Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Éiceachóras

Is éard is éiceachóras ann córas ina mbíonn rudaí beo (plandaí, ainmhithe, baictéir, etc.) agus a dtimpeallachtaí neamhbheo ag idirghníomhnú mar aonad feidhmiúil.

Tá ról ríthábhachtach ag an mbithéagsúlacht i seirbhisí éiceachórais, na seirbhísí a chuireann an dúlra ar fáil agus a mbíonn daoine ag brath orthu. Áirítear leo siúd pailniú, rialú aeráide, cosaint i gcoinne tuilte, torthúlacht na hithreach agus táirgeadh bia, breosla, snáithíní agus cógas. Tháinig meath tapa ar an éagsúlacht go díreach agus go hindíreach mar thoradh ar ídiú agus nósanna daoine, agus chlis ar an éiceachóras dá bharr.

Ó na 2000í i leith, tá AE ag iarraidh dul i ngleic le caillteanas bithéagsúlachta trí shraith phleananna agus straitéisí bithéagsúlachta, agus is é straitéis bithéagsúlachta 2030 an straitéis is déanaí díobh, ar dearadh í chun bithéagsúlacht na hEorpa a chur ar an mbóthar ceart arís ionas go mbeidh sí téarnaithe faoi 2030. Tá gealltanais agus gníomhaíochtaí chun an bhithéagsúlacht agus éiceachórais dea-fheidhmitheacha a chosaint agus a athbhunú le fáil sa stráitéis, atá mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip.

FÉACH FREISIN

Top