EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Clár custam — comhar i réimse an chustaim

Clár custam — comhar i réimse an chustaim

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2021/444 lena mbunaítear clár an Aontais Eorpaigh do chomhar i réimse an chustaim

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar amach leis an clár custam, clár an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le comhar i réimse an chustaim, le haghaidh 2021-2027.
  • Is í príomhsprioc an chláir nuachóiriú níos mó a chur ar aontais custaim an Aontais Eorpaigh. Tacaíonn an clár le húdaráis custam an Aontais Eorpaigh an cumas riaracháin riachtanach agus an timpeallacht TF lena mbaineann a bhaint amach chun a gcuid oibre a dhéanamh:
    • é a dhéanamh níos éasca méideanna trádála atá ag dul i méid a láimhseáil agus plé le cineálacha úra trádála;
    • cosaint níos fearr a dhéanamh ar an Aontas Eorpach ó tháirgí agus substaintí dochracha;
    • cosaint níos fearr a dhéanamh ar ghnóthaí an Aontais Eopraigh;
    • sreafaí trádála dlisteanach a éascú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuspóirí sonracha

Tá sé mar sprioc ag an gclár tacú le:

  • forbairt agus cur i bhfeidhm onfhoirmeach reachtaíocht agus polasaí custam;
  • comhar custaim;
  • cur le toilleadh riaracháin agus TF, lena n-áirítear scileanna daonna agus oiliúint, agus forbairt agus oibríocht córas leictreonacha an Aontais Eorpaigh;
  • nuálaíocht i bpolasaí custam.

Buiséad

Is é €950 milliún an buiséad do chur chun feidhme an chláir seo don tréimhse 2021-2027.

Rannpháirtíocht tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus saineolaithe seachtracha

  • D’fhéadfadh tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, tíortha atá clúdaithe faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, agus tíortha eile nach de chuid an Aontais iad, páirt a ghlacadh sa chlár má chomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i gcomhaontú maidir le rannpháirtíocht tíortha nach de chuid an Aontais iad i gcláir AE.
  • D’fhéadfadh ionadaithe ó údaráis rialtais neamhchustaim, lena n–áirítear iad siúd ó thíortha nach de chuid den Aontas iad nach bhfuil rannpháirteach sa chlár, acadóirí agus ionadaithe ó eagraíochtaí ábhartha agus idirnáisiúnta eile, ionadaithe gnó agus ionadaithe ó eagraíochtaí sochaí sibhialta páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí clár sonrach mar shaineolaithe seachtracha, ar bhunús ad hoc go príomha.

Tionscnaimh incháilithe

  • Forbairt agus oibríocht córas TF do chustaim (na gnéithe coiteanna amháin agus ní na córais náisiúnta).
  • Cruinnithe agus gníomhaíochtaí comhoibríocha eile (e.g ceardlanna, grúpaí togra, cuairteanna staidéir).
  • Coincheapa coiteanna oiliúna, táirgí agus gníomhaíochtaí (e.g. modúil ríomhfhoghlama).
  • Conarthaí seirbhíse eile (e.g. staidéir, tionscnaimh chumarsáide).

Clár oibre

Cuirtear an clár chun feidhme trí mheán chláir oibre ilbhliantúla a cheapann agus a nglacannAn Coimisiún Eorpach leo trí mheángníomhartha cur chun feidhme.

Faireachán, tuairisciú agus measúnú

  • Liostaítear in Iarscríbhinn II den rialachán na táscairí a úsáidtear le tuairisciú ar dul chun cinn an chláir maidir lena spriocanna sonracha agus ginearálta a bhaint amach. D’fhéadfadh an Coimisiún an liosta sin a leasú agus/nó a fhorlíonadh trí ghníomhartha tarmligthe.
  • Leagtar amach leis an iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2565, lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/444, táscairí breise chun aschuir, torthaí agus tionchair an chláir a thomhas. Tá feidhm aige go cúlghabhálach ón 1 Eanáir 2022 chun ailíniú le tús na tréimhse tuairiscithe a áirithiú. Forlíontar leis na táscairí sin na cinn atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/444 atá oiriúnach chun críche faireachán foriomlán feidhmíochta ach nach féidir faireachán agus measúnú cuimsitheach a dhéanamh go leordhóthanach ar an gclár leo maidir lena chuspóirí ginearálta agus sonracha a bhaint amach.
  • Tá an Coimisiún freagrach as tabhairt faoi mheasúnú idirlinne ar an gclár suas go dtí 4 bliana agus ní níos faide i ndiaidh a seolta agus as tabhairt faoi mheasúnú críochnaitheach taobh istigh de 4 bliana i ndiaidh dó críochnú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 01 Eanáir 2021.

CÚLRA

Tá comhar custam clúdaithe i mbunús dlí rialacháin seo mar a leagtar amach in Airteagal 33 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), an margadh inmheánach (Airteagal 114 CFAE) agus an comhbheartas tráchtála (Airteagal 207 CFAE).

Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 lena mbunaítear Cód Custaim an Aontais, a leagann amach na rialacha ginearálta agus nósanna imeachta a bhaineann le táirgí a thugtar isteach nó a thógtar amach ó chríoch chustaim an Aontais Eorpaigh (féach achoimre).

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2021/444 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2021 lena mbunaítear clár Custam do chomhair i réimse an chustaim agus aisghairm Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 (OJ L 87, 15.3.2021, lgh. 1–16).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2565 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/444 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le forálacha maidir le bunú creata faireacháin agus meastóireachta (IO L 330, 23.12.2022, lgh. 130–133).

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal II — Saorghluaiseacht earraí — Caibidil 2 — Comhar custaim — Airteagal 33 (sean–Airteagal 135 TEC) (OI C 202, 7.6.2016, lch. 61).

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Comhrialacha maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 3 — Comhfhogasú dlíthe — Airteagal 114 (sean-Airteagal 95 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 94–95).

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Cúig — Gníomhaíocht sheachtrach an Aontais — Teideal II — Comhbheartas tráchtála — Airteagal 207 (iar-Airteagal 133 CCE) (OJ C 202, 7.6.2016, lgh. 140–141).

Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custam an Aontais (athmhúnlú) (IO L 269, 10.10.2013, lgh. 1–101).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl ach luach doiciméadach ag an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 04.04.2023

Top