Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Coinbhinsiún um Chaomhnú agus um Bhainistiú Acmhainní Iascaigh na Mórmhara san Aigéan Ciúin Thuaidh

An Coinbhinsiún um Chaomhnú agus um Bhainistiú Acmhainní Iascaigh na Mórmhara san Aigéan Ciúin Thuaidh

 

ACHOIMRE AR:

An gCoinbhinsiún um Chaomhnú agus um Bhainistiú Acmhainní Iascaigh na Mórmhara san Aigéan Ciúin Thuaidh

Cinneadh (AE) 2022/314 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh sa Choinbhinsiún um Chaomhnú agus um Bhainistiú Acmhainní Iascaigh na Mórmhara san Aigéan Ciúin Thuaidh

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOINBHINSIÚN AGUS LEIS AN GCINNEADH?

  • Is é is aidhm leis an gcoinbhinsiún caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe acmhainní iascaigh a áirithiú, agus na héiceachórais mhuirí ina bhfuil na hacmhainní sin a chosaint. Tá feidhm aige maidir leis an Aigéan Ciúin Thuaidh lasmuigh de réimsí dlínse náisiúnta, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta. Cumhdaítear leis an gcoinbhinsiún gach acmhainn iascaigh seachas:
    • speicis neamhaistreacha (agus iad, ag céim an fhómhair, idir doghluaiste nó faoi ghrinneall na farraige nó ní féidir iad a bhogadh ach amháin nuair atá siad i dteagmháil fhisiciúil leanúnach le grinneall na farraige nó leis an bhfo-ithir);
    • speicis chatadromacha (iasc a chaitheann an chuid is mó dá saol in uisce úr, a bhogann ansin chun na farraige le pórú); agus
    • mamaigh mhara, reiptílí mara agus éin mhara.
  • Leis an gcinneadh daingnítear an coinbhinsiún thar ceann an Aontais Eorpaigh (AE).

PRÍOMHPHOINTÍ

Caithfidh páirtithe sa choinbhinsiún na prionsabail ghinearálta seo a leanas a chur i bhfeidhm ina n–aonar nó i dteannta le chéile, ag glacadh cur chuige réamhchúraiméiceachórais chuige. Áirítear orthu sin an méid seo a leanas:

  • an úsáid is fearr a chur chun cinn agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach acmhainní iascaigh a áirithiú;
  • céimeanna a ghlacadh chun áirithiú go gcoinnítear acmhainní iascaigh ag leibhéil inbhuanaithe nó go ndéanfar iad a thabhairt ar ais chuig na leibhéil sin;
  • an bhithéagsúlacht sa timpealleacht mhuirí a chosaint;
  • an ró-iascaireacht agus acmhainneacht breise iascaireachta a chosc nó deireadh a chur leo;
  • áirithiú go bhfuil sonraí ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, lena n–áirítear an tionchar ar speicis nach spriocspeicis iad, iomlán agus beacht;
  • comhlíonadh le rialacha caomhnaithe agus bainistíochta a áirithiú, chomh maith le smachtbhannaí chun sáruithe a dhíspreagadh agus ciontóirí a chosc ó leas a bhaint as a gcuid gníomhaíochtaí mídhleathacha;
  • trualliú agus dramhaíl ó shoithí iascaireachta, dráite nó trealaimh tréigthe a íoslaghdú.

Agus an cur chuige réamhchúraim á chur i bhfeidhm, caithfidh na páirtithe:

  • a bheith níos cúramaí nuair a bhíonn faisnéis neamhchinnte, neamhiontaofa nó neamhleor;
  • gan easpa faisnéise eolaíche leordhóthanaí a úsáid mar chúis gur mainníodh beart caomhnaithe agus bainistíochta a dhéanamh;
  • an cleachtas idirnáisiúnta is fearr a chur san áireamh.

Is cur chuige comhtháite é an cur chuige éiceachórais ina ndéantar cinntí chun na héiceachórais mhuirí níos leithne a chosaint agus chun caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe acmhainní a áirithiú.

Eagrú

Caomhnú agus Bainistiú

  • Tá roinnt freagrachtaí ag NPFC lena n–airítear an méid a leanas a chinneadh:
    • cineál agus méid iascaireachta d’aon acmhainn iascaigh, lena n-áirítear gabháil iomlán incheadaitheiarracht iomlán iascaireachta incheadaithe;
    • limistéir ina bhféadtar iascaireacht a bheith ar siúl;
    • tréimhsí ina bhféadtar iascaireacht a bheith ar siúl;
    • teorainneacha méide gabhála is féidir a choinneáil;
    • cineálacha ceadaithe fearais, teicneolaíochta nó cleachtas.
  • Ní mór do NPFC nósanna imeachta a chur i bhfeidhm chun faireachán, rialú agus faireachas a dhéanamh ar iascaireacht, d’fhonn comhlíonadh an choinbhinsiúin a áirithiú.
  • Ní mór do NPFC clár breathnóra a bhunú freisin chun sonraí fíoraithe gabhála agus iarrachta, sonraí eolaíochta eile agus faisnéis bhreise a bhaineann le gníomhaíocht iascaireachta agus a thionchair ar an muirthimpeallacht a bhailiú.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an coinbhinsiún i bhfeidhm an Dé Céadaoin 23 Márta 2022.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

An Coinbhinsiún um Chaomhnú agus Bainistiú Acmhainní Iascaigh na Mórmhara san Aigéan Ciúin Thuaidh (IO L 55, 28.2.2022, lgh. 14–32).

Cinneadh 2022/314 (AE) ón gComhairle an 15 Feabhra 2022 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh sa Choinbhinsiún maidir le Bainistiú agus Caomhnú Acmhainní Iascaigh na Mórmhara san Aigéan Ciúin Thuaidh (IO L 55, 28.2.2022, lgh. 12–13).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Dhlí na Farraige (Coinbhinsiún Bhá Montego) (IO L 179, 23.6.1998, lgh. 3-134).

Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle an 23 Márta 1998 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 10 Nollaig 1982 maidir le Dlí na Farraige agus an Chomhaontaithe an 28 Iúil 1994 a bhaineann le Cuid XI de a chur chun feidhme (IO L 179, 23.6.1998, lgh. 1-2).

Nuashonraithe 26.04.2022

Top