Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Coinbhinsiún um chaomhnú agus um bainistiú acmhainní iascaigh an Atlantaigh Thoir Theas

An Coinbhinsiún um chaomhnú agus um bainistiú acmhainní iascaigh an Atlantaigh Thoir Theas

 

ACHOIMRE AR:

An Coinbhinsiún um chaomhnú agus um bainistiú acmhainní iascaigh an Atlantaigh Thoir Theas

Cinneadh 2002/738/AE maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Choinbhinsiúin um Chaomhnú agus um Bainistiú Acmhainní Iascaigh an Atlantaigh Thoir Theas

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOINBHINSIÚN AGUS LEIS AN GCINNEADH?

  • Is é is aidhm leis an gcoinbhinsiún caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe acmhainní iascaigh agus gach acmhainne mara a áirithiú, agus an timpeallacht agus na héiceachórais mhuirí sna huiscí a chlúdaítear ann a chosaint.
  • Le Cinneadh 2002/738/CE ón gComhairle faomhtar an comhaontú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Baineann na páirtithe conarthacha* aidhmeanna an choinbhinsiúin amach trí:

  • bearta a ghlacadh, bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, le haghaidh caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe acmhainní iascaigh;
  • prionsabal an réamhchúraim a chur i bhfeidhm, lena leagtar béim ar airdeall i gcás go bhfuil faisnéis éiginnte, neamhiontaofa nó neamhleor– agus nár cheart go mbeadh easpa faisnéis eolaíoch ina chúis le moill a chur ar bheart um chaomhnú agus um bainistiú;
  • tionchar na hiascaireachta ar speicis a bhaineann leis an éiceolaíocht amhail éin mhara, céiticigh (míolta móra, deilfeanna agus muca mara), rónta agus turtair a chur san áireamh;
  • gníomhú chun speicis a bhaineann leis an éiceachóras céanna a chosaint;
  • tionchar díobhálach ar acmhainní muirí beo ina n-iomláine a íoslaghdú;
  • an bhithéagsúlacht a chosaint.

Clúdaítear sa choinbhinsiún uiscí idirnáisiúnta a shíneann siar agus ó dheas ón nGabúin ar chósta thiar na hAfraice thart go dtí bun na hAfraice Theas.

Tá an eagraíocht a chuireann an coinbhinsiún i bhfeidhm bunaithe sa Namaib. Comhoibríonn sí le hEagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, le sainghníomhaireachtaí eile agus le heagraíochtaí idir–rialtasacha. Cuimsítear na comhlachtaí seo a leanas inti.

Coimisiún. Cuimsítear ann seo ionadaí ó gach páirtí conarthach. Tagann sé le chéile go bliantúil agus de réir mar is gá chomh maith. Is é a ról:

  • riachtanais maidir le caomhnú agus bainistiú a shainaithint agus na bearta ceangailteacha is gá a chruthú;
  • gabhálacha iomlána incheadaithe a chinneadh agus stoic a choinneáil faoi athbhreithniú;
  • taighde eolaíoch a chur chun cinn agus a chomhordú agus faireachán, rialú, faireachas agus forfheidhmiú éifeachtach a chur ar bun;
  • sonraí cruinne staidrimh a thiomsú agus a scaipeadh.

Coiste um Chomhlíonadh. Soláthraíonn sé sin faisnéis, comhairle agus moltaí don Choimisiún maidir le bearta um chaomhnú agus um bainistiú a chur chun feidhme agus a chomhlíonadh.

Coiste Eolaíochta. Tugann sé sin comhairle eolaíoch agus moltaí don Choimisiún agus spreagann sé taighde eolaíoch.

Baineann na hoibleagáidí seo a leanas leis an gcoinbhinsiún.

  • Ní mór do na páirtithe conarthacha an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • sonraí leordhóthanacha cruinne agus tráthúla a bhailiú agus a sholáthar, ó leibhéil stoic agus gníomhaíochtaí iascaireachta go bearta um chaomhnú;
    • tuarascáil bhliantúil a sheoladh chuig an gCoimisiún maidir le cur chun feidhme na mbeart um chomhlíonadh, lena n–áirítear aon smachtbhannaí;
    • doiciméid, trealamh iascaireachta agus gabhálacha ar shoithí iascaireachta a úsáideann a gcalafoirt agus a gcríochfoirt amach ón gcósta a iniúchadh;
    • toirmeasc a chur ar thabhairt i dtír agus ar thrasloingiú ag longa nach páirtí sa choinbhinsiún iad agus nach bhfuil a bhearta um chaomhnú á n–urramú acu;
    • córas éifeachtach maidir le breathnóireacht, cigireacht, comhlíonadh agus forfheidhmiú a bhunú, tríd an gCoimisiún;
    • riachtanais speisialta na dtíortha i mbéal forbartha sa réigiún a chur san áireamh;
    • comhoibriú chun díospóidí a chosc — féadfar díospóidí teicniúla a atreorú chuig painéal saineolaithe ad hoc agus chuig painéil níos substaintiúla le haghaidh cinneadh ceangailteach faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige,1982 (féach an achoimre).
  • Maidir le stáit bhrataí,* ní mór dóibh:
    • a áirithiú go n–urramóidh longa a bhfuil a mbratach ar foluain acu na bearta um chaomhnú, um bainistiú agus um rialú,
    • imscrúdú a dhéanamh láithreach agus tuairisc iomlán a thabhairt ar an mbeart a rinneadh nuair a líomhnaítear go ndearnadh sárú ar na rialacha;
  • Ní mór do stáit an chalafoirt an stát brataí agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon sáruithe líomhnaithe.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an coinbhinsiún i bhfeidhm an 13 Aibreán 2003.

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Páirtí conarthach. Aon tír nó eagraíocht um chomhtháthú eacnamaíoch réigiúnach atá ina ball den choinbhinsiún.
Stát brataí. Tír a bhfuil a soithí i dteideal a bhratach a bheith ar foluain aici.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Coinbhinsiún um chaomhnú agus um bainistiú acmhainní iascaigh an Atlantaigh Thoir Theas (IO L 234, 31.8.2002, lgh. 40-55).

Cinneadh 2002/738/CE ón gComhairle an 22 Iúil 2002 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Choinbhinsiúin um Chaomhnú agus um Bainistiú Acmhainní Iascaigh an Atlantaigh Thoir Theas (IO L 234, 31.8.2002, lch. 39).

Nuashonraithe 09.09.2022

Top