Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Bunaítear leis buncheanglais árachais le haghaidh aeriompróirí agus oibreoirí aerárthaí maidir le paisinéirí, le bagáiste, le lasta agus le tríú páirtithe.
PRÍOMHPHOINTÍ
Raon feidhme
Baineann an rialachán seo gach aeriompróir agus gach oibreoir aerárthaigh a eitlíonn laistigh de chríoch de chuid thír an Aontais Eorpaigh, isteach ann, amach as nó os a chionn. Ní mór d’aeriompróirí agus d’oibreoirí aerárthaí árachas a bheith acu, go háirithe maidir le:
paisinéirí;
bagáiste;
lasta agus tríú páirtithe;
rioscaí a bhaineann le dliteanas eitlíochta go sonrach (gníomhartha cogaidh, sceimhlitheoireacht, fuadach, gníomhartha sabaitéireachta, urghabháil neamhdhleathach aerárthaí agus clampar sibhialta san áireamh).
Níl feidhm aici maidir le:
haerárthaí stáit (aerárthaí míleata, custaim nó póilíní);
haerárthaí mionsamhlacha le huasmhais éirí de thalamh (MTOM)1 de níos lú ná 20 kg;
meaisíní eitilte coslainseála (parafhaoileoirí cumhachtaithe agus faoileoirí foluana san áireamh);
balúin ghafa;
heitleoga;
paraisiúit (paraisiúit pharaisheoltóireachta san áireamh);
haerárthaí, faoileoirí san áireamh, le MTOM de níos lú ná 500 kg, agus mioneitleáin, a úsáidtear chun críocha neamhthráchtála nó le haghaidh treoir eitilte áitiúla nach mbíonn trasnú teorann idirnáisiúnta i gceist léi (ó thaobh na n–oibleagáidí árachais faoin rialachán seo a bhaineann le rioscaí cogaidh agus sceimhlitheoireachta).
Comhlíonadh
Ní mór d’aeriompróirí agus, nuair is gá, d’oibreoirí aerárthaigh, a thaispeáint go gcloíonn siad leis an rialachán trí dheimhniú árachais, nó fianaise éigin eile d’árachas bailí, a chur ar fáil do na húdaráis inniúla sa tír AE lena mbaineann2.
Árachas maidir le dliteanas i gcás paisinéirí, bagáiste agus lasta
Maidir le dliteanas i gcás paisinéirí, is é an cumhdach árachais íosta 250 000 ceart speisialta tarraingthe (CST)3 in aghaidh an phaisinéara. Igcás gnóthaí neamhthráchtála ag aerárthaí le MTOM de 2 700 kg nó níos lú, áfach, féadfaidh tíortha AE leibhéal níos ísle fós den chumhdach árachais sin a leagadh síos, ach gan é a bheith níos ísle ná 100 000 CST an paisinéir.
Maidir le dliteanas i gcás bagáiste, ní foláir go mbeidh 1,288 CST i gceist le cumhdach árachais íosta in aghaidh an phaisinéara i ngnóthaí tráchtála (Rialachán Tarmligthe (AE) 11182020/1118).
Maidir le dliteanas i gcás lasta, ní foláir go mbeidh 22 CST i gceist in aghaidh an chiliméadar i ngnóthaí tráchtála (Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1118).
Árachas maidir le dliteanas i gcás tríú páirtithe
Braitheann an cumhdach árachais íosta in aghaidh gach timpiste agus gach aerárthaigh, ar MTOM an aerárthaigh.
Forfheidhmiú agus smachtbhannaí
Ní mór do thíortha AE a áirithiú go gcloífidh aeriompróirí agus oibreoirí aerárthaigh leis an rialachán. Caithfidh na smachtbhannaí, a chuirfear i bhfeidhm maidir le sáruithe, a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Maidir le haeriompróirí AE, d’fhéadfaí aistarraingt an cheadúnais oibríochta a bheith i gceist leis sna smachtbhannaí.
Maidir le haeriompróirí neamh–AE agus le hoibreoirí aerárthaigh a úsáideann aerárthaí a cláraíodh lasmuigh den Aontas Eorpach, d’fhéadfaí diúltú do chead tuirlingthe ar chríocha thír AE a bheith i gceist leis na smachtbhannaí.
Mura bhfuil tír éigin AE sásta go gcomhlíontar na coinníollacha, ní mór di cosc a chur ar an aerárthach éirí de thalamh go dtí go gcuirtear fianaise ar fáil ag an aerárthach nó ag an oibreoir aerárthaí go bhfuil dóthain chumhdach árachais acu.
Chun boilsciú a chur san áireamh, rinneadh na teorainneacha cúitimh i Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 a athbhreithniú le Rialachán (AE) Uimh. 285/2010.
Uasmhais éirí de thalamh: comhfhreagraíonn sé seo do mhéid deimhnithe a bhaineann go sonrach le gach cineál aerárthaigh mar a shonraítear i ndeimhniú aeracmhainneachta an aerárthaigh.
Tír AE lena mbaineann: an tír AE a dheonaigh an ceadúnas oibríochta don oibreoir aerárthaigh de chuid AE nó i gcás go bhfuil aerárthach an oibreora aerárthaigh cláraithe. Le haghaidh aeriompróirí agus oibreoirí aerárthaigh neamh–AE a úsáideann aerárthaí atá cláraithe lasmuigh de AE, ciallaíonn sé an tír AE a n–eitlítear na heitleáin chuici agus uaithi.
Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le ceanglais árachais le haghaidh aeriompróirí agus oibreoirí aerárthaigh (IO L 138, , lgh. 1-6)
Rinneadh leasuithe agus ceartúcháin chomhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n–aisghairtear Treoir 94/56/CE (IO L 295, , lgh. 35-50)
Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (athmhúnlú) (IO L 293, , lgh. 3-20)
Rialachán (CE) Uimh. 889/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 ón gComhairle maidir le dliteanas aeriompróirí i gcás timpistí (IO L 140, , lgh. 2-5)
Cinneadh 2001/539/CE ón gComhairle an maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le hAontú Rialacha Áirithe i dtaca le hIompar Idirnáisiúnta d’Aer (Coinbhinsiún Montreal) ag an gComhphobal Eorpach (IO L 194, , lch. 38)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Ceanglais árachais le haghaidh oibreoirí aerárthaigh in AE — Tuarascáil maidir le hoibriú Rialachán 785/2004 (COM(2008) 216 críochnaitheach an )