Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cosaint screamhuisce i gcoinne truaillithe

Cosaint screamhuisce i gcoinne truaillithe

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2006/118/CE maidir le cosaint screamhuisce i gcoinne truaillithe agus meathlaithe (An Treoir maidir le Screamhuisce)

CAD É IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Ceapadh í chun truailliú screamhuisce san Aontas Eorpach (AE) a chosc agus a chomhrac.
  • Áirítear inti nósanna imeachta maidir le measúnú a dhéanamh ar stádas ceimiceach screamhuisce agus bearta chun leibhéil truailleán a laghdú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Áirítear sa treoir:

  • critéir maidir le measúnú a dhéanamh ar stádas ceimiceach screamhuisce;
  • critéir maidir le treochtaí suntasacha agus leanúnacha in airde i leibhéil truaillithe screamhuisce a shainaithint, agus pointí tosaigh a shainiú chun na treochtaí sin a athrú;
  • scaoileadh indíreach truailleán i screamhuisce a chosc agus a theorannú (i ndiaidh síothlú trí ithir nó thrí fho-ithir).

Stádas ceimiceach screamhuisce

Meastar go bhfuil dea-stádas ceimiceach ag screamhuisce:

  • nuair nach sáraíonn na leibhéil níotráite tomhaiste nó tuartha 50 mg/l, agus nuair nach sáraíonn leibhéil níotráite tomhaiste nó tuartha comhábhar gníomhach lotnaidicídí, a meitibilít agus a dtáirgí imoibrithe 0.1 µg/l (0.5 µg/l san iomlán do gach lotnaidicíd a thomhaistear);
  • nuair atá leibhéil substaintí ard-riosca áirithe faoi bhun na luachanna tairsí arna socrú ag tíortha AE; ar a laghad ar bith, ní mór go gcuimseodh sé sin arsanaic, caidmiam, luaidhe, mearcair, amóiniam, clóiríd, sulfáit, nítrít, fosfar (iomlán)/ fosfáití, tríchlóireitiléin agus teitreaclóireitéin, chomh maith le seoltacht (le seoltacht leictreach an uisce is féidir tiúchain na mianraí éagsúla a tuaslagadh ann a thomhas);
  • nuair a chloíonn tiúchan truailleán ar bith eile le sainiú dea-stádais cheimicigh arna leagan amach in Iarscríbhinn V leis an gCreat-treoir Uisce;
  • nuair a dhearbhaítear le himscrúdú, má sháraítear luach atá socraithe mar chaighdeán cáilíochta nó luach tairsí, i measc nithe eile, nach bhfuil riosca suntasach comhshaoil ag gabháil leis sin.

Láithreacht truailleán i screamhuisce

  • Faoin 22 Nollaig 2008, bhí ar thíortha AE luach tairsí a shocrú do gach truailleán a sainaithníodh i gceann ar bith de na dobharlaigh screamhuisce laistigh dá gcrích ar measadh go riosca ag gabháil leis. Mar íosmhéid, bhí orthu luachanna tairsí a shocrú don liosta truailleán atá léirithe thuas. I gcás gach truailleán ar an liosta, ní mór faisnéis (faoi mar a shainítear in Iarscríbhinn III leis an treoir seo) a sholáthar maidir leis na dobharlaigh screamhuisce a léirítear mar chinn a bhfuil riosca ag gabháil leo, chomh maith leis an dóigh a socraíodh na luachanna tairsí. Ní mór na luachanna tairsí sin a chuimsiú sna Pleananna Bainistíochta Ceantair Abhantraí dá bhforáiltear faoin gCreat-treoir Uisce. In 2010, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach tuarascáil bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir tíortha AE ar fáil.
  • Ní mór do thíortha AE treocht shuntasach agus leanúnach in airde ar bith sna leibhéil truailleán a fhaightear i ndobharlaigh screamhuisce a shainaithint. Chun é sin a dhéanamh, ní mór dóibh clár monatóireachta a bhunú i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an treoir seo.
  • Agus Iarscríbhinn IV leis an treoir á cur san áireamh, ní mór do thíortha AE pointe tosaigh a shainiú chomh maith chun na treochtaí in airde sin a athrú. Beidh na hathruithe ar na treochtaí dírithe ar thiúchain lena gcuirtear i mbaol éiceachórais uisceacha ghaolmhara, éiceachórais talún spleácha, sláinte an duine nó úsáidí dlisteanacha as an timpeallacht uisce.

Scaoileadh truailleán a chosc agus a theorannú

  • Ní mór go gcuimseofaí sa chlár um bearta a dhréachtófar do gach ceantar abhantraí faoin gCreat-treoir Uisce cosc a chur ar scaoileadh indíreach na dtruailleán uile, go háirithe na substaintí guaiseacha a luaitear i bPointí 1 go 6 d’Iarscríbhinn VIII leis an gCreat-treoir Uisce, chomh maith leis na substaintí a luaitear i bPointí 7 go 9 den Iarscríbhinn, nuair a mheastar go bhfuil siad guaiseach. Ina theannta sin, ní mór truailleáin nach bhfuil liostaithe mar thruailleáin ghuaiseacha a theorannú má tá fíor-riosca nó riosca féideartha truaillithe ag gabháil leo.
  • Ach amháin i gcásanna ina mbunaítear ceanglais níos doichte le reachtaíocht AE eile, d’fhéadfadh sé nach gcuirfí san áireamh sna bearta coisctheacha, i measc nithe eile, torthaí maidir le scaoileadh díreach údaraithe, truailleáin a bhfuil a méideanna chomh beag sin nach mbíonn riosca ar bith ag gabháil leo, torthaí tionóiscí nó tubaistí nádúrtha, nó truailleáin a thagann as scaoileadh a measann na húdaráis inniúla, ar chúiseanna teicniúla, nach bhféadfaí iad a chosc nó a theorannú gan dul i muinín beart lena méadófaí an riosca do shláinte an duine nó don chomhshaol nó dul i muinín beart a bheadh díréireach ó thaobh costas.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 16 Eanáir 2007. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 16 Eanáir 2009.

CÚLRA

  • Sonraíodh sa Chreat-treoir Uisce, a glacadh i nDeireadh Fómhair 2000, go nglacfaí bearta chun truailliú screamhuisce a chosc agus a rialú. Tá na bearta sin leagtha amach i dtreoir 2006/118/CE, agus is é sin an fáth a dtugtar an “macthreoir” leis an gCreat-treoir uirthi. Ina theannta sin, in 2013, rinneadh Treoir 80/68/CEE maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú de bharr substaintí contúirteacha áirithe a aisghairm leis an gCreat-treoir Uisce. Tá an treoir seo ceaptha chun screamhuisce a chosaint agus chun an bhearna reachtach in aisghairm Threoir 80/68/CEE a dhúnadh.
  • Tugtar tús áite do chosaint screamhuisce i mbeartas comhshaoil AE ar roinnt cúiseanna:
    • a luaithe is a éillítear é, bíonn sé níos deacra screamhuisce a ghlanadh ná mar a bhíonn sé uisce dromchla a ghlanadh agus is féidir leis na hiarmhairtí maireachtáil ar feadh blianta;
    • toisc go mbaintear úsáid go minic as screamhuisce chun uisce óil a astarraingt, le haghaidh tionsclaíochta agus talmhaíochta, is féidir le truailliú screamhuisce sláinte an duine a chur i gcontúirt agus bagairt a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí sin;
    • cuireann screamhuisce an bonnsreabh ar fáil do lear mór aibhneacha (is féidir leis suas le 90% den sreabhadh a chur ar fáil i roinnt sruthchúrsaí) agus mar sin is féidir leis dul i gcion ar cháilíocht na gcóras uisce dromchla;
    • feidhmíonn sé mar mhaolán chomh maith trí thréimhsí tirime, agus tá sé riachtanach chun bogaigh a choimeád.
  • Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le cosaint screamhuisce i gcoinne truaillithe agus meathlaithe (IO L 372, 27.12.2006, lgh. 19-31).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2006/118/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉAD GAOLMHAR

Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat i gcomhair gnímh ag an gComhphobal sa réimse a bhaineann le beartas uisce (IO L 327, 22.12.2000, lgh. 1-73)

Féach an leagan comhdhlúite

Nuashonraithe 01.03.2017

Top