This document is an excerpt from the EUR-Lex website
European Consensus on Humanitarian Aid
An Comhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil
An Comhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil
Comhráiteas maidir le cuspóirí agus prionsabail um chabhair dhaonnúil AE
Tá sé mar aidhm ag cabhair dhaonnúil AE freagairt éigeandála bunaithe ar riachtanais a sholáthar chun beatha a thabhairt slán, fulaingt dhaonna a chosc agus a mhaolú i ngéarchéimeanna a tharlaíonn de bharr tubaistí de dhéanamh an duine agus tubaistí nádúrtha.
Ag teacht leis an gcomhdhearcadh, soláthraítear cabhair dhaonnúil AE trí chomhpháirtithe cur chun feidhme amhail córas na Náisiún Aontaithe, Gluaiseacht na Croise Deirge/an Chorráin Dheirg agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna)
Tá AE agus tíortha AE mar ghrúpa ar an dream is mó ar domhan a bhronnann cabhair dhaonnúil ar an bpobal idirnáisiúnta. Déanann a ngníomhartha comhlánú agus atreisiú ar a chéile agus cuirtear i bhfeidhm iad i ndlúth-chomhordú le gníomhairí idirnáisiúnta agus le gníomhairí áitiúla.
Tá cabhair dhaonnúil bunaithe ar bhunphrionsabail dhaonnúla na daonnachta1, na neodrachta2, na neamhchlaontachta3 agus an neamhspleáchais4.
Tá AE meáite freisin ar chloí le prionsabail an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta, Cearta an Duine agus Dlíthe um Dhídeanaithe.
Cé go bhféadfadh an cur i bhfeidhm a bheith éagsúil idir tíortha AE, tá sé mar aidhm ag bronntóirí AE an cleachtas bronnta a fheabhsú agus cloí leis na prionsabail agus dea-chleachtais a bhaineann le cabhair dhaonnúil, ach go háirithe i gcomhthéacs an tionscnaimh dea-bhronntóireachta daonnúla, fóram agus líonra idirnáisiúnta neamhfhoirmiúil do bhronntóirí.
Ní mór do chabhair dhaonnúil AE a bheith comhsheasmhach freisin le beartais eile, d’fhonn a áirithiú go mbeidh aistriú réidh ann i ndiaidh géarchéime agus go nglacfar cúrsaí inscne agus riachtanais éagsúla mhuintir na háite san áireamh.
Tacaíonn AE le ról comhordaithe na Náisiún Aontaithe agus cumas domhanda méadaithe freagairt do ghéarchéimeanna daonnúla.
Ní mór d’oibríochtaí um chabhair AE a bheith bunaithe orthu seo a leanas:
Ní mór cabhair dhaonnúil AE a leithroinnt go trédhearcach bunaithe ar riachtanais aitheanta agus ar leochaileacht daoine.
Leis an gcomhdhearcadh bunaítear cathain agus conas is féidir cosaint shibhialta agus, go heisceachtúil mar rogha dheiridh, sócmhainní agus acmhainní míleata a úsáid i bhfreagairt dhaonnúil.
Agus aitheantas á thabhairt aige gur freagracht choiteann é gníomh daonnúil ar leibhéal idirnáisiúnta, cuidíonn AE le hacmhainn dhomhanda chomhchoiteann a fhorbairt chun freagairt do ghéarchéimeanna, ag tacú le hathchóiriú an chórais dhaonnúil faoi stiúir na NA i gcomhar le gníomhairí agus le bronntóirí daonnúla eile.
Ina theannta sin, i bhfianaise an ghá atá anois le cabhair dhaonnúil, tá sé riachtanach dlús a chur faoi mhaoiniú agus é a éagsúlú agus tuarthacht, solúbthacht agus comhordú straitéiseach an mhaoinithe sin a mhéadú.
Ag teacht le hoibríochtaí éigeandála a thionscnaítear nuair a tharlaíonn géarchéim, geallann AE go n-oibreoidh sé i dtreo rioscaí agus leochaileacht a laghdú agus daoine a ullmhú le haghaidh tubaistí nádúrtha, ar leibhéil áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta bunaithe ar chreat gníomhaíochta Hyogo (á ionadú i Márta 2015 ag creat Sendai um laghdú rioscaí tubaistí 2015-2030).
Tacaíonn sé freisin le hathrú, gnóthú luath agus forbairt, go háirithe tríd nasc níos fearr idir fóirithint, athshlánú agus forbairt (LRRD).
Deimhnítear sa chomhdhearcadh go bhfuil buntáiste comparáideach ag AE agus breisluach ó thaobh comhlántacht a fheabhsú idir bronntóirí daonnúla AE agus bronntóirí idirnáisiúnta. Tá sé seo ann mar thoradh ar líonra saineolaithe domhanda AE, a ról ó thaobh comhtháthú beartais a áirithiú agus dea-chleachtas daonnúil a chur chun cinn, a sholúbthacht ó thaobh idirghabháil a dhéanamh i réimsí atá íogair ar bhonn polaitiúil, agus a chumas le comhordú a éascú. Tá an Coimisiún Eorpach féin tiomanta do na prionsabail agus dea-chleachtais maidir le dea-bhronntóireacht a chur i bhfeidhm ina chuid beartas agus oibríochtaí
Ghlac AE le plean gníomhaíochta le haghaidh 2008-2013 a threoraigh an comhar idir an Coimisiún agus tíortha AE bunaithe ar chur chuige d’ardchaighdeán maidir le cabhair. Rinneadh athbhreithniú ar an gcur i bhfeidhm in 2010 trí athbhreithniú meán-téarmach agus meastóireacht air trí mheastóireacht neamhspleách in 2014. Deimhníodh bailíocht an chomhdhearcaidh sa mheastóireacht agus moladh é a chur i bhfeidhm faoi chreat nua. Feidhmeoidh an plean feidhmithe a glacadh i Samhain 2015 mar a leithéid ar feadh 18 mí, ag díriú gníomhartha ar ghníomh daonnúil ar bhonn prionsabail agus ar éifeachtúlacht.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Ráiteas Comhpháirteach ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag cruinniú laistigh den Chomhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún Eorpach (IO C 25 an , lgh. 1–12).
nuashonrú is deireanaí