Dieses Dokument ist ein Auszug aus dem EUR-Lex-Portal.
Modernising vocational education and training in Europe
Gairmoideachas agus gairmoiliúint san Eoraip a nuachóiriú
Gairmoideachas agus gairmoiliúint san Eoraip a nuachóiriú
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Spreagadh nua don chomhar Eorpach sa Ghairmoideachas agus Gairmoiliúint chun tacú leis an straitéis Eoraip 2020 (COM(2010) 296 final an 9.6.2010)
Tá sé mar aidhm ag an Aontas Eorpach (AE) gairmoideachas agus gairmoiliúint a nuachóiriú chun cur lena mealltacht agus lena ról sa chlár oibre foriomlán AE i leith fáis agus fostaíochta.
Moladh sa teachtaireacht gur cheart an comhar gairmoideachais agus gairmoiliúna ar fud AE a athsheoladh toisc go gcuireann sé le cuspóirí na straitéise Eoraip 2020 agus leis an gCreat Straitéiseach um Oideachas agus Oiliúint.
Tugtar achoimre sa teachtaireacht ar phríomhthosaíochtaí gairmoideachais agus gairmoiliúna an chreata straitéisigh.
Foghlaim ar feadh an tsaoil*
Aibhsítear sa teachtaireacht freisin gur gá soghluaisteacht thrasnáisiúnta a chur ar bun go práinneach i ngairmoideachas agus gairmoiliúint.
Gairmoideachas agus gairmoiliúint a fheabhsú
Cabhraíonn gairmoideachas agus gairmoiliúint le heisiamh sóisialta a chomhrac agus cuireann siad an fás cuimsitheach chun cinn. D’fhéadfadh foghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste leas níos mó a bhaint as foghlaim obairbhunaithe lasmuigh den seomra ranga atá ábhartha do mhargadh an tsaothair.
Iarrtar sa teachtaireacht freisin ar chruthaitheacht agus fiontraíocht a fheabhsú.
Forbairtí ina dhiaidh sin
Seoladh tuarascáil monatóireachta ag an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) in 2015 maidir leis an dul chun cinn a rinneadh sa tréimhse 2010-2014 i ngairmoideachas agus gairmoiliúint.
Sonraítear sa tuarascáil go raibh athchóirithe curtha i gcrích i ngairmoideachas agus gairmoiliúint ag dhá thrian de na tíortha AE, go háirithe maidir le príomhinniúlachtaí agus le foghlaim obairbhunaithe, agus go raibh idirghníomhaíocht níos láidre ann idir soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna agus páirtithe leasmhara fostaíochta.
Ní mór níos mó dul chun cinn a dhéanamh i réimsí áirithe, áfach, amhail:
In 2015, dhréachtaigh Airí AE Conclúidí Ríge. Moltar tosaíochtaí meántéarmacha nua don ghairmoideachas agus gairmoiliúint sna conclúidí sin, lena náirítear:
Aibhsíodh a thábhachtaí is atá an gairmoideachas agus gairmoiliúint freisin i dteachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach “Athsmaoineamh a Dhéanamh ar an Oideachas” agus sa mholadh 2013 ón gComhairle “Ráthaíocht don Aos Óg” .
Is cuid lárnach de Phróiseas Chóbanhávan 2002 an teachtaireacht, próiseas a bhfuil mar aidhm aige feidhmíocht, caighdeán agus tarraingteacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a fheabhsú in AE. Tugadh Communiqué Bruges isteach ina dhiaidh sin in 2010, agus sonraíodh roinnt tograí gearrthéarmacha ann le haghaidh an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna.
* Foghlaim ar feadh an tsaoil: foghlaim ar feadh shaol an duine chun scileanna, cumais, eolas agus cáilíochtaí a fheabhsú.
* Foghlaim neamhfhoirmiúil: foghlaim i suíomhanna “neamhfhoirmiúla” (amhail i gclubanna spóirt nó i gclubanna ógra) i gcodarsnacht le foghlaim “fhoirmiúil” (scoil, ollscoil, srl.).
Nuashonraithe 14.10.2015