EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sláinte agus sábháilteacht oibrithe: coinníollacha is infheidhme maidir leis an láthair oibre

Sláinte agus sábháilteacht oibrithe: coinníollacha is infheidhme maidir leis an láthair oibre

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 89/654/CEE — íoscheanglais sábháilteachta agus sláinte sa láthair oibre

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar síos inti na híoscheanglais lena bhfuil sé mar aidhm sláinte agus sábháilteacht oibrithe ar an láthair oibre* a chosaint.

Forlíontar léi forálacha ginearálta Threoir 89/391/CEE maidir le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta ag an obair.

PRÍOMHPHOINTÍ

Níl feidhm ag an treoir maidir leis na nithe a leanas:

  • an modh iompair a úsáidtear lasmuigh den chuideachta nó láithreacha oibre atá suite laistigh den mhodh iompair;
  • láithreáin oibre shealadacha nó shoghluaiste;
  • tionscail eastóscacha;
  • báid iascaireachta;
  • páirceanna, coillte agus talamh eile atá suite ar leataobh ó na foirgnimh cuideachta talamhaíochta nó foraoiseachta.

Oibleagáidí fostóirí

Déantar foráil i leith na n-íoscheanglas sláinte agus sábháilteachta is infheidhme in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an treoir le haghaidh cásanna inar úsáideadh na láithreacha oibre den chéad uair i ndiaidh an 31 Nollaig 1992 nó i gcás go ndearnadh na suíomhanna sin a athchóiriú i ndiaidh an dáta sin. B’éigean na ceanglais atá leagtha síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an treoir a chomhlíonadh maidir le láithreacha oibre a úsáideadh roimh an 1 Eanáir 1993.

Lena chois sin, ní mór don fhostóir an méid seo a leanas a áirithiú:

  • nach gcuirfear aon bhac ar na bealaí éalaithe agus gur féidir iad a úsáid i gcónaí;
  • dea-chothabháil theicniúil ar an láthair oibre, ar an trealamh agus ar na gléasanna, agus gnéithe lochtacha a bhféadfadh riosca a bheith ag baint leo a cheartú go tapa;
  • dálaí sásúla sláinteachais;
  • cothabháil agus seiceálacha rialta ar an trealamh sábháilteachta chun guaiseacha a chosc agus a dhíothú.

Faisnéis agus comhairliúchán oibrithe

  • Tugtar eolas d’oibrithe agus/nó dá n-ionadaithe faoi na bearta ar fad a dhéanfar chun a sláinte agus a sábháilteacht a chosaint.
  • Téitear i gcomhairle leo maidir leis na ceisteanna agus na bearta ar fad a bhaineann leis an réimse sin, i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos i dTreoir 89/391/CEE.

Tuairisciú

Gach 5 bliana, ní mór do thíortha AE tuairisc a thabhairt don Choimisiún Eorpach maidir le cur chun feidhme Threoir 89/391/CEE agus a treoracha gaolmhara, lena n-áirítear Treoir 89/654/CEE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 15 Nollaig 1989 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 31 Nollaig 1992.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Láthair oibre: na stáisiúin oibre atá lonnaithe ar áitreabh an ghnólachta ina bhfuil oibrí fostaithe, agus áit ar bith eile laistigh de limistéir an ghnólachta ar a bhfuil rochtain ag an oibrí le linn a fhostaíochta/a fostaíochta.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 89/654/CEE ón gComhairle an 30 Samhain 1989 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte sa láthair oibre (an chéad treoir aonair laistigh de réir bhrí Airteagal 16 (1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 393, 30.12.1989, lgh. 1-12)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 89/654/CEE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsúcháin ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lgh. 1-8)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 26.11.2018

Top