Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialachán réime airgeadais do ghníomhaireachtaí díláraithe rialála

Rialachán réime airgeadais do ghníomhaireachtaí díláraithe rialála

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí arna mbunú faoin CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar síos leis na rialacha airgeadais riachtanacha do na comhlachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 — féach an achoimre. Is gníomhaireachtaí díláraithe* (ar a dtugtar gníomhaireachtaí rialála freisin) iad na comhlachtaí sin den chuid is mó a cuireadh ar bun faoi chonarthaí AE, agus tá pearsantacht dhlítheanach acu agus faigheann siad cistí AE. Chun teacht faoin rialachán tarmligthe seo ón gCoimisiún Eorpach, ní mór tagairt a dhéanamh sa rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh lena mbunaítear an comhlacht de chuid AE lena mbaineann d’Airteagal 70 den rialachán airgeadais.
  • Ní mór do gach comhlacht AE dá leithéid a rialacha airgeadais féin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715. Ní fhéadfaidh sé imeacht ó rialacha an rialacháin tharmligthe ach mar gheall ar a riachtanais shonracha agus má bhíonn toiliú roimh ré faighte aige ón gCoimisiún.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór do gach comhlacht AE a thagann faoin rialachán tarmligthe seo ón gCoimisiún cloí leis na prionsabail bhuiséadacha seo a leanas.

  • Aontacht agus cruinneas buiséid:
    • gach bliain airgeadais, ní mór ioncam agus caiteachas uile an chomhlachta atá riachtanach dá chuid oibre a thuar agus a údarú ina bhuiséad;
    • ní mór an t–ioncam agus an caiteachas uile a eagrú de réir líne bhuiséid;
    • ní féidir le haon chaiteachas a bheith níos mó ná an méid a údaraítear sa bhuiséad.
  • Bliantúlacht:
    • maireann bliain airgeadais an bhuiséid ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig;
    • clúdaítear i rialacha sonracha an dóigh a ndéileáiltear le leithreasuithe faoi chomhair ghealltanas* agus leithreasuithe íocaíochta*;
    • mura mbeidh an buiséad glactha faoi thús na bliana airgeadais, cuirfear uasteorainn aon dódhéagú de na suimeanna comhfhreagracha i mbuiséad na bliana roimhe sin ar na híocaíochtaí míosúla.
  • Comhardú:
    • ní mór an t–ioncam agus na leithreasuithe íocaíochta a bheith ar comhardú;
    • ní ceadmhach don chomhlacht iasachtaí a ardú laistigh dá bhuiséad;
    • ba cheart maoiniú gan chaitheadh a fuarthas ó bhuiséad AE a aisíoc leis an gCoimisiún.
  • Aonad cuntais:
    • déantar an buiséad a dhréachtú agus a chur chun feidhme in euro, faoi mar a léirítear sna cuntais;
    • sonraítear sna rialacha an dóigh a ndéanfar airgeadraí eile a athrú euro.
  • Uilíocht:
    • ní foláir go gclúdófar íocaíochtaí iomlána san ioncam iomlán;
    • ní mór an t–ioncam agus an caiteachas uile a iontráil go hiomlán gan aon choigeartú i gcoinne a chéile;
    • tá rialacha sonracha i bhfeidhm maidir le hioncam, ag brath ar cé acu an ngintear é go seachtrach nó go hinmheánach.
  • Sonraíocht:
    • cuirtear leithreasuithe ar leataobh chun críocha sainiúla de réir teideal, caibidil, airteagal agus líne bhuiséid;
    • féadfaidh an stiúrthóir leithreasuithe a aistriú ó líne agus caibidil bhuiséid amháin go dtí ceann eile, faoi réir coinníollacha áirithe.
  • Bainistíocht agus feidhmíocht fhónta airgeadais
    • ní mór d’íocaíochtaí cloí le prionsabail an gheilleagair, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta;
    • dírítear íocaíochtaí ar fheidhmíocht, bunaithe ar chuspóirí agus ar tháscairí chun an dul chun cinn arna dhéanamh a thomhas;
    • áirítear le tagarmharcáil athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtúlacht sheirbhísí cothrománacha an chomhlachta agus anailís costais is tairbhe maidir le seirbhísí a roinnt nó a aistriú chuig comhlacht eile nó chuig an gCoimisiún;
    • tá cláir agus gníomhaíochtaí lena mbaineann caiteachas suntasach faoi réir meastóireacht ex ante (bunaithe ar réamhaisnéis) agus meastóireacht ex post (bunaithe ar an toradh deiridh).
  • Rialú inmheánach chur chun feidhme an bhuiséid:
    • tá sé i bhfeidhm ar gach leibhéal bainistíochta;
    • tá sé mar aidhm leis dearbhú réasúnach iad seo a leanas a bhaint amach:
      • éifeachtúlacht, éifeachtacht agus barainneacht oibríochtaí,
      • iontaofacht tuairiscithe,
      • cosaint sócmhainní agus faisnéise,
      • cosc, brath, ceartú agus fiosrú calaoise agus neamhrialtachtaí,
      • bainistíocht leordhóthanach ar rioscaí bun–idirbheart.
  • Trédhearcacht:
    • foilsítear achoimre ar bhuiséad an chomhlachta, agus aon bhuiséad leasaitheach, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh laistigh de thrí mhí óna ghlacadh;
    • foilsíonn an comhlacht buiséad, plean bunaíochta agus sonraí maidir le líon na mball foirne agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht ar a shuíomh gréasáin, agus tarchuireann sé an fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus chuig an gCoimisiún laistigh de cheithre seachtaine ón nglacadh;
    • soláthraíonn an comhlacht sonraí ar a shuíomh gréasáin maidir le faighteoirí mhaoiniú AE;
    • i gcomhthéacs coinbhleachtaí leasa, foilsíonn an comhlacht dearbhuithe leasa chomhaltaí an bhoird bainistíochta gach bliain ar a shuíomh gréasáin.

Rialacha maidir le staid an bhuiséid a bhunú agus a leagan amach.

  • Seolann an comhlacht dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 31 Eanáir gach bliain. Cuimsítear ann sin faisnéis ó chláir oibre agus ó mheastacháin bhuiséadacha maidir le sonraí beartais foirgníochta.
  • I ndiaidh dó ionchur a fháil ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, glacann an Coimisiún an dréachtbhuiséad. Beidh sé seo deifnídeach nuair a ghlacfar buiséad iomlán an Aontais Eorpaigh.
  • Ní foláir go gcuimseofar ráitis ioncaim agus caiteachais ar leith agus sonraí maidir le líon na mball foirne i mbuiséad an chomhlachta.

Sonraítear an méid seo a leanas sa rialachán:

  • beidh dualgais na n–oifigeach údarúcháin agus cuntasaíochta leithscartha agus comheisiatach ar a chéile, agus beidh na hacmhainní riachtanacha ag gach duine acu lena ndualgais a chomhlíonadh;
  • comhlíonfaidh an stiúrthóir dualgais an oifigigh údaraithe, ina gcuimsítear iad seo a leanas:
    • ioncam agus caiteachas a chur chun feidhme de réir phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais,
    • an struchtúr eagrúcháin agus na rialuithe inmheánacha a chur i bhfeidhm,
    • rialuithe ex ante agus rialuithe ex post b’fhéidir a chur i bhfeidhm,
    • córais ar páipéar nó córais leictreonacha a úsáid chun doiciméid bhunaidh tacaíochta buiséid a choinneáil ar feadh 5 bliana ar a laghad,
    • tuairisciú don bhord bainistíochta trí thuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí a chur isteach;
  • ceapfaidh an bord bainistíochta oifigeach cuntasaíochta neamhspleách a bheidh freagrach as an méid seo a leanas:
    • íocaíochtaí a chur chun feidhme i gceart, ioncam a bhailiú agus méideanna atá dlite a aisghabháil,
    • na cuntais a ullmhú, a chur i láthair agus a choinneáil,
    • na córais chuntasaíochta a leagan síos agus a bhailíochtú, lena n–áirítear cinn an oifigigh údarúcháin, nuair is cuí.

Tá na rialacha caiteachais seo a leanas i bhfeidhm:

  • ní mór gach earra a dhearbhú, a bhailíochtú, a údarú agus a íoc;
  • tagann gealltanais bhuiséadacha faoi cheann amháin de thrí chatagóir:
    • aonair, i gcás go bhfuil an faighteoir agus an méid ar eolas,
    • domhanda, i gcás nach bhfuil an faighteoir nó an méid ar eolas,
    • sealadach, chun gnáthchaiteachas riaracháin a chlúdach i gcás nach bhfuil an méid nó an t–íocaí deiridh ar eolas;
  • gealltanais faoi réir teorainneacha ama;
  • teastaíonn cruthúnas i leith íocaíochtaí go gcomhlíonann an beart ábhartha an conradh.

Ní mór feidhm iniúchóireachta inmheánaí a bheith ag an gcomhlacht de chuid AE. Déanann iniúchóir inmheánach an Choimisiúin an ról sin trí:

  • comhairle a thabhairt maidir le rioscaí, cáilíocht na gcóras bainistíochta agus rialaithe agus feabhsuithe féideartha;
  • measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na gcóras bainistíochta inmheánaí, rialaithe agus iniúchtóireachta agus feidhmíocht na roinne maidir le cláir a chur chun feidhme;
  • rochtain iomlán gan teorainn ar an bhfaisnéis riachtanach uile agus neamhspleáchas iomlán ina gcuid oibre.

Ní foláir go gcuideoidh ranníocaíochtaí airgeadais an chomhlachta de chuid AE le cuspóir beartais AE a bhaint amach le torthaí ar leith. D’fhéadfadh idir aisíocaíocht costas incháilithe agus mhaoiniú ar ráta comhréidh a bheith i gceist leo sin.

Ní mór don chomhlacht de chuid AE an Coimisiún a chur ar an eolas gan mhoill maidir le cásanna um chalaois cheaptha nó neamhrialtachtaí airgeadais eile, faoi aon imscrúduithe críochnaithe nó imscrúduithe atá ar siúl ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh nó ag an Oifig Eorpach Frith–Chalaoise agus faoi aon iniúchtaí nó rialuithe arna ndéanamh ag an gCúirt Iniúchóirí agus ag an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach, gan rúndacht na n–imscrúduithe a chur i mbaol.

Ceanglaítear le rialacha cuntasaíochta bliantúla ar an gcomhlacht de chuid AE a ráitis airgeadais, a thuarascálacha maidir le cur chun feidhme an bhuiséid agus a dhoiciméid tacaíochta a sholáthar.

Scrúdaíonn an Chúirt Iniúchóirí, iniúchóir seachtrach neamhspleách, an Coimisiún, an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa go léir an dóigh ar cuireadh an buiséad chun feidhme sula ndéanann Feisirí Pharlaimint na hEorpa na cuntais bhliantúla a cheadú nó a dhiúltú (ar a dtugtar an “nós imeachta um urscaoileadh”).

Tá rochtain ag foireann an Choimisiúin agus ag an gCúirt Iniúchóirí ar shuíomhanna, áitribh agus sonraí chomhlachta de chuid AE chun iniúchtaí a dhéanamh. Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith–Chalaoise imscrúduithe, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh.

Aisghairtear leis an rialachán Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013, lenar soláthraíodh an rialachán réime airgeadais roimhe seo.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tháinig sé i bhfeidhm ar an 11 Bealtaine 2019 ach tá feidhm chúlghníomhach leis ón 1 Eanáir 2019, seachas Airteagal 32 (doiciméad clársceidealaithe aonair) agus Airteagal 48 (tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí), atá i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2020.

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Gníomhaireachtaí díláraithe rialála. Comhlachtaí de chuid AE a bunaíodh faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus faoi Chonradh Euratom agus ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach agus a fhaigheann ranníocaíochtaí a ghearrtar ar an mbuiséad. Cuirtear cúraimí buiséadacha ar leith orthu cuidiú le beartais an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme agus tacú leis an bpróiseas cinnteoireachta trí shaineolas speisialtóireachta a chomhthiomsú. Féadfaidh siad feidhmeanna teicniúla, rialála agus maoirseachta a ghlacadh ar láimh.

Tá siad difriúil ó cheann go chéile, ó thaobh méide agus cuspóra de araon, ach tá an struchtúr bunúsach céanna agus na bealaí oibriúcháin céanna acu.

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas. Gealltanais go ndéanfar íocaíocht, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe.
Leithreasuithe íocaíochta. Caiteachas ó ghealltanais sna blianta airgeadais reatha nó roimhe sin.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí arna mbunú faoin CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lgh. 1–38)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Fógra ón gCoimisiún — Treoir maidir le coinbhleachtaí leasa faoin rialachán airgeadais a sheachaint agus a bhainistiú (IO C 121, 9.4.2021, lgh. 1–43)

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le rialachas chomhlachtaí an Aontais a neartú faoi Airteagal 70 den Rialachán Airgeadais 2018/1046 agus faoi na treoirlínte don Doiciméad Clársceidealaithe Aonair agus don Tuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite ar Ghníomhaíochtaí (C(2020) 2297, 20.4.2020)

Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, Rialachán (AE) Uimh. 223/2014, Rialachán (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh 541/2014/AE agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (OJ L 193, 30.7.2018, lgh. 1–222)

Nuashonraithe 03.11.2021

Top