Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Buiséad AE: an dóigh a gcuirtear an córas acmhainní dílse chun feidhme

Buiséad AE: an dóigh a gcuirtear an córas acmhainní dílse chun feidhme

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE, Euratom) 2021/768 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar amach leis an dóigh a gcuirtear an córas acmhainní dílse chun feidhme lena áirithiú go bhfaighidh an tAontas Eorpach (AE) an t–ioncam uile a bhfuil sé ina theideal.

PRÍOMHPHOINTÍ

Sainítear leis an reachtaíocht cothromaíocht bliana airgeadais faoi leith mar a leanas:

  • gach ioncam a bhailítear lúide na leithreasuithe íocaíochta* arna ndéanamh móide aon leithreasuithe don bhliain sin ar féidir iad a thabhairt ar aghaidh faoi Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (féach an achoimre). Féadfar an figiúr sin a leasú leis an méid seo a leanas
    • glanmhéid na leithreasuithe a tugadh ar aghaidh ó bhlianta roimhe seo ar cuireadh ar ceal iad
    • athruithe ar rátaí euro agus iarmhéid na ngnóthachan agus na gcaillteanas malairte.

Tá an sainmhíniú riachtanach chun Airteagal 8 de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 a chur chun feidhme (féach an achoimre). Sonraítear leis sin go ndéanfar aon bharrachas ioncaim AE thar chaiteachas iarbhír ó bhliain airgeadais amháin a thabhairt ar aghaidh go dtí an bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

Ní mór do Bhallstáit AE gach beart is gá a dhéanamh lena áirithiú go gcuirfear acmhainní dílse ar fáil go hiomlán don Choimisiún Eorpach. Tá na bearta rialaithe agus maoirseachta seo a leanas i bhfeidhm:

  • Acmhainní dílse traidisiúnta (go háirithe dleachtanna custaim):
    • déanfaidh an Coimisiún iniúchtaí ar na Ballstáit lena áirithiú go mbunófar na hacmhainní dílse traidisiúnta agus go gcuirfear ar fáil iad do bhuiséad an Aontais Eorpaigh ar mhodh ceart tráthúil;
  • cáin bhreisluacha (CBL):
    • déanann an Coimisiún cigireachtaí in éineacht le hoifigigh náisiúnta agus deimhníonn sé go bhfuil na ríomhanna don ghlan-CBL iomlán a bailíodh ceart agus go bhfuil na sonraí a úsáideadh i gcomhréir go cuí le Rialachán (AE, Euratom) 2021/769 lena leasaítear Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89;
  • dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach:
    • déantar cigireachtaí an Choimisiúin in éineacht leis na hoifigigh náisiúnta inniúla, agus bíonn rochtain ag an gCoimisiún ar na doiciméid agus na sonraí riachtanacha agus áirithíonn sé go bhfuil na figiúirí maidir le meáchan na dramhaíola pacáistíochta plaistí neamh–athchúrsáilte cruinn;
  • ollioncam náisiúnta:
    • déanann an Coimisiún, i dteannta an Bhallstáit lena mbaineann, iniúchadh gach bliain ar na comhiomláin a sholáthraítear i leith earráidí sa tiomsú agus bíonn rochtain aige ar na foinsí agus na modhanna arna n–úsáid.

Maidir leis an gCoimisiún:

  • ceapann sé oifigigh (“gníomhairí údaraithe”) agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht chun cigireachtaí a dhéanamh;
  • cuireann sé, le haghaidh gach iniúchta, téarmaí tagartha i scríbhinn ar fáil dóibh ina sonrófar a gcéannacht, a gcáil oifigiúil agus a n–oibleagáid maidir leis na rialacha le haghaidh oifigigh an Bhallstáit lena mbaineann a urramú;
  • féadfaidh sé oifigigh a lorg ó Bhallstáit eile chun gníomhú mar bhreathnóirí;
  • urramaíonn sé prionsabal na rúndachta staidrimh;
  • leagann sé béim ar an ngá atá le rúndacht ghairmiúil agus le meas ar rialacha cosanta sonraí.

Sonraítear an méid seo a leanas i rialacha maidir le cigireachtaí.

  • Tugann an Coimisiún fógra leordhóthanach don Bhallstát lena mbaineann.
  • Déanann gníomhairí údaraithe, a dhéanann na cigireachtaí, teagmháil leis na húdaráis náisiúnta inniúla.
  • Áirithíonn na Ballstáit go gcomhoibreoidh a n–údaráis ábhartha go léir go hiomlán leis na gníomhairí údaraithe.
  • Tugtar torthaí na rialuithe agus na n–iniúchtaí ar aird an Bhallstáit lena mbaineann laistigh de 3 mhí. Tá an tréimhse chéanna aige le freagairt. Cuirtear na torthaí in iúl do gach Ballstát.

Sonraítear i rialacha maidir le calaois a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta:

  • laistigh de 2 mhí ó dheireadh gach ráithe, go gcuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin méid seo a leanas
    • gach cás a braitheadh maidir le calaois agus neamhrialtachtaí de bhreis ar EUR 10 000
    • an dul chun cinn atá déanta i gcásanna a tuairiscíodh níos luaithe, lena n–áirítear aisghabháil, cealú nó neamh–aisghabháil;
  • go nglacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun cur síos a dhéanamh ar chineálacha éagsúla calaoise agus neamhrialtachtaí.

Ní mór do na Ballstáit, faoin 1 Márta gach bliain, tuarascálacha mionsonraithe bliantúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir lena gcigireachtaí ar acmhainní dílse traidisiúnta na bliana roimhe sin. Cuimsítear iontu sin sonraí foriomlána agus ceisteanna prionsabail maidir leis na fadhbanna is tábhachtaí a thagann chun cinn, agus go háirithe cúrsaí a bhaineann le díospóid.

Ullmhaíonn an Coimisiún achoimre ar bhonn na dtuarascálacha náisiúnta agus cuireann sé é sin ar fáil do na Ballstáit. Tuairiscíonn sé do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh gach 3 bliana ar eispéireas na gcigireachtaí i ndáil leis na hacmhainní dílse traidisiúnta.

Maidir leis an gCoimisiún:

  • faigheann sé cúnamh ón gCoiste Comhairleach maidir le hAcmhainní Dílse agus ó choistí eile nuair is gá;
  • measann sé, roimh dheireadh mhí Dheireadh Fómhair gach bliain, méid na n–acmhainní dílse a bailíodh don bhliain airgeadais ar fad;
  • féadfaidh sé litir um leasú a chur síos maidir leis an dréachtbhuiséad don bhliain airgeadais dár gcionn nó maidir le buiséad leasaitheach don bhliain airgeadais reatha má bhíonn na meastacháin bhunaidh míchruinn.

Aisghairtear leis an reachtaíocht Rialachán (AE, Euratom) 608/2014. Clúdaíonn leis sin acmhainní dílse le linn an chreata airgeadais ilbhliantúil (2014-2020) roimhe sin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2021.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Leithreasuithe íocaíochta: Íocaíochtaí iarbhír arna ndéanamh le tairbhithe le linn na bliana airgeadais reatha.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE, Euratom) 2021/768 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do chóras acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014 (IO L 165, 11.5.2021, lgh. 1-8)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh ón gComhairle (AE, Euratom) 2020/2053 an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lgh. 1-10)

Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, Rialachán (AE) Uimh. 223/2014, Rialachán (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh 541/2014/AE agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lgh. 1-222)

Nuashonraithe 22.07.2021

Top