaidh iad a ghlacadh.

Ní mór don institiúid nó don chomhlacht AE gníomhú laistigh de 22 seachtain ó dháta éagtha an spriocdháta 8 seachtaine chun iarratas a chur isteach. I gcás nach ngníomhaíonn institiúid nó comhlacht AE maidir le hiarratas ar athbhreithniú inmheánach, nó i gcás go ndiúltaítear iarratas, féadfaidh an ENR nó daoine eile den phobal imeachtaí a thionscnamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 28 Meitheamh 2007. Tá rialacha leasaithe áirithe, maidir le rochtain ar cheartas go príomha, i bhfeidhm ón 28 Deireadh Fómhair 2021. Beidh feidhm ag na rialacha lena dtugtar rochtain do dhaoine eile den phobal — chomh maith le ENRanna comhshaoil — ón 29 Aibreán 2023.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus ar chomhlachtaí Comhphobail (IO L 264, 25.9.2006, lgh. 13–19).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh (AE) 2023/748 ón gCoimisiún an 11 Aibreán 2023 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarrataí ar athbhreithniú inmheánach ar ghníomhartha nó neamhghníomhartha riaracháin (IO L 99, 12.4.2023, lgh. 23–27).

Rialachán 2003/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 lena bhforáiltear do rannpháirtíocht phoiblí maidir le pleananna agus cláir áirithe a bhaineann leis an gcomhshaol a dhréachtú agus lena leasaítear i ndáil le rannpháirtíocht phoiblí agus rochtain ar cheartas Treoir 85/337/CEE agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 156, 25.6.2003, lgh. 17–25).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2003/4/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain ag an bpobal ar fhaisnéis chomhshaoil agus lena n–aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lgh. 26–32).

Nuashonraithe 22.06.2023

Top